+RIALACHÁN (AE) 2023/2405 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Raon feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Sciar den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe atá ar fáil ag aerfoirt de chuid an Aontais
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
------+Airteagal 4 6.
------+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 5 Oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
------+Airteagal 5 6.
------+Airteagal 5 7.
------+Airteagal 5 8.
------+Airteagal 5 9.
------+Airteagal 5 10.
------+Airteagal 5 11.
---+Airteagal 6 Oibleagáidí ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun rochtain ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
------+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 7 Soláthar hidrigine agus leictreachais a chur chun cinn ag aerfoirt de chuid an Aontais
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 8 Oibleagáidí tuairiscithe atá ar oibreoirí aerárthaí
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 9 Éileamh oibreora aerárthaí ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 10 Na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar sholáthróirí breosla eitlíochta
---+Airteagal 11 Údarás inniúil
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
------+Airteagal 11 5.
------+Airteagal 11 6.
------+Airteagal 11 7.
------+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 12 Forfheidhmiú
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
------+Airteagal 12 4.
------+Airteagal 12 5.
------+Airteagal 12 6.
------+Airteagal 12 7.
------+Airteagal 12 8.
------+Airteagal 12 9.
------+Airteagal 12 10.
---+Airteagal 13 Bailiú sonraí agus foilsiú
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 14 Scéim Lipéadaithe Comhshaoil
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 14 5.
------+Airteagal 14 6.
------+Airteagal 14 7.
------+Airteagal 14 8.
------+Airteagal 14 9.
------+Airteagal 14 10.
------+Airteagal 14 11.
------+Airteagal 14 12.
---+Airteagal 15 Sásraí solúbthachta
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 16 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 17 Tuarascálacha agus athbhreithniú
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 17 4.
------+Airteagal 17 5.
------+Airteagal 17 6.
------+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I Sciartha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 4
---+IARSCRÍBHINN II Teimpléad d’oibreoir aerárthaí maidir leis an tuairisciú
|
English -
European Union -
Environment -
Aviation -
RIALACHÁN (AE) 2023/2405 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2023/2405 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2023
maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le glacadh agus soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.
|
|
Airteagal 2 Raon feidhme
|
|
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
|
Airteagal 3
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘aerfort de chuid an Aontais’‘aerfort’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) i gcás inar mhó an trácht paisinéirí ná 800 000 paisinéir nó i gcás inar mhó an trácht lasta ná 100 000 tona sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, agus nach bhfuil suite i réigiún forimeallach, mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE;
(2)
ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais’, i ndáil le haerfort de chuid an Aontais, ‘comhlacht bainistíochta an aerfoirt’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/12/CE nó, i gcás ina bhfuil bainistiú na mbonneagar láraithe le haghaidh córais dáileacháin breosla forchoimeádta do chomhlacht eile ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 8(1) de Threoir 96/67/CE ón gComhairle (
2
), an comhlacht eile sin;
(3)
ciallaíonn ‘oibreoir aerárthaí’ duine a d’oibrigh ar a laghad 500 eitilt aeriompair tráchtála paisinéirí, nó 52 eitilt aeriompair uile-lasta tráchtála a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin nó, i gcás nach féidir an duine sin a shainaithint, úinéir an aerárthaigh;
(4)
ciallaíonn ‘eitilt aeriompair tráchtála’ eitilt arna hoibriú chun críocha paisinéirí, lasta nó post a iompar le haghaidh luach saothair nó ar cíos, lena n-áirítear eitilt eitlíochta gnó a oibrítear chun críoch tráchtála;
(5)
ciallaíonn ‘bealach’ turas a dhéantar ar eitilt, ag féachaint d’áit imeachta agus do cheann scríbe na heitilte sin;
(6)
ciallaíonn ‘breosla eitlíochta’ breosla intiteáin arna mhonarú lena úsáid go díreach ag aerárthaí;
(7)
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta inbhuanaithe’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:
(a)
breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
(b)
bithbhreoslaí eitlíochta; nó
(c)
breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte;
(8)
ciallaíonn ‘bithbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:
(a)
‘bithbhreoslaí ardfhorbartha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001;
(b)
‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, arna dtáirgeadh ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin; nó
(c)
‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, cé is moite de bhithbhreoslaí arna dtáirgeadh ó ‘barra bia agus beatha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), den Treoir sin, agus lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré a leagtar síos in Airteagal 29 den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
(9)
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(2) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
(10)
ciallaíonn ‘baisc’ cainníocht de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe is féidir a shainaithint le huimhir agus is féidir a rianú;
(11)
ciallaíonn ‘astaíochtaí saolré’ astaíochtaí de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin lena gcuirtear na nithe seo a leanas san áireamh – astaíochtaí de tháirgeadh fuinnimh léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin, iompar, riar fuinnimh agus úsáid ar bord, lena n-áirítear le linn dócháin, arna ríomh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 28(5) nó in Airteagal 31(5) de Threoir (AE) 2018/2001 nó de bhun dhlí ábhartha an Aontais;
(12)
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
(13)
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta ar de thionscnamh neamhbhitheolaíoch iad, a ndíorthaítear a gcion fuinnimh ó hidrigin ísealcharbóin neamhiontaise, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;
(14)
ciallaíonn ‘gnáthbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta a tháirgtear as foinsí breoslaí hidreacarbóin ar foinsí fuinnimh neamh-in-athnuaite iad;
(15)
ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin atá le húsáid in aerárthaí a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí neamh-iontaise neamh-in-athnuaite, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;
(16)
ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta’ hidrigin lena húsáid in aerárthaí a cháilíonn mar ‘breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, agus a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1), den Treoir sin agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
(17)
ciallaíonn ‘hidrigin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;
(18)
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;
(19)
ciallaíonn ‘soláthróir breosla eitlíochta’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe 38, de Threoir (AE) 2018/2001, a sholáthraíonn breosla eitlíochta nó hidrigin le haghaidh eitlíochta ag aerfort de chuid an Aontais;
(20)
ciallaíonn ‘láimhsealaí breosla’ soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a eagraíonn agus a dhéanann oibríochtaí breoslaithe agus díbhreoslaithe, lena n-áirítear stóráil breosla agus rialú cháilíocht agus chainníocht na seachadtaí breosla, chuig oibreoirí aerárthaí in aerfoirt de chuid an Aontais, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/67/CE;
(21)
ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannoifig nó oifig chláraithe soláthróra breosla eitlíochta sa Bhallstát ina ndéantar príomhrialú airgeadais agus oibríochtúil an tsoláthróra breosla eitlíochta;
(22)
ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ tréimhse aon bhliana, inar gá na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 10 a chur isteach, bliain dar tosach an 1 Eanáir agus dar críoch an 31 Nollaig;
(23)
ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de chuid na bliana roimh an mbliain tuairiscithe;
(24)
ciallaíonn ‘breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ an méid breosla eitlíochta ar a dtugtar ‘breosla turais’ agus ‘breosla innealta’ in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (
3
) is gá chun na heitiltí uile a oibríonn oibreoir aerárthaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a oibriú, a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;
(25)
ciallaíonn ‘cainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ an difríocht idir an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth agus an breosla arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí roimh eitiltí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;
(26)
ciallaíonn ‘cainníocht iomlán bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ méid na gcainníochtaí bliantúla nár forlíonadh na humair leo ag oibreoir aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais le linn tréimhse tuairiscithe;
(27)
ciallaíonn ‘scéim gáis ceaptha teasa’ scéim lena mbronntar sochair ar oibreoirí aerárthaí chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid.
|
|
Airteagal 4 Sciar den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe atá ar fáil ag aerfoirt de chuid an Aontais
|
|
|
Airteagal 5 Oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí
|
|
|
Airteagal 6 Oibleagáidí ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun rochtain ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú
|
|
|
Airteagal 7 Soláthar hidrigine agus leictreachais a chur chun cinn ag aerfoirt de chuid an Aontais
|
|
|
Airteagal 8 Oibleagáidí tuairiscithe atá ar oibreoirí aerárthaí
|
|
|
Airteagal 9 Éileamh oibreora aerárthaí ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
|
|
|
Airteagal 10 Na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar sholáthróirí breosla eitlíochta
|
Airteagal 10
Na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar sholáthróirí breosla eitlíochta
Faoin 14 Feabhra de gach bliana tuairiscithe, agus den chéad uair in 2025, tuairisceoidh soláthróirí breosla eitlíochta an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001:
(a)
méid an bhreosla eitlíochta arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;
(b)
méid an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, agus maidir le gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe, mar a shonraítear i bpointe (c), arna shloinneadh i dtonaí;
(c)
an próiseas tiontúcháin, saintréithe agus bunús an bhunábhair a úsáidtear le haghaidh táirgthe agus astaíochtaí saolré gach cineáil breosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag aerfoirt de chuid an Aontais;
(d)
an cion cumhránaice agus naftailéiní de réir céatadán de thoirt agus cion sulfair de réir céatadáin de mhais i mbreosla eitlíochta arna sholáthar in aghaidh na baisce, in aghaidh aerfort de chuid an Aontais agus ar leibhéal an Aontais, lena léirítear toirt agus mais iomlán gach baisce agus gach modha tástála a cuireadh i bhfeidhm chun cion gach substainte ar leibhéal na baisce a thomhas;
(e)
an luach fuinnimh le haghaidh breosla eitlíochta agus breosla eitlíochta inbhuanaithe arna soláthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, i gcás gach cineáil breosla.
Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis arna cur isteach ag soláthróirí breosla eitlíochta sa bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais cruinn, agus go ndearnadh í a fhíorú agus a iniúchadh de bhun Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001.
Beidh rochtain ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis inniúla ar an mbunachar sonraí sin de chuid an Aontais. Úsáidfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sa bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais, a luaithe a dhéanfar an fhaisnéis a fhíorú ar leibhéal an Bhallstáit de bhun Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001.
|
|
Airteagal 11 Údarás inniúil
|
|
|
Airteagal 12 Forfheidhmiú
|
|
|
Airteagal 13 Bailiú sonraí agus foilsiú
|
|
|
Airteagal 14 Scéim Lipéadaithe Comhshaoil
|
|
|
Airteagal 15 Sásraí solúbthachta
|
|
|
Airteagal 16 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 17 Tuarascálacha agus athbhreithniú
|
|
|
Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 18
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6, 8 agus 10 ón 1 Eanáir 2025.
|
|
IARSCRÍBHINN I Sciartha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 4
|
IARSCRÍBHINN I
Sciartha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 4
(a)
Ón 1 Eanáir 2025, sciar íosta de 2 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain;
(b)
Ón 1 Eanáir 2030, sciar íosta de 6 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain;
(i)
don tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, meánsciar de 1,2 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha thar an tréimhse, a bhfuil sciar íosta de 0,7 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha ann gach bliain;
(ii)
don tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, meánsciar de 2,0 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha thar an tréimhse, a bhfuil sciar íosta de 1,2 % ann gach bliain, ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2033, agus a bhfuil sciar íosta de 2,0 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha ann ón 1 Eanáir 2034 go dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)
Ón 1 Eanáir 2035, sciar íosta de 20 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 5 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
(d)
Ón 1 Eanáir 2040, sciar íosta de 34 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 10 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
(e)
Ón 1 Eanáir 2045, sciar íosta de 42 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 15 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
(f)
Ón 1 Eanáir 2050, sciar íosta de 70 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 35 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha.
|
|
IARSCRÍBHINN II Teimpléad d’oibreoir aerárthaí maidir leis an tuairisciú
|
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad d’oibreoir aerárthaí maidir leis an tuairisciú
Teimpléad d’oibreoir aerárthaí a thuairiscíonn ar chur ar bord breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
|
Aerfort de chuid an Aontais
|
Sainitheoir ICAO an Aerfoirt sin de chuid an Aontais
|
Breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth (tonaí)
|
Breosla eitlíochta iarmhír a cuireadh ar bord (tonaí)
|
Cainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord (tonaí)
|
Cainníocht iomlán bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord (tonaí)
|
Cainníocht bhliantúil na n-umar i dtaca le rialacha maidir le sábháilteacht breosla (tonaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Teimpléad d’oibreoir aerárthaí a thuairiscíonn ar cheannacháin breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
|
Líon iomlán na n-eitiltí arna n-oibriú
|
Líon iomlán na n-uaireanta eitilte
|
Soláthróir breosla
|
An méid a ceannaíodh (tonaí)
|
Próiseas tiontúcháin
|
Saintréithe
|
Bunús an bhunábhair
|
Astaíochtaí saolré
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|