+4.2 Rioscaí atá le measúnú
---+11. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an dóchúlacht go …
---+12. Chun críocha mhír 11, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na gnéithe seo a leanas go léir a …
---+13. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le céatadáin an …
---+14. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an bhféidearthacht go …
---+15. Chun críocha mhír 14, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna gach ceann de na gnéithe seo a …
---+16. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú faoi strus a dhéanamh ar an ngá atá le …
---+17. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na cásanna ina n-úsáidtear cur chuige aisamhairc …
---+18. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luach …

4.2 Rioscaí atá le measúnú

4.2.1 Riosca fuascailte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
11. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an dóchúlacht go …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an dóchúlacht go ndéanfar iarrataí ar fhuascailt tráth ar bith.

12. Chun críocha mhír 11, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na gnéithe seo a leanas go léir a …

Chun críocha mhír 11, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na gnéithe seo a leanas go léir a mheas: próifíl na sealbhóirí licíní (lena n-áirítear miondíol nó mórdhíol); an cineál licín (lena n-áirítear an bhfuil sé suntasach nó nach bhfuil); an cineál sócmhainne dá dtagraítear (amhail, airgeadra oifigiúil nó eile); saintréithe an eisitheora (amhail, institiúid chreidmheasa nó eile); eispéireas stairiúil iarratas ar fhuascailt; agus, próifíl aibíochta an chúlchiste sócmhainní. Féadfaidh eisitheoirí breithniú a dhéanamh ar aon ghné eile a mheas siad a bheith ábhartha don mheasúnú.

13. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le céatadáin an …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le céatadáin an chúlchiste sócmhainní a chomhlánú le haibíocht iarmhair suas le 1 lá oibre nó 5 lá oibre i gcomhréir le hAirteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114, a luaithe a bheidh feidhm ag an rialachán tarmligthe ábhartha, trí eatramh muiníne 99% a mheas i gcoibhneas leis an meánmhéid fuascailte sna cásanna is measa a breathnaíodh d’aibíocht iarmhair 1 lá agus 5 lá maidir le holl-eis-sreafaí, bunaithe ar a mbarúlacha stairiúla ar leith.

4.2.2 Riosca a bhaineann le taiscí le hinstitiúidí creidmheasa

14. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an bhféidearthacht go …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an bhféidearthacht go mbeadh mainneachtain ann maidir le rochtain phras a fháil ar mhéid na dtaiscí arna sealbhú in institiúidí creidmheasa mar chuid den chúlchiste sócmhainní.

15. Chun críocha mhír 14, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna gach ceann de na gnéithe seo a …

Chun críocha mhír 14, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna gach ceann de na gnéithe seo a leanas a mheas: i) cáilíocht chreidmheasa agus próifíl leachtachta an chontrapháirtí taisce; ii) comhchruinniú de réir contrapháirtí agus coimeádaí; iii) suíomh na taisce; iv) aibíocht na taisce;

  • v) an chomhthaobhacht a d’fhéadfadh a bheith ann (lena n-áirítear méid, cineál nó cáilíocht) atá faoin taisce; agus, vi) aon fhachtóir riosca nach gceanglaítear de réir Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114 a mheasann siad a bheith ábhartha don riosca sin.

4.2.3 Riosca margaidh agus luaineacht

16. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú faoi strus a dhéanamh ar an ngá atá le …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú faoi strus a dhéanamh ar an ngá atá le ceanglais leachtachta bhreise chun riosca margaidh an chúlchiste sócmhainní a chumhdach chomh maith lena dhifríochtaí ainmníochta airgeadra, luaineacht agus comhghaol i gcoibhneas le ceann de na sócmhainní dá dtagraítear, agus díorthaigh fálaithe ghaolmhara agus rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh atá i bhfeidhm á gcur san áireamh, cibé acu arna bhforchur i gcomhréir leis an tsonraíocht faoi Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114, a luaithe a bheidh feidhm ag an rialachán tarmligthe ábhartha, nó aon cheann eile arna iarraidh ón údarás inniúil/ón maoirseoir nó arna sealbhú ar bhonn deonach.

17. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na cásanna ina n-úsáidtear cur chuige aisamhairc …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na cásanna ina n-úsáidtear cur chuige aisamhairc stairiúil chun an rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh atá i bhfeidhm a chinneadh (dá dtagraítear sa mhír roimhe seo) a chur san áireamh agus tá sé bunaithe ar thréimhse bhreathnóireachta nár tharla aon teagmhas struis inti. Sna cásanna sin, mar shampla, ba cheart tréimhsí níos faide lena n-áirítear teagmhais struis a mheas nó ba cheart toimhdí struis a ionchorprú.

4.2.4 Riosca díphionnála

18. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luach …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luach margaidh na ARTanna/EMTanna éagsúil le luach margaidh na sócmhainne dá dtagraítear agus an bhfuil gá le ceanglais leachtachta bhreise chun an difríocht sin a mhaolú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/