+6.1. Breithniúcháin ghinearálta
---+109. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú agus scóráil a dhéanamh ar na riosca don chaipiteal atá …
---+110. Is é cuspóir an teidil seo modheolaíochtaí comhchoiteanna a chur ar fáil atá le breithniú chun …
---+111. Soláthraíonn an teideal seo treoirlínte d’údaráis inniúla chun na rioscaí seo a leanas do …
---+112. Sainaithnítear sa teideal freisin sraith fochatagóirí laistigh de gach catagóir riosca thuas …
---+113. Braitheann an cinneadh maidir le hábharthacht ar an mbreithiúnas maoirseachta. Mar sin féin, i …
---+114. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar rioscaí eile a shainaithnítear mar …
---+115. Ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe thuas a chur san áireamh freisin nuair a bhíonn déine a …
---+116. I gcás riosca creidmheasa, riosca margaidh agus riosca oibríochtúil, ba cheart d'údaráis …
---+117. Agus rioscaí don chaipiteal á meas, ba cheart d’údaráis inniúla an tionchar a d’fhéadfadh a …
---+118. Agus na modheolaíochtaí a shonraítear sa teideal seo á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart …
---+119. I gcás gach riosca ábhartha, ba cheart go ndéanfadh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a …
---+120. Léirítear an sreabhadh measúnaithe seo i bhfíor 2 thíos. Fíor 2. Sreabhadh oibre measúnaithe …
---+121. Agus a gcuid measúnuithe á ndéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as gach …
---+122. Agus rioscaí don chaipiteal á meas, ba cheart d’údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh …
---+123. Ba cheart toradh an mheasúnaithe ar gach riosca ábhartha a léiriú in achoimre ar thorthaí a …

6.1. Breithniúcháin ghinearálta

6.1. Breithniúcháin ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
109. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú agus scóráil a dhéanamh ar na riosca don chaipiteal atá …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú agus scóráil a dhéanamh ar na riosca don chaipiteal atá sainaitheanta mar ábhar ábhartha don institiúid.

110. Is é cuspóir an teidil seo modheolaíochtaí comhchoiteanna a chur ar fáil atá le breithniú chun …

Is é cuspóir an teidil seo modheolaíochtaí comhchoiteanna a chur ar fáil atá le breithniú chun rioscaí aonair agus bainistíocht riosca agus rialuithe a mheas. Níl sé beartaithe go mbeadh sé uileghabhálach agus tugann sé deis d’údaráis inniúla critéir bhreise eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith ábhartha bunaithe ar a dtaithí agus ar ghnéithe sonracha na hinstitiúide a chur san áireamh.

111. Soláthraíonn an teideal seo treoirlínte d’údaráis inniúla chun na rioscaí seo a leanas do …

Soláthraíonn an teideal seo treoirlínte d’údaráis inniúla chun na rioscaí seo a leanas do chaipiteal a mheasúnú agus a scóráil:

  • a. riosca creidmheasa agus contrapháirtí;
  • b. riosca margaidh;
  • c. riosca oibríochtúil;
  • d. riosca ráta úis ó ghníomhaíochtaí neamhthrádála (IRRBB).
112. Sainaithnítear sa teideal freisin sraith fochatagóirí laistigh de gach catagóir riosca thuas …

Sainaithnítear sa teideal freisin sraith fochatagóirí laistigh de gach catagóir riosca thuas, ar gá iad a chur san áireamh nuair a dhéantar rioscaí do chaipiteal a mheasúnú. Ag brath ar ábharthacht na bhfochatagóirí seo d'institiúid ar leith, is féidir iad a mheasúnú agus a scóráil ina n-aonar. Cuirtear liostaí neamh-uileghabhálacha d' fhochatagóirí do riosca creidmheasa, riosca margaidh, riosca oibríochtúil agus IRRBB i láthair in Aguisíní I-IV, liostaí ar cheart d'údaráis inniúla a bhreithniú, nuair is iomchuí.

113. Braitheann an cinneadh maidir le hábharthacht ar an mbreithiúnas maoirseachta. Mar sin féin, i …

Braitheann an cinneadh maidir le hábharthacht ar an mbreithiúnas maoirseachta. Mar sin féin, i gcás riosca iasachtaithe FX, i bhfianaise Mholadh BERS maidir le hiasachtú in airgeadraí eachtracha27 , ba cheart ábharthacht a chinneadh agus an tairseach seo a leanas á cur san áireamh: is ionann iasachtaí atá ainmnithe in airgeadra eachtrach d’iasachtaithe neamhfhálaithe agus 10 % ar a laghad de leabhar iasachta iomlán institiúide (iasachtaí iomlána do chorparáidí neamhairgeadais agus do theaghlaigh), i gcás inarb ionann leabhar iasachta iomlán den sórt sin agus 25 % ar a laghad de shócmhainní iomlána na hinstitiúide.


27 Moladh ó Bhord Eorpach na Rioscaí Córasacha an 21 Meán Fómhair 2011 maidir le hiasachtú in airgeadraí iasachta (BERS/2011/1) (IO C 342, 22.11.2011, lch. 1).

114. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar rioscaí eile a shainaithnítear mar …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar rioscaí eile a shainaithnítear mar rioscaí ábhartha d’institiúid shonrach ach nach bhfuil liostaithe thuas (e.g. riosca pinsin, riosca clú, riosca straitéiseach agus gnó, riosca céim-isteach, comhchruinniú laistigh agus idir-riosca). D’fhéadfadh an méid seo a leanas cabhrú leis an bpróiseas aitheantais:

  • a. tiomántóirí TREA;
  • b. rioscaí a shainaithnítear in ICAAP na hinstitiúide;
  • c. riosca a eascraíonn as samhail ghnó na hinstitiúide (lena n-áirítear iad siúd a shainaithin institiúidí eile a bhfuil samhail gnó chomhchosúil acu);
  • d. faisnéis a eascraíonn as faireachán ar phríomhtháscairí;
  • e. torthaí agus barúlacha ó thuarascálacha iniúchta inmheánaigh nó sheachtraigh;
  • f. moltaí agus treoirlínte arna n-eisiúint ag an ÚBE, mar aon le rabhaidh agus moltaí arna n-eisiúint ag údaráis macrastuamachta nó BERS.
115. Ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe thuas a chur san áireamh freisin nuair a bhíonn déine a …

Ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe thuas a chur san áireamh freisin nuair a bhíonn déine a ngníomhaíochta maoirseachta á pleanáil acu maidir le measúnú ar riosca sonrach.

116. I gcás riosca creidmheasa, riosca margaidh agus riosca oibríochtúil, ba cheart d'údaráis …

I gcás riosca creidmheasa, riosca margaidh agus riosca oibríochtúil, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh, inter alia, ar ghníomhartha dlíthiúla atá foilsithe ar leithligh ar shuíomh gréasáin ÚBE, mar a dtagraítear dóibh i mír 12, a bheith á gcomhlíonadh ag an institiúid. Mar sin féin, leathnaíonn na treoirlínte seo raon feidhme an mheasúnaithe lastall de na ceanglais íosta sin chun ligean d'údaráis inniúla teacht ar thuairim chuimsitheach ar rioscaí don chaipiteal.

117. Agus rioscaí don chaipiteal á meas, ba cheart d’údaráis inniúla an tionchar a d’fhéadfadh a …

Agus rioscaí don chaipiteal á meas, ba cheart d’údaráis inniúla an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag riosca costais mhaoinithe a mheas de réir na modheolaíochta atá ar áireamh i dTeideal 8 agus féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá atá le bearta chun an riosca sin a mhaolú.

118. Agus na modheolaíochtaí a shonraítear sa teideal seo á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart …

Agus na modheolaíochtaí a shonraítear sa teideal seo á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart d’údaráis inniúla táscairí cainníochtúla ábhartha agus méadrachtaí eile a shainaithint, a d’fhéadfaí a úsáid freisin chun faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí, mar a shonraítear i dTeideal 3 agus ba cheart dóibh beartas riosca inmheánacha institiúidí a bhreithniú, leis, nuair is iomchuí.

119. I gcás gach riosca ábhartha, ba cheart go ndéanfadh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a …

I gcás gach riosca ábhartha, ba cheart go ndéanfadh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a mheasúnú agus a léiriú sa scór riosca:

  • a. riosca bunúsach (neamhchosaintí riosca);
  • b. cáilíocht agus éifeachtacht na bainistíochta agus na rialuithe riosca.
120. Léirítear an sreabhadh measúnaithe seo i bhfíor 2 thíos. Fíor 2. Sreabhadh oibre measúnaithe …

Léirítear an sreabhadh measúnaithe seo i bhfíor 2 thíos.

Fíor 2. Sreabhadh oibre measúnaithe le haghaidh rioscaí don chaipiteal

Measúnú ar rioscaí aonair bunúsacha rioscaMeasúnúar bunúsach

Measúnú ar rioscaí agus rialuithe Scór aonair riosca

bhainistíochtMeasúnú ar agus rialuithe rioscaMeasúnú ar bhainistíocht riosca agus rialuithe
121. Agus a gcuid measúnuithe á ndéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as gach …

Agus a gcuid measúnuithe á ndéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as gach foinse faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear tuairisciú rialála, méadracht agus tuarascálacha inmheánacha na hinstitiúide (e.g. tuarascáil iniúchóireachta inmheánaí, tuarascálacha bainistíochta riosca, faisnéis ón ICAAP), tuarascálacha cigireachta láithreán agus tuarascálacha seachtracha (e.g. cumarsáid na hinstitiúide le hinfheisteoirí, gníomhaireachtaí rátála). Ba cheart d’údaráis inniúla dul i muinín tuairisciú ad hoc sa chás go bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach a gcúraimí maoirseachta a chur i gcrích, agus sa chás nach bhfuil an fhaisnéis dúblach nó ar fáil ar shlí eile, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 104(2) den CRD. Cé go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an measúnú sonrach d'institiúidí, ba cheart comparáid a dhéanamh le piaraí a mheas chun neamhchosaint ionchasach ar rioscaí ar chaipiteal a shainaithint. Chun críocha den sórt sin, ba cheart piaraí a shainiú ar bhonn an riosca agus ní gá go mbeidís ag teacht leis an méid atá sainaitheanta le haghaidh BMA nó anailísí eile.

122. Agus rioscaí don chaipiteal á meas, ba cheart d’údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh …

Agus rioscaí don chaipiteal á meas, ba cheart d’údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh freisin ar chruinneas agus ar stuamacht ríomh na n-íoscheanglas cistí dílse chun cásanna a shainaithint ina bhféadfadh ríomhanna cistí dílse íosta an leibhéal riosca iarbhír a mheas faoina luach. Chuirfeadh an measúnú seo bonn ar fáil faoi chinneadh an P2R mar a fhoráiltear i Rannóg 7.2.3.

123. Ba cheart toradh an mheasúnaithe ar gach riosca ábhartha a léiriú in achoimre ar thorthaí a …

Ba cheart toradh an mheasúnaithe ar gach riosca ábhartha a léiriú in achoimre ar thorthaí a thugann míniú ar na príomhchúiseanna riosca, agus scór riosca, mar a shonraítear sna ranna seo a leanas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.