+5.7 Rioscaí ML/TF agus imní stuamachta
---+133. Nuair a bhíonn anailís á déanamh ar an gcreat rialachais inmheánaigh agus ar rialuithe ar fud …
---+134. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an gcuimsítear nó nach gcuimsítear …
---+135. De réir Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach agus Treoirlínte Comhpháirteacha …
---+136. Chun críche comhréireachta, sa chás go bhfuil bunús le riosca ML/TF níos ísle bunaithe ar na …
|
5.7 Rioscaí ML/TF agus imní stuamachta
5.7 Rioscaí ML/TF agus imní stuamachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
133. Nuair a bhíonn anailís á déanamh ar an gcreat rialachais inmheánaigh agus ar rialuithe ar fud …
|
Nuair a bhíonn anailís á déanamh ar an gcreat rialachais inmheánaigh agus ar rialuithe ar fud an ghnólachta infheistíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla na measúnuithe a fuarthas ó mhaoirseoirí AML/CFT a chur san áireamh freisin, agus meastóireacht a dhéanamh maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil siad seo mar bhonn le himní stuamachta. D’fhéadfadh sé seo a bheith fíor go háirithe i gcás ina léiríonn torthaí laigí ábhartha i gcórais agus i rialuithe AML/CFT an ghnólachta infheistíochta. Os a choinne sin, i gcás ina léirítear i measúnú an údaráis inniúil na heasnaimh i rialuithe inmheánacha agus i gcreat rialachais an ghnólachta infheistíochta agus i rialuithe ar fud an ghnólachta infheistíochta atá mar bhonn le himní stuamachta a bhaineann le riosca ML/TF, ba cheart d’údaráis inniúla toradh an mheasúnaithe sin a roinnt le maoirseoirí AML/CFT.
|
|
134. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an gcuimsítear nó nach gcuimsítear …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an gcuimsítear nó nach gcuimsítear i gcreat rialachais fhoriomláin an ghnólachta infheistíochta bainistíocht na rioscaí ML/TF freisin.
|
|
135. De réir Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach agus Treoirlínte Comhpháirteacha …
|
De réir Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach agus Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir le measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ó thaobh stuamachta de maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta maidir le rioscaí ML/TF á gcomhlíonadh. Ba cheart d'údaráis inniúla aon fhaisnéis fhorlíontach a fhaightear ó mhaoirseoirí AML/CFT i ndiaidh an measúnú a dhéanamh a chur sna áireamh. Catagóir 3 gnólachtaí infheistíochta
|
|
136. Chun críche comhréireachta, sa chás go bhfuil bunús le riosca ML/TF níos ísle bunaithe ar na …
|
Chun críche comhréireachta, sa chás go bhfuil bunús le riosca ML/TF níos ísle bunaithe ar na cineálacha cliant agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar a laghad ar cibé an gcuimsítear nó nach gcuimsítear bainistíocht rioscaí ML/TF i gcreat rialachais fhoriomláin an ghnólachta infheistíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|