+5.2 Rialachas maidir leis an bpróiseas aitheantais
---+105. Tá an fhreagracht deiridh ar an gcomhlacht bainistíochta as an bpróiseas aitheantais agus as …
---+106. I gcás go gcuirtear coiste luach saothair ar bun, ba cheart go mbeadh sé rannpháirteach go …
---+107. Ba cheart go mbeadh an fheidhm um chomhlíonadh, an fheidhm bainistíochta riosca nó na baill …

5.2 Rialachas maidir leis an bpróiseas aitheantais

5.2 Rialachas maidir leis an bpróiseas aitheantais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
105. Tá an fhreagracht deiridh ar an gcomhlacht bainistíochta as an bpróiseas aitheantais agus as …

Tá an fhreagracht deiridh ar an gcomhlacht bainistíochta as an bpróiseas aitheantais agus as an mbeartas faoi seach. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a. beartas an phróisis aitheantais a fhaomhadh mar chuid den bheartas luach saothair;
  • b. bheith páirteach i ndearadh an fhéinmheasúnaithe;
  • c. a áirithiú go ndéanfar an measúnú maidir le baill foirne a shainaithint i gceart i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034, le CTR maidir le baill foirne shainaitheanta agus leis na treoirlínte seo;
  • d. maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas aitheantais ar bhonn leanúnach;
  • e. aon díolúintí ábhartha nó athruithe ar an mbeartas glactha a fhaomhadh agus a n-éifeacht a mheas go cúramach agus faireachán a dhéanamh orthu;
  • f. aon eisiamh foirne a cheadú nó a mhaoirsiú i gcomhréir le CTR maidir le baill foirne shainaitheanta i gcás ina measann an gnólacht infheistíochta nach bhfuil na critéir chainníochtúla a shainítear sa CTR maidir le baill foirne shainaitheanta á gcomhlíonadh ag na baill foirne, toisc nach bhfuil tionchar ábhartha acu, go deimhin, ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé;
  • g. athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an mbeartas faofa agus, más gá, é a leasú.
106. I gcás go gcuirtear coiste luach saothair ar bun, ba cheart go mbeadh sé rannpháirteach go …

I gcás go gcuirtear coiste luach saothair ar bun, ba cheart go mbeadh sé rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas aitheantais i gcomhréir lena fhreagrachtaí maidir le hullmhú cinntí maidir le luach saothair. I gcás nach bhfuil aon choiste luach saothair curtha ar bun, ba cheart do chomhaltaí neamhfheidhmiúcháin an chomhlachta bainistíochta agus, más féidir, comhaltaí neamhspleácha an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta na cúraimí faoi seach a chomhlíonadh.

107. Ba cheart go mbeadh an fheidhm um chomhlíonadh, an fheidhm bainistíochta riosca nó na baill …

Ba cheart go mbeadh an fheidhm um chomhlíonadh, an fheidhm bainistíochta riosca nó na baill foirne a gcuirtear na nósanna imeachta um bainistiú riosca de chúram orthu, na feidhmeanna tacaíochta gnó (e.g. dlí, acmhainní daonna) agus coistí ábhartha an chomhlachta bainistíochta (i.e. coistí riosca, ainmniúcháin agus iniúchóireachta) páirteach sa phróiseas aitheantais de réir a róil faoi seach agus freisin ar bhonn leanúnach. Go sonrach, i gcás go bhfuil coiste riosca curtha ar bun, ba cheart go mbeadh sé páirteach sa phróiseas aitheantais gan dochar do chúraimí an choiste luach saothair. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta malartú ceart faisnéise a áirithiú idir na comhlachtaí inmheánacha agus na feidhmeanna go léir atá páirteach sa phróiseas aitheantais. Ba cheart go mbeadh an próiseas aitheantais agus a thoradh faoi réir athbhreithniú neamhspleách inmheánach nó seachtrach. EBA Public

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/