+2.1. Forbhreathnú ar chreat SREP
---+12. Ba cheart go mbeadh creat cuimsitheach SREP ag údaráis inniúla a chlúdaíonn na comhpháirteanna …
---+13. Ba cheart d’údaráis inniúla féachaint ar SREP mar phróiseas leanúnach a chomhtháthaíonn toradh …
---+14. Ba cheart d’údaráis inniúla na hinstitiúidí uile atá faoina sainchúram maoirseachta a …
---+15. Laistigh de ghrúpa eintiteas, má chinneann údaráis inniúla go n-athraíonn ábharthacht eintiteas …
---+16. Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar aicmiú a gcuid …
---+17. Chun íosleibhéal inchomparáideachta a chinntiú, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt a dhéanamh …
---+18. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú leanúnach a dhéanamh ar na rioscaí atá nó a bhféadfadh an …
---+19. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú go ndéantar torthaí a measúnuithe a dhoiciméadú go …
---+20. Mar chuid dá ngníomhaíochtaí maoirseachta leanúnacha, ba cheart d'údaráis inniúla …
---+21. Ba cheart don chreat a dtagraítear dó sa mhír roimhe seo na gníomhartha seo a leanas a chur san …
---+22. Agus bearta maoirseachta á roghnú acu, ba cheart d'údaráis inniúla an cosán géaraithe iomlán a …
---+23. Gan dochar do chumhacht rogha na n-údarás inniúil, ba cheart na bearta cainníochtúla agus …
---+24. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta a dhéanamh atá nasctha go díreach le torthaí aon …
---+25. Ba cheart d’údaráis inniúla dul i mbun idirphlé le hinstitiúidí de réir mar a dhéanann siad a …
---+26. Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí an mheasúnaithe ar SREP a chur in iúl don institiúid i …

2.1. Forbhreathnú ar chreat SREP

2.1. Forbhreathnú ar chreat SREP

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
12. Ba cheart go mbeadh creat cuimsitheach SREP ag údaráis inniúla a chlúdaíonn na comhpháirteanna …

Ba cheart go mbeadh creat cuimsitheach SREP ag údaráis inniúla a chlúdaíonn na comhpháirteanna seo a leanas, ar cheart iad a mheas go rialta, ag féachaint do liosta na ngníomhartha dlí a fhoilsítear ar leithligh ar shuíomh gréasáin an ÚBE, ar cheart comhlíonadh na hinstitiúide a mheas ina aghaidh. Leagtar amach i samhail rannpháirtíochta SREP i Rannóg 2.4 conas is féidir an creat seo a chalabrú ar fud institiúidí éagsúla agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm. Is iad seo a leanas na ceanglais atá i gceist:

  • a. catagóiriú na hinstitiúide mar a shonraítear i Rannóg 2.1.1;
  • b. faireachán ar phríomhtháscairí mar a shonraítear i dTeideal 3;
  • c. anailís ar shamhail ghnó mar a shonraítear i dTeideal 4;
  • d. measúnú ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe uile-institiúide mar a shonraítear i dTeideal 5;
  • e. measúnú ar rioscaí do chaipiteal mar a shonraítear i dTeideal 6; agus
  • f. measúnú ar leordhóthanacht chistí dílse na hinstitiúide mar a shonraítear i dTeideal 7;
  • g. measúnú ar rioscaí do leachtacht agus do mhaoiniú agus measúnú leachtachta agus maoinithe SREP mar a shonraítear i dTeideal 8;
  • h. measúnú foriomlán SREP (lena n ‑ áirítear bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm – agus bearta luath-idirghabhála, i gcás inar gá) agus cumarsáid mar a shonraítear i dTeideal 9 agus i Rannóg 2.1.2 faoi seach.
13. Ba cheart d’údaráis inniúla féachaint ar SREP mar phróiseas leanúnach a chomhtháthaíonn toradh …

Ba cheart d’údaráis inniúla féachaint ar SREP mar phróiseas leanúnach a chomhtháthaíonn toradh na ngníomhaíochtaí maoirseachta uile agus gach foinse faisnéise atá ar fáil i bhforléargas maoirseachta cuimsitheach ar institiúid. Ba cheart go n-áireofaí in SREP breithniú ar an méid seo a leanas:

  • a. toradh measúnuithe SREP a rinneadh roimhe seo, anailís ar an tsamhail ghnó agus maoirseacht leanúnach seachtrach;
  • b. tuairisciú airgeadais na hinstitiúide, plean straitéiseach/pleananna straitéiseacha, tuairisciú rialála (tuairisciú comhchoiteann – COREP, tuairisciú airgeadais – FINREP, agus clár creidmheasa, i gcás ina bhfuil siad ar fáil) agus tuairisciú inmheánach (e.g. faisnéis bhainistíochta, tuairisciú caipitil agus leachtachta, tuarascálacha riosca inmheánacha);
  • c. ICAAP/ILAAP na hinstitiúide agus socruithe pleanála téarnaimh;
  • d. cigireachtaí ar an láthair;
  • e. measúnuithe ar shamhlacha inmheánacha;
  • f. anailís dhomhain spriocdhírithe;
  • g. athbhreithnithe téamacha cothrománacha;
  • h. anailís ar thástáil struis;
  • i. tuarascálacha tríú páirtí (e.g. tuarascálacha iniúchta, tuarascálacha ó anailísithe cothromais/creidmheasa);
  • j. staidéar/suirbhéanna earnála nó maicreacnamaíocha ábhartha eile.

2.1.1. Institiúidí a chatagóiriú

14. Ba cheart d’údaráis inniúla na hinstitiúidí uile atá faoina sainchúram maoirseachta a …

Ba cheart d’údaráis inniúla na hinstitiúidí uile atá faoina sainchúram maoirseachta a chatagóiriú i gceithre chatagóir éagsúla bunaithe ar mhéid, ar thábhacht shistéamach, ar chineál, ar scála agus ar chastacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí lena mbaineann agus Airteagal 97(4) de Threoir 2013/36/AE á chur san áireamh. Ba cheart go léireodh an chatagóiriú an measúnú ar an riosca sistéamach a chruthaíonn institiúidí don chóras airgeadais.

15. Laistigh de ghrúpa eintiteas, má chinneann údaráis inniúla go n-athraíonn ábharthacht eintiteas …

Laistigh de ghrúpa eintiteas, má chinneann údaráis inniúla go n-athraíonn ábharthacht eintiteas éagsúil laistigh den ghrúpa, bunaithe ar na gnéithe a liostaítear i mír 17, féadfaidh siad catagóiriú a chur i bhfeidhm ar an leibhéal aonair chun na difríochtaí sin a léiriú (e.g. catagóirí éagsúla a shannadh d’fhochuideachtaí grúpa éagsúla agus/nó d’eintiteas comhdhlúite).

16. Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar aicmiú a gcuid …

Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar aicmiú a gcuid institiúidí, agus i ndiaidh imeachtaí a d'fhéadfadh cur le rioscúlacht na samhlacha gnó, nó i ndiaidh mór-oibríochtaí corparáideacha amhail dí-infheistíocht mhór, cumasc nó éadáil, nó gníomh straitéiseach tábhachtach.

17. Chun íosleibhéal inchomparáideachta a chinntiú, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt a dhéanamh …

Chun íosleibhéal inchomparáideachta a chinntiú, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt a dhéanamh do na catagóirí thíos mar phointe tosaigh:

► Catagóir 1 – Gach institiúid atá sainithe mar 'institiúidí móra' in Airteagal 4(1), pointe 146 de Rialachán (AE) 575/2013. Féadfaidh údaráis inniúla 'institiúidí móra' a aicmiú mar institiúidí de Chatagóir 2 nó de Chatagóir 3 ar chúiseanna comhréireachta, ar an gcoinníoll nach G-SIInna iad. Ba cheart athaicmiú ‘institiúidí móra’ nach G-SIInna iad a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir cháilíochtúla i gCatagóir 2 agus i gCatagóir 3 thíos, i bhfianaise mhéid, thábhacht shistéamach, chineál, scála agus chastacht na hinstitiúide i ndáil leis na gníomhaíochtaí.

► Catagóir 2 – (i) Institiúidí idir mheánmhéide agus mhóra seachas na hinstitiúidí sin a áirítear i gCatagóir 1 nach ‘institiúid bheag agus neamhchasta’ iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) pointe (145) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a oibríonn i Rannógt línte gnó, lena n-áirítear gníomhaíochtaí neamhbhaincéireachta, nó a bhfuil gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann acu, agus a thairgeann táirgí creidmheasa agus airgeadais do chustaiméirí miondíola agus corparáideacha; (ii) institiúidí speisialaithe nach bhfuil tábhacht chórasach ag baint leo a bhfuil sciartha suntasacha den mhargadh acu ina línte gnó nó ina gcórais íocaíochta, nó ina n-ardáin/margaí trádála le haghaidh ionstraimí airgeadais; (iii) institiúidí a mheastar a bheith tábhachtach, mar gheall ar a méid, a ngníomhaíochtaí, nó a samhail gnó (e.g. institiúidí lárnacha IPS, contrapháirtithe lárnacha, taisclanna lárnacha urrús, bainc cheannais chomhoibríocha nó bainc choigiltis lárnacha), don gheilleagar (e.g. i dtéarmaí sócmhainní iomlána thar olltáirgeacht intíre – TA/OTI) nó don earnáil bhaincéireachta i mBallstát ar leith.

► Catagóir 3 – (i) Institiúidí idir beag agus meánmhéide seachas na hinstitiúidí sin a áirítear i gCatagóir 1 agus 2, nach ‘institiúid bheag agus neamhchasta’ iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) pointe 145 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a oibríonn i líon teoranta línte gnó, nó a bhfuil gníomhaíochtaí neamhshuntasacha trasteorann acu, a thairgeann táirgí creidmheasa go príomha do chustaiméirí miondíola, corparáideacha agus institiúideacha a bhfuil tairiscint theoranta táirgí airgeadais acu; (ii) saininstitiúidí a bhfuil sciartha den mhargadh nach bhfuil chomh suntasach céanna acu ina línte gnó nó ina gcórais íocaíochta, nó ina malartuithe airgeadais.

► Catagóir 4 – Gach institiúid arna sainiú mar ‘institiúid bheag agus neamhchasta’ in Airteagal 4(1), pointe 145 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus gach institiúid bheag neamhchasta eile nach dtagann faoi chatagóirí 1 go 3 (e.g. a bhfuil raon feidhme teoranta gníomhaíochtaí acu agus sciartha neamhsuntasacha den mhargadh ina línte gnó).

2.1.2. Measúnú leanúnach ar rioscaí, creat géaraithe agus bearta maoirseachta

18. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú leanúnach a dhéanamh ar na rioscaí atá nó a bhféadfadh an …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú leanúnach a dhéanamh ar na rioscaí atá nó a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu , trína ngníomhaíochtaí maoirseachta i gcomhréir le samhail rannpháirtíochta SREP atá leagtha amach i rannóg 2.4.

19. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú go ndéantar torthaí a measúnuithe a dhoiciméadú go …

Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú go ndéantar torthaí a measúnuithe a dhoiciméadú go soiléir, agus díriú ar bhunchúiseanna na n-easnamh a aithníodh. Ba cheart na torthaí sin a léiriú sna scóir SREP arna sannadh i gcomhréir leis na treoirlínte seo agus ba cheart dóibh bonn eolais a chur faoi bhearta maoirseachta ina dhiaidh sin a fhéadfaidh údaráis inniúla a chur i bhfeidhm mar a shonraítear in Airteagal 102, in Airteagal 104 agus in Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE agus sa dlí náisiúnta, agus, nuair is infheidhme, faoi bhearta luath-idirghabhála mar a shonraítear in Airteagal 27 de Threoir 2013/36/AE, nó faoi aon teaglaim den mhéid thuas.

20. Mar chuid dá ngníomhaíochtaí maoirseachta leanúnacha, ba cheart d'údaráis inniúla …

Mar chuid dá ngníomhaíochtaí maoirseachta leanúnacha, ba cheart d'údaráis inniúla gníomhaíochtaí leantacha cuí agus tráthúla a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil aghaidh tugtha go héifeachtach ag institiúid ar na easnaimh a aithníodh. Maidir leis seo, ba cheart d'údaráis inniúla creat ardleibhéil géaraithe a bhunú do bhearta maoirseachta, a thacódh le roghnú na mbeart is oiriúnaí (cainníochtúil agus cáilíochtúil araon) chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh. Is gan dochar do na cumhachtaí maoirseachta a sholáthraítear faoin gcreat dlíthiúil is infheidhme é seo ná do lánrogha na n-údarás inniúil na bearta is oiriúnaí a chinneadh bunaithe ar na cúinsí agus na heasnaimh shonracha.

21. Ba cheart don chreat a dtagraítear dó sa mhír roimhe seo na gníomhartha seo a leanas a chur san …

Ba cheart don chreat a dtagraítear dó sa mhír roimhe seo na gníomhartha seo a leanas a chur san áireamh, nach bhfuil ceaptha a bheith go docht i ndiaidh a chéile agus ar féidir iad a ghéarú nó a dhíghéarú de réir mar is cuí:

  • a. dul i mbun idirphlé maoirseachta feabhsaithe leis an institiúid, amhail cruinniú a reáchtáil leis an gcomhlacht bainistíochta nó féinmheasúnú a cheangal ar an institiúid;
  • b. gníomhartha ceartaitheacha a bhfuiltear ag súil leo ón institiúid (bearta neamh-cheangailteacha) a chur in iúl, amhail ionchais nó moltaí maoirseachta;
  • c. gníomhaíocht cheartaitheach shonrach/gníomhaíochtaí ceartaitheacha sonracha a éileamh ón institiúid (bearta ceangailteacha), amhail bearta cáilíochtúla a shocrú nach mór don institiúid a chomhlíonadh agus/nó ceanglas Cholún 2 nó ceanglais leachtachta a leagan síos/a mhéadú;
  • d. bearta maoirseachta a fhorfheidhmiú chun na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas, amhail pionóis riaracháin, bearta feabhais nó fíneálacha.
22. Agus bearta maoirseachta á roghnú acu, ba cheart d'údaráis inniúla an cosán géaraithe iomlán a …

Agus bearta maoirseachta á roghnú acu, ba cheart d'údaráis inniúla an cosán géaraithe iomlán a shainaithint, agus an fhaisnéis atá ar fáil, nádúr, méid agus castacht na hinstitiúide, agus an gá atá le corrlaigh aithnidiúite a leigheas go tráthúil á gcur san áireamh. Ba cheart na breithniúcháin seo a leanas, de réir mar is infheidhme, a bheith mar threoir don roghnú:

  • a. an toradh atá beartaithe a bhfuil sé mar aidhm leis na bearta a bhaint amach agus, i gcás inarb indéanta, na hamlínte a bhfuiltear ag súil leo ón institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh;
  • b. tromchúis na n-easnamh agus an tionchar coimeádach a d'fhéadfadh a bheith ann mura dtabharfaí aghaidh ar an tsaincheist (i.e. an bhfuil gá le beart sonrach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt uirthi) agus cibé an bhfuil aghaidh tugtha cheana féin ar na heasnaimh/ar clúdaíodh iad le bearta eile;
  • c. an cumas nó an rún a léirigh an institiúid na heasnaimh a leigheas;
  • d. cibé acu an mbainfeadh nó nach mbainfeadh bearta eile an cuspóir céanna amach agus an mbeadh tionchar riaracháin agus airgeadais níos lú acu ar an institiúid;
  • e. an fhéidearthacht go bhféadfadh na rioscaí agus na leochaileachtaí a shainaithnítear a bheith comhghaolmhar nó féintreisithe, nó an dá rud, rud a chiallaíonn gur gá déine na mbeart maoirseachta a mhéadú;
  • f. aon tosca eile a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha.
23. Gan dochar do chumhacht rogha na n-údarás inniúil, ba cheart na bearta cainníochtúla agus …

Gan dochar do chumhacht rogha na n-údarás inniúil, ba cheart na bearta cainníochtúla agus cáilíochtúla uile atá ar fáil a úsáid ar bhealach a thugann an deis aghaidh a thabhairt ar an leibhéal riosca agus/nó ar na heasnaimh, ar an mbealach is fearr. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis sin cineál an riosca (cainníochtúil agus/nó cáilíochtúil), an próiseas géaraithe, agus gur cheart bearta cainníochtúla a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa rialachas inmheánach, lena n-áirítear socruithe rialaithe inmheánaigh, agus saincheisteanna eile, i gcás nach raibh bearta maoirseachta eile éifeachtach nó ina meastar nach leor iad chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh laistigh de thréimhse ama iomchuí7 .


7 I gcomhréir le hAirteagal 104a(1)(b) de Threoir 2013/36 ón Aontas Eorpach agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (OJL 176 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/2026-01-11).

24. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta a dhéanamh atá nasctha go díreach le torthaí aon …

Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta a dhéanamh atá nasctha go díreach le torthaí aon ghníomhaíochtaí maoirseachta (e.g. scrúduithe ar an láthair, measúnuithe ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus príomhfheidhmeanna, etc.) i gcás inar gá maoirseacht a chur i bhfeidhm láithreach de bharr thorthaí na ngníomhaíochtaí sin chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh ábhartha, gan dochar d'fhorálacha an teidil seo.

2.1.3. Idirphlé le hinstitiúidí

25. Ba cheart d’údaráis inniúla dul i mbun idirphlé le hinstitiúidí de réir mar a dhéanann siad a …

Ba cheart d’údaráis inniúla dul i mbun idirphlé le hinstitiúidí de réir mar a dhéanann siad a ngníomhaíochtaí maoirseachta.

26. Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí an mheasúnaithe ar SREP a chur in iúl don institiúid i …

Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí an mheasúnaithe ar SREP a chur in iúl don institiúid i gcomhréir le Teideal 9 agus an institiúid a chur ar an eolas faoi aon ghníomh is gá chun bearta maoirseachta arna gcur i bhfeidhm ar bhonn na dtorthaí sin a chomhlíonadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.