+Raon feidhme
---+6. Baineann na treoirlínte seo le maoirseacht chúramach ar institiúidí creidmheasa ag údaráis …
---+7. Chun críocha mhír 6, ba cheart go dtuigfí le ‘comhaltaí foirne’ gach duine a bhfuil caidreamh …
---+8. Chun críocha mhír 6, i gcás ina ndéantar cúraimí bhainistíocht laethúil fheidhm mhaoirseachta an …
---+9. I gcás nach ndéanann an comhlacht cinnteoireachta comhchoiteann is sinsearaí den údarás inniúil …

Raon feidhme

Raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
6. Baineann na treoirlínte seo le maoirseacht chúramach ar institiúidí creidmheasa ag údaráis …

Baineann na treoirlínte seo le maoirseacht chúramach ar institiúidí creidmheasa ag údaráis inniúla faoi Threoir 2013/36/AE, lena n áirítear socruithe maidir le neamhspleáchas chomhaltaí a bhfoirne agus a gcoistí rialaithe, agus maidir le coinbhleachtaí leasa a láimhseáil i gcás - chomhaltaí a bhfoirne agus chomhaltaí choiste rialaithe údaráis inniúil.

7. Chun críocha mhír 6, ba cheart go dtuigfí le ‘comhaltaí foirne’ gach duine a bhfuil caidreamh …

Chun críocha mhír 6, ba cheart go dtuigfí le ‘comhaltaí foirne’ gach duine a bhfuil caidreamh fostaíochta acu leis an údarás inniúil a bhfuil baint dhíreach acu leis an bhfeidhm mhaoirseachta nó leis an gcinnteoireacht a bhaineann leis, lena n áirítear baill foirne atá ag gabháil d’fheidhmeanna cothrománacha nó trasearnálacha, chun críocha na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear i dTreoir 2013/36/AE agus i Rialachán - (AE) Uimh. 575/20134 a chur i

gcrích nó, i gcás an Bhainc Cheannais Eorpaigh, i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Ba cheart d’údaráis inniúla na treoirlínte a chur i bhfeidhm freisin maidir le comhaltaí ar iasacht chuig údarás inniúil ar bhonn sealadach i ndáil leis na gníomhaíochtaí nó na feidhmeanna atá leagtha

2 Treoir 2013/36/AE, Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO 2013 L 176, lch. 338). -

3 JC 2023 17 Joint ESAs Supervisory Independence criteria.pdf [Critéir chomhpháirteacha Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach maidir le neamhspleáchas maoirseachta]

4 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1). amach thuas trí shocruithe iomchuí a chur i bhfeidhm. Féadfaidh údaráis inniúla cur i bhfeidhm na dtreoirlínte seo a leathnú chuig comhaltaí nach comhaltaí foirne iad a dhéanann cúraimí maoirseachta don údarás inniúil ar bhonn conarthach agus/nó socruithe iomchuí a chur i bhfeidhm le soláthraithe seirbhíse.

8. Chun críocha mhír 6, i gcás ina ndéantar cúraimí bhainistíocht laethúil fheidhm mhaoirseachta an …

Chun críocha mhír 6, i gcás ina ndéantar cúraimí bhainistíocht laethúil fheidhm mhaoirseachta an údaráis inniúil a chur de chúram ar stiúrthóir feidhmiúcháin nó post comhchosúil faoi bhun leibhéal an chomhlachta cinnteoireachta comhchoitinne is sinsearaí dá dtagraítear in Airteagal 4a(1) de Threoir 2013/36/AE nó ar chomhaltaí comhlachta chomhchoitinn eile, ba cheart na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí feidhmiúcháin an chomhlachta cinnteoireachta comhchoitinne is sinsearaí a fhéadfaidh treoracha a thabhairt don stiúrthóir feidhmiúcháin sin nó do chomhaltaí an chomhlachta chomhchoitinn eile sin.

9. I gcás nach ndéanann an comhlacht cinnteoireachta comhchoiteann is sinsearaí den údarás inniúil …

I gcás nach ndéanann an comhlacht cinnteoireachta comhchoiteann is sinsearaí den údarás inniúil idirdhealú idir comhaltaí a bhfuil an chumhacht acu feidhmeanna feidhmiúcháin a fheidhmiú maidir le bainistiú laethúil na feidhme maoirseachta agus na bhfeidhmeanna neamhfheidhmiúcháin, nó nach ndéanann sé foráil do leithdháileadh cúraimí agus cumhachtaí cinnteoireachta na gcomhaltaí sin, ba cheart na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i ndáil le gach comhalta den chomhlacht cinnteoireachta sinsearach sin, seachas gobharnóirí banc ceannais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/