+5.1. Cainéil tarchurtha
---+22. Ba cheart d’institiúidí na cainéil tarchurtha is ábhartha trína bhféadfadh rioscaí comhshaoil …
---+23. Ba cheart d’institiúidí foinsí sonraí iontaofa a shainaithint, modheolaíochtaí trédhearcacha a …
---+24. Chun cainéil tarchurtha comhshaoil a shainaithint, ba cheart d’institiúidí tionscnóirí riosca …
---+25. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh a gcontrapháirtithe a …
---+26. De réir thréimhse ama na hanailíse, ba cheart d’institiúidí fachtóirí féideartha maolaithe …
---+27. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a scaiptear rioscaí aistrithe agus …
|
5.1. Cainéil tarchurtha
5.1. Cainéil tarchurtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
22. Ba cheart d’institiúidí na cainéil tarchurtha is ábhartha trína bhféadfadh rioscaí comhshaoil …
|
Ba cheart d’institiúidí na cainéil tarchurtha is ábhartha trína bhféadfadh rioscaí comhshaoil difear a dhéanamh dá neamhchosaintí a shainaithint trí bhreathnóireacht agus trí bhreithiúnas. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart dóibh próiseas struchtúrtha, dea - d hoiciméadaithe agus a ndéantar athbhreithniú rialta air a ghlacadh.
|
|
23. Ba cheart d’institiúidí foinsí sonraí iontaofa a shainaithint, modheolaíochtaí trédhearcacha a …
|
Ba cheart d’institiúidí foinsí sonraí iontaofa a shainaithint, modheolaíochtaí trédhearcacha a chur i bhfeidhm, agus toimhdí a chur in iúl go soiléir. I gcomhréir le Roinn 4.2 de na Treoirlínte maidir le bainistiú rioscaí ESG, ba cheart d’institiúidí na sonraí is gá a bhailiú bunaithe ar a measúnú ábharthachta.
|
|
24. Chun cainéil tarchurtha comhshaoil a shainaithint, ba cheart d’institiúidí tionscnóirí riosca …
|
Chun cainéil tarchurtha comhshaoil a shainaithint, ba cheart d’institiúidí tionscnóirí riosca ábhartha a shainaithint trí rioscaí aistrithe agus fisiceacha araon a mheas. Tá liosta neamh - uileghabhálach de chainéil tarchurtha a d’fhéadfadh a bheith ann, idi r mhicrea-chainéil agus mhacra- chainéil, le fáil san Iarscríbhinn.
|
|
25. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh a gcontrapháirtithe a …
|
Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh a gcontrapháirtithe a bheith neamhchosanta go hindíreach ar rioscaí comhshaoil trína slabhra luacha nó trí éifeachtaí iarmharta féideartha ar an ngeilleagar áitiúil, ag tosú lena gcontrapháirtithe is mó nó is comhchruinnithe. I gcás ina meastar go bhfuil tionchair indíreacha den sórt sin ábhartha, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh orthu siúd a léiriú sna cainéil tarchurtha ábhartha.
|
|
26. De réir thréimhse ama na hanailíse, ba cheart d’institiúidí fachtóirí féideartha maolaithe …
|
De réir thréimhse ama na hanailíse, ba cheart d’institiúidí fachtóirí féideartha maolaithe riosca nó aimpliúcháin a mheas. D’fhéadfadh an méid seo a bheith san áireamh: - a. cumhdach árachais phríobháidigh agus phoiblí - agus na bearnaí cosanta árachais atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo á gcur san áireamh;
- b. iarrachtaí leanúnacha contrapháirtithe agus straitéisí réamhbhreathnaitheacha a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus/nó oiriúnú don athrú sin (e.g. pleananna aistrithe i gcás ina bhfuil siad ar fáil), lena n -áirítear na rioscaí a eascraíonn as mainneachtain fhéideartha nó moill a d’fhéadfadh a bheith ann aistriú/oiriúnú den sórt sin a dhéanamh go héifeachtach; agus
- c. bearta oiriúnaithe áitiúla nó rialtais ábhartha, ach aire ann freisin gan brath ar ghníomhaíochtaí rialtais atá ródhóchasach nó ar scéimeanna tacaíochta airgeadais faoi stiúir an Stáit.
|
|
27. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a scaiptear rioscaí aistrithe agus …
|
Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a scaiptear rioscaí aistrithe agus rioscaí fisiceacha comhshaoil trí chainéil tarchurtha ábhartha, agus ar an gcaoi a dtagann siad chun cinn i gcatagóirí riosca bunaithe, lena n - áirítear: - a. samhail ghnó agus riosca straitéiseach (e.g. costas riosca níos airde agus brabúsacht níos ísle);
- b. riosca creidmheasa (e.g. mainneachtain contrapháirtithe nó dóchúlacht mhéadaithe mainneachtana, tionchar ar luachanna comhthaobhachta);
- c. riosca margaidh (e.g. caillteanas luacha sócmhainní airgeadais, luaineacht mhéadaithe, leathnú raonta difríochta creidmheasa ar shócmhainní áirithe);
- d. riosca leachtachta (e.g. deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú nó ar shócmhainní a leachtú, riachtanais leachtachta mhéadaithe custaiméirí); agus
- e. riosca oibriúcháin (e.g. cur isteach tobann nó de réir a chéile ar phróisis, lena n -áirítear neamhláithreacht foirne agus bristeacha TF).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|