+6.2 Measúnú ar chlabhsúr ordúil an ghnólachta infheistíochta
---+158. Ba cheart d'údaráis inniúla an próiseas chun clabhsúr ordúil a chur leis an ngnólacht …
---+159. Tá go leor cásanna faoina bhféadfaí clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta. Le linn dóibh …
---+160. Chun cásanna oiriúnacha a bhunú de bhua mhír 159, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a …
---+161. Sa chás go bhfuil plean téarnaimh ar fáil, más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na …
---+162. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár a oireann don ghnólacht …
---+163. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár ionchais clabhsúir ordúil, ba cheart d'údaráis …
---+164. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na páirtithe leasmhara éagsúla a …
---+165. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …
---+166. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …
---+167. Bunaithe ar an anailís a rinneadh ar struchtúr eagraíochtúil agus samhail oibriúcháin an …
|
6.2 Measúnú ar chlabhsúr ordúil an ghnólachta infheistíochta
6.2 Measúnú ar chlabhsúr ordúil an ghnólachta infheistíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
158. Ba cheart d'údaráis inniúla an próiseas chun clabhsúr ordúil a chur leis an ngnólacht …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla an próiseas chun clabhsúr ordúil a chur leis an ngnólacht infheistíochta a shainaithint agus a mheas bunaithe ar chásanna inchreidte a thugann léargas ar shamhail agus ar straitéis ghnó an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal sonraí measúnú dá leithéid lena n-áirítear an líon cásanna breithnithe a chinneadh tríd an tsamhail ghnó, scála agus castacht na ngníomhaíochtaí curtha i gcrích ag gnólacht infheistíochta a chur san áireamh. Ba cheart go mbeadh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sa mheasúnú: - a. sainaithint cásanna clabhsúir;
- b. sainaithint amfráma réalaíoch chun clabhsúr a chur leis na gnólachtaí infheistíochta; agus
- c. measúnú ar an tionchar a bheidh ag clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta ar a chliaint, contrapháirtithe agus margaí, agus ar an ngnólacht infheistíochta féin.
53 6.2.1 Sainaithint cásanna clabhsúir
|
|
159. Tá go leor cásanna faoina bhféadfaí clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta. Le linn dóibh …
|
Tá go leor cásanna faoina bhféadfaí clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta. Le linn dóibh a gcuid anailíse a dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar chás amháin nó níos mó faoina gcinntear go bhfuil an gnólacht infheistíochta neamh-inmharthana agus nach bhfuil an dara rogha aige ach clabhsúr a chur leis an ngnó. Seo thíos roinnt cásanna coitianta a d'fhéadfaí údaráis inniúla glacadh leo mar bhonn le: - a. caillteanas suntasach airgeadais mar gheall ar dhianluaineachtaí margaí;
- b. caillteanas bonneagair atá ríthábhachtach nach féidir a athsholáthar go tráthúil.
|
|
160. Chun cásanna oiriúnacha a bhunú de bhua mhír 159, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a …
|
Chun cásanna oiriúnacha a bhunú de bhua mhír 159, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, más cuí, ar an bhfaisnéis seo a leanas, ag cur leis an anailís a rinneadh faoi Theideal 4 (Anailís ar Shamhail Ghnó): - a. foirm dlí an ghnólachta infheistíochta agus na ceanglais ghaolmhara infheidhme maidir le dócmhainneacht;
- b. samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta agus na leochaileachtaí gaolmhara;
- c. príomhthionscnóirí ioncaim agus costas an ghnólachta infheistíochta
- d. príomh-insreafaí agus eis-sreafaí airgid;
- e. príomhuirlisí agus próisis oibriúcháin inmheánacha nó seachfhoinsithe (córais riachtanacha TF); agus
- f. príomhghníomhaíochtaí gnó, go háirithe gníomhaíochtaí a bhféadfadh deacracht a bheith ag baint le clabhsúr a chur leo nó atá faoi réir ardleibhéal idirnascachta inmheánach/seachtrach.
|
|
161. Sa chás go bhfuil plean téarnaimh ar fáil, más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na …
|
Sa chás go bhfuil plean téarnaimh ar fáil, más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na cásanna atá sonraithe sa phlean téarnaimh trí thuilleadh béime a leagan ar na hiarrachtaí clabhsúr a chur le cúrsaí (i.e. cásanna nuair nach mbeidh roghanna téarnaimh ar fáil). 6.2.2 Sainaithint tráthchláir oiriúnach chun clabhsúr a chur le cúrsaí
|
|
162. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár a oireann don ghnólacht …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár a oireann don ghnólacht infheistíochta chun clabhsúr ordúil a chur le cúrsaí. Go háirithe, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh gá le tráthchlár níos faide ná trí mhí chun clabhsúr ordúil a chur le gnóthaí gnólachtaí infheistíochta.
|
|
163. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár ionchais clabhsúir ordúil, ba cheart d'údaráis …
|
Chun cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár ionchais clabhsúir ordúil, ba cheart d'údaráis inniúla cuntas a dhéanamh de na gnéithe atá sonraithe i mír 165 go 167, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tréimhse ama a bhaineann le clabhsúr a chur le cúrsaí gnó. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh údaráis inniúla brath ar an tráthchlár 54 meánach a bhain le clabhsúr ordúil a chur le gnólachtaí infheistíochta roimhe seo a bhfuil na tréithe céanna luaite leo laistigh dá ndlínse. 6.2.3 Measúnú ar an tionchar a bheidh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar chliaint, contrapháirtithe agus margaí
|
|
164. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na páirtithe leasmhara éagsúla a …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na páirtithe leasmhara éagsúla a bhféadfadh tionchar a bheith ag clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta orthu, faoi na cásanna a ndearnadh anailís orthu. Nuair a bhíonn a measúnú tionchair á ndéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar a laghad ar phríomhchliaint, contrapháirtithe agus margaí eile an ghnólachta infheistíochta.
|
|
165. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar chliaint an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart go n-áireofaí ina leithéid sin de mheasúnú na gnéithe seo a leanas ar a laghad, a mhéid is atá an fhaisnéis ábhartha ar fáil: - a. cumas na ngnólachtaí infheistíochta idirbhearta nach bhfuil críochnaithe a chríochnú agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag a leithéid de chlabhsúr ar chliaint agus ar an ngnólacht infheistíochta (i.e. cibé acu an mbeidh nó nach mbeidh ar an ngnólacht infheistíochta déileáil le pionóis foirceanta nó táillí dlí);
- b. sa chás nach féidir conarthaí a chealú, cumas an ghnólachta infheistíochta iad a thabhairt ar láimh d'institiúidí airgeadais eile agus na costais a bhainfeadh lena leithéid; agus
- c. cumas an ghnólachta infheistíochta airgead agus sócmhainní cliaint, atá á choimeád faoi chumhdach an ghnólachta infheistíochta, a thabhairt ar ais go tráthúil, de réir na rialacha a bunaíodh faoi Threoir 2014/65/AE.
|
|
166. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar na margaí ina bhfuil an gnólachta infheistíochta ag feidhmiú. Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na cásanna seo a leanas go háirithe: - a. sa chás go bhfuil céatadán ard de ghnó an ghnólachta infheistíochta á chur i gcrích i margadh sonrach amháin nó i roinnt margaí sonracha; agus
- b. sa chás gur soláthraí suntasach gnó i margadh sonrach é an gnólacht infheistíochta.
6.2.4 Measúnú ar an tionchar a bheidh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar an ngnólacht infheistíochta
|
|
167. Bunaithe ar an anailís a rinneadh ar struchtúr eagraíochtúil agus samhail oibriúcháin an …
|
Bunaithe ar an anailís a rinneadh ar struchtúr eagraíochtúil agus samhail oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na príomhrioscaí a mbeidh ar an ngnólacht infheistíochta déileáil leo má chuirtear clabhsúr le cúrsaí gnó. Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas, a mhéid is atá siad ábhartha don ghnólacht infheistíochta agus don fhaisnéis atá ar fáil: 55 - a. cumas an ghnólachta infheistíochta a chostais oibriúcháin a chlúdach, lena n-áirítear na costais a bhaineann lena phríomhphróiseas inmheánach nó seachfhoinsithe agus córas TF a chothabháil, agus cead a thabhairt dó leanúint ar aghaidh ag feidhmiú ag leibhéal a cheadaíonn clabhsúr ordúil a chur le cúrsaí gnó;
- b. cumas an ghnólachta infheistíochta a shócmhainní seasta a dhiúscairt go tráthúil agus déileáil leis an gcaillteanas gaolmhar;
- c. cumas an ghnólachta infheistíochta a fhostaithe a bhainistiú/a dhífhostú, trí bhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht fostaíochta ábhartha, go háirithe i gcásanna ina bhfuil eintitis thrasteorann ag an ngnólacht infheistíochta, agus na costais a d'fhéadfadh a bheith i gceist (breithniú a dhéanamh go háirithe ar scaoilíocaíochtaí);
- d. cumas an ghnólachta infheistíochta príomhfhostaithe a choimeád chun clabhsúr a chur le cúrsaí gnó agus na costais a d'fhéadfadh a bheith i gceist; agus
- e. aon chostais nó rioscaí oibríochtúla eile a d'fhéadfadh a bheith i gceist i rith an phróisis chlabhsúir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|