+8.3 Cáilíocht, íocaíocht agus infhaighteacht caipitil
---+121. Ba cheart don údarás inniúil leordhóthanacht an chaipitil arna chinneadh de réir roinn 8.2 a …
---+122. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil caipiteal na hinstitiúide creidmheasa scartha ó …
---+123. Is ionann an leibhéal caipitil atá le híoc ina iomláine sula ndeonófar an t-údarú agus an méid …
---+124. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú agus a athbhreithniú trí fhianaise leordhóthanach go …
---+125. Gan dochar don mhéid thuas, sna dlínsí sin ina gcaithfear an chuid den chaipiteal i litreacha …
---+126. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla sásta go bhfuil plean chur chun feidhme caipitil i …
|
8.3 Cáilíocht, íocaíocht agus infhaighteacht caipitil
8.3 Cáilíocht, íocaíocht agus infhaighteacht caipitil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
121. Ba cheart don údarás inniúil leordhóthanacht an chaipitil arna chinneadh de réir roinn 8.2 a …
|
Ba cheart don údarás inniúil leordhóthanacht an chaipitil arna chinneadh de réir roinn 8.2 a fhíorú ar aon dul leis an gcáilíocht a iarrtar faoi na forálacha ábhartha atá leagtha amach i dTeideal I, Cuid a Dó agus a Trí CRR. Go háirithe, de réir Airteagal 12(2) CRD, ní dhéantar caipiteal tosaigh ‘ach de cheann amháin nó níos mó de na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 26(1)(a) go (e) de [CRR]’.
|
|
122. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil caipiteal na hinstitiúide creidmheasa scartha ó …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil caipiteal na hinstitiúide creidmheasa scartha ó shócmhainní an úinéara agus go bhfuil sé ar fáil go hiomlán, láithreach agus gan srian le haghaidh úsáid aonair na hinstitiúide creidmheasa.
|
|
123. Is ionann an leibhéal caipitil atá le híoc ina iomláine sula ndeonófar an t-údarú agus an méid …
|
Is ionann an leibhéal caipitil atá le híoc ina iomláine sula ndeonófar an t-údarú agus an méid is airde díobh seo a leanas: - a) an chuid den chaipiteal arna chinneadh de réir roinn 8.2 a éilítear chun an chéad bhliain gníomhaíochta a chlúdach go hiomlán (i.e. na cistí dílse is gá chun comhlíonadh iomlán leis na ceanglais stuamachta a chumhdach le linn agus ag deireadh an chéad dá mhí dhéag, agus na caillteanais ionchais don tréimhse ama sin á gcur san áireamh); nó
- b) an caipiteal tosaigh móide caillteanais na chéad bhliana.
|
|
124. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú agus a athbhreithniú trí fhianaise leordhóthanach go …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú agus a athbhreithniú trí fhianaise leordhóthanach go ndéantar an chuid den chaipiteal a íocadh ina iomláine de réir litreacha a) nó b) thuas a íoc go hiomlán, go bhfuil bunús dlisteanach leis agus go bhfuil sé curtha in áirithe i dtaifid an ghnóthais sula ndeonaítear an t-údarú. Foinse dhlisteanach na gcistí a mheas24 , ba cheart d’údaráis inniúla na critéir atá leagtha amach i míreanna 14.5 agus 14.6 Comhthreoirlínte maidir le measúnú stuamachta ar éadáil bheartaithe sealúchas cáilitheach25 , de chuid ÚMEnna a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gníomhaíocht a ghin na cistí agus na modhanna trínar aistríodh iad, ag féachaint cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh riosca méadaithe de sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a bheith mar thoradh orthu.
24 Ciallaíonn ‘foinse na gcistí’ bunús na gcistí a bhfuil baint acu le caidreamh gnó nó idirbheart ócáideach. Áirítear leis an ngníomhaíocht a ghin na cistí a úsáideadh sa chaidreamh gnó, mar shampla tuarastal an chustaiméara, agus na bealaí trínar aistríodh cistí an chustaiméara. D’fhéadfadh na cistí teacht ó ‘fhoinse rachmais’, rud a chiallaíonn bunús shaibhreas iomlán an chustaiméara, mar shampla oidhreacht nó coigilteas, féach mír 12, litreacha (n) agus (o) de Threoirlínte Fachtóir Riosca ML/TF an ÚBE, EBA/GL/2021/02 an 1 Márta 2021, ar fáil ar https://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/anti-money-laundering-and-e-money/revised-guidelines-on-ml-tf-risk-factors 25 JC/GL/2016/01 an 20 Nollaig 2016 maidir le measúnú stuamachta na n-éadálacha agus méaduithe sealúchas cáilitheach san earnáil airgeadais, ar fáil ar: https://eba.europa.eu/regulation-and-policy/other-topics/joint-guidelines-for-the-prudential-assessment-of-acquisitions-of-qualifying-holdings
|
|
125. Gan dochar don mhéid thuas, sna dlínsí sin ina gcaithfear an chuid den chaipiteal i litreacha …
|
Gan dochar don mhéid thuas, sna dlínsí sin ina gcaithfear an chuid den chaipiteal i litreacha a) nó b) de mhír 123 a íoc sula dtosaíonn sé ar na gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa, seachas sula ndeonófar an t-údarú, ba cheart d’údaráis inniúla, chun críche an t-údarú a dheonú, athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar an bplean agus ar an spriocdháta cur chun feidhme arna chur isteach ag an iarratasóir de réir Airteagal 6(2) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe26 d’fhonn a chinntiú go n-íoctar méid caipitil den sórt sin go hiomlán sula gcuirtear tús leis na gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa agus gur de bhunús dlisteanach é. Ba cheart go gcuirfeadh an t-údarás inniúil coinníoll sainráite san údarú san áireamh, éifeachtaí an údaraithe a chur ar fionraí go dtí go n-íocfaí go hiarbhír na codanna den chaipiteal a shainaithnítear ann
26 ‘I gcás nár íocadh an caipiteal tosaigh ina iomláine nuair a cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil, leagfar amach san iarratas an plean atá beartaithe agus an spriocdháta cur chun feidhme lena chinntiú go n-íoctar an caipiteal tosaigh ina iomláine roimh údarú a thabhairt chun tús a chur le gníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa’.
|
|
126. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla sásta go bhfuil plean chur chun feidhme caipitil i …
|
Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla sásta go bhfuil plean chur chun feidhme caipitil i bhfeidhm ag an institiúid creidmheasa iarrthach ina dtugtar aghaidh ar an méid caipitil atá gan íoc arna chinneadh de réir roinn 8.2, nár íocadh tráth an údaraithe de réir mhíreanna 123 agus 124 agus atá beartaithe chun gníomhaíochtaí an dara agus an tríú bliain a chumhdach. Ba cheart go léireofaí i bplean forfheidhmithe caipitil den sórt sin cineál na bhfoinsí maoinithe agus uainiú instealltaí caipitil d’fhonn mainneachtain fhéideartha cuspóirí gnó a sheachaint agus tabhú féideartha caillteanais a mbeadh tionchar acu ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas caipitil ag an institiúid creidmheasa. Ba cheart athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar an gcineál foinsí maoinithe - amhail acmhainní airgeadais príobháideacha scairshealbhóirí, ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint nó le heisiúint sna margaí airgeadais agus aon chomhaontú agus conradh a dhéantar maidir le cistí dílse - agus é mar aidhm a chinntiú go bhfuil siad de bhunús dlisteanach agus, bunaithe ar a dtéarmaí agus coinníollacha, go mbeidh siad ar fáil go pras.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|