+7. Measúnú ar an gceanglas leachtachta
---+41. Ba cheart d’údaráis inniúla léargas soiléir a fháil ar riachtanais chistiúcháin ghnó an BTT …
---+42. Ba cheart go ndíreodh an t-athbhreithniú freisin ar an struchtúr dliteanais, ag féachaint do na …
---+43. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na socruithe cistiúcháin …
---+44. Ba cheart d’údaráis inniúla léargas soiléir a fháil ar an bpróifíl leachtachta agus ar an …
---+45. I gcás ina ndéantar an BTT atá beartaithe a aicmiú laistigh d’aicme 1, bunaithe ar …
---+46. Maidir leis an struchtúr dliteanais, ba cheart do na húdaráis inniúla na foinsí éagsúla …
---+47. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na sócmhainní chun na ceanglais leachtachta a …
---+48. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú go bhfuil na sócmhainní leachtacha curtha, nó go …
---+49. Faoi réir thoradh an mheasúnaithe i dtaobh an gcomhlíonfaidh an BTT atá beartaithe na …
---+50. Go comhsheasmhach leis an gcomhréireacht, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar …
---+51. Chun measúnú a dhéanamh ar an ullmhacht fhoriomlán chun strus leachtachta a sheasamh, ba cheart …
|
7. Measúnú ar an gceanglas leachtachta
7. Measúnú ar an gceanglas leachtachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
41. Ba cheart d’údaráis inniúla léargas soiléir a fháil ar riachtanais chistiúcháin ghnó an BTT …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla léargas soiléir a fháil ar riachtanais chistiúcháin ghnó an BTT agus measúnú a dhéanamh ar an bpróifíl leachtachta bunaithe ar an bplean gnó, lena n-áirítear réamhaisnéisí airgeadais an BTT atá beartaithe. 18
|
|
42. Ba cheart go ndíreodh an t-athbhreithniú freisin ar an struchtúr dliteanais, ag féachaint do na …
|
Ba cheart go ndíreodh an t-athbhreithniú freisin ar an struchtúr dliteanais, ag féachaint do na foinsí éagsúla cistiúcháin - go háirithe aon ghealltanas ag an gceannghnóthas, na cineálacha dliteanas, ionstraimí agus contrapháirtithe -, na costais ghaolmhara agus a n-aibíochtaí.
|
|
43. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na socruithe cistiúcháin …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na socruithe cistiúcháin inghrúpa trasteorann atá beartaithe laistigh de theorainneacha na heisceachta atá leagtha amach in Airteagal 48c(4), pointe (d) de CRD, agus nach gcuireann siad gníomhaíochtaí gnó trasteorann a sháraíonn raon feidhme críochach an údaraithe i bhfolach. Ba cheart, mar shampla, san athbhreithniú sin, breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé beartaithe i gcomhaontuithe le BTTanna i mBallstáit eile – atá faoin gceannghnóthas céanna – cistiú laistigh den ghrúpa a sholáthar nó a fháil mar mhalairt ar chomhroinnt iomlán nó pháirteach na rioscaí agus na dtorthaí eacnamaíocha a bhaineann le sócmhainn ar leith.
|
|
44. Ba cheart d’údaráis inniúla léargas soiléir a fháil ar an bpróifíl leachtachta agus ar an …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla léargas soiléir a fháil ar an bpróifíl leachtachta agus ar an struchtúr dliteanas, chun na réamh-mheastacháin do na cóimheasa leachtachta rialála a mheas, agus ar chumas an BTT atá beartaithe ‘ méid sócmhainní neamhualaithe agus leachtacha a choimeád i gcónaí atá leordhóthanach chun eis-sreafaí leachtachta a chumhdach thar íostréimhse 30 lá’ i gcomhréir le hAirteagal 48f(1) de CRD, le haghaidh thréimhse 3 bliana an phlean gnó. Chun na críche sin, ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt freisin, i gcás inarb ábhartha, ar an méadú de réir a chéile ar ghníomhaíochtaí gnó agus ar chur chun feidhme an struchtúir cistiúcháin sa chéim bhunaithe.
|
|
45. I gcás ina ndéantar an BTT atá beartaithe a aicmiú laistigh d’aicme 1, bunaithe ar …
|
I gcás ina ndéantar an BTT atá beartaithe a aicmiú laistigh d’aicme 1, bunaithe ar athbhreithniú na n-údarás inniúil ar an iarratas i gcomparáid leis na gnéithe atá liostaithe in Airteagal 48a(1) agus (2) de CRD, ba cheart do na húdaráis inniúla an measúnú sin a dhéanamh maidir leis an gceanglas cumhdaigh leachtachta atá leagtha síos i gCuid a Sé, Teideal I, den Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 48f(2) de CRD.
|
|
46. Maidir leis an struchtúr dliteanais, ba cheart do na húdaráis inniúla na foinsí éagsúla …
|
Maidir leis an struchtúr dliteanais, ba cheart do na húdaráis inniúla na foinsí éagsúla cistiúcháin (cineálacha dliteanas, ionstraimí agus contrapháirtithe), na costais ghaolmhara agus a n-aibíochtaí a mheas.
|
|
47. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na sócmhainní chun na ceanglais leachtachta a …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na sócmhainní chun na ceanglais leachtachta a chomhlíonadh neamhualaithe agus leachtach. Chuige sin, ba cheart dóibh cineál na sócmhainní, téarmaí agus coinníollacha na gcomhaontuithe a n-eascraíonn na sócmhainní astu, agus aon ghné ábhartha eile a chur san áireamh. Dá réir sin, ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú nach gcuirtear na hionstraimí incháilithe ar cuid den dearlaic chaipitil iad agus atá curtha i dtaisce sa chuntas eascró san áireamh maidir leis an gceanglas leachtachta, toisc gur gá a mheas go bhfuil na hionstraimí ualaithe agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad ar fáil chun eis-sreafaí leachtachta na BTTanna a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú nach gcuirtear na sócmhainní a chomhlíonann an ceanglas leachtachta san áireamh i leith an cheanglais maidir le dearlaic chaipitil.
|
|
48. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú go bhfuil na sócmhainní leachtacha curtha, nó go …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú go bhfuil na sócmhainní leachtacha curtha, nó go gcuirfear iad, i dtaisce le hinstitiúid creidmheasa atá lonnaithe sa Bhallstát ina ndéanfar an brainse a údarú nach bhfuil mar chuid de ghrúpa an cheannghnóthais, nó, i gcás ina gceadaítear sin faoin dlí náisiúnta, le banc ceannais an Bhallstáit, agus a chinntiú go bhfuil an cuntas a úsáidtear difriúil ón gcuntas ina gcuirtear na hionstraimí incháilithe chun an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil a chomhlíonadh i dtaisce i gcuntas eascró, agus nach gceadaíonn socruithe an chuntais na sócmhainní leachtacha a ualú. 19
|
|
49. Faoi réir thoradh an mheasúnaithe i dtaobh an gcomhlíonfaidh an BTT atá beartaithe na …
|
Faoi réir thoradh an mheasúnaithe i dtaobh an gcomhlíonfaidh an BTT atá beartaithe na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) de CRD chun cáiliú mar BTT cáilitheach, féadfaidh údaráis inniúla an tarscaoileadh leachtachta atá leagtha amach in Airteagal 48f(4) de CRD a dheonú freisin tráth an údaraithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
50. Go comhsheasmhach leis an gcomhréireacht, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar …
|
Go comhsheasmhach leis an gcomhréireacht, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chumas agus ullmhacht an BTT atá beartaithe chun strus cistiúcháin a sheasamh, agus nuair is ábhartha, athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar an cháis strus cistiúcháin agus leachtachta a cuireadh isteach, amhail ardú costas cistiúcháin ar na cóimheasa leachtachta agus ar na réitigh atá beartaithe ag an gceannghnóthas is iarratasóir.
|
|
51. Chun measúnú a dhéanamh ar an ullmhacht fhoriomlán chun strus leachtachta a sheasamh, ba cheart …
|
Chun measúnú a dhéanamh ar an ullmhacht fhoriomlán chun strus leachtachta a sheasamh, ba cheart don údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuirtear isteach de réir Roinn 6 de Chuid I.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|