+8.4 Bónais choinneála
---+136. Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ábalta bunús a thabhairt lena leas dlisteanach i …
---+137. Mar phrionsabal ginearálta, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta bónais choinneála …
---+138. Ba cheart go mbeadh bónas coinneála i gcomhréir leis na ceanglais maidir le bonn fónta …
---+139. Agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé iomchuí bónas coinneála a dhámhachtain ar bhaill …
---+140. Ba cheart go mbeadh bónas coinneála bunaithe ar choinníollacha sonracha atá difriúil leis na …
---+141. Níor cheart bónais coinneála a dhámhachtain mar chúiteamh amháin ar luach saothair a bhaineann …
---+142. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an tréimhse choinneála a shocrú mar phointe ama an …
---+143. Is luach saothair inathraithe iad bónais choinneála agus dá bhrí sin má dhámhtar iad ar bhaill …
---+144. Neamhspleách ar nach ndéanfar an bónas coinneála a dhámhachtain ach i ndiaidh dheireadh na …
|
8.4 Bónais choinneála
8.4 Bónais choinneála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
136. Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ábalta bunús a thabhairt lena leas dlisteanach i …
|
Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ábalta bunús a thabhairt lena leas dlisteanach i mbónais choinneála a dhámhachtain chun ball foirne sainaitheanta a choinneáil. Mar shampla, féadfar bónais choinneála a úsáid faoi athstruchtúrú, i bhfoirceannadh nó i ndiaidh athrú rialaithe nó chun a áirithiú go dtabharfar chun críche mórthionscadail laistigh de ghnólacht infheistíochta. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an t-imeacht nó an bonn cirt lena raibh sé riachtanach bónas coinneála a dhámhachtain agus an tréimhse ama a thaifeadadh, lena n-áirítear an dáta tosaigh agus an dáta deiridh, ar glacadh leis gurb ann don chúis. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na coinníollacha coinneála agus na coinníollacha feidhmíochta is infheidhme a shainiú. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tréimhse choinneála a shonrú agus dáta nó imeacht a chinnfidh siad ina dhiaidh sin ar comhlíonadh na coinníollacha coinneála agus feidhmíochta nó nár comhlíonadh.
|
|
137. Mar phrionsabal ginearálta, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta bónais choinneála …
|
Mar phrionsabal ginearálta, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta bónais choinneála iomadúla a dhámhachtain ar bhall foirne; i gcásanna eisceachtúla agus i gcás go bhfuil údar cuí leis, féadfar níos mó ná bónas coinneála amháin a íoc le ball foirne, ach ag tráthanna éagsúla agus faoi na coinníollacha a shonraítear san alt seo maidir le gach bónas coinneála. Níor cheart na bónais choinneála a dhámhachtain i gcás gur comhlíonadh na coinníollacha coinneála agus na coinníollacha feidhmíochta is infheidhme. Ina theannta sin, níor cheart an bónas coinneála a dhámhachtain ach i gcás nach bhfuil cúiseanna ar bith ann a d’fhágfadh nár cheart an bónas coinneála a dhámhachtain, e.g. sáruithe ábhartha ar chomhlíonadh, mí-iompar nó teipeanna eile an bhaill foirne sin.
|
|
138. Ba cheart go mbeadh bónas coinneála i gcomhréir leis na ceanglais maidir le bonn fónta …
|
Ba cheart go mbeadh bónas coinneála i gcomhréir leis na ceanglais maidir le bonn fónta caipitil a choinneáil faoi Airteagal 31 agus Airteagal 32(1)(d) de Threoir (AE) 2034/2019 agus na cumhachtaí maoirseachta faoi seach faoi Airteagal 39(2)(g) de Threoir (AE) 2034/2019 a bhféadfadh cás ina bhféadfadh gá an bónas coinneála a laghdú, b’fhéidir fiú go nialas, a bheith mar thoradh air.
|
|
139. Agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé iomchuí bónas coinneála a dhámhachtain ar bhaill …
|
Agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé iomchuí bónas coinneála a dhámhachtain ar bhaill foirne sainaitheanta á mheas agus á bhreithniú, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta agus údaráis inniúla na nithe seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh: - a. na hábhair imní a mbeadh an riosca go bhféadfaidh baill foirne áirithe rogha a dhéanamh an gnólacht infheistíochta a fhágáil a bheith mar thoradh orthu;
- b. na cúiseanna lena bhfuil sé ríthábhachtach don ghnólacht infheistíochta na baill foirne sin a choinneáil;
- c. an iarmhairt má fhágann an ball foirne lena mbaineann an gnólacht infheistíochta;
- d. an bhfuil méid an bhónais coinneála a dámhadh riachtanach agus comhréireach chun an ball foirne ar a bhfuil sé dírithe a choinneáil. EBA Public
|
|
140. Ba cheart go mbeadh bónas coinneála bunaithe ar choinníollacha sonracha atá difriúil leis na …
|
Ba cheart go mbeadh bónas coinneála bunaithe ar choinníollacha sonracha atá difriúil leis na coinníollacha feidhmíochta a chuirtear i bhfeidhm ar chodanna eile den luach saothair athraithe agus go gcuimsítear ann coinníoll coinneála agus coinníollacha feidhmíochta sonracha. Ba cheart go mbeadh an cuspóir coinneála mar thoradh ar na coinníollacha sonracha maidir le bónas coinneála (i.e. baill foirne a choinneáil sa ghnólacht infheistíochta ar feadh tréimhse ama réamhshainithe nó go dtí imeacht áirithe). Ba cheart go gcuimseofaí sna coinníollacha sonracha feidhmíochta coinníollacha a bhaineann leis an leas dlisteanach ar cheart an ball foirne a choinneáil ina leith, le hiompar na mball foirne agus ba cheart go dtiocfaidh siad leis na forálacha i mír 138. Níor cheart go dtiocfadh cásanna as bónais choinneála nach bhfuil luach saothair inathraithe iomlán an bhaill foirne, ina gcuimsítear luach saothair inathraithe a bhaineann le feidhmíocht agus bónas coinneála, nasctha a thuilleadh le feidhmíocht an duine aonair, an aonaid gnó lena mbaineann agus thorthaí foriomlána an ghnólachta infheistíochta mar a cheanglaítear faoi Airteagal 30(j)(ii) agus 32(1)(a) de Threoir (AE) 2034/2019.
|
|
141. Níor cheart bónais coinneála a dhámhachtain mar chúiteamh amháin ar luach saothair a bhaineann …
|
Níor cheart bónais coinneála a dhámhachtain mar chúiteamh amháin ar luach saothair a bhaineann le feidhmíocht nár íocadh mar gheall ar fheidhmíocht neamhleor nó ar staid airgeadais an ghnólachta infheistíochta.
|
|
142. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an tréimhse choinneála a shocrú mar phointe ama an …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an tréimhse choinneála a shocrú mar phointe ama an imeachta nó mar an tréimhse idir dáta tosaithe agus dáta deiridh an imeachta ina cheart an coinníoll coinneála a chomhlíonadh. Ba cheart na bónais choinneála a dhámhachtain nuair a bheidh an tréimhse choinneála críochnaithe. Níor cheart aon dámhachtainí pro rata a dhéanamh le linn na tréimhse coinneála.
|
|
143. Is luach saothair inathraithe iad bónais choinneála agus dá bhrí sin má dhámhtar iad ar bhaill …
|
Is luach saothair inathraithe iad bónais choinneála agus dá bhrí sin má dhámhtar iad ar bhaill foirne shainaitheanta, ní mór dóibh na ceanglais maidir le luach saothair inathraithe faoi Airteagal 32 de IFD a chomhlíonadh, lena n-áirítear an t-uaschóimheas arna shocrú go hinmheánach idir an luach saothair inathraithe agus an luach saothair seasta, an t-ailíniú riosca ex post, íocaíocht in ionstraimí, iarchur, coinneáil, malus agus aisghlámadh.
|
|
144. Neamhspleách ar nach ndéanfar an bónas coinneála a dhámhachtain ach i ndiaidh dheireadh na …
|
Neamhspleách ar nach ndéanfar an bónas coinneála a dhámhachtain ach i ndiaidh dheireadh na tréimhse coinneála, ba cheart an bónas coinneála a chur san áireamh agus an cóimheas idir comhpháirt inathraithe agus comhpháirt sheasta an luach saothair á ríomh i ndiaidh ceann de na modhanna a shonraítear thíos: - a. roinntear an bónas coinneála i méideanna bliantúla do gach bliain den tréimhse choinneála arna ríomh ar bhonn líneach pro rata. I gcás nach heol fad beacht na tréimhse coinneála roimh ré, ba cheart don ghnólacht infheistíochta tréimhse a shocrú agus a thaifeadadh go cuí agus an staid agus na bearta a glacadh lena dtugtar údar maith le bónas coinneála a íoc á gcur san áireamh. Ba cheart ríomh an chóimheasa a bheith bunaithe ar an tréimhse atá socraithe, nó EBA Public
- b. déantar méid iomlán an bhónais coinneála a mheas an bhliain ina gcomhlíontar an coinníoll coinneála.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|