+4.2 Measúnú neamhchosanta a dhéanamh ar bhearta sriantacha
---+22. Ba cheart a chumhdach le nósanna imeachta inmheánacha na n-institiúidí airgeadais measúnú …
---+23. Leis an measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha, ba cheart go gcuirfí ar chumas na …
---+24. Ba cheart an measúnú dá dtagraítear i mír 22 a bheith bunaithe ar raon foinsí faisnéise atá …
---+25. Agus measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha á dhéanamh acu, ba cheart d’institiúidí …
---+26. Ba cheart d’institiúidí airgeadais a áirithiú go mbíonn a measúnú neamhchosanta ar bhearta …
---+27. Ba cheart d’institiúidí airgeadais a modheolaíocht a dhoiciméadú maidir lena measúnú …
---+28. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart don chomhlacht …
|
4.2 Measúnú neamhchosanta a dhéanamh ar bhearta sriantacha
4.2 Measúnú neamhchosanta a dhéanamh ar bhearta sriantacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
22. Ba cheart a chumhdach le nósanna imeachta inmheánacha na n-institiúidí airgeadais measúnú …
|
Ba cheart a chumhdach le nósanna imeachta inmheánacha na n-institiúidí airgeadais measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha chun tuiscint a fháil ar a mhéid atá gach réimse dá ngnó neamhchosanta ar bhearta sriantacha agus leochaileach maidir le dul timpeall ar bhearta sriantacha.
|
|
23. Leis an measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha, ba cheart go gcuirfí ar chumas na …
|
Leis an measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha, ba cheart go gcuirfí ar chumas na n-institiúidí airgeadais na nithe seo a leanas a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu: - a. cad iad na córais um bearta sriantacha a bhfuil feidhm acu maidir leo;
- b. an dóchúlacht nach gcuirfear bearta sriantacha chun feidhme;
- c. an dóchúlacht go rachfar timpeall ar bhearta sriantacha;
- d. tionchar aon sáruithe ar bhearta sriantacha; agus
- e. na tosca riosca seo a leanas:
- a) riosca geografach, lena n-áirítear:
- i. an áit a ndéanann an institiúid airgeadais a gnó, i.e. na dlínsí agus na críocha ina bhfuil an institiúid airgeadais bunaithe nó ina n-oibríonn sí;
- ii. a mhéid atá na dlínsí agus na críocha sin neamhchosanta ar bhearta sriantacha nó arb eol go n-úsáidtear iad chun dul timpeall ar bhearta sriantacha;
- iii. tionscnamh agus ceann scríbe na n-idirbheart.
- b) riosca do chustaiméirí, lena n-áirítear:
- i. naisc custaiméirí agus, más infheidhme, a n-úinéirí tairbhiúla agus a scairshealbhóirí rialaithe, le tíortha a bhfuil bearta sriantacha i bhfeidhm ina leith de bharr staid a dhéanann difear don tír sin, nó arb eol go n-úsáidtear iad chun dul timpeall ar bhearta sriantacha;
- ii. an líon custaiméirí, an cineál custaiméirí agus castacht na gcustaiméirí sin, amhail na saincheisteanna maidir leis an úinéir tairbhiúil a shainaithint;
- iii. gníomhaíocht a bhonn custaiméirí, agus castacht na gníomhaíochta, lena n-áirítear aon naisc le tionscail nó le hearnálacha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir bearta eacnamaíocha nó aon bhearta sriantacha eile, chomh maith le minicíocht agus cineálacha na n-idirbheart.
- c) riosca táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear:
- i. cineál táirgí agus seirbhísí na hinstitiúide airgeadais;
- ii. a mhéid atá an institiúid airgeadais neamhchosanta do bhearta sriantacha agus do dhul timpeall ar bhearta sriantacha trí na táirgí agus na seirbhísí sin a sholáthar.
- d) riosca maidir le bealaí seachadta, lena n-áirítear an gcruthaíonn úsáid idirghabhálaithe, gníomhairí, tríú páirtithe, caidreamh baincéireachta comhfhreagraí nó bealaí seachadta eile leochaileachtaí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- i. teorainn a chur le hinfheictheacht na hinstitiúide airgeadais do na páirtithe lena mbaineann;
- ii. an institiúid airgeadais a dhéanamh spleách ar phróisis scagtha tríú páirtithe;
- iii. neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar rioscaí geografacha a mhéadú toisc go bhfuil siad ag feidhmiú nó bunaithe i dtíortha a bhfuil bearta sriantacha i bhfeidhm ina leith mar gheall ar staid a dhéanann difear don tír sin nó do na tíortha sin arb eol go n-úsáidtear iad chun dul timpeall ar bhearta sriantacha.
|
|
24. Ba cheart an measúnú dá dtagraítear i mír 22 a bheith bunaithe ar raon foinsí faisnéise atá …
|
Ba cheart an measúnú dá dtagraítear i mír 22 a bheith bunaithe ar raon foinsí faisnéise atá éagsúil go leordhóthanach, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad: - a. faisnéis arna fáil mar chuid de bhearta díchill chuí custaiméara na hinstitiúide airgeadais a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le forálacha Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849;
- b. faisnéis ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, ón rialtas, ó údaráis inniúla náisiúnta lena n-áirítear maoirseoirí AML/CFT, ó aonaid um fhaisnéis airgeadais (AFAnna) agus ó údaráis forfheidhmithe dlí (LEAnna), amhail tíopeolaíochtaí cothrom le dáta maidir le dul timpeall ar bhearta sriantacha;
- c. faisnéis ó fhoinsí oscailte inchreidte agus iontaofa, amhail tuarascálacha i nuachtáin chreidiúnacha agus ó eagraíochtaí meán creidiúnacha eile;
- d. faisnéis ó eagraíochtaí tráchtála inchreidte agus iontaofa, amhail tuarascálacha riosca;
- e. i gcás ina mbeidh sí sin ar fáil, anailís ar fholáirimh maidir le bearta sriantacha a bhí ann roimhe seo a bhaineann le fíormheaitseanna dearfacha agus le meaitseanna dearfacha bréagacha chun cásanna a shainaithint inar dóichí go dtarlóidh fíormheaitseanna dearfacha.
|
|
25. Agus measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha á dhéanamh acu, ba cheart d’institiúidí …
|
Agus measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha á dhéanamh acu, ba cheart d’institiúidí airgeadais a mheas an bhféadfadh scagadh cúlghabhálach ar a mbunachar sonraí custaiméirí agus ar thaifid idirbheart roimhe seo a bheith úsáideach agus comhréireach. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás inar shainaithin an institiúid airgeadais go raibh an córas scagtha a bhí aici roimhe sin neamhleor nó neamhéifeachtach, nó ina bhfuil forais réasúnacha aici le hamhras a bheith uirthi ina leith sin.
|
|
26. Ba cheart d’institiúidí airgeadais a áirithiú go mbíonn a measúnú neamhchosanta ar bhearta …
|
Ba cheart d’institiúidí airgeadais a áirithiú go mbíonn a measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha cothrom le dáta agus ábhartha i gcónaí. Chuige sin, ba cheart d’institiúidí airgeadais athbhreithniú a dhéanamh air uair sa bhliain ar a laghad agus, i gcás inar gá, é a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, de réir mar is gá, ba cheart d’institiúidí airgeadais athbhreithniú a dhéanamh ar a measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha sna cásanna seo a leanas: - a. bearta sriantacha nua agus athruithe suntasacha ar na bearta sriantacha atá ann cheana a ghlacadh;
- b. sula ndéanfar táirgí nua a sholáthar, bealaí nua seachadta táirgí a thairiscint, freastal ar ghrúpaí cliant nua, dul isteach i limistéir gheografacha nua;
- c. athruithe suntasacha ar phróifíl ghníomhaíochta, bonn custaiméirí, struchtúr eagraíochtúil nó samhail ghnó na hinstitiúide;
- d. neamhchur chun feidhme bhearta sriantacha agus dul timpeall ar bhearta sriantacha a shainaithint, rud a léiríonn neamhoiriúnacht an mheasúnaithe neamhchosanta ar bhearta sriantacha;
- e. easnaimh i measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha atá ann cheana arna sainaithint ag an institiúid airgeadais nó ag an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun cur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais agus bearta sriantacha náisiúnta a áirithiú.
|
|
27. Ba cheart d’institiúidí airgeadais a modheolaíocht a dhoiciméadú maidir lena measúnú …
|
Ba cheart d’institiúidí airgeadais a modheolaíocht a dhoiciméadú maidir lena measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha agus toradh an mheasúnaithe sin a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh orthu agus iad a chur ar fáil dá n-údarás inniúil arna iarraidh sin.
|
|
28. I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart don chomhlacht …
|
I gcás inarb í an institiúid airgeadais máthairghnóthas grúpa, ba cheart don chomhlacht bainistíochta grúpa a áirithiú go ndéanfaidh fochuideachtaí an ghrúpa a mheasúnú neamhchosanta féin ar bhearta sriantacha ar bhealach comhordaithe agus é bunaithe ar mhodheolaíocht choiteann agus a shonraíochtaí féin á léiriú ag an am céanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|