+4.1 Creat rialachais agus ról an chomhlachta bainistíochta
---+3. Ba cheart d’institiúidí airgeadais creat rialachais a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil …
---+4. Ba cheart comhlacht bainistíochta na hinstitiúide airgeadais a bheith freagrach as straitéis na …
---+5. I gcás inar duine aonair a stiúrann gnó na hinstitiúide airgeadais, féadfaidh an duine sin …
---+6. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa mar a shainmhínítear é in …
---+7. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht …
---+8. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta a bheith freagrach as …
---+9. I dteannta na bhforálacha a leagtar amach i dTreoirlínte EBA/GL/2021/05 , ba cheart do …
---+10. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht …
---+11. I dteannta na bhforálacha a leagtar amach i dTreoirlínte EBA/GL/2021/05, ba cheart do …
---+12. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht …
---+13. Ba cheart d’institiúidí airgeadais ball foirne sinsearach a cheapadh a bheidh i gceannas ar …
---+14. Féadfaidh an comhlacht bainistíochta an ról sin a shannadh do bhall foirne sinsearach a bhfuil …
---+15. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta cead a thabhairt don bhall foirne sinsearach na cúraimí …
---+16. Beag beann ar na socruithe institiúideacha, ba cheart d’institiúidí airgeadais an méid seo a …
---+17. I gcás ina bhfuil an institiúid airgeadais cuid de ghrúpa, ba cheart do chomhlacht …
---+18. Ba cheart don bhall foirne sinsearach beartais, nósanna imeachta agus rialuithe a fhorbairt, a …
---+19. Ba cheart don bhall foirne sinsearach an méid seo a leanas a dhéanamh: a. na bearta is gá a …
---+20. I gcás ina bhfuil an institiúid airgeadais cuid de ghrúpa, ba cheart don bhall foirne …
---+21. Ba cheart don bhall foirne sinsearach maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur chun …

4.1 Creat rialachais agus ról an chomhlachta bainistíochta

4.1 Creat rialachais agus ról an chomhlachta bainistíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
3. Ba cheart d’institiúidí airgeadais creat rialachais a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil …

Ba cheart d’institiúidí airgeadais creat rialachais a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe chun bearta sriantacha a chur chun feidhme leordhóthanach agus go gcuirtear chun feidhme go héifeachtach iad.

4. Ba cheart comhlacht bainistíochta na hinstitiúide airgeadais a bheith freagrach as straitéis na …

Ba cheart comhlacht bainistíochta na hinstitiúide airgeadais a bheith freagrach as straitéis na hinstitiúide airgeadais a fhormheas maidir le bearta sriantacha a chomhlíonadh agus as maoirseacht a dhéanamh ar a cur chun feidhme trí na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe is gá chun cur chun feidhme bhearta sriantacha a áirithiú. Ba cheart do chomhaltaí uile an chomhlachta bainistíochta a bheith ar an eolas faoi neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha agus faoina leochaileacht maidir le dul timpeall ar bhearta sriantacha.

5. I gcás inar duine aonair a stiúrann gnó na hinstitiúide airgeadais, féadfaidh an duine sin …

I gcás inar duine aonair a stiúrann gnó na hinstitiúide airgeadais, féadfaidh an duine sin bainisteoir sinsearach a shannadh chun feidhm an chomhlachta bainistíochta a chomhlíonadh de bhun mhír 4.

6. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa mar a shainmhínítear é in …

I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (9) agus pointe (11) de Threoir 2013/34/AE,2 ba cheart do chomhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ag gach comhlacht bainistíochta, réim ghnó agus aonad inmheánach, lena n-áirítear gach feidhm rialaithe inmheánaigh atá ag fochuideachtaí an ghrúpa chun na bearta sriantacha a chomhlíonadh. Is ar gach eintiteas sa ghrúpa atá an fhreagracht deiridh as na bearta sriantacha a chomhlíonadh.


2 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE.

7. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht …

I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais a áirithiú go ndéanfaidh fochuideachtaí an ghrúpa a measúnú neamhchosanta féin ar bhearta sriantacha, mar a leagtar amach i gCuid 4.2, ar bhealach comhordaithe agus bunaithe ar mhodheolaíocht chomhchoiteann, lena léirítear sainiúlachtaí an ghrúpa.

4.1.1 Ról an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta

8. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta a bheith freagrach as …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta a bheith freagrach as maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar na rialuithe inmheánacha agus ar an gcreat rialachais atá curtha i bhfeidhm ag an institiúid airgeadais chun bearta sriantacha a chomhlíonadh chun a áirithiú go bhfuil sé éifeachtach, de bhun Chuid 4.3.

9. I dteannta na bhforálacha a leagtar amach i dTreoirlínte EBA/GL/2021/05 , ba cheart do …

I dteannta na bhforálacha a leagtar amach i dTreoirlínte EBA/GL/2021/053 , ba cheart do chomhlacht bainistíochta institiúide airgeadais an méid seo a leanas a dhéanamh ina fheidhm mhaoirseachta:

  • a. a bheith ar an eolas faoi thorthaí an mheasúnaithe neamhchosanta is déanaí ar bhearta sriantacha, de bhun Chuid 4.2;
  • b. maoirseacht agus faireachán a dhéanamh, trí fheidhm na rialuithe inmheánacha, ar a mhéid atá beartais agus nósanna imeachta na mbeart sriantach leordhóthanach agus éifeachtach, de bhun Chuid 4.3, i bhfianaise neamhchosaint na mbeart sriantach agus an riosca go rachfar timpeall ar bhearta sriantacha a bhfuil an institiúid airgeadais neamhchosanta orthu agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar bearta feabhsúcháin nuair is gá;
  • c. measúnú a dhéanamh, uair sa bhliain ar a laghad, ar fheidhmiú éifeachtach fheidhm chomhlíonta na mbeart sriantach, lena n-áirítear beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha, lena n-áirítear oiriúnacht na n-acmhainní daonna agus teicniúla a leithdháiltear ar chomhlíonadh na mbeart sriantach.

3 Treoirlínte EBA/GL/2021/05 maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/AE.

10. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht …

I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais sin na cúraimí uile dá dtagraítear i mír 9 a dhéanamh freisin ar leibhéal grúpa. Is ar gach eintiteas sa ghrúpa atá an fhreagracht deiridh as na bearta sriantacha a chomhlíonadh.

4.1.2 Ról an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta

11. I dteannta na bhforálacha a leagtar amach i dTreoirlínte EBA/GL/2021/05, ba cheart do …

I dteannta na bhforálacha a leagtar amach i dTreoirlínte EBA/GL/2021/05, ba cheart do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide airgeadais an méid seo a leanas a dhéanamh ina fheidhm bhainistíochta:

  • a. a áirithiú go gcuirfear ar an eolas é faoi thorthaí an mheasúnaithe neamhchosanta is déanaí ar bhearta sriantacha, de bhun Chuid 4.2;
  • b. creat bainistíochta riosca agus córas rialaithe inmheánaigh iomchuí a ghlacadh atá neamhspleách go leor ar an ngnó a rialaíonn sé;
  • c. beartais, nósanna imeachta agus rialuithe a fhormheas atá comhréireach le neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha agus atá leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid airgeadais bearta sriantacha;
  • d. cur chun feidhme éifeachtach phróisis na hinstitiúide airgeadais a áirithiú chun bearta sriantacha a chomhlíonadh;
  • e. an struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil is gá a chur chun feidhme chun an straitéis um bearta sriantacha arna glacadh ag an gcomhlacht bainistíochta a chomhlíonadh go héifeachtach;
  • f. a áirithiú go bhfuil na hacmhainní daonna agus teicniúla a leithdháiltear ar chomhlíonadh na mbeart sriantach iomchuí agus ar cóimhéid le neamhchosaint na n-institiúidí ar bhearta sriantacha;
  • g. i gcás ina ndéantar feidhmeanna oibríochtúla maidir le comhlíonadh na mbeart sriantach a sheachfhoinsiú, a áirithiú go gcomhlíonfaidh na socruithe sin Treoirlínte EBA/GL/2019/024 , agus tuarascálacha rialta a fháil ón soláthraí seirbhíse maidir le héifeachtacht an chórais chun an comhlacht bainistíochta a chur ar an eolas.

4 Treoirlínte EBA/GL/2019/02 maidir le socruithe seachfhoinsithe, a gcuirfear Treoirlínte EBA/GL/XXXX/XX maidir le bainistíocht fhónta rioscaí tríú páirtí ina n-ionad.

12. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht …

I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart do chomhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais sin a áirithiú go ndéantar na cúraimí uile dá dtagraítear i mír 11 ar leibhéal na bhfochuideachtaí freisin agus go bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm ailínithe le nósanna imeachta agus le beartais an ghrúpa, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme. 4.1.3 Ról an bhaill foirne shinsearaigh atá i gceannas ar chomhlíonadh na mbeart sriantach

4.1.3.1 An ball foirne sinsearach a cheapadh

13. Ba cheart d’institiúidí airgeadais ball foirne sinsearach a cheapadh a bheidh i gceannas ar …

Ba cheart d’institiúidí airgeadais ball foirne sinsearach a cheapadh a bheidh i gceannas ar chomhlíonadh na bhfeidhmeanna agus na gcúraimí a leagtar amach i míreanna 19 go 21. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil an t-eolas agus an tuiscint ag an mball foirne sinsearach ar na bearta sriantacha is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

14. Féadfaidh an comhlacht bainistíochta an ról sin a shannadh do bhall foirne sinsearach a bhfuil …

Féadfaidh an comhlacht bainistíochta an ról sin a shannadh do bhall foirne sinsearach a bhfuil dualgais nó feidhmeanna eile aige nó aici cheana laistigh den institiúid airgeadais (amhail an t-oifigeach comhlíonta AML/CFT nó an príomhoifigeach comhlíonta) ar choinníoll:

  • a. go bhfuil údar leis sin i ngeall ar mhéid agus ar chastacht na hinstitiúide airgeadais agus ar thoradh an mheasúnaithe neamhchosanta ar bhearta sriantacha;
  • b. nach ndéanann sé sin difear do chumas an bhaill foirne shinsearaigh sin a gcuid dualgas nó a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach; agus
  • c. nach gcruthaíonn an teaglaim cúraimí sin aon choinbhleachtaí leasa, amhail coinbhleachtaí idir cúraimí oibríochtúla agus rialaithe a shanntar don bhall foirne sin.
15. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta cead a thabhairt don bhall foirne sinsearach na cúraimí …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta cead a thabhairt don bhall foirne sinsearach na cúraimí a shonraítear i míreanna 19 go 21 a shannadh agus a tharmligean chuig baill foirne eile atá ag gníomhú faoi stiúir agus faoi mhaoirseacht an bhaill foirne shinsearaigh, ar choinníoll gur ar an mball foirne sinsearach i gcónaí atá an fhreagracht deiridh as comhlíonadh éifeachtach na gcúraimí sin.

16. Beag beann ar na socruithe institiúideacha, ba cheart d’institiúidí airgeadais an méid seo a …

Beag beann ar na socruithe institiúideacha, ba cheart d’institiúidí airgeadais an méid seo a leanas a áirithiú:

  • a. gur féidir leis an mball foirne sinsearach comhordú agus comhoibriú go héifeachtach le feidhmeanna rialaithe inmheánaigh; agus
  • b. go bhfuil an ball foirne sinsearach in ann tuairisciú agus tá rochtain dhíreach aige nó aici ar an gcomhlacht bainistíochta san fheidhm bhainistíochta agus mhaoirseachta.
17. I gcás ina bhfuil an institiúid airgeadais cuid de ghrúpa, ba cheart do chomhlacht …

I gcás ina bhfuil an institiúid airgeadais cuid de ghrúpa, ba cheart do chomhlacht bainistíochta na máthairinstitiúide airgeadais ball foirne sinsearach ar ghrúpleibhéal a cheapadh.

4.1.3.2 Ról an bhaill foirne shinsearaigh

18. Ba cheart don bhall foirne sinsearach beartais, nósanna imeachta agus rialuithe a fhorbairt, a …

Ba cheart don bhall foirne sinsearach beartais, nósanna imeachta agus rialuithe a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun atá leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid airgeadais bearta sriantacha agus atá comhréireach le neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha.

19. Ba cheart don bhall foirne sinsearach an méid seo a leanas a dhéanamh: a. na bearta is gá a …

Ba cheart don bhall foirne sinsearach an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a. na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar Cuid 4.2 maidir leis an measúnú ar neamhchosaint ar bhearta sriantacha;
  • b. na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar Cuid 4.3 maidir le beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha um bearta sriantacha;
  • c. faisnéis rialta agus leordhóthanach a sholáthar don chomhlacht bainistíochta chun go mbeidh sé in ann a fheidhmeanna a chomhlíonadh mar a shainmhínítear i gCuid 4.1.1 agus i gCuid 4.1.2. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis bhainistíochta an méid seo a leanas ar a laghad:
  • i) athruithe ar neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha agus toradh mheasúnaithe neamhchosanta na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha;
  • ii) athruithe ar chórais na mbeart sriantach agus a dtionchar ar an institiúid airgeadais;
  • iii) staitisticí agus faisnéis a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
  •  líon na bhfoláireamh a ghintear;
  •  líon na bhfoláireamh atá fós le hanailísiú;
  •  líon na dtuarascálacha arna gcur faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme5 agus/nó faoi bhráid an údaráis inniúil mhaoirseachta mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme;
  •  an meán-am idir an fíormheaits dearfach agus an tuarascáil a cuireadh faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus/nó faoi bhráid an údaráis inniúil mhaoirseachta mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme;
  •  luach na gcistí reoite, na n-acmhainní eacnamaíocha reoite6 agus cineál na sócmhainní sin, arna sealbhú ag an institiúid airgeadais;
  • iv) faisnéis maidir le hacmhainní daonna agus teicniúla agus leordhóthanacht na n-acmhainní sin i bhfianaise neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha;
  • v) easnaimh nó laigí arna sainaithint i ndáil le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe na hinstitiúide airgeadais maidir le bearta sriantacha, lena n-áirítear barúlacha arna soláthar ag údaráis inniúla i ndáil le maoirseacht a dhéanamh ar bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe chun bearta sriantacha a chur chun feidhme;
  • vi) cásanna de shárú agus de dhul timpeall ar na bearta sriantacha agus na cúiseanna leis an sárú agus leis an dul timpeall ar na bearta sriantacha;
  • vii) tograí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar aon athruithe ar cheanglais rialála nó ar neamhchosaint ar bhearta sriantacha, nó ar aon easnaimh nó laigí i mbeartais, nósanna imeachta nó rialuithe na hinstitiúide airgeadais maidir le bearta sriantacha a sainaithníodh agus cásanna de shárú agus de dhul timpeall ar na bearta sriantacha a sainaithníodh.
  • d. gach sárú ar bhearta sriantacha a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus/nó don údarás maoirseachta inniúil mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme;
  • e. comhoibriú go héifeachtach agus go cuiditheach leis na húdaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus leis an údarás maoirseachta inniúil mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme.

5 https://finance.ec.europa.eu/eu-and-world/sanctions-restrictive-measures/overview-sanctions-and-related-resources_en#contact.

6 Féach Airteagal 2, pointí (5) agus (6) de Threoir (AE) 2024/1226.

20. I gcás ina bhfuil an institiúid airgeadais cuid de ghrúpa, ba cheart don bhall foirne …

I gcás ina bhfuil an institiúid airgeadais cuid de ghrúpa, ba cheart don bhall foirne sinsearach ar leibhéal grúpa measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe maidir le comhlíonadh na mbeart sriantach ábhartha ar fud brainsí, fochuideachtaí, idirghabhálaithe, dáileoirí agus gníomhairí i gcás inarb infheidhme. Is ar gach eintiteas sa ghrúpa atá an fhreagracht deiridh as na bearta sriantacha a chomhlíonadh.

21. Ba cheart don bhall foirne sinsearach maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur chun …

Ba cheart don bhall foirne sinsearach maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur chun feidhme an chláir oiliúna mar a shonraítear i gCuid 4.4.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/