+6.2 Rialachas
---+88. Ba cheart d’institiúidí freagrachtaí a shainaithint agus a leithdháileadh ar bhealach soiléir …
---+89. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as na pleananna a fhormheas agus ba …
---+90. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú ar fud na dtrí líne chosanta i gcomhréir le Roinn 5.4 …
---+91. Ba cheart d’institiúidí idirghníomhaíocht agus malartuithe fiúntacha agus rialta a áirithiú ar …
---+92. I gcomhréir le Roinn 5.4, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil cumas, saineolas agus …
---+93. Ba cheart próisis fhónta rialachais a bheith i bhfeidhm ag institiúidí chun na sonraí is gá a …

6.2 Rialachas

6.2.1. Róil agus freagrachtaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
88. Ba cheart d’institiúidí freagrachtaí a shainaithint agus a leithdháileadh ar bhealach soiléir …

Ba cheart d’institiúidí freagrachtaí a shainaithint agus a leithdháileadh ar bhealach soiléir maidir leis na pleananna a fhorbairt, a bhailíochtú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Agus róil agus freagrachtaí á sannadh acu ar an leibhéal iomchuí sinsearachta, ba cheart d’institiúidí a chur san áireamh an t-idirghaol agus an tionchar ba cheart a bheith ag an bpróiseas pleanála um aistriú ar phróisis eile amhail an straitéis ghnó níos leithne agus an inghlacthacht riosca.

89. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as na pleananna a fhormheas agus ba …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as na pleananna a fhormheas agus ba cheart dó maoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme, lena n áirítear a bheith ar an eolas go rialta faoi fhorbairtí ábhartha agus faoin dul chun cinn a baineadh amach i ndáil le ‑ spriocanna na hinstitiúide agus cinntí a dhéanamh maidir le gníomhartha feabhais i gcás neamh-chomhlíonadh suntasach.

90. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú ar fud na dtrí líne chosanta i gcomhréir le Roinn 5.4 …

Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú ar fud na dtrí líne chosanta i gcomhréir le Roinn 5.4:

  • a) ba cheart go mbeadh an chéad líne chosanta freagrach as idirphlé a bhunú le contrapháirtithe faoina straitéisí aistrithe féin agus as comhsheasmhacht le cuspóirí agus inghlacthacht riosca na hinstitiúide a mheas, bunaithe ar bheartais rannpháirtíochta shoiléire mar atá leagtha amach i mír 109 e(i). Chuige sin, ba cheart d’institiúidí a chinntiú go bhfuil dóthain saineolais agus cumais ag an bhfoireann ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuireann straitéisí aistrithe contrapháirtithe, lena n áirítear a bpleananna aistrithe nuair a bheidh siad ar fáil, feabhas ar a n athléimneacht i leith rioscaí ESG agus a ailíneoidh le spriocanna na ‑ hinstitiúide; ‑
  • b) ba cheart go gcinnteofaí leis an bhfeidhm bainistithe riosca go bhfuil na teorainneacha riosca atá leagtha síos sa ráiteas um inghlacthacht riosca mar chuid den chreat bainistithe riosca comhsheasmhach le gach gné de phlean na hinstitiúide, lena n áirítear beartais earnála;
  • c) ba cheart ‑ go ndéanfaí IAF athbhreithniú ar phlean na hinstitiúide mar chuid den

chreat bainistithe riosca agus a mheas an gcomhlíonann sé ceanglais dhlíthiúla agus rialála agus an bhfuil sé comhsheasmhach le straitéis riosca agus inghlacthacht riosca na hinstitiúide maidir le rioscaí ESG. Chuige sin, ba cheart do IAF a mheas cibé an gceadaítear nó nach gceadaítear leis an bplean don institiúid athruithe ar a próifíl riosca a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu, an chaoi a dtugann an institiúid aghaidh ar imeachtaí óna spriocanna, agus cibé ar roghnaíodh agus ar úsáideadh na toimhdí, modheolaíochtaí agus critéir bhunúsacha le hionracas.

6.2.2. Próisis inmheánacha agus cumas

91. Ba cheart d’institiúidí idirghníomhaíocht agus malartuithe fiúntacha agus rialta a áirithiú ar …

Ba cheart d’institiúidí idirghníomhaíocht agus malartuithe fiúntacha agus rialta a áirithiú ar gach leibhéal den eagraíocht chun a áirithiú gur féidir léargais agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara inmheánacha a chur san áireamh agus na pleananna á gceapadh, á gcur chun feidhme agus á n athbhreithniú. Chuige sin, ba cheart d’institiúidí, ar a laghad, aonaid, ranna agus feidhmeanna atá freagrach as pleanáil straitéiseach, as bainistiú riosca, as nochtaí maidir ‑ le hinbhuanaitheacht, as seirbhísí dlí agus as comhlíonadh a chur san áireamh i ndréachtú na bpleananna, agus ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na haonaid, na ranna agus na feidhmeanna breise ar cheart a bheith i gceist.

92. I gcomhréir le Roinn 5.4, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil cumas, saineolas agus …

I gcomhréir le Roinn 5.4, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil cumas, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha acu chun a bpróiseas pleanála um aistriú a fhorbairt agus a chur chun feidhme chomh maith le measúnú rialta a dhéanamh ar stóinseacht a bpleananna agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Ba cheart d’institiúidí na bearnaí atá ann cheana i scileanna agus i saineolas a mhapáil agus gníomhartha feabhais a dhéanamh i gcás inar gá.

6.2.3. Bainistiú sonraí

93. Ba cheart próisis fhónta rialachais a bheith i bhfeidhm ag institiúidí chun na sonraí is gá a …

Ba cheart próisis fhónta rialachais a bheith i bhfeidhm ag institiúidí chun na sonraí is gá a bhailiú, a bhailíochtú agus a chomhiomlánú chun bonn eolais a chur faoina n iarrachtaí pleanála um aistriú agus chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme, lena n áirítear ‑ trí úsáid a bhaint as faisnéis phoiblí atá ar fáil agus as pleananna aistrithe contrapháirtithe ‑ mar a leagtar amach i Roinn 4.2.2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/