+5. Critéir a bhaineann le caighdeánú
---+50. Chun críocha Airteagal 26c(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart do na húdaráis inniúla …
---+51. Chun críocha Airteagal 26c(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, níor cheart a …
---+52. Chun críocha Airteagal 26c(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart ISDA nó …
---+53. Chun críocha Airteagal 26c(3) de Rialachán (AE) 2017/2402, maidir le rátaí úis ar cheart a …
---+54. Chun críocha Airteagal 26c(3) de Rialachán (AE) 2017/2402, níor cheart a thuiscint gur foirmle …
---+55. Chun críocha Airteagal 26c(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an méid …
---+56. Chun críocha Airteagal 26c(4) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart go mbeadh sé incheadaithe …
---+57. Chun críocha Airteagal 26c(5) de Rialachán (AE) 2017/2402, sa bhreis ar na truicir íosta a …
---+58. Chun críocha Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, a luaithe a …
---+59. Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart caighdeáin …
---+60. Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart na nósanna …
---+61. Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an …
---+62. Chun a chinneadh an bhfuil saineolas ag seirbhíseoir ar neamhchosaintí de chineál comhchosúil …
---+63. Ba cheart a mheas go bhfuil an saineolas is gá ag seirbhíseoir i gcás ina bhfuil feidhm ag …
---+64. Chun an líon de bhlianta de thaithí ghairmiúil a léiriú, ba cheart an saineolas ábhartha a …
---+65. Chun críocha Airteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart léirmhíniú an téarma …
---+66. Chun críocha Airteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart a mheas go bhfuil …
---+67. Chun críocha Airteagal 26c(10) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an méid seo a leanas go …
---+68. Chun críocha Airteagal 26c(10) de Rialachán (AE) 2017/2402, i gcás ina bhfuil forálacha …

5. Critéir a bhaineann le caighdeánú

Comhlíonadh na gceanglas maidir le coinneáil riosca (Airteagal 26c(1) de Rialachán (AE) 2017/2402)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
50. Chun críocha Airteagal 26c(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart do na húdaráis inniúla …

Chun críocha Airteagal 26c(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 29(5) den Rialachán sin agus do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29, míreanna 2 go 4, den Rialachán sin comhoibriú go dlúth i gcomhréir le hAirteagal 36 den Rialachán sin, i gcás ina bhfuil siad éagsúil.

Maolú iomchuí ar rioscaí úis agus airgeadra (Airteagal 26c(2) de Rialachán (AE) 2017/2402)

Díorthaigh

51. Chun críocha Airteagal 26c(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, níor cheart a …

Chun críocha Airteagal 26c(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, níor cheart a thuiscint go bhfuil toirmeasc ar neamhchosaintí i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha nach bhfuil iontu ach comhpháirt dhíorthach a fhreastalaíonn go heisiach ar riosca ráta úis nó riosca airgeadra na neamhchosanta foluití féin, nach díorthaigh iad féin, a fhálú go díreach.

Comhchaighdeáin i réimse an airgeadais idirnáisiúnta

52. Chun críocha Airteagal 26c(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart ISDA nó …

Chun críocha Airteagal 26c(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart ISDA nó caighdeáin doiciméadachta náisiúnta sheanbhunaithe chomhchosúla a áireamh i gcomhchaighdeáin airgeadais idirnáisiúnta.

Íocaíochtaí úis dá dtagraítear (Airteagal 26c(3) de Rialachán (AE) 2017/2402)

Rátaí úis dá dtagraítear

53. Chun críocha Airteagal 26c(3) de Rialachán (AE) 2017/2402, maidir le rátaí úis ar cheart a …

Chun críocha Airteagal 26c(3) de Rialachán (AE) 2017/2402, maidir le rátaí úis ar cheart a mheas gur bonn tagartha leordhóthanach iad le haghaidh íocaíochtaí úis tagartha, ba cheart na nithe uile seo a leanas a áireamh iontu:

  • a. rátaí idirbhainc lena n-áirítear Libor, Euribor agus tagarmharcanna aitheanta eile;
  • b. rátaí úis tagartha seanbhunaithe eile amhail EURSTR, SONIA, SOFR agus TONA;
  • c. rátaí arna socrú ag údaráis beartais airgeadaíochta, lena n-áirítear rátaí cistí feidearálacha agus rátaí lascaine na mbanc ceannais;
  • d. rátaí earnála lena léirítear costas cistí iasachtóra, lena n-áirítear rátaí caighdeánacha athraitheacha agus rátaí úis inmheánacha a léiríonn go díreach costais an mhargaidh a bhaineann le cistiú bainc nó fothacar institiúidí, a mhéid a sholáthraítear sonraí leordhóthanacha d’infheisteoirí chun go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar an ngaol idir na rátaí earnála agus rátaí eile an mhargaidh.

Foirmlí nó díorthaigh chasta

54. Chun críocha Airteagal 26c(3) de Rialachán (AE) 2017/2402, níor cheart a thuiscint gur foirmle …

Chun críocha Airteagal 26c(3) de Rialachán (AE) 2017/2402, níor cheart a thuiscint gur foirmle chasta nó díorthaigh chasta iad caidhpeanna ráta úis nó íosrátaí úis.

Ceanglais tar éis fógra forfheidhmiúcháin (Airteagal 26c(4) de Rialachán (AE) 2017/2402)

An méid atá gaistithe in SSPE

55. Chun críocha Airteagal 26c(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an méid …

Chun críocha Airteagal 26c(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an méid airgid thirim a mheasfar a bheith gaistithe in SSPE a chinneadh mar a leagtar amach i ndoiciméadacht an idirbhirt.

56. Chun críocha Airteagal 26c(4) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart go mbeadh sé incheadaithe …

Chun críocha Airteagal 26c(4) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart go mbeadh sé incheadaithe an t-airgead tirim in SSPE a ghaistiú i bhfoirm cúlchiste lena úsáid amach anseo, ar choinníoll go bhfuil úsáid an chúlchiste teoranta go heisiach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 26c(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, lena n-áirítear aisíocaíocht ordúil leis na hinfheisteoirí.

Leithdháileadh caillteanas agus amúchadh tráinsí (Airteagal 26c(5) de Rialachán (AE) 2017/2402)

Truicir

57. Chun críocha Airteagal 26c(5) de Rialachán (AE) 2017/2402, sa bhreis ar na truicir íosta a …

Chun críocha Airteagal 26c(5) de Rialachán (AE) 2017/2402, sa bhreis ar na truicir íosta a éilítear, féadfaidh na páirtithe san idirbheart a chomhaontú truicir eile a bhaineann le feidhmíocht a chur san áireamh. Má tharlaíonn teagmhas truiceartha d’aon truicear a bhaineann le feidhmíocht, ba cheart go gcuirfí amúchadh na dtráinsí urrúsúcháin ar ais chuig íocaíocht sheicheamhach in ord sinsearachta, beag beann ar cé acu a bheidh feidhm ag truicir eile.

Filleadh ar amúchadh neamhsheicheamhach

58. Chun críocha Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, a luaithe a …

Chun críocha Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, a luaithe a chuirfear frithdhílse an amúchta i leith íocaíochta seicheamhaí i bhfeidhm mar thoradh ar shárú ar aon truicear a bhaineann le feidhmíocht, níor chea rt filleadh ar amúchadh neamhsheicheamhach a cheadú i gcomhréir le doiciméadacht an idirbhirt.

Doiciméadacht an idirbhirt (Airteagal 26c(7) de Rialachán (AE) 2017/2402)

Caighdeáin seirbhísithe

59. Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart caighdeáin …

Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart caighdeáin seirbhísithe a thuiscint mar chaighdeáin a bhaineann le seirbhísiú a shonraítear i ndoiciméadacht an idirbhirt idirbhirt nach mór a chomhlíonadh le linn shaolré an idirbhirt urrúsúcháin.

Nósanna imeachta seirbhísithe

60. Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart na nósanna …

Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart na nósanna imeachta seirbhísithe a thuiscint mar nósanna imeachta iarbhír is gá chun comhlíonadh na gcaighdeán seirbhísithe a áirithiú. Féadfar na nósanna imeachta a oiriúnú le linn shaolré an idirbhirt urrúsúcháin fad a leantar de bheith ag comhlíonadh na gcaighdeán seirbhísithe.

Contrapháirtithe idirbhirt

61. Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an …

Chun críocha Airteagal 26c(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an t-iontaobhaí agus an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a bheith difriúil ón seirbhíseoir, ón infheisteoir agus ón tionscnóir i gcónaí. Sa bhreis air sin, ba cheart don ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí na ceanglais a shonraítear i mír a chomhlíonadh 73.

Ceanglais saineolais agus seirbhísithe an tseirbhíseora (Airteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402)

Critéir chun saineolas an tseirbhíseora a chinneadh

62. Chun a chinneadh an bhfuil saineolas ag seirbhíseoir ar neamhchosaintí de chineál comhchosúil …

Chun a chinneadh an bhfuil saineolas ag seirbhíseoir ar neamhchosaintí de chineál comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe a sheirbhísiú i gcomhréir le hAirteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart feidhm a bheith ag an dá cheann díobh seo a leanas:

  • a. ba cheart eolas agus scileanna leordhóthanacha a bheith ag comhaltaí chomhlacht bainistíochta an tseirbhíseora agus ag an bhfoireann shinsearach, cé is moite de chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, atá freagrach as neamhchosaintí de chineál comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu, a sheirbhísiú i dtaca le neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu;
  • b. ba cheart aon cheann de na prionsabail seo a leanas maidir le cáilíocht an tsaineolais a chur san áireamh agus an saineolas á chinneadh:
i.ba cheart ról agus dualgais chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus na foirne sinsearaí agus na gcumas is gá a bheith leordhóthanach;
ii.ba cheart gur leor an taithí atá ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ag na baill foirne shinsearacha a fuarthas i bpoist roimhe seo, san oideachas agus san oiliúint;
iii.ba cheart rannpháirtíocht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus na foirne sinsearaí laistigh de struchtúr rialachais fheidhm sheirbhísiú na neamhchosaintí a bheith iomchuí;
iv.i gcás eintitis atá rialáilte ó thaobh stuamachta de, ba cheart a mheas go bhfuil na húdaruithe nó na ceadanna rialála atá i seilbh an eintitis ábhartha maidir le neamhchosaintí atá comhchosúil leo sin a ndearnadh urrúsú orthu a sheirbhísiú.
63. Ba cheart a mheas go bhfuil an saineolas is gá ag seirbhíseoir i gcás ina bhfuil feidhm ag …

Ba cheart a mheas go bhfuil an saineolas is gá ag seirbhíseoir i gcás ina bhfuil feidhm ag ceachtar de na nithe seo a leanas:

  • a. tá seirbhísiú neamhchosaintí de chineál comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe ar feadh cúig bliana ar a laghad san áireamh i ngnó an eintitis, nó i ngnó an ghrúpa chomhdhlúite ar cuid de an t-eintiteas chun críocha cuntasaíochta nó stuamachta;
  • b. i gcás nach gcomhlíontar an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (a), comhlíonann sé gach ceann de na nithe seo a leanas:
i.tá taithí ghairmiúil ábhartha ag beirt chomhaltaí ar a laghad dá chomhlacht bainistíochta ar neamhchosaintí de chineál comhchosúil leo sin a ndearnadh urrúsú orthu, ar leibhéal pearsanta, cúig bliana ar a laghad a sheirbhísiú;
ii.tá taithí ghairmiúil ábhartha cúig bliana ar a laghad ag foireann shinsearach, seachas comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, atá freagrach as seirbhísiú an eintitis ar neamhchosaintí de chineál comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe a bhainistiú, de chúig bliana ar a laghad;
iii.faigheann feidhm sheirbhísithe an eintitis tacaíocht ó sheirbhíseoir cúltaca a chomhlíonann pointe (a).
64. Chun an líon de bhlianta de thaithí ghairmiúil a léiriú, ba cheart an saineolas ábhartha a …

Chun an líon de bhlianta de thaithí ghairmiúil a léiriú, ba cheart an saineolas ábhartha a nochtadh le mionsonraí leordhóthanacha agus i gcomhréir leis na ceanglais rúndachta is infheidhme chun a cheadú d’infheisteoirí a n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh.

Risíochtaí de chineál comhchosúil

65. Chun críocha Airteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart léirmhíniú an téarma …

Chun críocha Airteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart léirmhíniú an téarma “risíochtaí de chineál comhchosúil” a leanúint leis an léirmhíniú dá bhforáiltear i mír 37. Beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca atá dea-dhoiciméadaithe agus leordhóthanach

66. Chun críocha Airteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart a mheas go bhfuil …

Chun críocha Airteagal 26c(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart a mheas go bhfuil “beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe leordhóthanacha a bhaineann le neamhchosaintí a sheirbhísiú” ag an seirbhíseoir i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

  • a. is eintiteas é an seirbhíseoir atá faoi réir rialú stuamachta agus caipitil agus maoirseachta san Aontas agus meastar go bhfuil a údaruithe nó a cheadanna rialála ábhartha maidir leis an seirbhísiú;
  • b. is eintiteas é an seirbhíseoir nach bhfuil faoi réir rialú stuamachta agus caipitil agus maoirseachta san Aontas, agus soláthraítear cruthúnas go bhfuil beartais agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe agus leordhóthanacha ann, lena n-áirítear freisin cruthúnas go bhfuiltear ag cloí le dea-chleachtais mhargaidh agus le cumais tuairiscithe. Ba cheart go dtabharfadh athbhreithniú iomchuí tríú páirtí, amhail gníomhaireacht rátála creidmheasa nó iniúchóir seachtrach, bunús leis an gcruthúnas.

Réiteach tráthúil coinbhleachtaí idir infheisteoirí (Airteagal 26c(10) de Rialachán (AE) 2017/2402)

Forálacha soiléire lena n-éascaítear réiteach tráthúil coinbhleachtaí idir aicmí éagsúla infheisteoirí

67. Chun críocha Airteagal 26c(10) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an méid seo a leanas go …

Chun críocha Airteagal 26c(10) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart an méid seo a leanas go léir a áireamh i bhforálacha dhoiciméadach an idirbhirt “a éascaíonn réiteach tráthúil coinbhleachtaí idir aicmí éagsúla infheisteoirí” le haghaidh idirbhearta urrúsúcháin le níos mó ná infheisteoir amháin:

  • a. an modh chun cruinnithe a ghairm nó chun glaonna comhdhála a shocrú;
  • b. an tréimhse uasta chun glao cruinnithe nó comhdhála a chur ar bun;
  • c. an córam is gá;
  • d. íostairseacha na vótaí chun cinneadh den sórt sin a bhailíochtú, agus idirdhealú soiléir idir na tairseacha íosta do gach cineál cinnidh;
  • e. i gcás inarb infheidhme, suíomh do na cruinnithe ar cheart a bheith san Aontas.
68. Chun críocha Airteagal 26c(10) de Rialachán (AE) 2017/2402, i gcás ina bhfuil forálacha …

Chun críocha Airteagal 26c(10) de Rialachán (AE) 2017/2402, i gcás ina bhfuil forálacha reachtúla éigeantacha ann sa dlínse is infheidhme lena leagtar amach conas is gá coinbhleachtaí idir infheisteoirí a réiteach, féadfar tagairt a dhéanamh i ndoiciméadacht an idirbhirt do na forálacha sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/