+15.7.1 Malus agus aisghlámadh
---+281. Sásraí coigeartaithe riosca ex post follasacha is ea socruithe malus nó aisghlámtha i gcás go …
---+282. Gan dochar do phrionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta conarthaí nó saothair, ní mór do …
---+283. Ba cheart go mbeadh coigeartuithe riosca ex post bainteach le feidhmíocht nó riosca i gcónaí. …
---+284. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta anailís a dhéanamh ar cé acu an leor a gcuid …
---+285. Agus critéir á leagan síos maidir le malus agus aisghlámadh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le …
---+286. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta, ar a laghad, na critéir feidhmíochta agus riosca a …
---+287. I gcás nach féidir malus a chur i bhfeidhm ach amháin tráth dhílsiú na híocaíochta iarchurtha …
---+288. Ba cheart go laghdófaí an luach saothair inathraithe nuair is iomchuí mar thoradh ar …
|
15.7.1 Malus agus aisghlámadh
15.7.1 Malus agus aisghlámadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
281. Sásraí coigeartaithe riosca ex post follasacha is ea socruithe malus nó aisghlámtha i gcás go …
|
Sásraí coigeartaithe riosca ex post follasacha is ea socruithe malus nó aisghlámtha i gcás go ndéanann an gnólacht infheistíochta féin luach saothair an bhaill foirne sainaitheanta a choigeartú bunaithe ar shásraí den sórt sin (e.g. trí luach saothair airgid arna ndámhachtain a ísliú nó trí líon nó luach na n-ionstraimí arna ndámhachtain a laghdú).
|
|
282. Gan dochar do phrionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta conarthaí nó saothair, ní mór do …
|
Gan dochar do phrionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta conarthaí nó saothair, ní mór do ghnólachtaí infheistíochta a bheith ábalta socruithe malus nó aisghlámtha a chur i bhfeidhm go dtí suas le 10% den luach saothair inathraithe iomlán i gcomhréir le hAirteagal 32(1)(m) de Threoir (AE) 2019/2034 beag beann ar an modh a úsáidtear le haghaidh na híocaíochta, lena n-áirítear socruithe iarchurtha nó coinneála. EBA Public
|
|
283. Ba cheart go mbeadh coigeartuithe riosca ex post bainteach le feidhmíocht nó riosca i gcónaí. …
|
Ba cheart go mbeadh coigeartuithe riosca ex post bainteach le feidhmíocht nó riosca i gcónaí. Ba cheart go mbeadh siad ag teacht le torthaí riosca iarbhír nó athruithe ar rioscaí marthanacha ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta, na líne gnó nó na mball foirne. Níor cheart go mbeidís bunaithe ar mhéid na ndíbhinní a íocadh nó ar theacht chun sin an phraghais scaireanna.
|
|
284. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta anailís a dhéanamh ar cé acu an leor a gcuid …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta anailís a dhéanamh ar cé acu an leor a gcuid coigeartuithe riosca ex ante tosaigh, e.g. cé acu ar fágadh rioscaí ar lár nó ar measadh faoina luach iad nó ar sainaithníodh rioscaí nua nó ar tharla caillteanais gan choinne. Braithfidh a mhéid is gá le coigeartú riosca ex post ar chruinneas an choigeartaithe riosca ex ante agus ba cheart don ghnólacht infheistíochta é a bhunú bunaithe ar chúltástáil.
|
|
285. Agus critéir á leagan síos maidir le malus agus aisghlámadh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le …
|
Agus critéir á leagan síos maidir le malus agus aisghlámadh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 32(1)(m) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tréimhse a shocrú freisin ar lena linn a gcuirfear malus nó aisghlámadh i bhfeidhm ar baill foirne shainaitheanta. Ba cheart go gcumhdófaí tréimhsí iarchurtha agus coinneála ar a laghad faoin tréimhse sin. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta idirdhealú a dhéanamh idir critéir maidir le malus agus aisghlámadh a chur i bhfeidhm. Ba cheart aisghlámadh a chur i bhfeidhm go háirithe i gcás calaoise nó iompair eile le hintinn nó le mórfhaillí a raibh caillteanais shuntasacha mar thoradh air.
|
|
286. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta, ar a laghad, na critéir feidhmíochta agus riosca a …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta, ar a laghad, na critéir feidhmíochta agus riosca a úsáideadh ar dtús a úsáid chun nasc idir an tomhas feidhmíochta tosaigh agus an chúltástáil a áirithiú. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta, mar aon leis na critéir atá leagtha amach in Airteagal 32(1)(m)(i) agus (ii) de Threoir (AE) 2019/2034, critéir shonracha a úsáid lena n-áirítear: - a. fianaise ar mhí-iompar nó ar earráid thromchúiseach ag an mball foirne (e.g. sárú ar an gcód iompair agus rialacha inmheánacha eile, go háirithe maidir le rioscaí);
- b. ar tharla cur chun donais suntasach don ghnólacht infheistíochta agus/nó don aonad gnó ina dhiaidh sin ina fheidhmíocht airgeadais (e.g. táscairí gnó sonracha);
- c. ar tharla teip shuntasach um bainistíocht riosca sa ghnólacht infheistíochta agus/nó san aonad gnó ina n-oibríonn an ball foirne sainaitheanta.
- d. méaduithe suntasacha ar bhonn caipitil eacnamaíoch nó rialála an ghnólachta infheistíochta nó an aonaid ghnó;
- e. aon smachtbhannaí rialála, e.g. pionósach, riaracháin, araíonachta nó eile, i gcás inar chuir iompar an bhaill foirne sainaitheanta leis an smachtbhanna.
|
|
287. I gcás nach féidir malus a chur i bhfeidhm ach amháin tráth dhílsiú na híocaíochta iarchurtha …
|
I gcás nach féidir malus a chur i bhfeidhm ach amháin tráth dhílsiú na híocaíochta iarchurtha, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta a roghnú, nuair is féidir, aisghlámadh a chur i bhfeidhm i ndiaidh an luach saothair inathraithe a íoc nó a dhílsiú. D’fhéadfadh sé nach mbeifí EBA Public ábalta malus a chur i bhfeidhm i gcás go bhfuil feidhm ag an maolú faoi Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 mar an ceanglas chun an luach saothair inathraithe a iarchur; ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú gur féidir aisghlámadh a chur i bhfeidhm.
|
|
288. Ba cheart go laghdófaí an luach saothair inathraithe nuair is iomchuí mar thoradh ar …
|
Ba cheart go laghdófaí an luach saothair inathraithe nuair is iomchuí mar thoradh ar shocruithe malus agus aisghlámtha. Níor cheart, in imthosca ar bith, go dtiocfadh méadú ar an luach saothair inathraithe a dámhadh ar dtús mar thoradh ar choigeartú riosca ex post follasach nó, i gcás inar cuireadh malus nó aisghlámadh i bhfeidhm cheana féin, méadú ar an luach saothair inathraithe laghdaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|