+81. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT faisnéis a iarraidh ar mhaoirseoirí stuamachta atá ábhartha …
|
81. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT faisnéis a iarraidh ar mhaoirseoirí stuamachta atá ábhartha …
Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT faisnéis a iarraidh ar mhaoirseoirí stuamachta atá ábhartha agus measúnú riosca ML/TF á dhéanamh acu ar na hinstitiúidí atá faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: - a. faisnéis a bhaineann le riosca bunúsach ML/TF na n-institiúidí nó riosca earnála ML/TF, go háirithe faisnéis maidir le táirgí agus seirbhísí na hinstitiúide, an bonn custaiméirí, láithreacht gheografach nó bealaí dáileacháin na hinstitiúide;14
- b. torthaí ábhartha a eascraíonn as an bPróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP)15 , i gcás ina mbeidh fáil orthu, go háirithe i réimsí na samhla gnó, an mheasúnaithe ar rialachas inmheánach agus rialuithe ar fud na hinstitiúide, rioscaí do chaipiteal agus rioscaí do leachtacht agus do chistiú;
- c. sáruithe ábhartha nó laigí ábhartha arna sainaithint san institiúid faoi mhaoirseacht a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chreat AML/CFT na hinstitiúide;
- d. faisnéis a bhaineann le bearta maoirseachta nó smachtbhannaí atá ar feitheamh nó arna bhforchur ar an institiúid mar a leagtar amach i roinn 8;
- e. faisnéis faoi bhrainsí agus faoi fhochuideachtaí is gá chun mapáil gnólachtaí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le comhar agus malartú faisnéise chun críche Threoir (AE) 2015/84916 .
14 I gcomhréir leis na Treoirlínte Comhpháirteacha athbhreithnithe maidir le maoirseacht riosca-bhunaithe (EBA/GL/2021/16). 15 I gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir leis na nósanna imeachta agus modheolaíochtaí comhchoiteanna athbhreithnithe don phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta (SREP) agus don tástáil struis maoirseachta (EBA/GL/2014/13). 16 Treoirlínte comhpháirteacha maidir le comhar agus malartú faisnéise chun críche Threoir (AE) 2015/849 idir údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais (JC 2019 81).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|