+5.6 Beartais agus nósanna imeachta le haghaidh catagóirí riosca airgeadais
---+67. Ba cheart d’institiúidí tuiscint a fháil agus bainistiú a dhéanamh ar an tionchar atá ag …
---+68. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú i mbeartais agus nósanna imeachta riosca creidmheasa mar …
---+69. Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí meascán de ghnéithe cáilíochtúla agus …
---+70. Maidir le riosca margaidh, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a d’fhéadfadh rioscaí ESG …
---+71. Maidir le riosca leachtachta agus maoinithe, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh, ar a …
---+72. Ina theannta sin, maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a …
---+73. Maidir le riosca oibríochtúil, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a d’fhéadfadh rioscaí ESG …
---+74. Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh: a) …
---+75. Maidir le rioscaí clú, ba cheart d’institiúidí tionchar rioscaí ESG ar a gcáil a mheas agus a …
---+76. Mar chuid dá mbainistiú iompair, dlíthíochta agus rioscaí do chlú, ba cheart go mbeadh próisis …
---+77. Maidir le riosca comhchruinnithe, ba cheart d’institiúidí na rioscaí a bhaineann le …

5.6 Beartais agus nósanna imeachta le haghaidh catagóirí riosca airgeadais

5.6 Beartais agus nósanna imeachta le haghaidh catagóirí riosca airgeadais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
67. Ba cheart d’institiúidí tuiscint a fháil agus bainistiú a dhéanamh ar an tionchar atá ag …

Ba cheart d’institiúidí tuiscint a fháil agus bainistiú a dhéanamh ar an tionchar atá ag rioscaí ESG faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar a neamhchosaintí ar riosca creidmheasa, ar luacháil a suíomhanna atá faoi réir riosca margaidh, go háirithe chun críocha luachála stuama, ar a bpróifíl riosca leachtachta agus ar a maoláin, ar a rioscaí oibríochtúla (lena n áirítear dlíthíocht), agus ar rioscaí do chlú, lena n áirítear trí anailísí réamhbhreathnaitheacha a úsáid. ‑ ‑

5.6.1. Riosca creidmheasa

68. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú i mbeartais agus nósanna imeachta riosca creidmheasa mar …

Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú i mbeartais agus nósanna imeachta riosca creidmheasa mar atá leagtha amach i mír 56 de Threoirlínte ÚBE maidir le tionscnamh agus faireachán iasachta, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go ndéantar a mbeartais earnála creidmheasa, lena léirítear rioscaí ESG, a mhiondealú agus a aistriú ina gcritéir thionscnaimh shoiléire atá ar fáil d’fhoireann línte gnó agus do chinnteoirí creidmheasa, agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil rioscaí ESG leabaithe sa chreat faireacháin ar riosca creidmheasa.

69. Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí meascán de ghnéithe cáilíochtúla agus …

Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí meascán de ghnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a áireamh ina mbeartais agus ina nósanna imeachta. Bunaithe ar a measúnú ábharthachta agus a n inghlacthacht riosca, ba cheart d’institiúidí méadrachtaí riosca creidmheasa cainníochtúla a leagan síos lena gcumhdófaí na deighleoga cliant is suntasaí, na ‑ cineálacha comhthaobhachta chomh maith leis na hionstraimí maolaithe riosca.

5.6.2. Riosca margaidh

70. Maidir le riosca margaidh, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a d’fhéadfadh rioscaí ESG …

Maidir le riosca margaidh, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a d’fhéadfadh rioscaí ESG difear a dhéanamh do luach na n ionstraimí airgeadais ina bpunann, meastóireacht a dhéanamh ar an riosca féideartha de chaillteanas ina bpunann agus ar luaineacht mhéadaithe ‑ i luach a bpunann, chomh maith le próisis éifeachtacha a bhunú chun na tionchair ghaolmhara a rialú nó a mhaolú mar chuid dá gcreat bainistithe riosca margaidh, lena n áirítear, nuair is gá, athbhreithniú a dhéanamh ar inghlacthacht riosca an leabhair trádála agus teorainneacha ‑ inmheánacha a leagan síos do shuíomhanna nó do neamhchosaintí cliaint. 5.6.3. Riosca leachtachta agus maoinithe

71. Maidir le riosca leachtachta agus maoinithe, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh, ar a …

Maidir le riosca leachtachta agus maoinithe, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh, ar a laghad, ar an gcaoi a bhféadfadh rioscaí ESG difear a dhéanamh do ghlan-eis-sreafaí airgid (e.g. tarraingtí anuas méadaithe de línte creidmheasa) nó do luach sócmhainní arb ionann iad agus a maoláin leachtachta agus, i gcás inarb iomchuí, na tionchair sin a ionchorprú i gcalabrú a maolán leachtachta nó ina gcreat bainistithe riosca leachtachta.

72. Ina theannta sin, maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a …

Ina theannta sin, maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a d’fhéadfadh na rioscaí sin difear a dhéanamh d’infhaighteacht agus/nó do chobhsaíocht a bhfoinsí maoinithe agus iad a chur san áireamh agus riosca maoinithe á bhainistiú acu. Chuige sin, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar thréimhsí difriúla agus ar ghnáthdhálaí agus ar dhrochdhálaí araon, agus ba cheart go léireofaí leis sin, i measc nithe eile, na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag rioscaí comhshaoil ar rioscaí clú, cás ina mbeadh rochtain bhactha nó ní ba chostasaí ar mhaoiniú margaidh agus/nó aistarraingtí taisce luathaithe.

5.6.4. Rioscaí oibríochtúla agus clú

73. Maidir le riosca oibríochtúil, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a d’fhéadfadh rioscaí ESG …

Maidir le riosca oibríochtúil, ba cheart d’institiúidí a mheas conas a d’fhéadfadh rioscaí ESG difear a dhéanamh do na cineálacha éagsúla teagmhas riosca oibriúcháin rialála dá dtagraítear in Airteagal 324 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus dá gcumas leanúint d’oibríochtaí criticiúla a sholáthar agus ba cheart dóibh rioscaí ábhartha ESG a ionchorprú ina gcreat bainistithe riosca oibríochtúil.

74. Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh: a) …

Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a) caillteanais a bhaineann le rioscaí comhshaoil a shainaithint agus a lipéadú ina gcláir caillteanas oibríochtúla, i gcomhréir leis an tacsanomaíocht riosca agus leis an modheolaíocht chun na teagmhais chaillteanais a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 317(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a aicmiú;
  • b) próisis a fhorbairt chun dóchúlacht agus tionchar rioscaí dlíthíochta a bhaineann leis an gcomhshaol a mheas agus a bhainistiú;
  • c) anailís ar chásanna a úsáid chun a chinneadh conas is féidir le spreagaithe riosca fisiciúla tionchar a imirt ar a leanúnachas gnó; agus
  • d) rioscaí comhshaoil ábhartha a chur san áireamh agus pleananna leanúnachais gnó á bhforbairt.
75. Maidir le rioscaí clú, ba cheart d’institiúidí tionchar rioscaí ESG ar a gcáil a mheas agus a …

Maidir le rioscaí clú, ba cheart d’institiúidí tionchar rioscaí ESG ar a gcáil a mheas agus a bhainistiú, lena n áirítear trí rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hiasachtú do ghnólachtaí agus infheistíocht a dhéanamh iontu a d’fhéadfadh a bheith i mbaol conspóidí a ‑ bhaineann le ESG, amhail sáruithe ar chearta sóisialta nó ar chearta an duine. Ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh freisin, i gcás inarb infheidhme, ar na rioscaí clú a bhaineann leis an mainneachtain a ngealltanais inbhuanaitheachta nó a bpleananna aistrithe a chomhlíonadh, nó leis an easpa creidiúnachta (a bhraitear) a bhaineann leis na gealltanais agus na pleananna sin.

76. Mar chuid dá mbainistiú iompair, dlíthíochta agus rioscaí do chlú, ba cheart go mbeadh próisis …

Mar chuid dá mbainistiú iompair, dlíthíochta agus rioscaí do chlú, ba cheart go mbeadh próisis fhónta i bhfeidhm ag institiúidí chun rioscaí a eascraíonn as glas-snasú nó cleachtais a mheastar a bheith ann maidir le glas-snasú a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú agus prionsabail ardleibhéil ÚMEnna a leagtar amach i Roinn 2.1 den Thuarascáil Deiridh ÚBE ar fhaireachán agus ar mhaoirseacht maidir le glas-snasú á gcur san áireamh16 . Chuige sin, ba cheart d’institiúidí gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur cumarsáid chóir agus shoiléir a bheidh sa chumarsáid a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus nach mbeidh sí míthreorach, agus go mbeidh éilimh inbhuanaitheachta cruinn, réasúnaithe, cothrom le dáta, go soláthrófar leo léiriú cothrom ar phróifíl fhoriomlán na hinstitiúide nó ar phróifíl an táirge, agus go gcuirfear i láthair iad ar bhealach intuigthe. Ba cheart é sin a dhéanamh ar leibhéal na hinstitiúide (e.g. i ndáil le gealltanais inbhuanaitheachta lena n áirítear spriocanna réamhbhreathnaitheacha) agus ar leibhéal an táirge nó na gníomhaíochta (e.g. i ndáil le táirgí ‑ agus gníomhaíochtaí a mhargaítear mar tháirgí inbhuanaithe), lena n áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí dlí, ar chleachtais mhargaidh, agus ar chonspóidí maidir le cleachtais ‑ líomhainte a bhaineann le glas-snasú.

5.6.5. Riosca comhchruinnithe


16 Tuarascáil deiridh ÚBE maidir le faireachán agus maoirseacht ar ghlas-snasú (EBA/REP/2024/09)

77. Maidir le riosca comhchruinnithe, ba cheart d’institiúidí na rioscaí a bhaineann le …

Maidir le riosca comhchruinnithe, ba cheart d’institiúidí na rioscaí a bhaineann le comhchruinnithe neamhchosaintí nó comhthaobhachta i gcontrapháirtithe aonair, i gcontrapháirtithe idirspleácha nó i dtionscail áirithe, in earnálacha eacnamaíocha nó i réigiúin gheografacha áirithe a mheas agus iad a bhainistiú, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le leibhéal ní b’airde leochaileachta do rioscaí ESG. Chun rioscaí comhchruinnithe a bhaineann le ESG a shainaithint, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar mhéid agus/nó scaireanna dá neamhchosaintí a bhféadfadh rioscaí ESG difear a dhéanamh dóibh i gcoibhneas le neamhchosaintí iomlána agus mar chion de chaipiteal Leibhéal 1. Ba cheart d’institiúidí roinnt fachtóirí ESG a chur san áireamh ina measc astaíochtaí GCT, saintréithe earnála, leochaileacht limistéar geografach i leith rioscaí fisiceacha, agus easnaimh shóisialta nó rialachais nó conspóidí a shainaithnítear i ndlínsí ina bhfuil neamhchosaintí nó comhthaobhacht lonnaithe, chomh maith le hinfhaighteacht fachtóirí maolaithe riosca. Ba cheart d’institiúidí a mheas an ndéantar leochaileacht airgeadais na neamhchosaintí roimhe sin ní ba mheasa de bharr riosca comhchruinnithe a bhaineann le ESG agus an chaoi a ndéantar amhlaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/