+8.5. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
---+422. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim ar rioscaí …
---+423. Agus an scór leachtachta agus leordhóthanachta cistiúcháin á shocrú, ba cheart d’údaráis …
---+424. I ndiaidh scóráil leordhóthainachta an tsoláthair airgid agus an chistiúcháin i gcuid 8.5, ba …
---+425. Soláthraítear sa chéad tábla eile liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta …
---+426. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla go bhféadfadh gá a bheith le bearta cainníochtúla, ba …
---+427. Is ábhartha a thabhairt faoi deara go bhfuil cuid de na bearta a luaitear i dtábla 18 de …
---+428. Agus ceanglais struchtúracha, fhadtéarmacha mhaoirseachta á socrú acu, ba cheart d’údaráis …
---+429. I gcás ina dtagann údaráis inniúla ar an gconclúid go bhfuil ardriosca ann go dtiocfaidh méadú …
|
8.5. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
8.5. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
422. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim ar rioscaí …
|
I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim ar rioscaí leachtachta agus cistiúcháin na hinstitiúide agus ar chumas acmhainní leachtachta na hinstitiúide chun iad seo a chlúdach/a mhaolú. Ba cheart eolas ar an tuairim seo a bheith in achoimre ar thorthaí, mar aon le scór leordhóthanachta leachtachta agus cistiúcháin bunaithe ar na breithniúcháin a shonraítear i dtábla 17. Ba cheart go léireofaí sa scór leachtachta agus leordhóthanachta cistiúcháin tuairim na n-údarás inniúil maidir le cibé acu an soláthraíonn nó nach soláthraíonn na hacmhainní leachtachta atá ann cheana clúdach iomchuí ar na rioscaí leachtachta agus cistiúcháin. Féadfaidh údaráis inniúla úsáid scóir idirmheánacha i gcás riosca leachtachta agus cistiúcháin a bhreithniú nuair a mheastar go bhfuil sé ábhartha.
|
|
423. Agus an scór leachtachta agus leordhóthanachta cistiúcháin á shocrú, ba cheart d’údaráis …
|
Agus an scór leachtachta agus leordhóthanachta cistiúcháin á shocrú, ba cheart d’údaráis inniúla, i gcás inarb infheidhme, scór na hacmhainne téarnaimh iomláine leachtachta i bpleanáil téarnaimh a mheas (lag, leordhóthanach agus an fhéidearthacht ann go bhféadfaí feabhas a chur air, sásúil) mar a shonraítear i míreanna 41-43 de Threoirlínte an ÚBE maidir le hacmhainn téarnaimh fhoriomlán i bpleanáil téarnaimh48 . Tá sé ábhartha go háirithe breithniú a dhéanamh ar scór foriomlán na hacmhainne téarnaimh i gcomhthéacs leordhóthanacht leachtachta i gcás scór foriomlán ‘lag’ don acmhainn téarnaimh le haghaidh leachtachta. Tábla 17. Breithniúcháin mhaoirseachta chun scór leordhóthanacha leachtachta agus cistiúcháin a shannadh | Scór Tuairim riosca mhaoirseacht a 1 Tá riosca íseal ann go mbeidh tionchar | | Breithniúcháin maidir le riosca Breithniúcháin maidir le bainistíocht bunúsach agus rialuithe leordhóthanacha Tá riosca neamhábhartha/an-íseal Tá comhsheasmhacht idir beartas ag éirí as neamhréireanna (e.g. idir agus straitéis riosca leachtachta na aibíochtaí, airgeadraí). hinstitiúide agus a straitéis | | Scór Tuairim riosca mhaoirseacht a suntasach stuamachta ar an institiúid ag féachaint do leibhéal an riosca bhunúsaigh agus don bhainistíocht agus do na rialuithe. | | Breithniúcháin maidir le riosca Breithniúcháin maidir le bainistíocht bunúsach agus rialuithe leordhóthanacha Tá méid agus comhdhéanamh an fhoriomlán agus a hinghlacthacht mhaoláin leachtachta riosca. leordhóthanach agus oiriúnach. Tá an creat eagraíochtúil do riosca Tá leibhéal na spreagthóirí eile leachtachta láidir agus tá riosca leachtachta (e.g. riosca do freagrachtaí soiléire ann agus chlú, neamhábaltacht leachtacht deighilt shoiléir tascanna idir laistigh den ghrúpa a aistriú) glacadóirí riosca agus feidhmeanna neamh-ábhartha/an-íseal. bainistíochta agus rialaithe. Tá acmhainn fhrithchothromaithe Tá córais tomhais riosca agus maoláin leachtachta na leachtachta, faireacháin agus hinstitiúide go mór os cionn tuairiscithe oiriúnach. ceanglais chainníochtúla Tá teorainneacha inmheánacha mhaoirseachta shonracha agus agus an creat rialaithe le haghaidh táthar ag súil go bhfanfaidh siad riosca cistiúcháin fónta agus tá siad amhlaidh amach anseo. i gcomhréir le straitéis bainistithe Ní chuirtear bac ar riosca agus inghlacthacht riosca na shaorshreabhadh leachtachta idir hinstitiúide. eintitis sa ghrúpa, i gcás inarb Tá plean teagmhais leachtachta ábhartha, nó tá acmhainn sochreidte agus inchreidte ag an fhrithchothromaithe agus maoláin institiúid a d’fhéadfadh a bheith leachtachta os cionn na gceanglas éifeachtach más gá. maoirseachta ag gach eintiteas. Baineann riosca neamhábhartha/an-íseal le próifíl chistiúcháin na hinstitiúide nó lena hinbhuanaitheacht. Tá an riosca a chruthaítear le cobhsaíocht an chistithe neamh-ábhartha. Tá cúiseanna eile riosca cistiúcháin (e.g. riosca do chlú, rochtain ar mhargaí cistiúcháin) neamh-ábhartha/an-íseal. Cruthaíonn comhdhéanamh agus cobhsaíocht an chistithe níos fadtéarmaí (>1 bhliain) riosca neamhábhartha/an-íseal maidir le gníomhaíochtaí agus samhail ghnó na hinstitiúide. Tá cumas téarnaimh foriomlán na hinstitiúide maidir le leachtacht a eascraíonn as an measúnú maoirseachta ‘sásúil’. | | 2 Tá riosca meánach-íseal ann go mbeidh tionchar suntasach stuamachta ar an institiúid ag féachaint do | | Bíonn riosca idir íseal agus meánach i gceist le neamhréireanna (idir aibíochtaí, airgeadraí). Tá riosca idir íseal agus meánach ag baint le méid agus comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta. Tá leibhéal na gcúiseanna riosca leachtachta eile (e.g. riosca do chlú, | | Scór Tuairim riosca mhaoirseacht a leibhéal an riosca bhunúsaigh agus don bhainistíocht agus do na rialuithe. | | Breithniúcháin maidir le riosca Breithniúcháin maidir le bainistíocht bunúsach agus rialuithe leordhóthanacha neamhábaltacht leachtacht laistigh den ghrúpa a aistriú) íseal go meánach. Tá acmhainn fhrithchothromaithe agus maoláin leachtachta na hinstitiúide os cionn na gceanglas cainníochtúla maoirseachta sonracha, ach tá riosca ann nach bhfanfaidh siad amhlaidh. Tá bac beag nó d’fhéadfaí bac beag a chur ar shaorshreabhadh na leachtachta idir eintitis sa ghrúpa, i gcás inarb iomchuí. Is riosca íseal go meánach an riosca a bhaineann le próifíl chistiúcháin na hinstitiúide agus lena hinbhuanaitheacht. Tá riosca idir íseal agus meánach ag baint le cobhsaíocht an chistiúcháin. Tá cúiseanna eile riosca cistiúcháin (e.g. riosca do chlú, rochtain ar mhargaí cistiúcháin, etc.) idir íseal agus meánach. Cruthaíonn comhdhéanamh agus cobhsaíocht an chistithe níos fadtéarmaí (>1 bhliain) leibhéal íseal riosca i ndáil le gníomhaíochtaí agus samhail gnó na hinstitiúide. Tá cumas téarnaimh foriomlán na hinstitiúide maidir le leachtacht, a eascraíonn as an measúnú maoirseachta, ‘sásúil’ nó ‘leordhóthanach agus d'fhéadfaí é a fheabhsú’. | | 3 Tá riosca idir meánach agus ard ann go mbeidh tionchar suntasach stuamachta ar an institiúid ag féachaint do leibhéal an riosca bhunúsaigh agus don bhainistíocht agus do na rialuithe. | | Bíonn riosca idir meánach agus ard Níl comhsheasmhacht iomlán ann i gceist le neamhréireanna (lena n- idir beartas agus straitéis riosca áirítear idir aibíochtaí, airgeadraí). leachtachta agus cistiúcháin na Tá riosca idir meánach agus ard ag hinstitiúide agus a straitéis baint le méid agus comhdhéanamh fhoriomlán agus a hinghlacthacht an mhaoláin leachtachta. riosca. Tá leibhéal na gcúiseanna eile Níl dheighiltear sa chreat riosca leachtachta (e.g. riosca do eagraíochtúil le haghaidh riosca chlú, neamhábaltacht leachtacht leachtachta agus cistiúcháin laistigh den ghrúpa a aistriú) idir freagrachtaí agus cúraimí go meánach agus ard. leordhóthanach idir glacadóirí Tá cumas frithchothromaithe agus riosca agus na feidhmeanna maoláin leachtachta na hinstitiúide bainistíochta agus rialaithe. ag dul in olcas agus/nó faoi bhun na Ní thugtar faoi chórais tomhais gceanglas cainníochtúla riosca leachtachta, faireacháin agus maoirseachta sonracha, agus tá | | Scór Tuairim riosca mhaoirseacht a | | Breithniúcháin maidir le riosca Breithniúcháin maidir le bainistíocht bunúsach agus rialuithe leordhóthanacha imní ann faoi chumas na tuairiscithe le cruinneas agus hinstitiúide comhlíonadh na minicíocht leordhóthanach. gceanglas sin a athbhunú go Níl teorainneacha inmheánacha tráthúil. agus an creat rialaithe le haghaidh Cuirtear bac ar shaorshreabhadh riosca leachtachta i gcomhréir le leachtachta idir eintitis sa ghrúpa, i straitéis bainistithe riosca nó gcás inarb ábhartha. inghlacthacht riosca na hinstitiúide. Is riosca meánach go hard é an Tá plean teagmhasach leachtachta riosca a bhaineann le próifíl ag an institiúid nach dócha a bheidh chistiúcháin na hinstitiúide agus éifeachtach, nó níl aon phlean lena hinbhuanaitheacht. teagmhasach leachtachta ag an Is riosca meánach go hard é an institiúid, nó tá plean aici atá riosca a bhaineann le cobhsaíocht neamhdhóthanach go follasach. an chistithe. Tá cúiseanna eile riosca cistiúcháin (e.g. riosca do chlú, rochtain ar mhargaí cistiúcháin) idir meánach agus ard. Cruthaíonn comhdhéanamh agus cobhsaíocht an mhaoinithe níos fadtéarmaí (>1 bhliain) meánleibhéal riosca i ndáil le gníomhaíochtaí agus samhail ghnó na hinstitiúide. Is é 'leordhóthanach agus d'fhéadfaí é a fheabhsú' nó 'lag' an cumas téarnaimh foriomlán atá ag an institiúid maidir le leachtacht, mar thoradh ar an measúnú maoirseachta. | | 4 Tá riosca ard ann go mbeidh tionchar suntasach stuamachta ar an institiúid ag féachaint do leibhéal an riosca bhunúsaigh agus don bhainistíocht agus do na rialuithe. | | Bíonn riosca ard i gceist le neamhréireanna (lena n-áirítear idir aibíochtaí, airgeadraí). Tá riosca ard ag baint le méid agus comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta. Tá leibhéal na gcúiseanna eile riosca leachtachta (e.g. riosca do chlú, neamhábaltacht leachtacht laistigh den ghrúpa a aistriú) ard. Tá cumas frithchothromaithe agus maoláin leachtachta na hinstitiúide ag dul in olcas go tapa agus/nó faoi bhun na gceanglas cainníochtúla maoirseachta, agus tá imní mhór ann faoi chumas na hinstitiúide comhlíonadh na gceanglas sin a athbhunú go tráthúil. Cuirtear bac suntasach ar shaorshreabhadh leachtachta idir | | Scór Tuairim riosca mhaoirseacht a | | Breithniúcháin maidir le riosca Breithniúcháin maidir le bainistíocht bunúsach agus rialuithe leordhóthanacha eintitis sa ghrúpa, i gcás inarb ábhartha. Is riosca ard é an riosca a bhaineann le próifíl chistiúcháin na hinstitiúide agus lena hinbhuanaitheacht. Is riosca ard é an riosca a bhaineann le cobhsaíocht an chistiúcháin. Tá cúiseanna eile riosca cistiúcháin (e.g. riosca do chlú, rochtain ar mhargaí cistiúcháin) ard. Cruthaíonn comhdhéanamh agus cobhsaíocht an chistithe níos fadtéarmaí (>1 bhliain) ardleibhéal riosca i ndáil le gníomhaíochtaí agus samhail gnó na hinstitiúide. Tá cumas téarnaimh foriomlán na hinstitiúide maidir le leachtacht, a eascraíonn as an measúnú maoirseachta, ‘lag’. |
48 ÚBE/GL/2023/06
|
|
424. I ndiaidh scóráil leordhóthainachta an tsoláthair airgid agus an chistiúcháin i gcuid 8.5, ba …
|
I ndiaidh scóráil leordhóthainachta an tsoláthair airgid agus an chistiúcháin i gcuid 8.5, ba cheart d'údaráis inniúla a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil sé riachtanach ceanglais shonracha maidir leis an soláthar airgid agus an gcistiú a leagan síos chun rioscaí don leachtacht agus don chistiú a bhfuil institiúid neamhchosanta air nó a bhféadfadh instiúid a bheith neamhchosanta air a chlúdach.
|
|
425. Soláthraítear sa chéad tábla eile liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta …
|
Soláthraítear sa chéad tábla eile liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta cáilíochtúla agus cainníochtúla a fhéadfaidh údaráis inniúla a úsáid i gcás ina n-aithnítear easnamh sonrach. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta breise a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear bearta cainníochtúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(a) den Treoir 2014/36/AE nó teaglaim díobh má mheastar gur oiriúnaí iad chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh).
|
|
426. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla go bhféadfadh gá a bheith le bearta cainníochtúla, ba …
|
I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla go bhféadfadh gá a bheith le bearta cainníochtúla, ba cheart dóibh tagairt a dhéanamh don treoir bhreise sa rannóg ina dhiaidh sin maidir le tagarmharcáil agus bearta cainníochtúla leachtachta agus cistiúcháin a leagan síos.
|
|
427. Is ábhartha a thabhairt faoi deara go bhfuil cuid de na bearta a luaitear i dtábla 18 de …
|
Is ábhartha a thabhairt faoi deara go bhfuil cuid de na bearta a luaitear i dtábla 18 de chineál cáilíochtúil. I gcás ina dtagann laigí bunúsacha chun cinn, go háirithe maidir le leachtacht agus cistiú a bhainistiú, ba cheart tús áite a thabhairt do bhearta cáilíochtúla, nuair is féidir. Tábla 18. Bearta maoirseachta féideartha agus neamh-uileghabhálacha le haghaidh riosca leachtachta agus cistiúcháin Bearta maoirseachta a d’fhéadfadh a bheith ann d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 102, Airteagal 104(1), pointí (b), (e), (f), (j), (k), (i), agus (n) agus Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún, agus Airteagal 428b(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 A. A cheangal ar institiúidí LCR is airde ná an íosmhéid rialála, ar mhéid chomh mór sin go maolaítear go leordhóthanach easnaimh a sainaithníodh; B. a cheangal ar institiúidí íostréimhse mharthanais d’fhad den sórt sin a chur i bhfeidhm a fhágann go ndéantar easnaimh shainaitheanta a mhaolú go leordhóthanach; C. a cheangal ar institiúidí íosmhéid iomlán sócmhainní leachtacha nó acmhainne frithchothromaithe a shealbhú, de mhéid a fhágann go ndéantar easnaimh shainaitheanta a mhaolú go leordhóthanach; D. a cheangal ar institiúidí NSFR níos airde ná a t-íosmhéid rialála a shealbhú, ar mhéid chomh mór sin go maolaítear go leor easnaimh a sainaithníodh; E. a cheangal ar institiúidí íosmhéid iomlán an chistithe chobhsaí atá ar fáil a shealbhú, de mhéid a fhágann go ndéantar easnaimh shainaitheanta a mhaolú go leordhóthanach; F. ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur, lena n-áirítear srianta ar neamhréireanna aibíochta idir sócmhainní agus dliteanais; G. pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur, lena n-áirítear táillí stuamachta; H. ceanglais a fhorchur maidir le comhchruinniú na sócmhainní leachtacha arna sealbhú, lena n-áirítear: - - ceanglais maidir le comhdhéanamh phróifíl sócmhainní leachtacha na hinstitiúide i leith contrapháirtithe, airgeadra, etc.; agus/nó
- - uasteorainneacha, teorainneacha nó srianta ar chomhchruinnithe cistiúcháin. I. srianta a fhorchur ar neamhréireanna aibíochtaí gearrthéarmacha conarthacha nó iompraíochta idir sócmhainní agus dliteanais, lena n-áirítear:
- - teorainneacha ar neamhréireanna aibíochta (i mbuicéid shonracha ama) idir sócmhainní agus dliteanais;
- - teorainneacha ar íostréimhsí marthanais; agus/nó
- - teorainneacha ar spleáchas ar fhoinsí cistiúcháin gearrthéarmacha áirithe, amhail cistiú ón margadh airgid.
J. ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur ar shuíomhanna leachtachta, lena n-áirítear: - - minicíocht an tuairiscithe rialála ar LCR; agus/nó
- - minicíocht agus gráinneacht tuarascálacha eile ar leachtacht, amhail 'méadracht faireacháin bhreise'. K. a cheangal go ndéanfar beart chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a sainaithníodh maidir le cumas na hinstitiúide riosca leachtachta a shainaithint, a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus é a rialú, ar mhodhanna lena n-áirítear:
- - feabhas a chur ar a cumas tástála struis chun a cumas a fheabhsú foinsí ábhartha riosca leachtachta don institiúid a shainaithint agus a chainníochtú;
- - a chumas airgead a chruthú óna shócmhainní leachtacha a fheabhsú;
- - a phlean teagmhais leachtachta agus a chreat táscairí luathrabhaidh leachtachta a fheabhsú; agus/nó
- - tuairisciú faisnéise bainistíochta leachtachta do chomhlacht bainistíochta agus ardbhainistíocht na hinstitiúide a fheabhsú. L. a cheangal go ndéanfar gníomh chun próifíl chistiúcháin na hinstitiúide a leasú, lena n‑áirítear:
- - a spleáchas ar mhargaí cistiúcháin áirithe (a d’fhéadfadh a bheith luaineach) a laghdú, amhail margaí cistiúcháin mórdhíola;
- - comhchruinniú a phróifíle cistiúcháin maidir le contrapháirtithe, buaicphointí sa phróifíl aibíochta fadtéarmach, (neamhréireanna in) airgeadraí, etc. a laghdú; agus/nó
- - méid a shócmhainní ualaithe a laghdú, a d’fhéadfadh idirdhealú a dhéanamh idir an t-eire iomlán agus an ró-chomhthaobhacht (e.g. i gcás bannaí faoi chumhdach, glaonna éarlaise). M. Tuairisciú breise nó níos minice a éileamh ar shuíomhanna cistiúcháin na hinstitiúide, lena n‑áirítear:
- - minicíocht mhéadaithe an tuairiscithe rialála atá ábhartha maidir le faireachán a dhéanamh ar an bpróifíl chistiúcháin (amhail tuarascáil NSFR agus 'méadracht faireacháin bhreise'); agus/nó
- - méadú ar mhinicíocht an tuairiscithe ar phlean cistiúcháin na hinstitiúide do na maoirseoirí. Bearta maoirseachta a d’fhéadfadh a bheith ann d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 102, Airteagal 104(1), pointí (b), (e), (f), (j), (k), (i), agus (n) agus Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún, agus Airteagal 428b(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 N. a cheangal go ndéanfar gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh arna sainaithint maidir le rialú na hinstitiúide ar riosca cistiúcháin, lena n-áirítear:
- - tuairisciú feabhsaithe ar an riosca cistiúcháin do chomhlacht bainistíochta agus d'ardbhainistíocht na hinstitiúide;
- - an plean cistiúcháin a athshonrú nó a fheabhsú; agus/nó
- - teorainneacha a chur ar a hinghlacthacht riosca;
- - cumais tástála struis na hinstitiúide a fheabhsú trí mheáin lena n-áirítear ceangal a chur ar an institiúid tréimhse struis níos faide a chlúdach.
|
|
428. Agus ceanglais struchtúracha, fhadtéarmacha mhaoirseachta á socrú acu, ba cheart d’údaráis …
|
Agus ceanglais struchtúracha, fhadtéarmacha mhaoirseachta á socrú acu, ba cheart d’údaráis inniúla an gá atá le ceanglais bhreise ghearrthéarmacha/mheántéarmacha a mheas mar réiteach eatramhach chun na rioscaí a mhaolú fad a bheidh na héifeachtaí inmhianaithe á mbaint amach de dhroim na gceanglas struchtúrach.
|
|
429. I gcás ina dtagann údaráis inniúla ar an gconclúid go bhfuil ardriosca ann go dtiocfaidh méadú …
|
I gcás ina dtagann údaráis inniúla ar an gconclúid go bhfuil ardriosca ann go dtiocfaidh méadú suntasach ar chostas cistiúcháin na hinstitiúide, ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar athruithe a iarraidh ar an struchtúr cistiúcháin chun an riosca a bhaineann le costas an mhaoinithe a mhaolú, nó fiú bearta cistí dílse (mar a chlúdaítear i dTeideal 7) chun tionchar an P&L a chúiteamh murar féidir leis an institiúid na costais chistiúcháin mhéadaithe a chur ar aghaidh chuig a custaiméir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|