+An raon feidhme
---+8. Tá feidhm ag na treoirlínte sin maidir le socruithe rialachais gnólachtaí infheistíochta mar a …
---+9. Beidh feidhm ag na treoirlínte sin ar bhonn aonair agus comhdhlúite laistigh den raon feidhme a …
---+10. Tá sé i gceist go n-áireofar sna treoirlínte gach struchtúr boird atá ann cheana féin agus nach …
---+11. Úsáidtear na téarmaí ‘comhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta’ agus ‘comhlacht …
---+12. Sna Ballstáit ina ndéanann an comhlacht bainistíochta an fheidhm feidhmiúcháin a tharmligean …
---+13. Sna Ballstáit ina bhfuil roinnt freagrachtaí á bhfeidhmiú go díreach ag scairshealbhóirí, ag …
---+14. Tá na sainmhínithe ar POF, ar phríomhoifigeach airgeadais (POA) agus ar shealbhóir na …
|
An raon feidhme
An raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
8. Tá feidhm ag na treoirlínte sin maidir le socruithe rialachais gnólachtaí infheistíochta mar a …
|
Tá feidhm ag na treoirlínte sin maidir le socruithe rialachais gnólachtaí infheistíochta mar a cheanglaítear faoi Threoir (AE) 2019/2034, lena n-áirítear a struchtúr eagrúcháin agus na línte freagrachta comhfhreagracha, agus freisin maidir leis na próisis chun na rioscaí go léir3 a bhfuil siad nó a d’fhéadfaidís a bheith neamhchosanta orthu, agus don chreat rialaithe inmheánaigh, a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu.
3 Ba cheart a áireamh in aon tagairt do rioscaí sna treoirlínte sin na rioscaí go léir a mbeidh gnólachtaí infheistíochta neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfaidís a bheith neamhchosanta orthu, lena n-áirítear rioscaí do chliaint, rioscaí don mhargadh, rioscaí don ghnólacht infheistíochta agus rioscaí leachtachta, rioscaí oibriúcháin lena n-áirítear rioscaí dlíthiúla agus TF agus rioscaí do chlú, rioscaí ESG agus rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta.
|
|
9. Beidh feidhm ag na treoirlínte sin ar bhonn aonair agus comhdhlúite laistigh den raon feidhme a …
|
Beidh feidhm ag na treoirlínte sin ar bhonn aonair agus comhdhlúite laistigh den raon feidhme a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2019/2034.
|
|
10. Tá sé i gceist go n-áireofar sna treoirlínte gach struchtúr boird atá ann cheana féin agus nach …
|
Tá sé i gceist go n-áireofar sna treoirlínte gach struchtúr boird atá ann cheana féin agus nach dtacóidh siad le haon struchtúr ar leith. Ní chuireann na treoirlínte isteach ar leithdháileadh ginearálta inniúlachtaí de réir dhlí náisiúnta na gcuideachtaí. Dá réir sin, ba cheart iad a chur i bhfeidhm beag beann ar an struchtúr boird a úsáidtear (struchtúr aonadach agus/nó débhoird agus/nó struchtúr eile) ar fud na mBallstát. Ba cheart a thuiscint go bhfuil feidhmeanna bainistíochta (feidhmiúcháin) agus maoirseachta (neamhfheidhmiúcháin) ag an gcomhlacht bainistíochta, mar a shainmhínítear i bPointe (23) agus i bPointe (24) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/20344 .
4 Féach freisin ar aithris 27 de Threoir 2019/2034/AE
|
|
11. Úsáidtear na téarmaí ‘comhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta’ agus ‘comhlacht …
|
Úsáidtear na téarmaí ‘comhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta’ agus ‘comhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta’ sna treoirlínte sin gan tagairt d’aon struchtúr rialachais sonrach, agus ba cheart glacadh le tagairtí don fheidhm bhainistíochta (feidhmiúcháin) nó don fheidhm mhaoirseachta (neamhfheidhmiúcháin) mar thagairtí a bhfuil feidhm acu maidir le comhlachtaí nó comhaltaí an chomhlachta bainistíochta atá freagrach as an bhfeidhm sin i gcomhréir le dlí náisiúnta. Nuair a bheidh na treoirlínte sin á gcur chun feidhme, ba cheart do na húdaráis inniúla a ndlí náisiúnta cuideachtaí a chur san áireamh agus a shonrú, i gcás inar gá, an comhlacht nó na comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar cheart feidhm a bheith ag na feidhmeanna sin maidir leis nó leo.
|
|
12. Sna Ballstáit ina ndéanann an comhlacht bainistíochta an fheidhm feidhmiúcháin a tharmligean …
|
Sna Ballstáit ina ndéanann an comhlacht bainistíochta an fheidhm feidhmiúcháin a tharmligean, go páirteach nó go hiomlán, chuig duine nó chuig comhlacht feidhmiúcháin inmheánach (e.g. príomhoifigeach feidhmiúcháin (POF), foireann bainistíochta nó coiste feidhmiúcháin), ba cheart a thuiscint gurb iad na daoine a chomhlíonann na feidhmeanna feidhmiúcháin sin agus a stiúrann gnó na hinstitiúide ar bhonn an tarmligin sin feidhm bhainistíochta an chomhlachta bainistíochta. Chun críocha na dtreoirlínte seo, ba cheart go dtuigfí le haon tagairt don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta go n-áirítear comhaltaí an chomhlachta feidhmiúcháin nó an POF freisin, mar a shainmhínítear sna treoirlínte sin, fiú murar moladh nó murar ceapadh iad mar chomhaltaí foirmiúla de chomhlacht nó de chomhlachtaí rialaithe an ghnólachta infheistíochta faoin dlí náisiúnta.
|
|
13. Sna Ballstáit ina bhfuil roinnt freagrachtaí á bhfeidhmiú go díreach ag scairshealbhóirí, ag …
|
Sna Ballstáit ina bhfuil roinnt freagrachtaí á bhfeidhmiú go díreach ag scairshealbhóirí, ag comhaltaí nó ag úinéirí na ngnólachtaí infheistíochta seachas ag an gcomhlacht bainistíochta, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go bhfuil na freagrachtaí agus na cinntí gaolmhara sin i gcomhréir, a mhéid is féidir, leis na treoirlínte sin is infheidhme maidir leis an gcomhlacht bainistíochta.
|
|
14. Tá na sainmhínithe ar POF, ar phríomhoifigeach airgeadais (POA) agus ar shealbhóir na …
|
Tá na sainmhínithe ar POF, ar phríomhoifigeach airgeadais (POA) agus ar shealbhóir na príomhfheidhme a úsáidtear sna treoirlínte seo go hiomlán feidhmiúil agus níl sé mar aidhm leo ceapadh na n-oifigeach sin a fhorchur ná poist den sórt sin a chruthú mura bhforordaítear é sin le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|