+RIALACHÁN (AE) 2023/1113 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe
------+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 2 Raon feidhme
---------+Airteagal 2 1
---------+Airteagal 2 2
---------+Airteagal 2 3
---------+Airteagal 2 4
---------+Airteagal 2 5
------+Airteagal 3 Sainmhínithe
---------+Airteagal 3 (1)
---------+Airteagal 3 (2)
---------+Airteagal 3 (3)
---------+Airteagal 3 (4)
---------+Airteagal 3 (5)
---------+Airteagal 3 (6)
---------+Airteagal 3 (7)
---------+Airteagal 3 (8)
---------+Airteagal 3 (9)
---------+Airteagal 3 (10)
---------+Airteagal 3 (11)
---------+Airteagal 3 (12)
---------+Airteagal 3 (13)
---------+Airteagal 3 (14)
---------+Airteagal 3 (15)
---------+Airteagal 3 (16)
---------+Airteagal 3 (17)
---------+Airteagal 3 (18)
---------+Airteagal 3 (19)
---------+Airteagal 3 (20)
---------+Airteagal 3 (21)
---------+Airteagal 3 (22)
---------+Airteagal 3 (23)
---------+Airteagal 3 (24)
---+CAIBIDIL II Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta
------+Roinn 1 Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra
---------+Airteagal 4 Faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí
------------+Airteagal 4 1
------------+Airteagal 4 2
------------+Airteagal 4 3
------------+Airteagal 4 4
------------+Airteagal 4 5
------------+Airteagal 4 6
---------+Airteagal 5 Aistrithe cistí laistigh den Aontas
------------+Airteagal 5 1
------------+Airteagal 5 2
------------+Airteagal 5 3
---------+Airteagal 6 Aistrithe cistí amach as an Aontas
------------+Airteagal 6 1
------------+Airteagal 6 2
------+Roinn 2 Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí
---------+Airteagal 7 Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá in easnamh a bhrath
------------+Airteagal 7 1
------------+Airteagal 7 2
------------+Airteagal 7 3
------------+Airteagal 7 4
------------+Airteagal 7 5
---------+Airteagal 8 Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí in easnamh nó neamhiomlán
------------+Airteagal 8 1
------------+Airteagal 8 2
---------+Airteagal 9 Measúnú agus tuairisciú
------+Roinn 3 Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha
---------+Airteagal 10 Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a ghabhann leis an aistriú a choinneáil
---------+Airteagal 11 Faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá in easnamh a bhrath
------------+Airteagal 11 1
------------+Airteagal 11 2
---------+Airteagal 12 Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí in easnamh
------------+Airteagal 12 1
------------+Airteagal 12 2
---------+Airteagal 13 Measúnú agus tuairisciú
---+CAIBIDIL III Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
------+Roinn 1 Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra
---------+Airteagal 14 Faisnéis a ghabhann le haistrithe cripteashócmhainní
------------+Airteagal 14 1
------------+Airteagal 14 2
------------+Airteagal 14 3
------------+Airteagal 14 4
------------+Airteagal 14 5
------------+Airteagal 14 6
------------+Airteagal 14 7
------------+Airteagal 14 8
---------+Airteagal 15 Aistrithe baisc-chomhaid cripteashócmhainní
------+Roinn 2 Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí
---------+Airteagal 16 Faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí atá in easnamh a bhrath
------------+Airteagal 16 1
------------+Airteagal 16 2
------------+Airteagal 16 3
------------+Airteagal 16 4
---------+Airteagal 17 Aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán
------------+Airteagal 17 1
------------+Airteagal 17 2
---------+Airteagal 18 Measúnú agus tuairisciú
------+Roinn 3 Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha
---------+Airteagal 19 Faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a ghabhann leis an aistriú a choinneáil
---------+Airteagal 20 Faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí atá in easnamh a bhrath
---------+Airteagal 21 Aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán
------------+Airteagal 21 1
------------+Airteagal 21 2
---------+Airteagal 22 Measúnú agus tuairisciú
---+CAIBIDIL IV Comhbhearta is infheidhme ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
------+Airteagal 23 Beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun cur chun feidhme beart sriantach a áirithiú
---+CAIBIDIL V Faisnéis, cosaint sonraí, agus taifid a choinneál
------+Airteagal 24 Faisnéis a chur ar fáil
------+Airteagal 25 Cosaint sonraí
---------+Airteagal 25 1
---------+Airteagal 25 2
---------+Airteagal 25 3
---------+Airteagal 25 4
------+Airteagal 26 Taifid a choimeád
---------+Airteagal 26 1
---------+Airteagal 26 2
---------+Airteagal 26 3
------+Airteagal 27 Comhar idir na húdaráis inniúla
---+CAIBIDIL VI Smachtbhannaí agus faireachán
------+Airteagal 28 Smachtbhannaí agus bearta riaracháin
---------+Airteagal 28 1
---------+Airteagal 28 2
---------+Airteagal 28 3
---------+Airteagal 28 4
---------+Airteagal 28 5
---------+Airteagal 28 6
---------+Airteagal 28 7
------+Airteagal 29 Forálacha sonracha
---------+Airteagal 29 (a)
---------+Airteagal 29 (b)
---------+Airteagal 29 (c)
---------+Airteagal 29 (d)
------+Airteagal 30 Smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú
------+Airteagal 31 Na smachtbhannaí agus na bearta á gcur i bhfeidhm ag údaráis inniúla
---------+Airteagal 31 1
---------+Airteagal 31 2
------+Airteagal 32 Sáruithe a thuairisciú
---------+Airteagal 32 1
---------+Airteagal 32 2
------+Airteagal 33 Faireachán
---------+Airteagal 33 1
---------+Airteagal 33 2
---+CAIBIDIL VII Cumhachtaí cur chun feidhme
------+Airteagal 34 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 34 1
---------+Airteagal 34 2
---+CAIBIDIL VIII Maoluithe
------+Airteagal 35 Comhaontuithe le tíortha agus le críocha nach cuid de chríoch an Aontais iad
---------+Airteagal 35 1
---------+Airteagal 35 2
---------+Airteagal 35 3
---------+Airteagal 35 4
---------+Airteagal 35 5
---------+Airteagal 35 6
---+CAIBIDIL IX Forálacha eile
------+Airteagal 36 Treoirlínte
---------+Airteagal 36 2
---------+Airteagal 36 3
---------+Airteagal 36 4
------+Airteagal 37 Athbhreithniú
---------+Airteagal 37 1
---------+Airteagal 37 2
---------+Airteagal 37 3
---+CAIBIDIL X Forálacha críochnaitheacha
------+Airteagal 38 Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849
---------+Airteagal 38 (1)
---------+Airteagal 38 (2)
---------+Airteagal 38 (3)
---------+Airteagal 38 (4)
---------+Airteagal 38 (5)
---------+Airteagal 38 (6)
---------+Airteagal 38 (7)
---------+Airteagal 38 (8)
------+Airteagal 39 Aisghairm
------+Airteagal 40 Teacht i bhfeidhm
English - European Union - Financial Industry -

RIALACHÁN (AE) 2023/1113 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN (AE) 2023/1113 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2023

maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go substaintiúil (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Glacadh Rialachán (AE) 2015/847 chun a áirithiú go gcuirfí chun feidhme ceanglais an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le soláthraithe seirbhísí aistrithe de dhroim sreinge, agus go háirithe an oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a chur le haistrithe cistí, go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Na hathruithe is déanaí a tugadh isteach i mí an Mheithimh 2019 i gcaighdeáin FATF maidir le teicneolaíochtaí nua, agus é mar aidhm leo sócmhainní fíorúla agus soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla a rialú, cuireadh ar fáil leis na hathruithe sin oibleagáidí nua agus comhchosúla le haghaidh soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla, chun inrianaitheacht aistrithe sócmhainní fíorúla a éascú. Sa bhreis ar na hathruithe sin, tá soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla le faisnéis faoi thionscnóirí agus tairbhithe na n-aistrithe sócmhainní fíorúla sin a chur leis na haistrithe sin. Ceanglaítear chomh maith ar sholáthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla an fhaisnéis sin a fháil, a shealbhú agus a roinnt lena gcontrapháirtí ar an taobh eile den aistriú sócmhainní fíorúla agus í a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis inniúla.

(3)

I bhfianaise nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/847 faoi láthair ach maidir le haistrithe cistí, is é sin le rá maidir le nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne, agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), is iomchuí raon feidhme Rialachán (AE) 2015/847 a leathnú chun aistrithe sócmhainní fíorúla a chumhdach freisin.

(4)

Is féidir le sreafaí airgid neamhdhleathaigh a chuirtear i gcúrsaíocht trí aistrithe cistí agus sócmhainní fíorúla dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais agus a bheith ina bhagairt ar mhargadh inmheánach an Aontais agus ar an bhforbairt idirnáisiúnta. Tá sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe ina bhfadhbanna móra fós ar ceart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí fóntacht, sláine agus cobhsaíocht an chórais trína n-aistrítear cistí agus sócmhainní fíorúla, mar aon leis an muinín as an gcóras airgeadais sin ar fad a chur i mbaol de dheasca iarrachtaí ó choirpigh agus a gcomhpháirtithe bréagriocht a chur ar fhoinse a gcuid fáltas ó choireacht nó cistí nó sócmhainní fíorúla a aistriú le haghaidh gníomhaíochtaí coiriúla nó chun críoch sceimhlitheoireachta.

(5)

D’fhonn a gcuid gníomhaíochtaí coiriúla a éascú, is dócha go ndéanfaidh lucht sciúrtha airgid agus maoinitheoirí sceimhlitheoireachta iarracht buntáiste a bhaint as an tsaoirse i ngluaiseachtaí caipitil laistigh de limistéar comhtháite airgeadais an Aontais, mura nglactar bearta comhordaithe áirithe ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm leis an gcomhar idirnáisiúnta faoi chuimsiú FATF agus le cur chun feidhme domhanda a chuid moltaí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc le linn cistí nó sócmhainní fíorúla a aistriú.

(6)

Mar gheall ar fhairsinge na gníomhaíochta a bheidh le déanamh, ba cheart don Aontas a áirithiú go ndéanfaí na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac a ghlac FATF an 16 Feabhra 2012 agus ar a rinne sé athbhreithniú ansin an 21 Meitheamh 2019 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”), agus, go háirithe, Moladh 15 de chuid FATF maidir le teicneolaíochtaí nua, Moladh 16 de chuid FATF maidir le haistrithe de dhroim sreinge, agus na nótaí léirithe athbhreithnithe maidir leis na moltaí sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú nó neamhréiteach ann idir íocaíochtaí náisiúnta nó aistrithe sócmhainní fíorúla laistigh de Bhallstát, ar thaobh amháin, agus íocaíochtaí trasteorann nó aistrithe sócmhainní fíorúla trasteorann idir Ballstáit, ar an taobh eile. Maidir le gníomhaíocht neamh-chomhordaithe arna déanamh ag Ballstáit ag gníomhú uathu féin i réimse na n-aistrithe trasteorann cistí agus sócmhainní fíorúla, d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aici ar fheidhmiú rianúil córas íocaíochta agus seirbhísí sócmhainní fíorúla ar leibhéal an Aontais agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sí dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais.

(7)

D’fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart d’aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe Moltaí athbhreithnithe FATF.

(8)

Leis an raon domhanda atá acu, an luas ar féidir idirbhearta a dhéanamh agus an anaithnideacht a d’fhéadfadh a bheith ann trína n-aistriú, bíonn sócmhainní fíorúla go háirithe i mbaol mí-úsáid choiriúil, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann. Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid sócmhainní fíorúla chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, ba cheart don Aontas cur i bhfeidhm na gcaighdeán arna gcur chun feidhme leis an Rialachán seo agus forbairt ghné idirnáisiúnta agus thrasdlínse an chreata rialála agus maoirseachta a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda le haghaidh aistrithe sócmhainní fíorúla a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

(9)

Le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), de thoradh an leasaithe a rinneadh uirthi le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tugadh isteach sainmhíniú ar airgeadraí fíorúla agus tugadh aitheantas do sholáthraithe a ghabhann do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat, chomh maith le soláthraithe tiachóg coinneála, i measc na n-eintiteas atá faoi réir ceanglais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac faoi dhlí an Aontais. Mar gheall ar fhorbairtí idirnáisiúnta le déanaí, go háirithe faoi chuimsiú FATF, feictear go bhfuil gá le catagóirí breise de sholáthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla a rialú nach gcumhdaítear go fóill agus go bhfuil gá leis an sainmhíniú ar airgeadra fíorúil atá ann faoi láthair a leathnú.

(10)

Comhfhreagraíonn an sainmhíniú ar chripteashócmhainní i Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) don sainmhíniú ar shócmhainní fíorúla a leagtar amach i Moltaí athbhreithnithe FATF, agus cuimsítear sa liosta seirbhísí cripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a chumhdaítear sa Rialachán sin na soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla atá sainaitheanta mar sin ag FATF agus a mheastar gur dócha go n-ardófar leo ábhar imní maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Chun comhleanúnachas dhlí an Aontais a áirithiú sa réimse sin, ba cheart na sainmhínithe céanna ar chripteashócmhainní, ar sheirbhísí cripteashócmhainní agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a úsáid sa Rialachán seo agus a úsáidtear i Rialachán (AE) 2023/1114.

(11)

Is modhanna ábhartha agus éifeachtacha iad cur chun feidhme agus forghníomhú an Rialacháin seo chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

(12)

Ní bheartaítear leis an Rialachán seo ualaí ná costais nach bhfuil gá leo a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ná ar dhaoine a úsáideann a gcuid seirbhísí. Maidir leis sin, ba cheart an cur chuige a bheith coisctheach spriocdhírithe agus comhréireach agus ba cheart dó saorghluaiseacht an chaipitil, ar ní é a ráthaítear ar fud an Aontais, a chomhlíonadh go hiomlán.

(13)

Luaitear i Straitéis Leasaithe an Aontais maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta an 17 Iúil 2008 (“an Straitéis Athbhreithnithe”), nach mór leanúint leis na hiarrachtaí chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus chun rialú a dhéanamh ar sceimhlitheoirí amhrasta maidir lena gcuid acmhainní féin a úsáid. Aithnítear inti go bhfuil FATF de shíor ag iarraidh a mholtaí a fheabhsú agus go bhfuil sé ag oibriú i dtreo chomhthuiscint maidir leis an mbealach ina bhféadfar na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Tugtar dá n-aire sa Straitéis Athbhreithnithe go ndéantar measúnú ar bhonn rialta ar an mbealach a dhéanann gach ball de FATF agus gach ball de chomhlachtaí réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF Moltaí athbhreithnithe FATF a chur chun feidhme agus go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, cur chuige coiteann a bheith ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme.

(14)

Sa bhreis air sin, i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2020 dar teideal Action Plan for a comprehensive Union policy on preventing money laundering and terrorist financing [Plean Gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc], sainaithníodh sé réimse tosaíochta i dtaca le gníomhaíocht phráinneach chun feabhas a chur ar chóras an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear creat rialála comhleanúnach a bhunú san Aontas le haghaidh an chóras sin chun rialacha níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe a fháil, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí na nuálaíochta teicneolaíochta agus forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta agus chun cur chun feidhme ilchineálach na rialacha atá ann faoi láthair a sheachaint. Tugtar le tuiscint mar gheall ar obair ar an leibhéal idirnáisiúnta go bhfuil gá le raon feidhme na n-earnálacha nó na n-eintiteas a chumhdaítear leis an gcóras sin a leathnú agus leis an mbealach ar cheart feidhm a bheith aige maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach gcumhdaítear go dtí seo a mheas.

(15)

D’fhonn maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, rinneadh bearta arb é is cuspóir dóibh cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine, grúpaí agus eintiteas áirithe a reo, lena n-áirítear Rialacháin (CE) Uimh. 2580/2001 (10), (CE) Uimh. 881/2002 (11) agus (AE) Uimh. 356/2010 (12) ón gComhairle. Chun na críche céanna sin, rinneadh bearta eile arb é is cuspóir dóibh an córas airgeadais a chosaint i gcoinne aistriú cistí agus acmhainní eacnamaíocha chun críocha sceimhlitheoireachta freisin. Tá roinnt beart den sórt sin i dTreoir (AE) 2015/849. Ní éiríonn go hiomlán leis na bearta sin, áfach, sceimhlitheoirí nó coirpigh eile a chosc ó rochtain a fháil ar chórais íocaíochta chun a gcistí a aistriú.

(16)

Is féidir inrianaitheacht i ndáil le haistrithe cistí agus cripteashócmhainní a bheith ina huirlis an-tábhachtach agus an-luachmhar chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath, agus chun bearta sriantacha a chur chun feidhme, go háirithe na cinn a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 agus le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go dtarchuirfí faisnéis fad an tslabhra íocaíochta nó an tslabhra aistrithe cripteashócmhainní, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le córas lena gcuirtear de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta go ngabhfaidh faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí le haistrithe cistí, agus go gcuirtear de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní go ngabhfaidh faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí le haistrithe cripteashócmhainní.

(17)

Bíonn fachtóirí sonracha ardriosca le haghaidh sciúrtha airgid, maoinithe sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí coiriúla eile i gceist le haistrithe áirithe cripteashócmhainní, go háirithe aistrithe a bhaineann le táirgí, idirbhearta nó teicneolaíochtaí a ceapadh chun anaithnideacht a fheabhsú, lena n-áirítear tiachóga príobháideachais, meascthóirí nó rothlóirí. Chun inrianaitheacht na n-aistrithe sin a áirithiú, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (ÚBE), a shoiléiriú, go háirithe, conas a chuireann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na fachtóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2015/849 san áireamh, lena n-áirítear agus idirbhearta á ndéanamh acu le heintitis nach eintitis den Aontas iad agus nach bhfuil rialáilte, cláraithe ná ceadúnaithe in aon tríú tír, nó le seoltaí féinóstáilte. I gcás ina sainaithnítear cásanna lena ngabhann riosca níos airde, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint lena sonraítear na bearta díchill chuí feabhsaithe ar cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bhreithniú iad a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí a ghlacadh ar nós uirlisí anailíseacha na teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) a úsáid, chun tionscnamh nó ceann scríbe cripteashócmhainní a bhrath.

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do na bearta sriantacha náisiúnta ná do bhearta sriantacha de chuid an Aontais a fhorchuirtear leis na Rialacháin a bhunaítear ar Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, amhail Rialacháin (CE) Uimh. 2580/2001, (CE) Uimh. 881/2002 agus (AE) Uimh. 356/2010 agus Rialacháin (AE) Uimh. 267/2012 (14), (AE) 2016/1686 (15) agus (AE) 2017/1509 (16) ón gComhairle, a fhéadann a cheangal go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na n-íocóirí agus na n-íocaithe, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na dtionscnóirí agus na dtairbhithe, chomh maith le soláthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha an beart iomchuí le cistí áirithe agus cripteashócmhainní a reo nó go gcomhlíonfaidh siad na srianta sonracha a bhaineann le haistrithe áirithe cistí nó cripteashócmhainní. Ba cheart beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun cur chun feidhme na mbeart sriantach sin a áirithiú, lena n-áirítear bearta scagtha ó thaobh na ndaoine ainmnithe atá ar liosta an Aontais agus ar liostaí náisiúnta. Ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint ina sonraítear na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha sin. Tá sé beartaithe go ndéanfar ceanglais an Rialacháin seo maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le bearta sriantacha a aisghairm go luath amach anseo le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc.

(19)

Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críocha tráchtála. Aithníonn na Ballstáit go léir gur foras leasa phoiblí tábhachtach é an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ní mór a cheangal aistriú sonraí pearsanta go tríú tír a dhéanamh i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679. Maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fheidhmíonn i roinnt dlínsí a bhfuil craobhacha nó fochuideachtaí acu atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, tá sé tábhachtach nach gcuirfí cosc orthu sonraí faoi idirbhearta amhrasacha laistigh den eagraíocht chéanna a aistriú, ar an gcoinníoll go gcuireann siad cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra agus an tairbhí, ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra agus an íocaí agus ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha agus na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha chun sonraí pearsanta a chosaint i gcoinne caillteanas timpisteach, athrú nó nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe.

(20)

Maidir le daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a mhalartú ina sonraí leictreonacha agus atá ag gníomhú faoi chonradh le soláthraí seirbhísí íocaíochta agus maidir le daoine nach gcuireann ach córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta nó nach gcuireann ach córais imréitigh agus socraíochta ar fáil dóibh, níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(21)

Maidir le daoine nach soláthraíonn ach bonneagar coimhdeach, amhail soláthraí seirbhísí líonra idirlín agus bonneagair, soláthraí néalseirbhísí nó forbróirí bogearraí, a chuireann ar chumas eintitis eile seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar, níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo mura ndéanann siad aistrithe cripteashócmhainní.

(22)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cripteashócmhainní a dhéantar ó dhuine go duine gan baint a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leo, nó maidir le cásanna inar soláthraithe seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní iad an tionscnóir agus an tairbhí ag gníomhú dóibh thar a gceann féin.

(23)

Maidir le haistrithe cistí a chomhfhreagraíonn do sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a) go (m) agus pointe (o), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is iomchuí freisin aistrithe cistí agus comharthaí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114 ar beag an baol leo go ndéanfar sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart a chumhdach le heisiaimh den sórt sin cártaí íocaíochta, ionstraimí ríomh-airgid, fóin phóca nó feistí digiteacha nó teicneolaíochta faisnéise (TF) eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, i gcás ina mbaintear feidhm astu go heisiach le hearraí nó seirbhísí a cheannach agus ina ngabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste le gach aistriú. Mar sin féin, maidir le húsáid cárta íocaíochta, ionstraime ríomh-airgid, fóin póca nó aon fheiste digití nó teicneolaíochta faisnéise eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu chun aistriú cistí nó comharthaí ríomh-airgid idir daoine nádúrtha, ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí, a dhéanamh chun críoch eile seachas trádáil, gnó nó gníomhaíocht ghairmiúil, tagann an úsáid sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ina theannta sin, maidir le haistarraingtí ó uathmheaisín bainc, íocaíochtaí cánach, fíneálacha nó tobhaigh eile, aistrithe cistí a dhéantar trí íomhánna seiceanna a mhalartú, lena n-áirítear seiceanna teasctha, nó billí malairte, agus aistrithe cistí nuair is soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad an t-íocóir agus an t-íocaí araon ag feidhmiú thar a gceann féin, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(24)

Níl cripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha faoi réir cheanglais an Rialacháin seo mura n-aicmítear iad mar chripteashócmhainní nó mar chistí faoi Rialachán (AE) 2023/1114.

(25)

Is féidir le uathmheaisíní bainc cripteashócmhainní (criptea-UMBanna) úsáideoirí a chumasú aistrithe cripteashócmhainní a dhéanamh chuig seoladh cripteashócmhainní trí airgead tirim a thaisceadh, go minic gan aon chineál aitheantais agus fíoraithe custaiméara. Bíonn criptea-UMBanna an-neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta toisc go bhfágann an anaithnideacht a sholáthraíonn siad agus an fhéidearthacht a bhaineann le hairgead tirim de bhunús anaithnid a úsáid gur uirlis fhoirfe iad le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha. I bhfianaise ról criptea-UMBanna maidir le haistrithe cripteashócmhainní a sholáthar nó a éascú go gníomhach, ba cheart aistrithe cripteashócmhainní atá nasctha le criptea-UMBanna teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(26)

D’fhonn léiriú a thabhairt ar shaintréithe na gcóras náisiúnta íocaíochta, agus ar choinníoll go bhfuil sé indéanta an t-aistriú cistí a rianú ar ais go dtí an t-íocóir i gcónaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann aistrithe cistí baile áirithe a bhfuil luach íseal ag gabháil leo, lena n-áirítear íocaíochtaí gíoró leictreonacha, a úsáidtear le hearraí nó seirbhísí a cheannach, a dhíolmhú ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(27)

I ngeall ar chineál gan teorainn agus raon domhanda na n-aistrithe cripteashócmhainní agus soláthar seirbhísí cripteashócmhainní, níl aon chúiseanna oibiachtúla ann chun idirdhealú a dhéanamh idir an chaoi a gcaitear le rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta a ghabhann le haistrithe náisiúnta ón gcaoi a gcaitear le haistrithe trasteorann. Chun na gnéithe sonracha sin a léiriú, níor cheart aon díolúine ó raon feidhme an Rialacháin seo a dheonú d’aistrithe cripteashócmhainní baile a bhfuil luach íseal ag gabháil leo, i gcomhréir le ceanglas FATF chun caitheamh le gach aistriú cripteashócmhainní mar aistrithe trasteorann.

(28)

Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú nach bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí ná faoin tionscnóir agus faoin tairbhí in easnamh ná neamhiomlán.

(29)

Ionas nach mbainfí ó éifeachtúlacht na gcóras íocaíochtaí agus d’fhonn an riosca go mbrúfaí idirbhearta faoi thalamh de thoradh ceanglas aitheantais ródhian a chothromú leis an mbagairt fhéideartha sceimhlitheoireachta ó mhion-aistrithe cistí, níor cheart an oibleagáid maidir le beachtas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a sheiceáil a fhorchur, i gcás aistrithe cistí nach ndearnadh a fhíorú fós, ach amháin i gcás aistrithe aonair cistí os cionn EUR 1 000, mura rud é go ndealraíonn sé go bhfuil an t-aistriú nasctha le haistrithe cistí eile a bheadh os cionn EUR 1 000 lena chéile, i gcás ina bhfuarthas na cistí nó inar íocadh amach iad in airgead tirim nó in airgead leictreonach gan ainm, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun bheith i ndrochamhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

(30)

I gcomparáid le haistrithe cistí, is féidir aistrithe cripteashócmhainní a dhéanamh thar dhlínsí iomadúla ar scála níos mó agus ar luas níos airde mar gheall ar a raon domhanda agus a saintréithe teicneolaíochta. Sa bhreis ar bhréag-anaithnideacht cripteashócmhainní, tugann na gnéithe sin d’aistrithe cripteashócmhainní deis do choirpigh aistrithe móra aindleathacha a dhéanamh ar ardluas agus, ag an am céanna, dul timpeall ar oibleagáidí inrianaitheachta agus an brath a sheachaint, trí idirbheart mór a struchtúrú ina mhéideanna níos lú, trí úsáid a bhaint as iliomad seoltaí DLT a cheaptar a bheith neamhghaolmhar, lena n-áirítear úsáid aonuaire seoltaí DLT, agus próisis uathoibrithe a úsáid. Tá an chuid is mó de chripteashócmhainní an-ghuagach freisin agus féadfaidh a luach luainiú go suntasach laistigh de thréimhse ama an-ghearr, rud a fhágann go mbíonn éiginnteacht níos mó ag roinnt le hidirbheart nasctha a ríomh. Chun na gnéithe sonracha sin a léiriú, ba cheart aistrithe cripteashócmhainní a bheith faoi réir na gceanglas céanna gan beann ar a méid agus ar iad a bheith ina n-aistrithe intíre nó trasteorann.

(31)

I gcás aistrithe cistí nó i gcás aistrithe cripteashócmhainní ó chuntas ina meastar fíorú a bheith déanta, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beachtas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a ghabhann le gach aistriú cistí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a ghabhann le gach aistriú cripteashócmhainní a fhíorú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849.

(32)

I bhfianaise ghníomhartha reachtacha an Aontais i dtaca le seirbhísí íocaíochta, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), Treoir (AE) 2015/2366 agus Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), ba cheart gur leor foráil a dhéanamh gur faisnéis shimplithe agus í sin amháin a bheadh ag gabháil le haistrithe cistí laistigh den Aontas, amhail an uimhir chuntais íocaíochta nó aitheantóir idirbhirt uathúil.

(33)

Ionas go bhféadfaidh na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i dtríú tíortha foinse na gcistí nó na gcripteashócmhainní a úsáidtear chun na gcríoch sin a rianú, ba cheart faisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí a bheith ag gabháil le haistrithe cistí ón Aontas amach as an Aontas agus faoin tionscnóir agus faoin tairbhí i ndáil le haistrithe cripteashócmhainní ón Aontas lasmuigh den Aontas. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI), nó aon aitheantóir oifigiúil coibhéiseach, i gcás ina soláthraíonn an t-íocóir an t-aitheantóir sin dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta, toisc go gcumasófaí leis sin sainaithint níos fearr na bpáirtithe atá páirteach in aistriú cistí agus bheadh sé éasca í a áireamh i bhformáidí teachtaireachta íocaíochta atá ann faoi láthair, mar shampla an ceann a d’fhorbair an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú ar mhaithe le cómhalartú sonraí leictreonacha idir institiúidí airgeadais. Níor cheart rochtain ar fhaisnéis iomlán faoin íocóir ná faoin íocaí ná faoin tionscnóir ná faoin tairbhí, de réir mar is infheidhme, a thabhairt do na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i dtríú tíortha ach amháin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

(34)

Is ann do chripteashócmhainní i réaltacht fhíorúil gan teorainn agus féadfar iad a aistriú chuig aon soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, bíodh an soláthraí sin cláraithe i ndlínse nó ná bíodh. Tá rialacha i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí agus forfheidhmiú cosanta sonraí ag roinnt mhaith dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, ar rialacha iad atá éagsúil leis na rialacha san Aontas. Agus cripteashócmhainní á n-aistriú thar ceann cliant chuig soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nach bhfuil cláraithe san Aontas, ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra measúnú a dhéanamh ar chumas sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo a fháil agus a choinneáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as na roghanna atá ar fáil i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme praiticiúil na gceanglas cosanta sonraí le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha i gcomhthéacs aistrithe cripteashócmhainní. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann nuair nach féidir sonraí pearsanta a sheoladh toisc nach féidir ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh. Ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le nósanna imeachta oiriúnacha chun a chinneadh ar cheart aistriú cripteashócmhainní a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí i gcásanna den sórt sin.

(35)

Na húdaráis Ballstáit atá freagrach as sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus na húdaráis breithiúnacha agus na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ábhartha sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart dóibh comhar a threisiú lena chéile agus le húdaráis ábhartha tríú tíortha, lena n-áirítear na húdaráis i dtíortha i mbéal forbartha, chun an trédhearcacht, comhroinnt na faisnéise agus na gcleachtas is fearr a neartú a thuilleadh.

(36)

Ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra a áirithiú go mbeidh na nithe seo a leanas ag gabháil le haistrithe cripteashócmhainní: ainm an tionscnóra, seoladh mórleabhair dháilte an tionscnóra, i gcásanna ina bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra a úsáideann DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, uimhir cuntais cripteashócmhainní an tionscnóra, i gcásanna inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil, seoladh an tionscnóra lena n-áirítear ainm na tíre, uimhir dhoiciméid phearsanta oifigiúil agus uimhir aitheantais an chustaiméara, nó, de rogha air sin, dáta breithe agus áit bhreithe an tionscnóra, agus, faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta agus i gcás ina gcuireann an tionscnóir ar fáil dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní é, an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh reatha nó, ina éagmais sin, aon aitheantóir coibhéiseach oifigiúil eile de chuid an tionscnóra atá ar fáil. Ba cheart an fhaisnéis a thíolacadh ar bhealach slán agus roimh aistriú cripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin.

(37)

Ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra a áirithiú freisin go mbeidh na nithe seo a leanas ag gabháil le haistrithe cripteashócmhainní: ainm an tairbhí, seoladh mórleabhair dháilte an tairbhí ag gabháil le haistrithe cripteashócmhainní, i gcás ina gclárófar aistriú cripteashócmhainní ar líonra a bhaineann úsáid as DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, uimhir chuntais an tairbhí i gcás inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil, agus, faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta, agus i gcás inar sholáthraigh an tionscnóir é dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, LEI reatha, nó ina éagmais sin, aon aitheantóir oifigiúil coibhéiseach eile de chuid an tairbhí atá ar fáil. Ba cheart an fhaisnéis a thíolacadh ar bhealach slán agus roimh aistriú cripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin.

(38)

Maidir le haistrithe cripteashócmhainní, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais an Rialacháin seo maidir le gach aistriú lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní chuig seoladh féinóstáilte nó aistrithe cripteashócmhainní uaidh, fad a bheidh baint ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leo.

(39)

I gcás aistriú chuig seoladh féinóstáilte nó aistrithe uaidh, ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí araon a bhailiú, óna chliant de ghnáth. I bprionsabal, níor cheart a cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis faoi úsáideoir an tseolta fhéinóstáilte a fhíorú. Mar sin féin, i gcás aistriú méid ar mó é ná EUR 1 000 a sheoltar chuig seoladh féinóstáilte nó a fhaightear uaidh thar ceann cliaint de chuid soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a fhíorú an bhfuil an seoladh féinóstáilte sin faoi úinéireacht nó faoi rialú éifeachtach an chliaint sin.

(40)

A mhéid a bhaineann le haistrithe cistí ó íocóir aonair chuig roinnt íocaithe a bheidh le cur in aistriú baisc-chomhaid ina mbeidh aistrithe aonair ón Aontas amach as an Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh chun nach mbeidh ach uimhir chuntais íocaíochta an íocóra nó an t-aitheantóir idirbhirt uathúil a bheith ag gabháil le haistrithe aonair den sórt sin, chomh maith leis an bhfaisnéis iomlán faoin íocaí, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis iomlán faoin íocóir sa bhaisc-chomhad a fhíorófar le haghaidh beachtais agus go mbeidh an fhaisnéis iomlán faoin íocaí iomlán inrianaithe.

(41)

A mhéid a bhaineann le haistrithe baisc-chomhaid cripteashócmhainní, ba cheart glacadh le faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a thíolacadh i mbaisceanna, ar choinníoll go dtíolactar iad láithreach agus go slán. Níor cheart é a cheadú an fhaisnéis a cheanglaítear a thíolacadh tar éis an aistrithe, ós rud é nach mór iad a thíolacadh sula gcuirfear nó tráth a chuirfear an t-idirbheart chun críche, agus ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó eintitis eile faoi oibleagáid an fhaisnéis a cheanglaítear a thíolacadh san am céanna leis an aistriú baisc-chomhaid cripteashócmhainní.

(42)

Ar mhaithe le seiceáil an bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí ag gabháil le haistrithe cistí, agus mar chuidiú le hidirbhearta amhrasacha a aithint, ba cheart nósanna imeachta éifeachtacha a bheith i bhfeidhm ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí agus ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach chun a bhrath an bhfuil faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh nó neamhiomlán. Ba cheart a áireamh ar na nósanna imeachta sin faireachán tar éis aistrithe nó le linn aistrithe i gcás inarb iomchuí. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go n-áireoidh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis idirbhirt a cheanglaítear leis an aistriú de dhroim sreinge nó leis an teachtaireacht lena mbaineann fad an tslabhra íocaíochta.

(43)

A mhéid a bhaineann le haistrithe cripteashócmhainní, ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán. Ba cheart a áireamh ar na nósanna imeachta sin faireachán tar éis aistrithe nó le linn aistrithe, i gcás inarb iomchuí. Níor cheart é a bheith de cheangal go mbeidh an fhaisnéis ceangailte go díreach leis an aistriú cripteashócmhainní féin, ar choinníoll go dtíolactar an fhaisnéis sin roimh an aistriú cripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin, agus go bhfuil sí le fáil ar iarraidh sin ó na húdaráis iomchuí.

(44)

I bhfianaise na bagartha ionchasaí atá ag baint le haistrithe anaithnide go bhféadfar airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh agus a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a iarraidh. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe arna fhorbairt ag FATF, is iomchuí na réimsí lena mbaineann an riosca is airde agus an riosca is ísle a shainaithint, d’fhonn díriú níos fearr ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Dá réir sin, ba cheart nósanna imeachta éifeachtacha agus rioscabhunaithe a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí, ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí, ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach agus ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach a bhfuil feidhm acu i gcás nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí ag gabháil le haistriú cistí, nó i gcás nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ag gabháil le haistriú cripteashócmhainní, chun ligean don soláthróir seirbhísí sin a chinneadh an t-aistriú sin a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus cén ghníomhaíocht leantach oiriúnach a bheadh le déanamh.

(45)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, mar ba cheart do gach eintiteas faoi oibleagáid, measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an riosca a bhaineann lena gcliaint, lena dtáirgí agus lena mbealaí seachadta. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní measúnú a dhéanamh freisin ar an riosca a bhaineann lena n-idirbhearta, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar aistrithe chuig seoltaí féinóstáilte nó aistrithe uaidh. I gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar an eolas nó i gcás ina dtagann sé ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis faoi thionscnóir nó faoi thairbhí a úsáideann an seoladh féinóstáilte míchruinn, nó i gcás ina dtugann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní faoi deara patrúin neamhghnácha nó amhrasacha idirbheart nó cásanna lena ngabhann rioscaí níos airde sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le haistrithe lena mbaineann seoltaí féinóstáilte, ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin bearta díchill chuí feabhsaithe a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí, chun na rioscaí a bhainistiú agus a mhaolú go hiomchuí. Ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní na himthosca sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil aistriú cripteashócmhainní, nó aon idirbheart gaolmhar, neamhghnách agus an bhfuil sé le tuairisciú don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

(46)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcomhthéacs Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849, agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 a ghlacadh, chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na forálacha ábhartha.

(47)

Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rioscaí, ba cheart do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí, don soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach agus do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí nó an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach faireachas speisialta a dhéanamh, i gcás ina dtagann sé ar an eolas go bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí, nó faoin tionscnóir nó faoin tairbhí, de réir mar is infheidhme, in easnamh nó neamhiomlán, nó i gcás nach mór a mheas go bhfuil aistriú cripteashócmhainní amhrasach bunaithe ar thionscnamh nó ceann scríbe na gcripteashócmhainní lena mbaineann, agus ba cheart dóibh idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na hoibleagáidí um thuairisciú a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849.

(48)

Cosúil le haistrithe cistí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta, d’fhéadfadh aistrithe cripteashócmhainní lena mbaineann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha a éascú mar eilimint idirmheánach i slabhra aistrithe cripteashócmhainní. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart do sholáthraithe idirghabhálacha den sórt sin a bheith faoi réir na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo freisin, ar an mbealach céanna leis na hoibleagáidí atá ann cheana ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha.

(49)

Tá feidhm leis na forálacha ar aistrithe cistí agus ar aistrithe cripteashócmhainní a bhfuil faisnéis ina leith faoin íocóir nó faoin íocaí nó faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán, agus ar ina leith nach mór a mheas gur amhrasach na haistrithe cripteashócmhainní bunaithe ar thionscnamh nó ar cheann scríbe na gcripteashócmhainní lena mbaineann, gan dochar d’aon oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha, aon aistriú cistí agus aistrithe cripteashócmhainní a dhiúltú nó a fhionraí ar aistrithe iad a sháraíonn foráil de chuid an dlí shibhialta, riaracháin nó choiriúil.

(50)

Chun neodracht na teicneolaíochta a áirithiú, níor cheart don Rialachán seo sainordú a thabhairt d’úsáid teicneolaíochta ar leith le haghaidh aistriú faisnéise idirbhirt arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Chun cur chun feidhme éifeachtúil na gceanglas is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoin Rialachán seo a áirithiú, beidh an-tábhacht ag roinnt le tionscnaimh socraithe caighdeán a mbeidh tionscal na gcripteashócmhainní páirteach iontu nó á stiúradh. Ba cheart na réitigh atá mar thoradh a bheith idir-inoibritheach trí úsáid a bhaint as caighdeáin idirnáisiúnta nó caighdeáin uile-Aontais chun gur féidir faisnéis a mhalartú go tapa.

(51)

D’fhonn cabhrú le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nósanna imeachta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun cásanna a bhrath ina bhfaigheann siad aistrithe cistí nó aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin íocóir, faoin íocaí, faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán agus chun gníomhaíocht leantach éifeachtach a dhéanamh, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint.

(52)

Chun gur féidir beart sciobtha a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní freagairt go pras ar iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí ó na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac sa Bhallstát ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin bunaithe nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sin.

(53)

Is é an líon laethanta oibre atá caite i mBallstát sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra a chinneann líon na laethanta chun freagairt a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir.

(54)

Ós rud é go bhféadfaidh sé, i gcás imscrúduithe coiriúla, nach mbeifear in ann na sonraí ná na daoine lena mbaineann in idirbheart a shainaithint go ceann míonna, nó blianta fiú, tar éis an aistrithe bhunaidh cistí nó an aistrithe bhunaidh cripteashócmhainní, agus ionas go mbeifear in ann rochtain a fháil ar an bhfianaise bhunriachtanach i gcomhthéacs imscrúduithe, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní taifid a choimeád ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí go ceann tréimhse ama, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Ba cheart nach rachadh an tréimhse sin os cionn 5 bliana, agus ba cheart na sonraí pearsanta uile a scriosadh ina dhiaidh sin, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta. Más gá chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mbeart agus ar a chomhréireacht, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú, nó a cheangal go leanfaí de, na taifid a choinneáil go ceann tréimhse bhreise nach faide ná 5 bliana, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha i gcomhréir go hiomlán le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). D’fhéadfaí na bearta sin a athbhreithniú i bhfianaise ghlacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí.

(55)

Chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a fheabhsú agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 dar teideal Reinforcing sanctioning regimes in the financial services sector [Atreisiú córas smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais], ba cheart feabhas a chur ar an gcumhacht chun bearta maoirseachta a ghlacadh agus na cumhachtaí atá ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí a fhorchur. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin agus, ag cur san áireamh a thábhachtaí is atá an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do na Ballstáit smachtbhannaí agus bearta a leagan síos atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún agus don choiste inmheánach buan um chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(56)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(57)

Tá roinnt tíortha agus críoch nach bhfuil ina gcuid de chríoch an Aontais in aontas airgeadaíochta le Ballstát, ina gcuid de limistéar airgeadra Ballstáit nó tá coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe acu leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht air, agus tá soláthraithe seirbhísí íocaíochta acu a bhíonn rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin. Ionas nach mbeidh mórthionchar diúltach ar gheilleagair na dtíortha nó na gcríoch sin i ngeall ar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le haistrithe cistí idir na Ballstáit lena mbaineann agus na tíortha nó na críocha sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaí déileáil le haistrithe cistí den chineál sin mar aistrithe cistí laistigh de na Ballstáit lena mbaineann.

(58)

I bhfianaise na rioscaí arda a d’fhéadfadh a bheith ag baint le seoltaí féinóstáilte, agus na castachta teicneolaíochta agus rialála a bhaineann leo, lena n-áirítear maidir le faisnéis úinéireachta a fhíorú, faoin Iúil 2026, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta sonracha breise chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le haistrithe chuig seoltaí féinóstáilte nó uathu nó aistrithe chuig eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas nó uathu, lena n-áirítear an bhféadfaí srianta a thabhairt isteach, agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus comhréireacht na sásraí arna n-úsáid chun beachtas faisnéis maidir le húinéireacht seoltaí féinóstáilte a fhíorú.

(59)

Faoi láthair, níl feidhm ag Treoir (AE) 2015/849 ach maidir le dhá chatagóir soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, eadhon soláthraithe tiachóg coinneála agus soláthraithe atá i mbun seirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat. Chun na lúba ar lár atá sa chreat um an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a dhúnadh agus chun dlí an Aontais a ailíniú le moltaí idirnáisiúnta, ba cheart Treoir (AE) 2015/849 a leasú chun gach catagóir de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áireamh mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1114 lena gcumhdaítear raon níos leithne soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Go háirithe, d’fhonn a áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoi réir na gceanglas agus an leibhéal maoirseachta céanna agus atá institiúidí creidmheasa agus airgeadais, is iomchuí nuashonrú a dhéanamh ar liosta na n-eintiteas faoi oibleagáid trí sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áireamh faoi chatagóir na n-institiúidí airgeadais chun críoch Threoir (AE) 2015/849. Ina theannta sin, agus é á chur san áireamh go dtagann institiúidí airgeadais traidisiúnta faoin sainmhíniú ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus seirbhísí den sórt sin á dtairiscint acu, agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní á sainaithint mar institiúidí airgeadais, ceadaítear sraith chomhsheasmhach aonair rialacha a bhfuil feidhm aici maidir le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais traidisiúnta agus seirbhísí cripteashócmhainní araon. Ba cheart Treoir (AE) 2015/849 a leasú freisin chun a áirithiú go mbeidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní in ann na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhfuil siad neamhchosanta orthu a mhaolú go hiomchuí.

(60)

An ghaolmhaireacht idir soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus eintitis arna mbunú i dtríú tíortha chun aistrithe cripteashócmhainní a fhorghníomhú nó chun seirbhísí cripteashócmhainní comhchosúla a sholáthar, tá cosúlachtaí idir an ghaolmhaireacht sin agus an ghaolmhaireacht baincéireachta comhfhreagraí arna bunú le hinstitiúid is freagróir i dtríú tír. Ós rud é go bhfuil gné leanúnach agus atriallach ag baint leis an ngaolmhaireacht sin, ba cheart í a mheas mar chineál gaolmhaireachta comhfhreagraí agus é a bheith faoi réir bearta sonracha díchill chuí feabhsaithe atá comhchosúil i bprionsabal leis na bearta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthéacs seirbhísí baincéireachta agus airgeadais. Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus gaolmhaireacht chomhfhreagrach nua á bunú acu le freagróir, bearta sonracha díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm chun neamhchosaint riosca an fhreagróra sin a shainaithint agus a mheasúnú, bunaithe ar a chlú, cáilíocht na maoirseachta agus a rialuithe maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT). Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní comhfhreagracha bearta maolaithe riosca iomchuí a chur chun feidhme, ar cheart a chur san áireamh go háirithe an riosca níos airde sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann ó eintitis neamhchláraithe agus neamhcheadúnaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe fad atá cur chun feidhme chaighdeáin FATF maidir le cripteashócmhainní ar an leibhéal domhanda míchothrom, rud a chruthaíonn rioscaí agus dúshláin bhreise. Ba cheart do ÚBE treoir a thabhairt maidir leis an gcaoi ar cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an dícheall cuí feabhsaithe a dhéanamh agus ba cheart dó na bearta maolaithe riosca iomchuí a shonrú, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le déanamh, agus iad ag idirghníomhú le heintitis neamhchláraithe nó neamhcheadúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní.

(61)

Le Rialachán (AE) 2023/1114 bunaíodh creat rialála cuimsitheach le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní lena gcomhchuibhítear na rialacha a bhaineann le húdarú agus oibriú na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar fud an Aontais. Chun dúbailt na gceanglas a sheachaint, ba cheart Treoir (AE) 2015/849 a leasú chun deireadh a chur le ceanglais chlárúcháin i ndáil leis na catagóirí sin de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bheidh faoi réir córas ceadúnúcháin aonair faoi Rialachán (AE) 2023/1114.

(62)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear trí chaighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme agus trí infhaighteacht bunfhaisnéise a áirithiú faoi íocóirí agus íocaithe aistrithe cistí, agus faoi thionscnóirí agus tairbhithe aistrithe cripteashócmhainní, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(63)

Tá an Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Urramaítear leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus prionsabal ne bis in idem.

(64)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú le Rialachán (AE) 2023/1114 ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin. Faoin dáta sin, ba cheart do na Ballstáit na leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849 a thrasuí freisin.

(65)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Meán Fómhair 2021 (24),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 31 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN

CAIBIDIL I Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe CAIBIDIL I Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe
CAIBIDIL II Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta CAIBIDIL II Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta
CAIBIDIL III Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní CAIBIDIL III Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
CAIBIDIL IV Comhbhearta is infheidhme ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní CAIBIDIL IV Comhbhearta is infheidhme ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
CAIBIDIL V Faisnéis, cosaint sonraí, agus taifid a choinneál CAIBIDIL V Faisnéis, cosaint sonraí, agus taifid a choinneál
CAIBIDIL VI Smachtbhannaí agus faireachán CAIBIDIL VI Smachtbhannaí agus faireachán
CAIBIDIL VII Cumhachtaí cur chun feidhme CAIBIDIL VII Cumhachtaí cur chun feidhme
CAIBIDIL VIII Maoluithe CAIBIDIL VIII Maoluithe
CAIBIDIL IX Forálacha eile CAIBIDIL IX Forálacha eile
CAIBIDIL X Forálacha críochnaitheacha CAIBIDIL X Forálacha críochnaitheacha

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha