+11.1 Beartas um choinbhleachtaí leasa i gcomhthéacs iasachtaí agus idirbheart eile le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus lena bpáirtithe gaolmhara
---+110. Mar chuid dá mbeartais um choinbhleachtaí leasa don fhoireann (Roinn 11) agus bainistiú …
---+111. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta breithniú a dhéanamh ar chatagóirí breise páirtithe …
---+112. Ba cheart go n-áiritheodh an creat coinbhleachtaí leasa go ndéanfar cinntí maidir le …
---+113. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta na próisis chinnteoireachta is infheidhme maidir le …
---+114. Mar chuid den chreat coinbhleachtaí leasa, ba cheart don chomhlacht bainistíochta tairseacha …
---+115. Níor cheart go mbeadh baint ag an gcomhalta den chomhlacht bainistíochta a bhaineann leas as …
---+116. Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le hiasacht nó idirbheart eile le comhalta den …
---+117. Chun comhlíonadh a mbeartas um choinbhleachtaí leasa a áirithiú, ba cheart do ghnólachtaí …
|
11.1 Beartas um choinbhleachtaí leasa i gcomhthéacs iasachtaí agus idirbheart eile le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus lena bpáirtithe gaolmhara
11.1 Beartas um choinbhleachtaí leasa i gcomhthéacs iasachtaí agus idirbheart eile le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus lena bpáirtithe gaolmhara
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
110. Mar chuid dá mbeartais um choinbhleachtaí leasa don fhoireann (Roinn 11) agus bainistiú …
|
Mar chuid dá mbeartais um choinbhleachtaí leasa don fhoireann (Roinn 11) agus bainistiú choinbhleachtaí leasa chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta mar atá leagtha amach i mír 107, ba cheart don chomhlacht bainistíochta creat a leagan amach chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a bhainistiú i gcomhthéacs iasachtaí a dheonú agus idirbhearta eile a dhéanamh, e.g. tairiscintí poiblí tosaigh, comhaontuithe seirbhíse nó comhaontuithe eisfhoinsithe le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus lena bpáirtithe gaolmhara.
|
|
111. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta breithniú a dhéanamh ar chatagóirí breise páirtithe …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta breithniú a dhéanamh ar chatagóirí breise páirtithe gaolmhara a bhfuil feidhm acu maidir leo, go hiomlán nó i bpáirt, a gcreat coinbhleachtaí leasa maidir le hiasachtaí agus idirbhearta.
|
|
112. Ba cheart go n-áiritheodh an creat coinbhleachtaí leasa go ndéanfar cinntí maidir le …
|
Ba cheart go n-áiritheodh an creat coinbhleachtaí leasa go ndéanfar cinntí maidir le hiasachtaí agus idirbhearta eile a dhéanamh le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus lena bpáirtithe gaolmhara go hoibiachtúil, gan tionchar míchuí ó choinbhleachtaí leasa agus go reáchtálfar iad, mar phrionsabal ginearálta, ar neamhthuilleamaí.
|
|
113. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta na próisis chinnteoireachta is infheidhme maidir le …
|
Ba cheart don chomhlacht bainistíochta na próisis chinnteoireachta is infheidhme maidir le hiasachtaí a dheonú agus idirbhearta eile a dhéanamh le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus lena bpáirtithe gaolmhara a leagan amach. Féadfar foráil a dhéanamh sa chreat sin le haghaidh idirdhealú idir idirbhearta caighdeánacha gnó25 a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó agus a thugtar i gcrích de réir gnáththéarmaí margaidh agus idirbhearta foirne, a chuirtear i gcrích faoi réir coinníollacha atá ar fáil don fhoireann ar fad. Ina theannta sin, féadfar idirdhealú a dhéanamh idir an creat coinbhleachtaí leasa agus an próiseas cinnteoireachta idir iasachtaí ábhartha agus neamhábhartha nó idirbhearta ábhartha eile, cineálacha difriúla iasachtaí agus idirbhearta eile agus an leibhéal coinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha a d’fhéadfaidís a chruthú.
25 Áirítear i measc idirbhearta gnó léasú iasachtaí, fachtóireacht, seirbhísí i gcomhthéacs tairiscintí tosaigh don phobal (IPOnna), cumaisc agus éadálacha agus maoin a cheannach agus a dhíol.
|
|
114. Mar chuid den chreat coinbhleachtaí leasa, ba cheart don chomhlacht bainistíochta tairseacha …
|
Mar chuid den chreat coinbhleachtaí leasa, ba cheart don chomhlacht bainistíochta tairseacha iomchuí a shocrú (e.g. le haghaidh an chineáil táirge, méid, nó ag brath ar na coinníollacha) thuas a cheanglaíonn an t-idirbheart le comhalta den chomhlacht bainistíochta nó lena pháirtithe gaolmhara formheas a fháil ón gcomhlacht bainistíochta. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta cinntí a dhéanamh i gcónaí maidir le hiasachtaí ábhartha agus idirbhearta ábhartha eile le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nach bhfuil á gcur i gcrích faoi ghnáth-théarmaí margaidh, ach faoi réir coinníollacha atá ar fáil don fhoireann ar fad.
|
|
115. Níor cheart go mbeadh baint ag an gcomhalta den chomhlacht bainistíochta a bhaineann leas as …
|
Níor cheart go mbeadh baint ag an gcomhalta den chomhlacht bainistíochta a bhaineann leas as iasacht ábhartha den sórt sin nó as idirbheart ábhartha eile, nó ag an gcomhalta a bhfuil gaol aige leis an gcontrapháirtí, leis an bpróiseas cinnteoireachta.
|
|
116. Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le hiasacht nó idirbheart eile le comhalta den …
|
Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le hiasacht nó idirbheart eile le comhalta den chomhlacht bainistíochta nó lena bpáirtithe gaolmhara, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta, sula ndéanfaidh siad cinneadh, measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhféadfadh an gnólacht infheistíochta a bheith neamhchosanta air de bharr an idirbhirt.
|
|
117. Chun comhlíonadh a mbeartas um choinbhleachtaí leasa a áirithiú, ba cheart do ghnólachtaí …
|
Chun comhlíonadh a mbeartas um choinbhleachtaí leasa a áirithiú, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go mbeidh feidhm iomlán ag na nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh ábhartha go léir maidir le hiasachtaí agus idirbhearta eile le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta nó lena bpáirtithe gaolmhara agus go bhfuil creat maoirseachta iomchuí i bhfeidhm ag leibhéal an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|