+4.1 Forálacha ginearálta
---+10. Ba cheart d'institiúidí glacadh le IRRBB mar riosca tábhachtach agus é a mheas ar bhonn aonair …
---+11. Ba cheart d'institiúidí a gcuid neamhchosaintí ar IRRBB a shainaithint agus a áirithiú go …
---+12. Ba cheart d'institiúidí CSRBB a mheas agus faireachán a dhéanamh air go sainráite agus go …
---+13. Ba cheart d'institiúidí a neamhchosaintí ar CSRBB a shainaithint agus a áirithiú go bhfuil siad …
---+14. Chun críocha na dTreoirlínte seo, ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an nglanioncam úis …
---+15. Ba cheart glacadh leis gurb ionann an t-athrú ar an nglanioncam úis agus an difríocht idir an …
---+16. Nuair a bhíonn na Treoirlínte á gcur chun feidhme, ba cheart d'institiúidí a neamhchosaintí …
---+17. Bunaithe ar an measúnú ar a neamhchosaint reatha agus ionchais ar IRRBB agus CSRBB, ba cheart …
---+18. Le cois na neamhchosanta reatha agus ionchais ar IRRBB agus CSRBB, nuair a bhíonn na …
|
4.1 Forálacha ginearálta
4.1.1 IRRBB agus CSRBB
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
10. Ba cheart d'institiúidí glacadh le IRRBB mar riosca tábhachtach agus é a mheas ar bhonn aonair …
|
Ba cheart d'institiúidí glacadh le IRRBB mar riosca tábhachtach agus é a mheas ar bhonn aonair, go sainráite agus go cuimsitheach i gcónaí mar chuid dá bpróisis bainistíochta riosca agus dá bpróisis chun measúnú inmheánach a dhéanamh ar chaipiteal.
|
|
11. Ba cheart d'institiúidí a gcuid neamhchosaintí ar IRRBB a shainaithint agus a áirithiú go …
|
Ba cheart d'institiúidí a gcuid neamhchosaintí ar IRRBB a shainaithint agus a áirithiú go bhfuil siad á dtomhas, á bhfaire agus á rialú go leordhóthanach. Ba cheart d'institiúidí rioscaí a bhainistiú atá ag eascairt as a neamhchosaintí ar IRRBB agus más gá, rioscaí a mhaolú a bhfuil tionchar acu ar a luach eacnamaíoch agus bearta a bhaineann le glanioncam úis móide athruithe ar mhargadhluach.
|
|
12. Ba cheart d'institiúidí CSRBB a mheas agus faireachán a dhéanamh air go sainráite agus go …
|
Ba cheart d'institiúidí CSRBB a mheas agus faireachán a dhéanamh air go sainráite agus go cuimsitheach mar chuid dá bpróisis bainistíochta riosca agus dá bpróisis chun measúnú inmheánach a dhéanamh ar chaipiteal.
|
|
13. Ba cheart d'institiúidí a neamhchosaintí ar CSRBB a shainaithint agus a áirithiú go bhfuil siad …
|
Ba cheart d'institiúidí a neamhchosaintí ar CSRBB a shainaithint agus a áirithiú go bhfuil siad á meas, á bhfaire agus á rialú go cuí faoi bhearta a bhaineann le luach eacnamaíoch agus glanioncam úis móide athruithe ar mhargadhluach. - (iii) Bearta a bhaineann le glanioncam úis móide athruithe ar mhargadhluach
|
|
14. Chun críocha na dTreoirlínte seo, ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an nglanioncam úis …
|
Chun críocha na dTreoirlínte seo, ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an nglanioncam úis atá le húsáid chun tionchar na ngluaiseachtaí ar ráta úis nó raon difríochta creidmheas a ríomh bunaithe ar an ioncam úis agus ar na costais. Chun na gcríoch sin, ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh freisin ar athruithe margadhluacha ionstraimí — ag brath ar an gcur chuige cuntasaíochta (cóirluach/nGAAP) — arna dtaispeáint sa chuntas brabúis nó caillteanais nó go díreach i gcothromas (e.g., trí ioncam cuimsitheach eile). Ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh den mhéadú nó laghdú ar an méid brabúis agus caillteanas agus caipitil thar thréimhsí gearrthéarmacha agus meántéarmacha ag eascairt as gluaiseachtaí ar an ráta úis nó raoin difríochta creidmheasa.
|
|
15. Ba cheart glacadh leis gurb ionann an t-athrú ar an nglanioncam úis agus an difríocht idir an …
|
Ba cheart glacadh leis gurb ionann an t-athrú ar an nglanioncam úis agus an difríocht idir an nglanioncam úis ionchais i gcás turrainge nó struis ar bhonn an ghnóthais leantaigh agus an ghlanioncaim úis ionchais i gcás bunúsach.5 Ba cheart glacadh leis an athrú ar mhargadhluach ionstraimí (cóirluach/nGAAP) mar an difríocht idir an margadhluach ionchais i gcás turrainge nó struis ar bhonn an ghnóthais leantaigh agus an mhargadhluacha ionchais i gcás bunúsach ag deireadh na tréimhse ama measta. 4.1.2 Gnéithe eile, comhréireacht
5 Bunaithe ar EVE, ba cheart glacadh leis an athrú ar luach eacnamaíoch cothromais mar an difríocht idir luach eacnamaíoch cothromais ionchais i gcás turrainge nó struis agus luach eacnamaíoch cothromais ionchais i gcás bunúsach.
|
|
16. Nuair a bhíonn na Treoirlínte á gcur chun feidhme, ba cheart d'institiúidí a neamhchosaintí …
|
Nuair a bhíonn na Treoirlínte á gcur chun feidhme, ba cheart d'institiúidí a neamhchosaintí reatha agus ionchais ar IRRBB agus CSRBB a shainaithint ar bhealach comhréireach, ag brath ar an leibhéal, castacht agus riosca a bhaineann lena suíomhanna leabhar neamhthrádála, ag cur a samhail ghnó, straitéisí agus an timpeallacht ghnó ina bhfuil siad ag feidhmiú nó a bhfuil sé beartaithe acu a bheith ag feidhmiú inti a chur san áireamh.
|
|
17. Bunaithe ar an measúnú ar a neamhchosaint reatha agus ionchais ar IRRBB agus CSRBB, ba cheart …
|
Bunaithe ar an measúnú ar a neamhchosaint reatha agus ionchais ar IRRBB agus CSRBB, ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar na gnéithe agus ionchais atá sonraithe i rannóg 4.1 de na Treoirlínte agus sna rannóga a bhaineann le sainaithint caipitil, ríomh agus leithdháileadh chun críocha IRRBB (rannóg 4.2.2), straitéis rialachais IRRBB agus CSRBB (rannóg 4.2.3 agus rannóg 4.5.2), IRRBB a bheith á thomhas ag IMS (rannóg 4.3.) agus faireachán ar CSRBB (rannóg 4.6) agus iad a chur chun feidhme ar bhealach atá comhréireach le neamhchosaintí reatha agus ionchais do IRRBB agus CSRBB.
|
|
18. Le cois na neamhchosanta reatha agus ionchais ar IRRBB agus CSRBB, nuair a bhíonn na …
|
Le cois na neamhchosanta reatha agus ionchais ar IRRBB agus CSRBB, nuair a bhíonn na Treoirlínte á gcur chun feidhme, ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh freisin ar leibhéal ginearálta castachta agus cuir chuige inmheánacha maidir le bainistíocht riosca agus a áirithiú go bhfuil a gcuir chuige, próisis agus córais chun IRRBB agus CSRBB a bhainistiú ag teacht lena gcur chuige ginearálta maidir le bainistíocht riosca agus lena gcuir chuige, próisis agus córais shonracha atá curtha chun feidhme chun críche rioscaí eile a bhainistiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|