+(vii) Leasuithe ar Threoirlíne 8: Treoirlíne Earnála maidir le caidrimh chomhfhreagracha
---+20. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d): 'd) Déanann an freagróir …
---+21. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘h) tá an cuntas IBAN a sholáthair CASP …
---+22. I dTreoirlíne 8.8, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) Ní féidir leis an bhfreagróir a …
---+23. I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) …

(vii) Leasuithe ar Threoirlíne 8: Treoirlíne Earnála maidir le caidrimh chomhfhreagracha

(vii) Leasuithe ar Threoirlíne 8: Treoirlíne Earnála maidir le caidrimh chomhfhreagracha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
20. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d): 'd) Déanann an freagróir …

I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d):

'd) Déanann an freagróir gnó suntasach le hearnálacha a bhfuil baint acu le leibhéil níos airde riosca ML/TF. Mar shampla, déanann an freagróir an méid seo a leanas:

  • i. gnó suntasach seoltáin;
  • ii. gnó thar ceann seoltóirí airgid nó tithe malairte áirithe;
  • iii. gnó thar ceann nó le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, seachas CASPanna a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2023/11143 , atá faoi cheangal ag córas rialála agus maoirseachta AML/CFT nach bhfuil chomh láidir céanna leis an gcóras a bheartaítear i dTreoir (AE) 2015/849 nó nach bhfuil faoi réir aon oibleagáidí AML/CFT;
  • iv. gnó suntasach thar ceann CASPanna, dá bhfuil an tsamhail ghnó dírithe ar tháirgí agus seirbhísí a bhfuil tuairisc orthu i dTreoirlíne 21.3(d) a sholáthar;
  • v. gnó le neamhchónaitheoirí; nó
  • vi. gnó in airgeadra seachas airgeadra na tíre ina bhfuil sé bunaithe.’

3 Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937

21. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘h) tá an cuntas IBAN a sholáthair CASP …

I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘h) tá an cuntas IBAN a sholáthair CASP freagróra ina bhfaigheann sé cistí in airgeadra oifigiúil4 ó chustaiméirí in ainm agus faoi úinéireacht cuideachta, nach é cuideachta CASP freagróra é nó ar aon bhealach atá ar eolas a bheith nasctha le CASP freagróra.’


4 In Airteagal 3, pointe (8) de Rialachán (AE) 2023/1114 sainmhínítear airgeadra oifigiúil mar airgeadra oifigiúil tíre arna eisiúint ag banc ceannais nó ag údarás airgeadaíochta eile.

22. I dTreoirlíne 8.8, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) Ní féidir leis an bhfreagróir a …

I dTreoirlíne 8.8, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘d) Ní féidir leis an bhfreagróir a fhíorú le leibhéal leordhóthanach cinnteachta nach bhfuil a chustaiméirí lonnaithe i ndlínsí a luaitear i bpointe a) de Threoirlíne 8.8, lena n-áirítear trí fhíorú a dhéanamh ar sheoltaí prótacail idirlín (IP) a chustaiméirí nó trí mhodhanna eile, in imthosca ina n-éilíonn beartais agus nósanna imeachta an fhreagróra é.’

23. I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) …

I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c):

‘a) Bailigh faisnéis leordhóthanach faoi institiúid freagróra chun cineál ghnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán, chun a chinneadh a mhéid a nochtann gnó an fhreagróra an comhfhreagraí do riosca níos airde sciúrtha airgid. Ba chóir go n-áireofaí leis sin bearta a dhéanamh chun cineál bhonn custaiméirí an fhreagróra a thuiscint agus a mheasúnú, más gá, trí cheist a chur ar an bhfreagróir faoina chustaiméirí agus faoin gcineál gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an freagróir tríd an gcuntas comhfhreagrach nó, más ábhartha, faoin gcineál criptea-shócmhainní a dhéanfaidh an CASP freagróra tríd an gcuntas comhfhreagrach.’

‘C) Déan measúnú ar rialuithe AML/CFT na hinstitiúide freagróra. Tugann sé sin le tuiscint gur chóir don chomhfhreagraí measúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar chreat rialaithe AML/CFT an fhreagróra, ní hamháin cóip de bheartais agus nósanna imeachta AML an fhreagróra a fháil. Ba chóir go n-áireofaí sa mheasúnú sin na huirlisí faireacháin atá i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil siad leordhóthanach don chineál gnó a dhéanann an freagróir. Ba chóir an measúnú sin a dhoiciméadú go hiomchuí. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, i gcás ina bhfuil an riosca an-ard agus go háirithe i gcás ina bhfuil líon na n-idirbheart baincéireachta comhfhreagraí substainteach, ba chóir don chomhfhreagraí breithniú a dhéanamh ar chuairteanna ar an láthair agus/nó ar thástáil shamplach chun a bheith sásta go bhfuil beartais agus nósanna imeachta AML an fhreagróra á gcur chun feidhme go héifeachtach.’

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/