+23. I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) …
|
23. I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) …
I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) Bailigh faisnéis leordhóthanach faoi institiúid freagróra chun cineál ghnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán, chun a chinneadh a mhéid a nochtann gnó an fhreagróra an comhfhreagraí do riosca níos airde sciúrtha airgid. Ba chóir go n-áireofaí leis sin bearta a dhéanamh chun cineál bhonn custaiméirí an fhreagróra a thuiscint agus a mheasúnú, más gá, trí cheist a chur ar an bhfreagróir faoina chustaiméirí agus faoin gcineál gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an freagróir tríd an gcuntas comhfhreagrach nó, más ábhartha, faoin gcineál criptea-shócmhainní a dhéanfaidh an CASP freagróra tríd an gcuntas comhfhreagrach.’ ‘C) Déan measúnú ar rialuithe AML/CFT na hinstitiúide freagróra. Tugann sé sin le tuiscint gur chóir don chomhfhreagraí measúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar chreat rialaithe AML/CFT an fhreagróra, ní hamháin cóip de bheartais agus nósanna imeachta AML an fhreagróra a fháil. Ba chóir go n-áireofaí sa mheasúnú sin na huirlisí faireacháin atá i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil siad leordhóthanach don chineál gnó a dhéanann an freagróir. Ba chóir an measúnú sin a dhoiciméadú go hiomchuí. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, i gcás ina bhfuil an riosca an-ard agus go háirithe i gcás ina bhfuil líon na n-idirbheart baincéireachta comhfhreagraí substainteach, ba chóir don chomhfhreagraí breithniú a dhéanamh ar chuairteanna ar an láthair agus/nó ar thástáil shamplach chun a bheith sásta go bhfuil beartais agus nósanna imeachta AML an fhreagróra á gcur chun feidhme go héifeachtach.’
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|