+6.2. Measúnú ar riosca creidmheasa agus contrapháirtí
---+124. Agus an creat bainistíochta riosca creidmheasa á mheasúnú acu, ba cheart d'údaráis inniúla …
---+125. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa a eascraíonn as …
---+126. Ba cheart go gcuirfeadh údaráis inniúla san áireamh an fhéidearthacht go bhféadfadh na …
---+127. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag rioscaí ESG ar an …
---+128. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla inniúla aird a thabhairt freisin ar an …
---+129. Ba cheart d’údaráis inniúla an anailís ar riosca creidmheasa a mheasúnú ó pheirspictíocht …
---+130. Chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa bunúsach institiúide, ba cheart d’údaráis …
---+131. Ba cheart d'údaráis inniúla a measúnú a dhíriú go príomha ar na foinsí riosca creidmheasa is …
---+132. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar ábharthacht an riosca i ndáil leis an …
---+133. Mar fhoinse bhreise faisnéise maidir leis an measúnú ábharthachta, ba cheart d'údaráis inniúla …
---+134. Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí tástálacha struis a chur san áireamh, leis, tástálacha a …
---+135. Bunaithe ar an measúnú ábharthachta a rinneadh sna míreanna roimhe seo, chomh maith le méid …
---+136. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chineál na neamhchosaintí creidmheasa (i.e. …
---+137. Chun cineál an riosca creidmheasa a mheasúnú, ba cheart d’údaráis inniúla na fochatagóirí …
---+138. I gcás ina meastar neamhchosaintí speisialaithe iasachtaithe a bheith ábhartha, ba cheart …
---+139. Agus cáilíocht chreidmheasa punainne á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a …
---+140. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh chun idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí …
---+141. Ba cheart go mbeadh measúnú foriomlán ar thimthriall creidmheasa na hinstitiúide ó cheann go …
---+142. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil leibhéal na bhforálacha caillteanais iasachta …
---+143. Agus riosca creidmheasa bunúsach institiúide á meas, ba cheart d’údaráis inniúla torthaí na …
---+144. Ba cheart d’údaráis inniúla leibhéal agus cáilíocht na ráthaíochtaí (lena n-áirítear …
---+145. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar ábharthacht an riosca iarmhairtigh …
---+146. Agus measúnú á dhéanamh acu ar thionchar rioscaí ESG agus rioscaí comhshaoil, go háirithe ar …
---+147. Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca creidmheasa na hinstitiúide, ba cheart …
---+148. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú an bhfuil inghlacthacht, straitéis agus teorainneacha …
---+149. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil …
---+150. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus …
---+151. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat oiriúnach …
---+152. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé an dtuigeann nó nach dtuigeann …
---+153. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil faireachán leanúnach agus …
---+154. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe láidir …
---+155. Agus an measúnú seo á dhéanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu atá nó nach …
---+156. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar fheidhmiúlacht na feidhme …
---+157. Maidir le hinstitiúidí a ghlacann cur chuige bunaithe ar rátáil inmheánach chun íoscheanglais …
---+158. Tar éis an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le riosca …
---+159. Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a …
|
6.2. Measúnú ar riosca creidmheasa agus contrapháirtí
6.2.1. Breithniúcháin ghinearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
124. Agus an creat bainistíochta riosca creidmheasa á mheasúnú acu, ba cheart d'údaráis inniúla …
|
Agus an creat bainistíochta riosca creidmheasa á mheasúnú acu, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na gníomhartha dlí a fhoilsítear ar leithligh ar shuíomh gréasáin an ÚBE, mar a dtagraítear dó i mír 12, a bheith á gcomhlíonadh ag an institiúid.
|
|
125. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa a eascraíonn as …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa a eascraíonn as neamhchosaintí uile an leabhair bhaincéireachta (lena n-áirítear ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe). Ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh freisin ar an riosca creidmheasa contrapháirtí agus ar an riosca socraíochta a d’fhéadfadh teacht faoi leabhair bhaincéireachta agus trádála araon. D’fhonn measúnú den sórt sin a dhéanamh, ba cheart d’údaráis inniúla na comhpháirteanna go léir a chinneann caillteanais chreidmheasa ionchasacha a bhreithniú, agus go háirithe: - a. an dóchúlacht go dtarlóidh eachtra chreidmheasa (i.e. mainneachtain), nó eachtraí creidmheasa comhghaolmhara, a bhaineann go príomha leis na hiasachtaithe agus lena gcumas oibleagáidí ábhartha a aisíoc;
- b. méid na neamhchosaintí atá faoi réir riosca creidmheasa;
- c. ráta aisghabhála na neamhchosaintí creidmheasa i gcás ina mainníonn iasachtaithe.
|
|
126. Ba cheart go gcuirfeadh údaráis inniúla san áireamh an fhéidearthacht go bhféadfadh na …
|
Ba cheart go gcuirfeadh údaráis inniúla san áireamh an fhéidearthacht go bhféadfadh na comhpháirteanna sin dul in olcas le himeacht ama agus dul in olcas i gcomparáid leis na torthaí a mbeifí ag súil leo.
|
|
127. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag rioscaí ESG ar an …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag rioscaí ESG ar an riosca creidmheasa dúchasach, chomh maith le leordhóthanacht na rialuithe riosca creidmheasa a bhaineann le rioscaí ESG, agus tús áite a thabhairt do rioscaí comhshaoil. Go háirithe, ba cheart d’údaráis inniúla rioscaí aistrithe comhshaoil agus rioscaí fisiceacha a mheas agus measúnú á dhéanamh acu ar riosca comhchruinnithe creidmheasa agus ar riosca eastáit réadaigh, agus nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh acu ar riosca creidmheasa i bpunanna sonracha nó in aicmí neamhchosanta a mheastar a bheith neamhchosanta go hábhartha ar rioscaí comhshaoil.
|
|
128. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla inniúla aird a thabhairt freisin ar an …
|
Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla inniúla aird a thabhairt freisin ar an mbreithniú a thugtar do rioscaí ML/TF laistigh de chomhthéacs an phróisis deonaithe creidmheasa, lena n-áirítear an bhfuil córais agus rialuithe i bhfeidhm ag an institiúid chun a áirithiú gur ó fhoinsí dlisteanacha atá na cistí a úsáidtear chun iasachtaí a aisíoc. 6.2.2. Measúnú ar riosca creidmheasa bunúsach Foinsí ábhartha riosca creidmheasa a shainaithint
|
|
129. Ba cheart d’údaráis inniúla an anailís ar riosca creidmheasa a mheasúnú ó pheirspictíocht …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla an anailís ar riosca creidmheasa a mheasúnú ó pheirspictíocht reatha agus ó pheirspictíocht réamhbhreathnaitheach araon, agus an anailís ar riosca creidmheasa na punainne reatha a chomhcheangal leis an measúnú ar straitéis riosca creidmheasa na hinstitiúide, inghlacthacht riosca agus teorainneacha riosca (a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den mheasúnú straitéise níos leithne a rinneadh mar chuid den BMA). Ba cheart d'údaráis inniúla an difear a d'fhéadfadh na forbairtí maicreacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leos, chomh maithe leis na forbairtí maicreacnamaíocha faoi strus, do na gnéithe sin.
|
|
130. Chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa bunúsach institiúide, ba cheart d’údaráis …
|
Chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa bunúsach institiúide, ba cheart d’údaráis inniúla a neamhchosaint ar riosca creidmheasa a shainaithint ar dtús. Chun é sin a bhaint amach agus chun a áirithiú go sainaithneofar go comhsheasmhach na foinsí riosca creidmheasa a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu, ba cheart dóibh na foinsí faisnéise seo a leanas a mheas: - a. teimpléid tuairiscithe rialála, amhail COREP agus FINREP, agus na haicmí ábhartha risíochta rialála á gcur san áireamh bunaithe ar chur chuige na hinstitiúide maidir le ceanglais cistí dílse (i.e. caighdeánaithe nó IRB);
- b. léargais a fuarthas ó mheasúnú ar ghnéithe eile den SREP (amhail an BMA) agus ó ghníomhaíochtaí maoirseachta a rinneadh roimhe sin;
- c. comparáidí idir seasamh na hinstitiúide lena piaraí, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil. Go háirithe, i gcás institiúidí a úsáideann an cur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha, ba cheart d’údaráis inniúla toradh an chleachtaidh tagarmharcála maoirseachta a rinneadh a mheas i gcomhréir le hAirteagal 78 de Threoir 2013/36/AE.
|
|
131. Ba cheart d'údaráis inniúla a measúnú a dhíriú go príomha ar na foinsí riosca creidmheasa is …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla a measúnú a dhíriú go príomha ar na foinsí riosca creidmheasa is suntasaí a aithníodh, agus a dtábhacht don institiúid a mheas ó pheirspictíocht stuamachta. Chun an measúnú sin a sheoladh, ba cheart dóibh na gnéithe seo a leanas a bhreithniú: - a. an straitéis agus an inghlacthacht riosca creidmheasa agus teorainneacha ábhartha;
- b. méid an luacha neamhchosanta i gcás na punainne i dtrácht, i gcomparáid le luach neamhchosanta iomlán na neamhchosaintí creidmheasa, agus a fás le himeacht ama san áireamh;
- c. méid an cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa i gcás na punainn i dtrácht i gcomparáid leis an gceanglas iomlán cistí dílse, agus a fás le himeacht ama san áireamh;
- d. nuair is ábhartha, an caipiteal inmheánach a leithdháil an institiúid le haghaidh riosca creidmheasa don phunann i dtrácht, i gcomparáid leis an gcaipiteal inmheánach iomlán;
- e. comhdhéanamh agus cáilíocht ítimí creidmheasa laistigh agus lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide sa phunann thuillmheach (lena n-áirítear neamhchostaint staonta) agus sa phunann neamhthuillmheach, lena n-áirítear leibhéal agus athrú le himeacht ama laguithe agus díscríobh agus rátaí mainneachtana na punainne creidmheasa.
|
|
132. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar ábharthacht an riosca i ndáil leis an …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar ábharthacht an riosca i ndáil leis an bpunann reatha, agus le peirspictíocht stairiúil agus réamhbhreathnaitheach (athrú roimhe seo ar na figiúirí agus ar na réamhaisnéisí seo, nuair atá siad ar fáil).
|
|
133. Mar fhoinse bhreise faisnéise maidir leis an measúnú ábharthachta, ba cheart d'údaráis inniúla …
|
Mar fhoinse bhreise faisnéise maidir leis an measúnú ábharthachta, ba cheart d'údaráis inniúla - – i gcás ina bhfuil siad ar fáil agus ina bhfuil sé iomchuí – na paraiméadair riosca creidmheasa inmheánacha a úsáideann an institiúid a chur san áireamh. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanacht maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa a chainníochtú go cruinn thar phunanna éagsúla, agus aird ar leith á tabhairt ar fhianaise ón tuarascáil bhliantúil arna táirgeadh ag feidhm bhailíochtaithe na hinstitiúide, agus go sonrach ar thorthaí cúltástála – is é sin, comparáid a dhéanamh idir paraiméadair bhunaithe agus torthaí breathnaithe arna ndéanamh ag an institiúid. Ba cheart d'údaráis inniúla béim a chur ar phunanna ina bhfuil na paraiméadair mheasta tar éis na torthaí breathnóireachta a mheas faoina luach.
|
|
134. Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí tástálacha struis a chur san áireamh, leis, tástálacha a …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí tástálacha struis a chur san áireamh, leis, tástálacha a rinne an institiúid chun aon fhoinsí riosca creidmheasa nár aithníodh roimhe seo a shainaithint, amhail na cinn sin a d’eascair as athruithe ar cháilíocht chreidmheasa, comhchruinnithe creidmheasa, luach comhthaobhachta agus neamhchosaint ar chreidmheas le linn tréimhse struis.
|
|
135. Bunaithe ar an measúnú ábharthachta a rinneadh sna míreanna roimhe seo, chomh maith le méid …
|
Bunaithe ar an measúnú ábharthachta a rinneadh sna míreanna roimhe seo, chomh maith le méid agus castacht riosca creidmheasa agus phunann creidmheasa na hinstitiúide, ba cheart d'údaráis inniúla an leibhéal cuí mionsonraí maidir leis an measúnú a roghnú. Cineál, méid agus comhdhéanamh phunann creidmheasa na hinstitiúide (míreanna a bhaineann le creidmheas laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe)
|
|
136. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chineál na neamhchosaintí creidmheasa (i.e. …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chineál na neamhchosaintí creidmheasa (i.e. na cineálacha iasachtaithe agus neamhchosaintí) anailís a dhéanamh ar chomhdhéanamh phunann creidmheasa na hinstitiúide. Agus an measúnú seo á dhéanamh, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas, leis, an difear a d'fhéadfadh cineál na neamhchosanta ar riosca creidmheasa a dhéanamh do mhéid na neamhchosainta (e.g. línte creidmheasa/gealltanais neamhtharraingthe arna dtarraingt anuas ag iasachtaithe, ainmníocht airgeadra eachtraigh, etc.), agus acmhainneacht dhlíthiúil na hinstitiúide chun méideanna neamhtharraingthe saoráidí creidmheasa tiomanta a chealú go haontaobhach á cur san áireamh.
|
|
137. Chun cineál an riosca creidmheasa a mheasúnú, ba cheart d’údaráis inniúla na fochatagóirí …
|
Chun cineál an riosca creidmheasa a mheasúnú, ba cheart d’údaráis inniúla na fochatagóirí riosca creidmheasa seo a leanas ar a laghad a mheas trí mheasúnú níos mionsonraithe a dhéanamh ar na fochatagóirí sin a mheastar is ábhartha don institiúid28 : - a. riosca comhchruinnithe creidmheasa;
- b. riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca socraíochta agus seachadta;
- c. riosca tíre;
- d. riosca creidmheasa ó urrúsuithe;
- e. riosca iasachta FX;
- f. rosca eastáit réadaigh;
- g. riosca cothromais sa leabhar baincéireachta;
- h. riosca caolúcháin;
- i. riosca eiseamláireach do shamhlacha ceadaithe rialála.
28 Féach Iarscríbhinn I le haghaidh miondealú neamh-uileghabhálach ar fhochatagóirí riosca creidmheasa agus tuilleadh sonraí maidir lena measúnú.
|
|
138. I gcás ina meastar neamhchosaintí speisialaithe iasachtaithe a bheith ábhartha, ba cheart …
|
I gcás ina meastar neamhchosaintí speisialaithe iasachtaithe a bheith ábhartha, ba cheart d’údaráis inniúla neamhchosaintí den sórt sin a mheasúnú ar leithligh ó ghníomhaíochtaí iasachtaithe eile ós rud é go luíonn riosca na neamhchosaintí sin i mbrabúsacht na sócmhainne nó an tionscadail arna maoiniú (e.g. eastát réadach tráchtála, gléasra fuinnimh, loingeas, tráchtearra) seachas san iasachtaí (ar feithicil sainchuspóireach é de ghnáth). Agus an measúnú seo á dhéanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla na nithe seo a leanas a bhreithniú: - a. brabúsacht na dtionscadal agus coimeádacht na dtoimhdí is bun leis na pleananna gnó (lena n-áirítear riosca creidmheasa na bpríomhchustaiméirí);
- b. tionchar na n-athruithe ar rialáil, go háirithe i gcás earnálacha fóirdheonaithe, ar shreafaí airgid amach anseo;
- c. tionchar éileamh athraitheach an mhargaidh, i gcás inarb ábhartha, agus margadh a bheith ann chun an réad a mhaoinítear a dhíol amach anseo;
- d. siondacáit nó iasachtóirí eile a roinneann an riosca creidmheasa a bheith ann;
- e. aon chineál ráthaíochta atá curtha i ngeall ag na hurraitheoirí;
- f. an méadú féideartha ar an riosca comhchruinnithe a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí seo.
Cáilíocht chreidmheasa punainne
|
|
139. Agus cáilíocht chreidmheasa punainne á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a …
|
Agus cáilíocht chreidmheasa punainne á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar leordhóthanacht aicmiú na neamhchosaintí creidmheasa agus measúnú a dhéanamh ar thionchar an mhí-aicmithe ionchasaigh, agus an mhoill ina dhiaidh sin ar sholáthar agus ar aithint na gcaillteanas ag an institiúid.
|
|
140. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh chun idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh chun idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí tuillmheacha, neamhthuillmheacha agus neamhchosanta staonta, agus líon na n-oibleagáideoirí agus na méideanna ábhartha á gcur san áireamh. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcáilíocht chreidmheasa fhoriomlán ar leibhéal na punainne agus ar na gráid cháilíochta éagsúla laistigh de gach ceann de na catagóirí thuas chun riosca creidmheasa foriomlán na hinstitiúide a chinneadh. Mar chuid den mheasúnú seo ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar riosca mainneachtana agus imirce de réir aicmí na neamhchosanta, agus treochtaí sa cháilíocht chreidmheasa le himeacht ama á gcur san áireamh, agus ba cheart dóibh a mheas an bhfuil an cháilíocht chreidmheasa iarbhír comhsheasmhach leis an inghlacthacht riosca sonraithe, agus cúiseanna a bhunú le haon chlaonadh uaithi.
|
|
141. Ba cheart go mbeadh measúnú foriomlán ar thimthriall creidmheasa na hinstitiúide ó cheann go …
|
Ba cheart go mbeadh measúnú foriomlán ar thimthriall creidmheasa na hinstitiúide ó cheann go ceann mar thoradh air sin, ó thionscnamh trí fhaireachán agus bainistiú a dhéanamh ar gach catagóir neamhchosanta. Agus an anailís sin á déanamh, ba cheart d’údaráis inniúla piarchomparáidí agus punanna tagarmharcála a úsáid (i.e. punanna iasachtaithe is coiteann do ghrúpaí institiúidí) i gcás inarb iomchuí agus inar féidir. Ba cheart an anailís seo a dhéanamh agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: - a. táscairí cáilíochta sócmhainní, treochtaí stairiúla agus rátaí fáis de réir cineálacha iasachtaithe, earnálacha agus táirgí, dáileadh grád creidmheasa na n-iasachtaithe, rátaí aistrithe stairiúla trasna na ngrád creidmheasa, rátaí iasachtaí atá thar téarma agus rátaí mainneachtana do thréimsí éagsúla ama;
- b. na rátaí agus an clúdach neamhthuillmheach in aghaidh na punainne, na hearnála, na tíreolaíochta agus na n-athruithe le himeacht ama, agus na hinsreafaí/na heis-sreafaí ábhartha ó gach punann ábhartha á gcur san áireamh freisin, dáileadh na neamhchosaintí thar aicmí neamhchosaintí neamhthuillmheacha (i.e. thar téarma, amhrasach), leibhéal agus athrú laguithe agus díscríobh le himeacht ama do gach tiomántóir ábhartha, rátaí téarnaimh stairiúla agus fad an phróisis aisghabhála, sócmhainní foriata agus athruithe le himeacht ama, chomh maith leis an am ó aicmíodh neamhchosaintí mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha.
|
|
142. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil leibhéal na bhforálacha caillteanais iasachta …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil leibhéal na bhforálacha caillteanais iasachta agus na gcoigeartuithe luachála creidmheasa iomchuí maidir le cáilíocht na neamhchosaintí agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le leibhéal na comhthaobhachta, go háirithe measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil leibhéal na bhforálacha caillteanais iasachta comhsheasmhach le leibhéal an riosca i bpunanna éagsúla, le himeacht ama agus i gcomparáid le piaraí ábhartha na hinstitiúide chomh maith le forbairtí maicreacnamaíocha ábhartha agus cibé an léiríonn nó nach léiríonn na coigeartuithe luachála creidmheasa ar luachanna margaidh díorthach acmhainneacht creidmheasa na gcontrapháirtithe ábhartha. I gcás ina meastar gur gá, ba cheart d’údaráis inniúla úsáid a bhaint as cigireachtaí ar an láthair nó as gníomhaíochtaí maoirseachta iomchuí eile chun a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil leibhéal an tsoláthair do chaillteanais iasachtaí agus clúdach riosca leordhóthanach, trí shampla iasachtaí a mheasúnú, mar shampla. Agus a leithéid de mheasúnú á dhéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla aon torthaí a tharraing na iniúchóirí inmheánacha agus seachtracha anuas a bhreithniú, leis, má tá siad ar fáil.
|
|
143. Agus riosca creidmheasa bunúsach institiúide á meas, ba cheart d’údaráis inniúla torthaí na …
|
Agus riosca creidmheasa bunúsach institiúide á meas, ba cheart d’údaráis inniúla torthaí na dtástálacha struis a rinne an institiúid chun aon fhoinsí riosca creidmheasa nár aithníodh roimhe seo a shainaithint a chur san áireamh, amhail na cinn sin a d’eascair as athruithe ar cháilíocht chreidmheasa, comhchruinnithe creidmheasa, luach comhthaobhachta agus neamhchosaint ar chreidmheas le linn tréimhse struis. Leibhéal agus caighdeán an chreata mhaolaithe riosca creidmheasa
|
|
144. Ba cheart d’údaráis inniúla leibhéal agus cáilíocht na ráthaíochtaí (lena n-áirítear …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla leibhéal agus cáilíocht na ráthaíochtaí (lena n-áirítear díorthaigh chreidmheasa) agus na comhthaobhachta atá ar fáil a mhaolódh caillteanais chreidmheasa i gcás ina dtarlaíonn teagmhais chreidmheasa a bhreithniú, lena n-áirítear iad sin nach nglactar leo mar theicnící maolaithe riosca creidmheasa incháilithe le haghaidh ríomh cistí dílse. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla na nithe seo a leanas a bhreithniú: - a. an clúdach a chuirtear ar fáil trí chomhthaobhacht agus ráthaíochtaí de réir punainne, cineál iasachtaí, rátáil, earnála agus gnéithe ábhartha eile;
- b. luachanna comhthaobhachta, le haghaidh neamhchosaintí tuillmheacha agus neamhthuillmheacha;
- c. cóimheasa aisghabhála stairiúla de réir cineáil agus méid na comhthaobhachta agus na ráthaíochtaí;
|
|
145. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar ábharthacht an riosca iarmhairtigh …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar ábharthacht an riosca iarmhairtigh (mar a dtagraítear dó in Airteagal 80 de Threoir 2013/36/AE) agus go háirithe ar leordhóthanacht agus infheidhmitheacht comhaontuithe comhthaobhachta agus ráthaíochtaí, ar an amú agus ar an gcumas comhthaobhacht a réadú agus ráthaíochtaí a fhorghníomhú faoin gcreat dlíthiúil náisiúnta, ar leachtacht agus luaineacht luachanna sócmhainní mar chomhthaobhacht agus ar luach inaisghabhála na comhthaobhachta faoi aon ghníomhaíochtaí forfheidhmithe creidmheasa. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar chomhchruinniú na ráthóirí agus na comhthaobhachta, mar aon leis an gcomhghaol le hacmhainneacht creidmheasa na n-iasachtaithe (i.e. riosca mícheart) agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh éifeachtacht na cosanta de. Fachtóirí ESG
|
|
146. Agus measúnú á dhéanamh acu ar thionchar rioscaí ESG agus rioscaí comhshaoil, go háirithe ar …
|
Agus measúnú á dhéanamh acu ar thionchar rioscaí ESG agus rioscaí comhshaoil, go háirithe ar an riosca creidmheasa bunúsach, ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag údaráis inniúla saintréithe sonracha na rioscaí sin a chur san áireamh amhail a gcineál réamhbhreathnaitheach agus tionchair ar leith thar thréimhsí éagsúla, agus na héiginnteachtaí a bhaineann le réamh-mheastacháin fhadtéarmacha á n‑aithint ag an am céanna agus a gcumas á fhorbairt chun na saintréithe sin a chur san áireamh ina measúnú. 6.2.3. Measúnú ar chreat bainistithe riosca creidmheasa agus rialaithe
|
|
147. Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca creidmheasa na hinstitiúide, ba cheart …
|
Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca creidmheasa na hinstitiúide, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar chreat bainistíochta agus rialaithe riosca creidmheasa na hinstitiúide agus ar a leordhóthanacht maidir leis na neamhchosaintí ar riosca creidmheasa bunúsach. Maidir leis an measúnú seo, ba cheart d’údaráis inniúla brath freisin ar an toradh a thagann ón measúnú ar ghnéithe eile den SREP (amhail an BMA agus réimsí rialachais). I gcás na n-institiúidí atá faoi réir chur i bhfeidhm straitéisí NPE (laghdú) agus na treorach gaolmhaire rialachais agus oibríochtúla, ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú freisin an gcomhlíonann institiúidí ceanglais shonracha a leagtar amach sna treoirlínte ÚBE ábhartha maidir le straitéisí den sórt sin agus a n-oibriú, lena n-áirítear maidir le hoibleagáidí cosanta tomhaltóirí a chomhlíonadh. Straitéis agus inghlacthacht riosca creidmheasa
|
|
148. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú an bhfuil inghlacthacht, straitéis agus teorainneacha …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú an bhfuil inghlacthacht, straitéis agus teorainneacha riosca creidmheasa, atá leagtha amach agus doiciméadaithe go soiléir agus atá ceadaithe ag an gcomhlacht bainistíochta, ag an institiúid. Maidir leis an measúnú seo, i measc fachtóirí eile, ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt ar ról an chomhlachta bainistíochta maidir le straitéis agus inghlacthacht riosca creidmheasa a leagan síos, a cheadú agus a athbhreithniú, ar chur i bhfeidhm cuí na straitéise seo ag an ardbhainistíocht, chomh maith lena hoiriúnacht don institiúid i bhfianaise a samhla gnó, a hinghlacthacht riosca fhoriomlán, an timpeallacht mhargaidh reatha agus ionchasach, agus a riocht airgeadais. Creat rialaithe eagraíochtúil agus inmheánach
|
|
149. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil iomchuí agus socruithe rialachais iomchuí ag an institiúid le gur féidir riosca creidmheasa a ghlacadh go héifeachtach, a bhainistiú, a thomhas agus a rialú, agus a bhfuil nó nach bhfuil dóthain acmhainní daonna agus teicniúla (idir cháilíochtúil agus chainníochtúil) aici chun na tascanna is gá a chur i gcrích. Ba cheart dóibh go háirithe measúnú a dhéanamh ar cibé an dtuigeann nó nach dtuigeann comhlacht bainistíochta na hinstitiúide agus an ardbhainistíocht na boinn tuisceana atá mar bhonn leis an gcóras tomhais creidmheasa. Maidir leis an measúnú seo, ba cheart d'údaráis inniúla leordhóthanacht na línte freagrachta, chomh maith le scileanna agus taithí na foirne chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, maidir le riosca creidmheasa a ghlacadh, a thomhas, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a thuairisciú a chur san áireamh, lena n-áirítear bainistiú NPEanna, agus go háirithe oibriú amach NPEanna, agus ar deireadh, an bhfuil scaradh soiléir ann idir glacadóirí riosca agus bainisteoirí riosca.
|
|
150. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna imeachta cuí ag an institiúid chun riosca creidmheasa a dheonú, a aithint, a thomhas, a thuairisciú agus a rialú, agus an bhfuil siad seo ag teacht le straitéis riosca creidmheasa na hinstitiúide agus an gclúdaíonn siad na príomhghnóthaí agus na príomhphróisis go léir. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil na beartais sin curtha ar bhonn foirmiúil agus curtha in iúl go soiléir agus curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na hinstitiúide agus ar fud an ghrúpa baincéireachta lena mbaineann siad. Maidir leis an measúnú seo, ba cheart d'údaráis inniúla cibé an bhfaomhaíonn nó nach bhfaomhaíonn an comhlacht bainistíochta na beartais seo a chur san áireamh agus cibé an bpléann agus an ndéanann sé athbhreithniú orthu go rialta, i gcomhréir le straitéisí riosca, chomh maith le cibé acu atá nó nach bhfuil an ardbhanistíocht freagrach as na beartais agus na nósanna imeachta a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm, mar a shainmhíníonn an comhlacht bainistíochta iad.
|
|
151. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat oiriúnach …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat oiriúnach ag an institiúid chun riosca creidmheasa a aithint, a thuiscint, a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus é a thuairisciú, i gcomhréir le méid agus castacht na hinstitiúide. Maidir leis seo, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonneagar sonraí leordhóthanach ag an institiúid agus an bhfuil nó nach bhfuil teicnící anailíseacha oiriúnach chun cur ar chumas na hinstitiúide a riosca creidmheasa a bhainistiú go leordhóthanach, chun ceanglais tuairiscithe maoirseachta a chomhlíonadh, agus chun an riosca creidmheasa bunúsach i ngach gníomhaíocht ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de a bhrath, a thomhas agus faireachán rialta a dhéanamh orthu (i gcás inarbh ábhartha ar leibhéal an ghrúpa).
|
|
152. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé an dtuigeann nó nach dtuigeann …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé an dtuigeann nó nach dtuigeann comhlacht bainistíochta na hinstitiúide agus lucht na hard bhainistíochta na toimhdí is bun leis an gcóras tomhais creidmheasa agus cibé an eol nó nach eol dóibh méid an riosca ábhartha sa tsamhail. Ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar cibé an ndearna nó nach ndearna an institiúid tástáil struis chun tionchar na n-imeachtaí díobhálacha ar a neamhchosaintí ar riosca creidmheasa agus ar leordhóthanacht a soláthairtí do riosca creidmheasa a thuiscint, trí bhreithniú a dhéanamh ar mhinicíocht na tástála struis, ar na fachtóirí riosca ábhartha a aithníodh, ar na toimhdí atá mar bhunús leis an gcás struis; agus ar an úsáid inmheánach a bhaintear as torthaí na tástála struis le haghaidh pleanáil caipitil agus straitéisí riosca creidmheasa.
|
|
153. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil faireachán leanúnach agus …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil faireachán leanúnach agus éifeachtach ar neamhchosaintí ar riosca creidmheasa (lena n-áirítear comhchruinniú creidmheasa) sainithe agus curtha i bhfeidhm ag an institiúid ar fud na hinstitiúide, i measc nithe eile, trí bhíthin táscairí sonracha agus truicear ábhartha chun foláirimh éifeachtacha luathrabhaidh a sholáthar. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil tuairisciú rialta ar neamhchosaintí ar riosca creidmheasa curtha i bhfeidhm ag an institiúid, lena n-áirítear toradh na tástála struis, chuig an gcomhlacht bainistíochta, chuig an ardbhainistíocht agus chuig na bainisteoirí ábhartha riosca creidmheasa.
|
|
154. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe láidir …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe láidir cuimsitheach ag an institiúid agus cosaintí fónta chun a riosca margaidh a mhaolú i gcomhréir lena straitéis bainistithe riosca margaidh agus lena inghlacthacht riosca. Maidir leis an measúnú seo, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar an raon feidhme leordhóthanach a chlúdaíonn feidhmeanna rialaithe na hinstitiúide (lena n-áirítear gach eintiteas comhdhlúite, suíomhanna geografacha agus gníomhaíochtaí creidmheasa), ar theorainneacha oibriúcháin agus cleachtais eile a bheith ann atá dírithe ar neamhchosaintí ar riosca creidmheasa a choinneáil laistigh de leibhéil atá inghlactha ag an institiúid i gcomhréir lena hinghlacthacht riosca agus lena teorainneacha. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar cibé acu atá nó nach bhfuil rialuithe agus cleachtais inmheánacha chuí ag an institiúid chun a chinntiú go dtuairiscítear sáruithe ar (nó eisceachtaí ó) bheartais, nósanna imeachta agus teorainneacha go tráthúil don leibhéal cuí bainistíochta le haghaidh gníomhaíochta, lena n-áirítear seiceálacha chun rioscaí ML/TF a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu de bharr na ngníomhaíochtaí deonaithe creidmheasa a aithint, a mheas agus a bhainistiú.
|
|
155. Agus an measúnú seo á dhéanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu atá nó nach …
|
Agus an measúnú seo á dhéanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu atá nó nach bhfuil an córas teorann leordhóthanach do chastacht na hinstitiúide agus dá cumas riosca creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú. Áirítear leis seo measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na teorainneacha atá leagtha síos absalóideach nó an bhféadfar iad a shárú. Sa chás deiridh sin, ba cheart go ndéanfaí cur síos soiléir i mbeartais na hinstitiúide ar an tréimhse ama ar lena linn agus ar na himthosca sonracha faoinar féidir sáruithe teorainneacha den sórt sin a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla leordhóthanacht na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun bainisteoirí creidmheasa a choinneáil ar an eolas faoina dteorainneacha a mheasúnú, chomh maith le cibé acu atá nó nach bhfuil teorainneacha den sórt sin faoi réir athbhreithniú agus nuashonruithe rialta (e.g. a bheith ailínithe le hathruithe sa straitéis).
|
|
156. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar fheidhmiúlacht na feidhme …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar fheidhmiúlacht na feidhme iniúchóireachta inmheánaí maidir le leordhóthanacht, raon feidhme agus minicíocht na n-iniúchtaí inmheánacha ar an gcreat bainistíochta riosca creidmheasa. Ba cheart go gclúdódh na hiniúchtaí seo athbhreithniú ar phríomhghnéithe an chreata bainistíochta riosca creidmheasa, tomhais agus rialuithe ar fud na hinstitiúide, agus ar cibé an gcloítear nó nach gcloítear le rialacháin sheachtracha ábhartha i leith na mbeartas agus na nósanna imeachta inmheánacha, agus aon chlaonadh uathu.
|
|
157. Maidir le hinstitiúidí a ghlacann cur chuige bunaithe ar rátáil inmheánach chun íoscheanglais …
|
Maidir le hinstitiúidí a ghlacann cur chuige bunaithe ar rátáil inmheánach chun íoscheanglais cistí dílse a chinneadh maidir le riosca creidmheasa, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas freisin cibé acu atá nó nach bhfuil an próiseas bailíochtaithe inmheánach fónta agus éifeachtach maidir le dúshlán a chur faoi thoimhdí samhla agus aon easnamh féideartha ar an gcóras bainistíochta riosca creidmheasa a shainaithint. Ba cheart go mbeadh an measúnú sin bunaithe - – sa chás go bhfuil sí ar fáil – ar an bhfaisnéis a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoirseachta a rinneadh cheana féin ar shamhlacha inmheánacha (amhail cigireachtaí ar an láthair) agus na cleachtais mhaoirseachta a shonraítear i lámhleabhar Maoirseachta an ÚBE maidir le bailíochtú córas inmheánach bunaithe ar rátálacha á gcur san áireamh29 .
6.2.4. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
29 ÚBE/REP/2023/29.
|
|
158. Tar éis an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le riosca …
|
Tar éis an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le riosca creidmheasa agus contrapháirtí na hinstitiúide. Ba cheart go mbeadh eolas maidir leis an tuairim seo le fáil in achoimre ar thorthaí, mar aon le scór riosca bunaithe ar na breithniúcháin atá sonraithe i dTábla 6. Más rud é, bunaithe ar ábharthacht fochatagóirí riosca áirithe, go gcinnfidh an t-údarás inniúil iad a mheasúnú agus a scóráil ina n-aonar, ba cheart an treoir a sholáthraítear sa tábla seo a chur i bhfeidhm, a mhéid is féidir, de réir analaí. Tábla 6 Breithniúcháin mhaoirseachta maidir le scór a shannadh do riosca creidmheasa agus contrapháirtí Breithniúcháin maidir le Scór Tuairim Breithniúcháin maidir le riosca bainistíocht agus rialuithe
|
|
159. Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a …
|
Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a chur i bhfeidhm i gcás easnamh a aithníodh i gcreat bainistíochta riosca creidmheasa agus riosca comhpháirtí na hinstitiúide, i láthair sa tábla thíos. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an bhirt bunaithe ar a éifeachtacht i leith an easnaimh shonraigh aitheanta. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta breise (lena n-áirítear bearta cainníochtúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(a) den Treoir 2013/36/AE) nó teaglaim díobh a chur i bhfeidhm más é an tuairim atá ann go bhfuil siad níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh. Tábla 7. Bearta maoirseachta féideartha neamh-uileghabhálacha maidir le riosca creidmheasa agus riosca contrapháirtí Bearta maoirseachta féideartha d'údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(b), (d), (e), (f), (j), (l), (m), (n) den Treoir 2013/36/AE – Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid: A. rannpháirtíocht níos gníomhaí a bheith ag an gcomhlacht bainistíochta nó a choistí i gcinntí creidmheasa ábhartha; B. córais tomhais riosca creidmheasa a fheabhsú; C. rialuithe ar phróisis chreidmheasa a fheabhsú, lena n-áirítear deonú creidmheasa, faireachán agus téarnamh; D. feabhas a chur ar bhainistíocht, ar mheasúnú agus ar faireachán comhthaobhachta; E. feabhas a chur ar cháilíocht agus ar mhinicíocht an tuairiscithe ar riosca creidmheasa don chomhlacht bainistíochta agus don ardbhainistíocht; F. beartas sonrach soláthair a chur i bhfeidhm, agus – i gcás ina gceadaítear sin le rialacha agus rialacháin chuntasaíochta – a cheangal air forálacha a mhéadú; G. paraiméadair riosca inmheánaigh agus/nó ualaí riosca a úsáidtear chun méideanna na neamhchosanta ar riosca a ríomh do tháirgí, earnálacha nó cineálacha oibleagáideoirí sonracha a choigeartú; H. caolchorrlaigh níos airde a chur i bhfeidhm ar luach na comhthaobhachta; I. neamhchosaintí móra nó foinsí eile riosca comhchruinnithe creidmheasa a laghdú; J. critéir dheonaithe creidmheasa a dhéanamh níos doichte le haghaidh gach catagóir táirge nó oibleagáideora nó le haghaidh roinnt catagóirí táirge nó oibleagáideora; K. a neamhchosaint ar chineálacha sonracha saoráidí a laghdú nó cosaint a fháil dóibh (e.g. morgáistí, airgeadas onnmhairiúcháin, eastát réadach tráchtála, urrúsuithe, etc.), catagóirí oibleagáideoirí, earnálacha, tíortha, etc.; Bearta maoirseachta féideartha d'údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(b), (d), (e), (f), (j), (l), (m), (n) den Treoir 2013/36/AE – Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid: L. straitéis iomchuí a chur i bhfeidhm chun méid nó sciar na neamhchosanta neamhthuillmhí a laghdú. M. cur le bainistíocht riosca creidmheasa a bhaineann le rioscaí ESG, go háirithe rioscaí comhshaoil, bunaithe go féideartha ar ghníomh amháin nó níos mó de na cinn atá liostaithe thuas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|