+2.4 Athbhreithniú ar an mbeartas luach saothair
---+59. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta agus, i gcás go bhfuil sí crutha ar bun, don choiste luach …
---+60. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bearna pá idir …
---+61. I gcás go bhfuil difríochtaí ábhartha ann idir an meánphá idir baill foirne fhireannacha agus …
---+62. I ngrúpaí gnólachtaí infheistíochta, ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais …
---+63. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an t-athbhreithniú lárnach agus neamhspleách a dhéanamh …
---+64. D’ainneoin fhreagracht an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, féadfaidh …
---+65. Mar chuid den athbhreithniú inmheánach lárnach agus neamhspleách, ba cheart do ghnólachtaí …
---+66. Ba cheart go mbeadh dlúthbhaint ag na feidhmeanna corparáideacha inmheánacha ábhartha eile …
---+67. I gcás go léirítear le hathbhreithnithe tréimhsiúla nach bhfeidhmíonn na beartais luach …
---+68. Ba cheart torthaí an athbhreithnithe inmheánaigh arna ndéanamh agus na gníomhaíochtaí arna …

2.4 Athbhreithniú ar an mbeartas luach saothair

2.4 Athbhreithniú ar an mbeartas luach saothair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
59. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta agus, i gcás go bhfuil sí crutha ar bun, don choiste luach …

Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta agus, i gcás go bhfuil sí crutha ar bun, don choiste luach saothair a áirithiú go mbeidh beartas agus cleachtais luach saothair an ghnólachta infheistíochta faoi réir athbhreithniú inmheánach lárnach agus neamhspleách uair sa bhliain ar a laghad. Ba cheart go mbeadh anailís san athbhreithniú lena mheas an bhfuil an beartas luach saothair neodrach ó thaobh inscne de.

60. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bearna pá idir …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bearna pá idir fir agus mná; i gcás gnólachtaí infheistíochta ina bhfuil 50 ball foirne nó níos mó, ba cheart an ríomh a dhéanamh ar leithligh de réir tíre maidir le:

  • a. baill foirne shainaitheanta, gan baill den chomhlacht bainistíochta san áireamh;
  • b. baill den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta;
  • c. baill den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta; agus
  • d. baill foirne eile.
61. I gcás go bhfuil difríochtaí ábhartha ann idir an meánphá idir baill foirne fhireannacha agus …

I gcás go bhfuil difríochtaí ábhartha ann idir an meánphá idir baill foirne fhireannacha agus bhaineannacha nó comhaltaí fireannacha agus baineannacha den chomhlacht bainistíochta, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na príomhchúiseanna a thaifeadadh, bearta iomchuí a dhéanamh nuair is ábhartha nó ba cheart go mbeidís ábalta a léiriú nach bhfuil an difríocht mar thoradh ar bheartas luach saothair nach bhfuil neodrach ó thaobh inscne de.

62. I ngrúpaí gnólachtaí infheistíochta, ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais …

I ngrúpaí gnólachtaí infheistíochta, ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais athbhreithniú lárnach a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir leis an rialachán, beartais ghrúpa, nósanna imeachta grúpa agus rialacha inmheánacha.

63. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an t-athbhreithniú lárnach agus neamhspleách a dhéanamh …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an t-athbhreithniú lárnach agus neamhspleách a dhéanamh ar bhonn aonair. I ngrúpa, féadfaidh fochuideachtaí brath ar an athbhreithniú a dhéanfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais nó institiúid, i gcás inar cuimsíodh san athbhreithniú a rinneadh ar bhonn comhdhlúite an gnólacht infheistíochta agus i gcás ina gcuirtear na torthaí ar fáil d'fheidhm mhaoirseachta an ghnólachta infheistíochta sin. EBA Public

64. D’ainneoin fhreagracht an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, féadfaidh …

D’ainneoin fhreagracht an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta cúraimí an athbhreithnithe thréimhsiúil neamhspleách ar bheartais luach saothair a sheachfhoinsiú, go páirteach nó go hiomlán.14


14 Féach treoirlínte an ÚBE maidir le socruithe um sheachfhoinsiú agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais eagrúcháin agus dálaí oibríochta i gcomhair gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí mínithe chun críocha na Treorach sin

65. Mar chuid den athbhreithniú inmheánach lárnach agus neamhspleách, ba cheart do ghnólachtaí …

Mar chuid den athbhreithniú inmheánach lárnach agus neamhspleách, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar más fíor an méid seo a leanas maidir leis na beartais, na cleachtais agus na próisis luach saothair foriomlána:

  • a. tá siad á n-oibriú mar a bhí beartaithe (go háirithe, go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialacha inmheánacha faofa á gcomhlíonadh; go bhfuil na heisíocaíochtaí luach saothair iomchuí, i gcomhréir leis an straitéis ghnó; agus go bhfuil próifíl riosca, cuspóirí fadtéarmacha agus spriocanna eile an ghnólachta infheistíochta léirithe go leordhóthanach);
  • b. tá rialacháin, prionsabail agus caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta á gcomhlíonadh acu; agus
  • c. tá siad curtha chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an ghrúpa agus ní chuirtear aon srian leo ar chumas an ghnólachta infheistíochta bonn fónta caipitil a áirithiú de réir alt 6 de na treoirlínte seo.
66. Ba cheart go mbeadh dlúthbhaint ag na feidhmeanna corparáideacha inmheánacha ábhartha eile …

Ba cheart go mbeadh dlúthbhaint ag na feidhmeanna corparáideacha inmheánacha ábhartha eile (i.e. acmhainní daonna, dlí, pleanáil straitéiseach, etc.), chomh maith le coistí príomhfeidhmeanna maoirseachta eile (i.e. coistí iniúchóireachta, riosca agus ainmniúcháin) le hathbhreithniú a dhéanamh ar bheartais luach saothair an ghnólachta infheistíochta. d'fhonn ailíniú le straitéis agus creat bainistíochta riosca na ngnólachtaí infheistíochta a áirithiú.

67. I gcás go léirítear le hathbhreithnithe tréimhsiúla nach bhfeidhmíonn na beartais luach …

I gcás go léirítear le hathbhreithnithe tréimhsiúla nach bhfeidhmíonn na beartais luach saothair mar a bhí beartaithe nó leagtha síos nó i gcás go ndéantar moltaí, ba cheart don choiste luach saothair, i gcás go bhfuil sé curtha ar bun, nó don fheidhm mhaoirseachta, a áirithiú go ndéanfar plean gníomhaíochta leighis a mholadh, a fhaomhadh agus a chur chun feidhme go tráthúil.

68. Ba cheart torthaí an athbhreithnithe inmheánaigh arna ndéanamh agus na gníomhaíochtaí arna …

Ba cheart torthaí an athbhreithnithe inmheánaigh arna ndéanamh agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun aon chinntí a leigheas a thaifeadadh, trí thuarascálacha i scríbhinn nó trí mhiontuairiscí chruinniú na gcoistí ábhartha nó na feidhme maoirseachta, agus iad a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta, do na coistí ábhartha agus do choistí na bhfeidhmeanna corparáideacha. EBA Public

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/