+Cuid shuntasach d’iomlán na gconarthaí
---+13. Chun críocha Airteagal 126a(2)(a) de CRR, ba cheart a mheas gurb ionann na conarthaí …
---+14. Maidir le conarthaí réamhdhíola agus díola, ba cheart an céatadán dá dtagraítear i mír 13 a …
---+15. I gcás ina maoinítear tionscadal ADC a bhaineann leis an maoin chónaithe trí iasacht …
---+16. I gcás conarthaí réamhléasa agus léasa, ba cheart an céatadán dá dtagraítear i mír 13 a ríomh …
---+17. Maidir le maoin a bhfuil a húsáid beartaithe le díol go páirteach agus le ligean ar léas go …
---+18. Maidir le maoin a bhfuil a húsáid beartaithe le díol go páirteach agus le ligean ar léas go …

Cuid shuntasach d’iomlán na gconarthaí

Cuid shuntasach d’iomlán na gconarthaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
13. Chun críocha Airteagal 126a(2)(a) de CRR, ba cheart a mheas gurb ionann na conarthaí …

Chun críocha Airteagal 126a(2)(a) de CRR, ba cheart a mheas gurb ionann na conarthaí réamhdhíola agus díola atá ceangailteach ó thaobh dlí agus na conarthaí réamhléasa agus léasa atá ceangailteach ó thaobh dlí agus cuid shuntasach d’iomlán na gconarthaí i gcás inarb ionann iad agus céatadán atá cothrom le nó níos airde ná 50 % d’iomlán na gconarthaí. Ba cheart an céatadán sin a ríomh i gcomhréir le míreanna 14 go 16 de na Treoirlínte seo.

14. Maidir le conarthaí réamhdhíola agus díola, ba cheart an céatadán dá dtagraítear i mír 13 a …

Maidir le conarthaí réamhdhíola agus díola, ba cheart an céatadán dá dtagraítear i mír 13 a ríomh mar seo a leanas:

  • a. San uimhreoir, bhain suim na bpraghsanna díola mar a shonraítear sna conarthaí seo a leanas leis an maoin chónaithe:
  • i. na conarthaí réamhdhíola atá ceangailteach ó thaobh dlí lena ngabhann taisce shuntasach airgid nó maoiniú suntasach a áirithítear ar bhealach coibhéiseach i gcomhréir le míreanna 10agus 12 de na Treoirlínte seo;

agus

  • ii. na conarthaí díola atá ceangailteach ó thaobh dlí;
  • b. San ainmneoir, méid iomlán na saoráide creidmheasa, lena n-áirítear an méid tarraingthe agus an méid neamhtharraingthe, arna dheonú ag an institiúid don fhéichiúnaí chun an tionscadal ADC a bhaineann leis an maoin chónaithe a mhaoiniú.
15. I gcás ina maoinítear tionscadal ADC a bhaineann leis an maoin chónaithe trí iasacht …

I gcás ina maoinítear tionscadal ADC a bhaineann leis an maoin chónaithe trí iasacht shindeacáite nó iasachtaí iomadúla, ba cheart don institiúid suim na n-iasachtaí agus na saoráidí creidmheasa uile a chuireann na hinstitiúidí uile ar fáil chun tionscadal ADC a mhaoiniú a mheas san ainmneoir faoi mhír 14.b. Chun críocha an cóimheas dá dtagraítear i mír 14 a ríomh, i gcás ina maoiníonn saoráid chreidmheasa aonair maoin a bhfuil a húsáid beartaithe le díol go páirteach agus le ligean ar léas go páirteach, ní mór don ainmneoir a léiriú ach an chuid den tsaoráid chreidmheasa a mhaoiníonn an tógáil atá beartaithe le díol.

16. I gcás conarthaí réamhléasa agus léasa, ba cheart an céatadán dá dtagraítear i mír 13 a ríomh …

I gcás conarthaí réamhléasa agus léasa, ba cheart an céatadán dá dtagraítear i mír 13 a ríomh mar a leanas:

  • a. San uimhreoir, suim na nithe seo a leanas:
  • i. líon na gconarthaí réamhléasa atá ceangailteach ó thaobh dlí lena ngabhann taisce shubstaintiúil airgid nó maoiniú substaintiúil arna áirithiú ar bhealach coibhéiseach i gcomhréir le míreanna 11 agus 12 de na Treoirlínte seo;

agus

  • ii. líon na gconarthaí léasa atá ceangailteach ó thaobh dlí;
  • b. San ainmneoir, an líon iomlán aonad atá mar chuid de thionscadal ADC a bhaineann leis an maoin chónaithe.
17. Maidir le maoin a bhfuil a húsáid beartaithe le díol go páirteach agus le ligean ar léas go …

Maidir le maoin a bhfuil a húsáid beartaithe le díol go páirteach agus le ligean ar léas go páirteach, ríomhfaidh an institiúid cóimheasa ar leithligh, i gcomhréir le míreanna 14 agus i 15 gcás conarthaí réamhdhíola agus díola agus i gcomhréir le mír 16 i gcás conarthaí réamhléasa agus léasa. Ba cheart a mheas go bhfuil an chuid d’iomlán na gconarthaí suntasach i gcás ina gcomhlíonann gach ceann den dá chóimheas an cóimheas íosta a leagtar amach i mír 13 de na Treoirlínte seo.

18. Maidir le maoin a bhfuil a húsáid beartaithe le díol go páirteach agus le ligean ar léas go …

Maidir le maoin a bhfuil a húsáid beartaithe le díol go páirteach agus le ligean ar léas go páirteach agus i gcás ina ndeonaíonn an institiúid saoráidí ar leith don chuid díolacháin agus do chuid an léasa, is féidir ualú riosca fabhrach ADC a chur i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide ar choinníoll gur féidir a áirithiú nach bhfuil aisíocaíocht na saoráide díolacháin (saoráid léasanna faoi seach) bunaithe ach ar dhíolacháin (léasanna faoi seach) na n-aonad. Chun na críche seo, ríomhfaidh an institiúid dhá chóimheas ar leithligh ar leibhéal na saoráide chun cuid shuntasach d’iomlán na gconarthaí a mheasúnú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/