+5.6 Creat bainistíochta riosca
---+118. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat …
---+119. Nuair a bhíonn an creat bainistíochta riosca á mheasúnú, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú …
---+120. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an straitéis riosca, inghlacthacht riosca agus …
---+121. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil socruithe …
---+122. Chomh fada is a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil na coinníollacha á …
---+123. Ba cheart go gcabhródh na measúnuithe sin le cinneadh a dhéanamh maidir le cistí dílse breise …
---+124. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar fhóntacht ICARAP, na cheart d'údaráis inniúla measúnú a …
---+125. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar éifeachtacht ICARAP, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú …
---+126. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chlúdach ICARAP de shamhail ghnó …
---+127. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann na …
---+128. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil measúnú níos …
---+129. Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe an ghnólachta …
---+130. Maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil gníomhaíochtaí dá dtagraítear dóibh i bpointe (3) …
---+131. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar thástálacha struis agus ar anailísí íogaireachta agus ar …
---+132. Má shainaithníonn údaráis inniúla easnaimh i ndearadh an mheasúnaithe ar na luaineachtaí …

5.6 Creat bainistíochta riosca

5.6 Creat bainistíochta riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
118. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat bainistíochta riosca agus próisis bhainistíochta riosca iomchuí bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta. Ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas ar a laghad a athbhreithniú:

  • a. an straitéis riosca, an inghlacthacht riosca agus an creat bainistíochta riosca;
  • b. creat ICARAP;
  • c. íogaireacht do luaineachtaí geilleagracha thimthriallacha.

5.6.1 Creat bainistíochta riosca, inghlacthacht riosca agus straitéis

119. Nuair a bhíonn an creat bainistíochta riosca á mheasúnú, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú …

Nuair a bhíonn an creat bainistíochta riosca á mheasúnú, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar an méid atá sé leabaithe agus ar an tionchar atá aige ar straitéis fhoriomlán an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart d’údaráis inniúla, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil naisc iomchuí agus chomhsheasmhacha idir an straitéis ghnó, an straitéis riosca, an inghlacthacht riosca agus an creat bainistíochta riosca, agus na creataí bainistíochta caipitil agus leachtachta.

120. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an straitéis riosca, inghlacthacht riosca agus …

Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an straitéis riosca, inghlacthacht riosca agus creat bainistíochta riosca gnólacht infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas ar a laghad:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil creat bainistíochta riosca iomlánaíoch don ghnólacht infheistíochta iomlán ag gnólachtaí infheistíochta atá ábhartha don eagraíocht iomlán, a thugann aitheantas iomlán do shubstaint gheilleagrach a neamhchosaintí riosca uile lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann leis an ngnólacht infheistíochta féin, a chustaiméirí agus a mhargaí agus riosca leachtachta, go háirithe na rioscaí

40 sin a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar leibhéal na gcistí dílse atá ar fáil nó leibhéal na gcistí dílse a ídiú.

  • b. cibé acu an gcuimsítear nó nach gcuimsítear sa chreat bainistíochta riosca gach riosca ábhartha agus go ndéantar breithniú mar is cuí ar rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil úsáid á baint ag an ngnólacht infheistíochta as modheolaíochtaí measúnaithe cainníochtúla amháin (lena n-áirítear tástáil struis) nuair a bhíonn rioscaí á sainaithint agus á dtomhas nó á meas, nó an bhfuil uirlisí measúnaithe riosca cáilíochtúla in úsáid freisin (lena n-áirítear breithiúnas saineolaithe agus anailís chriticiúil);
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil tuairisciú riosca éifeachtach á dhéanamh a gcuimsítear ann breithniú inmheánach fónta agus eolas maidir le straitéis riosca agus sonraí riosca ábhartha a roinnt, ar bhonn cothrománach ar fud na ngnólachtaí infheistíochta agus feadh an tslabhra bhainistíochta;
  • e. cibé acu an gcuimsítear nó nach gcuimsítear i gcreat bainistíochta riosca an ghnólachta infheistíochta beartais, nósanna imeachta, teorainneacha riosca agus rialuithe riosca a áirithíonn sainaithint, tomhas nó measúnú atá leordhóthanach, tráthúil agus leanúnach, faireachán, bainistiú, maolú agus tuairisciú ar na rioscaí ag an líne ghnó, ag leibhéal an ghnólachta infheistíochta agus, más cuí, ag an leibhéal comhdhlúite;
  • f. tá na rioscaí ábhartha ar fad á n-aistriú chuig teorainneacha sonracha riosca ag an straitéis riosca agus ag an inghlacthacht riosca;
  • g. cibé acu an mbreithníonn nó nach mbreithníonn an straitéis agus inghlacthacht riosca, inghlacthacht riosca agus acmhainní airgeadais an ghnólachta infheistíochta agus an gcuirtear san áireamh ceanglais mhaoirseachta maidir le cistí dílse agus leachtacht mar aon le bearta agus ceanglais mhaoirseachta eile;
  • h. cibé acu atá nó nach bhfuil próisis bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta chun cinntí diúltacha déanta ag an bhfeidhm chomhlíonta nó, más cuí, an fheidhm bainistíochta riosca, a fhormheas.

5.6.2 Creat don Próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht chaipitil agus don phróiseas inmheánach measúnaithe riosca (ICARAP)

121. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil socruithe …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil socruithe, straitéisí agus próisis fhónta, éifeachtacha agus chuimsitheacha bunaithe ag gnólachtaí infheistíochta, nach ionann iad agus gnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-idirnasctha de réir Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/2033, ar fheidhmigh údaráis inniúla an lánrogha a shamhlaítear sa dara fomhír d’Airteagal 24(2) de Threoir (AE) 2019/2034 lena n-aghaidh, ag leibhéal aonair, nó grúpaí gnólachtaí infheistíochta, ag leibhéal comhdhlúite, chun measúnú agus cothabháil a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh an

41 chaipitil inmheánaigh agus na sócmhainní leachtacha a mheas ann siad a chlúdaíonn cineál agus leibhéal na rioscaí a d’fhéadfaidís a chruthú do ghrúpaí eile agus a bhfuil nó a bhféadfadh na gnólachtaí infheistíochta a bheith neamhchosanta orthu. Ba cheart glacadh le socruithe, straitéisí agus próisis dá leithéid mar chuid de phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht chaipitil agus de mheasúnú riosca inmheánach ar féidir glacadh leis freisin mar phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht chaipitil (ICAAP) agus próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht chaipitil (ILAAP).

122. Chomh fada is a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil na coinníollacha á …

Chomh fada is a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh acu chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-idirnasctha mar atá sonraithe in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a bhfuil a n-údaráis inniúla ag fiafraí díobh na ceanglais a chur i bhfeidhm de réir Airteagal 24(2) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart do na húdaráis inniúla an measúnú a chur i gcrích ar bhealach a mheastar atá oiriúnach.

123. Ba cheart go gcabhródh na measúnuithe sin le cinneadh a dhéanamh maidir le cistí dílse breise …

Ba cheart go gcabhródh na measúnuithe sin le cinneadh a dhéanamh maidir le cistí dílse breise agus leis an measúnú ar leordhóthanacht chaipitil atá sonraithe i dTeideal 7, agus leis an meastóireacht ar leordhóthanacht leachtachta atá sonraithe i dTeideal 9.

Fóntacht ICARAP

124. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar fhóntacht ICARAP, na cheart d'údaráis inniúla measúnú a …

Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar fhóntacht ICARAP, na cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid thíos, más cuí nuair atá idirdhealú á dhéanamh idir ICAAP agus ILAAP:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil na socruithe, straitéisí agus próisis atá luaite in ICARAP oiriúnach agus comhréireach do chineál, méid agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil athbhreithniú á dhéanamh go rialta ag an ngnólacht infheistíochta ar na socruithe, straitéisí agus próisis ar cuid de ICARAP iad;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil na modheolaíochtaí agus toimhdí atá curtha i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta oiriúnach agus bunaithe ar shonraí ionchuir fónta eimpíreacha;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil an leibhéal muiníne comhsheasmhach leis an inghlacthacht riosca;
  • e. cibé acu atá nó nach bhfuil sainmhíniú agus comhdhéanamh na n-acmhainní caipitil inmheánacha nó leachtachta atá ar fáil arna mbreithniú ag an ngnólacht infheistíochta le haghaidh ICARAP comhsheasmhach leis na rioscaí arna dtomhas ag an ngnólacht infheistíochta agus incháilithe chun cistí dílse agus maoláin leachtachta a ríomh.

42 Éifeachtacht ICARAP

125. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar éifeachtacht ICARAP, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú …

Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar éifeachtacht ICARAP, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid thíos, más cuí nuair atá idirdhealú á dhéanamh idir ICAAP agus ILAAP:

  • a. cibé acu an mbreithníonn nó nach mbreithníonn an gnólacht infheistíochta ICARAP agus a thorthaí sna próisis chinnteoireachta agus bhainistíochta ag gach leibhéal den ghnólacht infheistíochta;
  • b. úsáideann an gnólacht infheistíochta ICARAP agus a thorthaí mar chuid dá bhainistíocht riosca, caipitil agus leachtachta;
  • c. tá beartais, nósanna imeachta agus uirlisí bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta chun an méid seo a leanas a éascú:
  • i. sainaithint shoiléir feidhmeanna agus/nó coistí ábhartha atá freagrach as gnéithe éagsúla de ICARAP;
  • ii. pleanáil chaipitil agus leachtachta: acmhainní caipitil agus leachtachta a ríomh ar bhonn réamhbhreathnaitheach i dtaca leis an straitéis fhoriomlán nó le hidirbhearta suntasacha;
  • iii. leithdháileadh agus faireachán ar acmhainní caipitil agus leachtachta i measc línte gnó agus cineálacha riosca, go suntasach trí theorainneacha riosca arna sainiú le haghaidh línte gnó, eintiteas nó rioscaí aonair comhsheasmhach leis an gcuspóir chun leordhóthanacht iomlán acmhainní inmheánacha caipitil agus leachtachta an ghnólachta infheistíochta a áirithiú;
  • iv. tuairisciú rialta agus pras leordhóthanacht chaipitil agus leachtachta don fhoireann bhainistíochta shinsearach agus don chomhlacht bainistíochta;
  • v. feasacht agus gníomhaíochtaí na foirne bainistíochta sinsearacha nó an chomhlachta bainistíochta sa chás go bhféadfadh an straitéis ghnó agus/nó idirbhearta aonair suntasacha a bheith ar neamhréir le ICAAP agus leis an gcaipiteal inmheánach atá ar fáil nó le ILAAP agus na hacmhainní leachtachta inmheánacha atá ar fáil;
  • d. cibé acu an léiríonn nó nach léiríonn an comhlacht bainistíochta tiomantas oiriúnach do agus eolas ar ICARAP agus a thorthaí; agus
  • e. cibé acu atá nó nach bhfuil ICARAP réamhbhreathnaitheach trí mheasúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht sócmhainní caipitil agus leachtachta inmheánacha le pleananna straitéiseacha.

Cuimsitheacht ICARAP

126. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chlúdach ICARAP de shamhail ghnó …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chlúdach ICARAP de shamhail ghnó, línte gnó, gníomhaíochtaí agus eintitis dhlíthiúla an ghnólachta infheistíochta.

43 Bunaithe ar an measúnú seo, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht shainaithint ICARAP agus measúnú rioscaí a bhfuil nó a bhféadfadh gnólacht infheistíochta a bheith neamhchosanta orthu nó a chruthú do dhaoine eile, agus conas atá ag éirí le ICARAP ceanglais dlí a chomhlíonadh. Go háirithe, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

  • a. cibé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear ICARAP i bhfeidhm ar bhonn aonchineálach agus comhréireach le haghaidh línte gnó, gníomhaíochtaí agus eintiteas dlíthiúil ábhartha ar fad an ghnólachta infheistíochta i ndáil le sainaithint agus measúnú riosca;
  • b. sa chás go bhfuil socruithe nó próisis rialachais inmheánacha difriúla ag eintiteas i gcomparáid le heintitis eile sa ghrúpa, a mheas cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cuí leis na difríochtaí sin. D'fhéadfaí cead a thabhairt do chuid den ghrúpa glacadh le samhlacha ardleibhéil mar gheall ar easpa sonraí leordhóthanacha chun paraiméadair a mheas le haghaidh roinnt línte gnó, gníomhaíochtaí nó eintiteas dlíthiúil, ar an gcoinníoll nach ionann na línte gnó, gníomhaíochtaí nó eintitis dhlíthiúla sin agus foinse comhchruinnithe riosca don chuid eile den phunann.

5.6.3 Measúnú an ghnólachta infheistíochta ar luaineachtaí geilleagracha timthriallacha

127. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann na …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann na gnólachtaí infheistíochta measúnú cuimsitheach ar rioscaí atá ábhartha dá samhail ghnó agus oibriúcháin, do chomhdhéanamh a bpunainne nó dá straitéisí trádála. Ba cheart go n-áireofaí anseo measúnú ar na rioscaí seo i gcomhthéacs na luaineachtaí geilleagracha timthriallacha agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag a leithéid de luaineachtaí ar chumas an ghnólachta infheistíochta a cheanglais maidir lena chistí dílse féin a chomhlíonadh, a oibríochtaí gnó leanúnacha a mhaoiniú nó clabhsúr a chur le cúrsaí go hordúil.

128. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil measúnú níos …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil measúnú níos doimhne trí úsáid a bhaint as tástáil/tástálacha struis nó anailís íogaireachta á dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear dóibh i bpointe (3) nó (6) de Rannóg A d'Iarscríbhinn I le Treoir 2014/65/AE, agus ba cheart a bheith ag súil go léireofar ann raon feidhme agus leibhéal castachta atá oiriúnach do nádúr, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta.

129. Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe an ghnólachta …

Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe an ghnólachta infheistíochta ar luaineachtaí geilleagracha timthriallacha, más cuí, i bhfoirm tástála struis nó anailísí íogaireachta, agus na torthaí. Sa chás, bunaithe ar a leithéid sin d'athbhreithniú, gur féidir brath go leordhóthanach ar mheasúnuithe an ghnólachta infheistíochta ar luaineachtaí geilleagracha timthriallacha, ba cheart torthaí a leithéid sin d'athbhreithniú a úsáid mar bhonn leis an measúnú ar ghnéithe éagsúla SREP, go háirithe:

44

  • a. ba cheart sainaithint easnamh féideartha sna socruithe rialachais foriomlána nó rialuithe ar fud an ghnólachta infheistíochta sainaitheanta i rith an athbhreithnithe a chur san áireamh;
  • b. sainaithint na leochaileachtaí gnó ábhartha ba cheart a bhreithniú nuair atá measúnú á dhéanamh ar inmharthanacht agus ar inbhuanaitheacht straitéisí shamhail ghnó an ghnólachta infheistíochta de réir Theideal 4;
  • c. ba cheart do na húdaráis inniúla sainaithint leochaileachtaí nó laigí féideartha i mbainistíocht riosca agus i rialuithe i limistéir riosca aonair sainaitheanta i rith an athbhreithnithe a chur san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh acu ar rioscaí aonair do chaipiteal dá dtagraítear dóibh i dTeideal 6 nó rioscaí do leachtacht dá dtagraítear dóibh i dTeideal 8; agus
  • d. cinneadh féideartha maidir le treoir maidir le cistí dílse breise (P2G), pleanáil chaipitil athbhreithnithe agus bearta eile atá sonraithe i dTeideal 7 agus 10.
130. Maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil gníomhaíochtaí dá dtagraítear dóibh i bpointe (3) …

Maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil gníomhaíochtaí dá dtagraítear dóibh i bpointe (3) nó (6) de Rannóg A d'Iarscríbhinn I le Treoir 2014/65/AE á gcur i gcrích acu, nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar thástálacha struis nó ar anailísí íogaireachta, agus a gcuid torthaí, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar:

  • a. oiriúnacht na gcásanna a roghnaíodh, ba cheart a bheith ábhartha do shamhail gnó an ghnólachta infheistíochta nó línte gnó nó punanna aonair agus don mhargadh ina bhfuil sé ag feidhmiú;
  • b. na toimhdí, modheolaíochtaí agus tionscnóirí riosca bunúsacha, lena n-áirítear déine an cháis;
  • c. clúdach na rioscaí agus na leochaileachtaí ábhartha sainaitheanta, agus an tionchar atá acu ar chumas an ghnólachta infheistíochta brabús a dhéanamh agus ceanglais chaipitil leordhóthanacha a chothabháil; agus
  • d. úsáid a bhaint as na torthaí, roimh agus i ndiaidh na ngníomhaíochtaí bainistíochta ábhartha a chur san áireamh, i mbainistíocht riosca agus straitéiseach an ghnólachta infheistíochta.
131. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar thástálacha struis agus ar anailísí íogaireachta agus ar …

Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar thástálacha struis agus ar anailísí íogaireachta agus ar a dtorthaí i gcás grúpaí trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar inaistritheacht chaipitil agus leachtachta idir na heintitis dlí nó na haonaid ghnó i rith dálaí anáis, chomh maith le feidhmiú aon socruithe tacaíochta airgeadais inghrúpa atá bunaithe, agus na deacrachtaí maoinithe a d'fhéadfaí a bheith ag súil leo i rith dálaí anáis a chur san áireamh.

132. Má shainaithníonn údaráis inniúla easnaimh i ndearadh an mheasúnaithe ar na luaineachtaí …

Má shainaithníonn údaráis inniúla easnaimh i ndearadh an mheasúnaithe ar na luaineachtaí geilleagracha timthriallacha nó, más cuí, i ndearadh na gcásanna nó na dtoimhdí a úsáideann gnólachtaí infheistíochta chun críche tástála struis nó anailísí íogaireachta, d'fhéadfaidís a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta faoi seach a gcuid anailísí a athdhéanamh nó a athrith

45 nó codanna sonracha áirithe trí úsáid a bhaint as toimhdí modhnaithe curtha ar fáil ag na húdaráis inniúla nó cásanna sonracha forordaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/