+3. Sonraíochtaí ginearálta maidir le bailiúcháin sonraí faoin lucht ardioncaim
---+22. Ba cheart do ghnólachtaí sonraí maidir le lucht ardioncaim le haghaidh gach Ballstáit a bhfuil …
---+23. Ba cheart do ghnólachtaí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as figiúirí …
---+24. Ba cheart gach ball foirne a fuair EUR 1 mhilliún nó níos mó don bhliain airgeadais a …
---+25. Sa chás go bhfuil sonraí maidir le lucht ardioncaim á dtuairisciú ag gnólachtaí a nochtann …
---+26. Ba cheart an líon daoine sa chatagóir lucht ardioncaim a thuairisciú mar an líon daoine …
---+27. Ba cheart go n-áireofaí sa líon daoine aonair sa ró dar teideal “líon na ndaoine aonair a …
---+28. Ba cheart lucht ardioncaim a aicmiú faoin mBallstát, feidhm nó limistéar gnó agus freagracht …
---+29. Ba cheart faisnéis maidir le luach saothair lucht ardioncaim agus maidir leis na gnéithe …
---+30. Maidir le lucht ardioncaim a dhéanann gníomhaíochtaí gairmiúla laistigh agus lasmuigh den …
---+31. Ba cheart leithdháileadh an luacha saothair ar an gcuid sheasta agus athraitheach den luach …
---+32. Ba cheart míreanna neamhairgeadaíochta luacha saothair a thuairisciú lena gcoibhéis …
---+33. Ba cheart scaoilíocaíochtaí, luach saothair inathraithe ráthaithe agus sochair phinsin …
---+34. I ndáil leis an gcleachtadh bailithe sonraí maidir le lucht ardioncaim, ba cheart lucht …
|
3. Sonraíochtaí ginearálta maidir le bailiúcháin sonraí faoin lucht ardioncaim
3. Sonraíochtaí ginearálta maidir le bailiúcháin sonraí faoin lucht ardioncaim
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
22. Ba cheart do ghnólachtaí sonraí maidir le lucht ardioncaim le haghaidh gach Ballstáit a bhfuil …
|
Ba cheart do ghnólachtaí sonraí maidir le lucht ardioncaim le haghaidh gach Ballstáit a bhfuil lucht ardioncaim lonnaithe iontu agus le haghaidh gach réim íocaíochta de EUR 1 mhilliún (e.g. EUR 1 mhilliún go dtí níos lú ná EUR 2 mhilliún; EUR 2 mhilliún go dtí níos lú ná EUR 3 mhilliún, etc.) a chur ar fáil. Ba cheart gach duine sa chatagóir lucht ardioncaim a leithdháileadh ar an réim íocaíochta bunaithe ar luach saothair iomlán an bhaill foirne a dhámhtar don bhliain airgeadais.
|
|
23. Ba cheart do ghnólachtaí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as figiúirí …
|
Ba cheart do ghnólachtaí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as figiúirí dheireadh na bliana airgeadais ainmnithe in euro. Ba cheart méideanna a thuairisciú mar mhéideanna iomlána, i.e. ní mar mhéideanna slánaithe (e.g. EUR 1 234 567.00 seachas EUR 1.2 milliún).
|
|
24. Ba cheart gach ball foirne a fuair EUR 1 mhilliún nó níos mó don bhliain airgeadais a …
|
Ba cheart gach ball foirne a fuair EUR 1 mhilliún nó níos mó don bhliain airgeadais a thuairisciú, fiú má d’fhág an ball foirne an gnólacht roimh dheireadh na bliana airgeadais nó mura sroichtear an méid EUR 1 mhilliún ach amháin mar gheall ar luach saothair inathraithe ráthaithe nó scaoilíocaíochtaí ráthaithe a dhámhachtain.
|
|
25. Sa chás go bhfuil sonraí maidir le lucht ardioncaim á dtuairisciú ag gnólachtaí a nochtann …
|
Sa chás go bhfuil sonraí maidir le lucht ardioncaim á dtuairisciú ag gnólachtaí a nochtann figiúirí airgeadais in airgeadra seachas EUR, ba cheart an ráta malairte arna úsáid ag an gCoimisiún le haghaidh pleanáil airgeadais agus le haghaidh bhuiséad mhí na Nollag na bliana tuairiscithe a úsáid chun na figiúirí atá le tuairisciú a chomhshó.
|
|
26. Ba cheart an líon daoine sa chatagóir lucht ardioncaim a thuairisciú mar an líon daoine …
|
Ba cheart an líon daoine sa chatagóir lucht ardioncaim a thuairisciú mar an líon daoine nádúrtha (an líon daoine), neamhspleách ar an líon uaireanta oibre a bhfuil a gconradh bunaithe air. Chomh fada is a bhaineann le lucht ardioncaim, ba cheart an luach saothair a dámhadh in euro, gnéithe den luach saothair, an Ballstát, an limistéar feidhme nó gnó agus an fhreagracht a thuairisciú.
|
|
27. Ba cheart go n-áireofaí sa líon daoine aonair sa ró dar teideal “líon na ndaoine aonair a …
|
Ba cheart go n-áireofaí sa líon daoine aonair sa ró dar teideal “líon na ndaoine aonair a bhfuil feidhmeanna rialaithe á gcomhlíonadh acu”, lucht ardioncaim ar fad a bhfuil feidhmeanna rialaithe á gcomhlíonadh acu laistigh d’aonaid ghnó agus den fheidhm neamhspleách comhlíonta, rialaithe riosca agus iniúchta inmheánaigh.
|
|
28. Ba cheart lucht ardioncaim a aicmiú faoin mBallstát, feidhm nó limistéar gnó agus freagracht …
|
Ba cheart lucht ardioncaim a aicmiú faoin mBallstát, feidhm nó limistéar gnó agus freagracht ina ndéanann siad an chuid is mó dá ngníomhaíochtaí gnó. Ba cheart méid iomlán an luacha saothair dáfa ar an duine ábhartha de lucht ardioncaim laistigh den ghrúpa nó den ghnólacht tuairiscithe a thuairisciú faoin mBallstát, feidhm nó limistéar gnó agus freagracht sin. Má tá an meáchan céanna luaite le dhá limistéar nó níos mó le haghaidh duine de lucht ardioncaim, ba cheart don ghnólacht an duine de lucht ardioncaim agus a luach saothair a leithdháileadh agus leithdháileadh daoine eile de lucht ardioncaim a chur san áireamh, ionas go léirítear dáileadh na ndaoine de lucht ardioncaim laistigh den ghnólacht ar an mbealach is fearr agus is féidir.
|
|
29. Ba cheart faisnéis maidir le luach saothair lucht ardioncaim agus maidir leis na gnéithe …
|
Ba cheart faisnéis maidir le luach saothair lucht ardioncaim agus maidir leis na gnéithe sonracha de luach saothair inathraithe a chur ar fáil le haghaidh gach duine de lucht ardioncaim, gan beann ar cibé acu an sainaithnítear nó nach sainaithnítear an duine de lucht ardioncaim mar bhall foirne. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le lucht ardioncaim a áirítear in Iarscríbhinn I agus atá faoi réir creat sonrach luacha saothair i gcomhréir le hAirteagal 109(4) de Threoir 2013/36/AE agus a thuairiscítear in Iarscríbhinn II freisin, a chiallaíonn gur cheart luach saothair a dhámhtar in “ionstraimí neamhairgid a léiríonn ionstraimí na bpunann arna mbainistiú” nó luach saothair arna dhámhachtain faoi “socruithe malartacha formheasta” a leithdháileadh ar “ionstraimí eile” in Iarscríbhinn I.
|
|
30. Maidir le lucht ardioncaim a dhéanann gníomhaíochtaí gairmiúla laistigh agus lasmuigh den …
|
Maidir le lucht ardioncaim a dhéanann gníomhaíochtaí gairmiúla laistigh agus lasmuigh den Aontas, níor cheart iad a aicmiú faoi Bhallstát ach amháin má dhéanann siad an phríomhchuid dá ngníomhaíochtaí gairmiúla laistigh den Aontas. Seachas sin, níor chóir an ball foirne a thuairisciú mar dhuine de lucht ardioncaim.
|
|
31. Ba cheart leithdháileadh an luacha saothair ar an gcuid sheasta agus athraitheach den luach …
|
Ba cheart leithdháileadh an luacha saothair ar an gcuid sheasta agus athraitheach den luach saothair a dhéanamh, de réir mar is infheidhme, de réir Roinn 7 de Threoirlínte an ÚBE maidir le beartais fhónta luacha saothair faoi Threoir 2013/36/AE agus Roinn 7 faoi Threoirlínte an ÚBE maidir le beartais fhónta luacha saothair faoi Threoir (AE) 2019/2034.
|
|
32. Ba cheart míreanna neamhairgeadaíochta luacha saothair a thuairisciú lena gcoibhéis …
|
Ba cheart míreanna neamhairgeadaíochta luacha saothair a thuairisciú lena gcoibhéis airgeadaíochta (e.g. an méid a ngearrtar cáin air) agus ba cheart iad a áireamh mar “foirmeacha eile” luacha saothair.
|
|
33. Ba cheart scaoilíocaíochtaí, luach saothair inathraithe ráthaithe agus sochair phinsin …
|
Ba cheart scaoilíocaíochtaí, luach saothair inathraithe ráthaithe agus sochair phinsin lánroghnacha a áireamh sa luach saothair inathraithe iomlán agus ba cheart iad a chur ar fáil sa chuid den tábla ina bhfuil faisnéis bhreise freisin.
|
|
34. I ndáil leis an gcleachtadh bailithe sonraí maidir le lucht ardioncaim, ba cheart lucht …
|
I ndáil leis an gcleachtadh bailithe sonraí maidir le lucht ardioncaim, ba cheart lucht ardioncaim a thuairisciú mar bhaill foirne “sainaitheanta” má chaitheann gnólachtaí leo mar “bhaill foirne shainaitheanta” ar an leibhéal comhdhlúite nó ar an leibhéal aonair, agus an méid seo a leanas a chur san áireamh: - a. in Iarscríbhinn I,
- i. ba cheart go n-áireofaí sna baill foirne shainaitheanta, baill foirne shainaitheanta na hinstitiúide a chuireann na sonraí ar fáil agus a fochuideachtaí atá faoi réir chur i bhfeidhm na gceanglas luacha saothair faoi Airteagal 92 agus Airteagal 94 de Threoir 2013/36/AE ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite; agus
- ii. baill foirne i bhfochuideachtaí atá faoi réir creat sonrach luacha saothair i gcomhréir le hAirteagal 109(4) de Threoir 2013/36/AE, ach atá faoi réir na gceanglas luacha saothair faoi Airteagal 92 agus Airteagal 94 den Treoir sin i gcomhréir le hAirteagal 109(5) nó Airteagal 109(6) den Treoir sin;
- b. in Iarscríbhinn II,
| i. | ba cheart go n-áireofaí i measc ball foirne sainaitheanta, baill foirne shainaitheanta gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir chur i bhfeidhm na gceanglas luacha saothair faoi Airteagal 30 agus Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 ar bhonn aonair; agus | | ii. | i gcás ina mbeidh feidhm ag na ceanglais in Airteagal 30 agus in Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033, baill foirne i bhfochuideachtaí nach bhfuil faoi réir Airteagal 30 agus Airteagal 32 den Treoir sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní a bhainistíonn sé ar bhonn comhdhlúite. |
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|