+8.2 Riosca leachtachta a mheas
---+331. Ba cheart d'údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar ar shócmhainní leachtacha …
---+332. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid sócmhainní leachtacha a theastaíonn …
---+333. Nuair a bhíonn meastóireacht á déanamh ar dhálaí géara ach inchreidte maidir le riachtanais …
---+334. Maidir le gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann le cuntas dílis, ba cheart d'údaráis inniúla …
---+335. Ba cheart d'údaráis inniúla a measúnú a bhunú ar anailís an ghnólachta infheistíochta ar …
---+336. Chun críocha an mheasúnaithe a dhéanamh ar an riosca leachtachta ionlae, ba cheart d'údaráis …
---+337. Chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais leachtachta faoi ghnáthchoinníollacha agus chun …
---+338. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint an ghnólachta infheistíochta …
---+339. Maidir le gnólachtaí infheistíochta arb ionann iad agus cruthaitheoirí margaidh mar atá …
---+340. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht acmhainní leachtachta …
---+341. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chumas gnólachtaí infheistíochta ar …
---+342. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar an riosca do leachtacht, ba cheart d'údaráis inniúla …
---+343. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht phróifíl maoinithe an ghnólachta …
---+344. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar éagsúlacht na bhfoinsí maoinithe. I rith an …
---+345. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh …
---+346. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí a d’fhéadfadh cobhsaíocht an …
---+347. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an riosca d’inbhuanaitheacht phróifíl …
|
8.2 Riosca leachtachta a mheas
8.2 Riosca leachtachta a mheas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
331. Ba cheart d'údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar ar shócmhainní leachtacha …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar ar shócmhainní leachtacha faoi dhálaí géara ach inchreidte agus conas atá an gnólacht infheistíochta réidh chun na heis-sreafaí struis a mhaolú de réir an chreata bainistíochta riosca leachtachta i Rannóg 8.4 de na treoirlínte seo.
|
|
332. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid sócmhainní leachtacha a theastaíonn …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid sócmhainní leachtacha a theastaíonn chun a áirithiú go gcoimeádann an gnólacht infheistíochta leibhéil leordhóthanacha d'acmhainní leachtacha a dhéileálann le foinsí ábhartha do riosca an ghnólacht infheistíochta, lena n-áirítear riosca do chliaint, riosca don mhargadh agus riosca don ghnólacht infheistíochta faoi ghnáthdhálaí géara ach inchreidte chun turraingí neamhghnácha, ar fud an mhargaidh agus comhcheangailte a chlúdach. 99
|
|
333. Nuair a bhíonn meastóireacht á déanamh ar dhálaí géara ach inchreidte maidir le riachtanais …
|
Nuair a bhíonn meastóireacht á déanamh ar dhálaí géara ach inchreidte maidir le riachtanais leachtachta an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar gach foinse ábhartha de riosca leachtachta, lena n-áirítear riosca do chliaint, riosca don mhargadh agus an riosca don ghnólacht infheistíochta mar aon le hacmhainní leachtacha a theastaíonn do chlabhsúr ordúil féideartha an ghnólachta infheistíochta. Go háirithe, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: - a. cibé acu atá nó nach bhfuil sócmhainní nó airgead cliant á sealbhú ag an ngnólacht infheistíochta agus a chumas a leithéid de shócmhainní a thabhairt ar ais go tráthúil faoi chásanna atá géar ach inchreidte;
- b. cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann an gnólacht infheistíochta measúnú ar a riachtanais leachtachta do ghníomhaíochtaí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ag cur an nádúir theagmhasaigh a chuireann ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe le cé chomh casta is atá sé sreafaí a bhaineann le hairgead a bhainistiú;
- c. foinsí féideartha eile d'eis-sreafaí airgid lena n-áirítear babhtálacha, roghanna scríofa nó díolta thar an gcuntas (OTC), conarthaí ráta úis eile, conarthaí ráta réamh-mhalairte eachtraí, glaonna ar éarlais agus comhaontuithe maidir le luathfhoirceannadh;
- d. má bhaineann deacrachtaí le margaí áirithe a rochtain;
- e. má tá ganntanas leachtachta luaite leis na margaí malairte eachtraí;
- f. más amhlaidh go bhféadfadh an ráta malairte eachtraí dímheas go géar nuair a dhéanann an gnólacht infheistíochta idirbhearta malairte eachtraí ag scála suntasach; agus
- g. má tá an gnólacht infheistíochta atá freagrach as a staideanna neamhchosanta ar riosca leachtachta mar gheall ar an riosca a bhaineann le laghdú ar mhargadhluach staide a bheadh mar bhonn leis an ngá le haghaidh comhthaobhacht nó corrlach breise a cheanglódh go mbeadh sé riachtanach a staideanna a leachtú go tapa.
Meastóireacht ar riosca leachtachta ionlae
|
|
334. Maidir le gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann le cuntas dílis, ba cheart d'údaráis inniúla …
|
Maidir le gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann le cuntas dílis, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil leibhéal oiriúnach sócmhainní leachtacha ar ardchaighdeán agus insreafaí leachtachta eile ag an ngnólacht infheistíochta chun eis-sreafaí leachtachta a chlúdach ar bhonn laethúil, lena n-áirítear i rith na tréimhse ionlae. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta atá páirteach i ngníomhaíocht cruthaithe margaidh ar bhealach níos cuimsithí. Ba cheart, áfach, breithniú a dhéanamh ar aon mhaolú riosca leachtachta a sholáthraíonn idirbhearta imréitigh trí chomhalta imréitigh. 100
|
|
335. Ba cheart d'údaráis inniúla a measúnú a bhunú ar anailís an ghnólachta infheistíochta ar …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla a measúnú a bhunú ar anailís an ghnólachta infheistíochta ar riosca leachtachta ionlae de réir Airteagal 29(1), pointe (d) de Threoir (AE) 2019/2034. Ba cheart leachtacht ionlae a mheas faoi ghnáthchoinníollacha géara atá inchreidte.
|
|
336. Chun críocha an mheasúnaithe a dhéanamh ar an riosca leachtachta ionlae, ba cheart d'údaráis …
|
Chun críocha an mheasúnaithe a dhéanamh ar an riosca leachtachta ionlae, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an n-imréitíonn an gnólacht infheistíochta a shuíomhanna trí chomhaltaí imréitigh nó an bhfeidhmíonn sé i margadh thar an gcuntar. Má tá an gnólacht infheistíochta ráthaithe ag comhalta imréitigh nó ag aon pháirtí eile, ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na ráthaíochtaí i ndáil leis an riosca leachtachta a mhaolú.
|
|
337. Chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais leachtachta faoi ghnáthchoinníollacha agus chun …
|
Chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais leachtachta faoi ghnáthchoinníollacha agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an riosca leachtachta ionlae, ba cheart d'údaráis inniúla tacú leis an anailís trí fhianaise ó thuarascálacha agus faisnéis inmheánach an ghnólachta infheistíochta, agus ó shonraí tuairiscithe maoirseachta mar atá sonraithe sa rialachán cur chun feidhme arna ghlacadh de réir Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2019/2033.
|
|
338. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint an ghnólachta infheistíochta …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint an ghnólachta infheistíochta ar riosca leachtachta ionlae, lena n-áirítear infhaighteacht ionlae sócmhainní leachtacha. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an mbeidh nó nach mbeidh na ceanglais maidir le socraíocht laethúil á gcomhlíonadh lena n-áirítear meastóireacht ar leachtacht ionlae atá ar fáil nó leachtacht inrochtana faoi ghnáthchoinníollacha mar aon le i rith teagmhas airgeadais nó oibríochtúil a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar rochtain leachtachta cosúil le teipeanna TF, srianta dlí maidir le haistriú cistí nó mainneachtain contrapháirtithe trádála. Meastóireacht ar acmhainní leachtacha atá ar fáil
|
|
339. Maidir le gnólachtaí infheistíochta arb ionann iad agus cruthaitheoirí margaidh mar atá …
|
Maidir le gnólachtaí infheistíochta arb ionann iad agus cruthaitheoirí margaidh mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1), pointe (k) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní leachtacha atá ar fáil. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnuithe cosúla a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta nach gcáilíonn mar chruthaitheoirí margaidh a mhéid is go measann na húdaráis inniúla atá cuí.
|
|
340. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht acmhainní leachtachta …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht acmhainní leachtachta gnólachtaí infheistíochta ar cruthaitheoirí margaidh iad atá riachtanach chun a riachtanais leachtachta a chomhlíonadh thar thréimhsí ama éagsúla, lena n-áirítear ar bhonn ionlae. Ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú seo: - a. na sócmhainní leachtacha atá ar fáil ar bhonn tráthúil d'inmharthanacht an ghnólachta infheistíochta faoi ghnáthchoinníollacha géara ach inchreidte;
- b. na sócmhainní leachtacha foriomlána atá ar fáil don ghnólacht infheistíochta thar thréimhse iomlán na gcoinníollacha géara ábhartha ach inchreidte;
101 - c. saintréithe coinníollacha géara difriúla ach inchreidte, cosúil le déine agus tréimhse, agus tréimhsí breithnithe mar chuid den mheastóireacht ar riachtanais leachtachta an ghnólachta infheistíochta;
- d. méid na sócmhainní a chaithfí a leachtú thar na tréimhsí ama ábhartha; agus
- e. cibé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní leachtacha iarbhír, lena n-áirítear caighdeán na sócmhainní leachtacha, i gcomhréir le hinghlacthacht riosca leachtacht an ghnólachta infheistíochta;
- f. infhaighteacht agus suntas na n-acmhainní leachtachta curtha ar fáil ag comhalta imréitigh.
|
|
341. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chumas gnólachtaí infheistíochta ar …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chumas gnólachtaí infheistíochta ar cruthaitheoirí margaidh iad airgead a dhéanamh ar a sócmhainní leachtacha go tráthúil chun freastal ar a riachtanais leachtachta le linn tréimhse struis. Ba cheart d'údaráis inniúla na critéir seo a leanas a chur san áireamh: - a. cibé acu an dtástálann nó nach dtástálann an gnólacht infheistíochta a rochtain ar an margadh trí dhíolachán nó trí athcheannach a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil;
- b. cibé acu an ann nó nach ann do chomhchruinnithe arda a bhféadfaí glacadh leo mar riosca d'acmhainní leachtacha a bhfuiltear ag súil leo go mícheart;
- c. cibé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní leachtachta ar fáil go héasca agus á rialú ag na comhaltaí foirne ábhartha;
- d. cibé acu atá nó nach bhfuil ainmníocht na sócmhainní leachtacha comhsheasmhach le dáileadh na riachtanas leachtachta de réir airgeadra;
- e. sa chás go bhfuil sócmhainní leachtacha ar iasacht ag an ngnólacht infheistíochta, cibé acu an mbeadh nó nach mbeidh siad fós ar fáil chun a eis-sreafaí a chomhlíonadh faoi choinníollacha géara ach inchreidte ag cur glanéifeacht an idirbhirt san áireamh; agus
- f. iontaofacht na saoráidí leachtachta tiomanta má tá siad in úsáid ag an ngnólacht infheistíochta.
Leithdháileadh an mhaoinithe
|
|
342. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar an riosca do leachtacht, ba cheart d'údaráis inniúla …
|
Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar an riosca do leachtacht, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar shocruithe maoinithe an ghnólachta infheistíochta agus cobhsaíocht na bhfoinsí maoinithe faoi ghnáthchoinníollacha géara ach inchreidte. 102
|
|
343. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht phróifíl maoinithe an ghnólachta …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht phróifíl maoinithe an ghnólachta infheistíochta trí chuntas a dhéanamh de na critéir seo a leanas ar fad: - a. cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil oibleagáidí an ghnólachta infheistíochta á gcomhlíonadh go leordhóthanach le maoiniú cobhsaí;
- b. cibé acu atá nó nach bhfuil – sa chás go mbaineann an gnólacht infheistíochta le grúpaí – sreafaí rialta inghrúpa leachtachta agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad á sainordú ag conarthaí agus fós i bhfeidhm; agus
- c. cibé acu atá nó nach bhfuil rochtain ag an ngnólacht infheistíochta ar shaoráidí creidmheasa ó institiúid creidmheasa nó grúpeintiteas eile nó foinsí maoinithe malartacha eile.
|
|
344. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar éagsúlacht na bhfoinsí maoinithe. I rith an …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar éagsúlacht na bhfoinsí maoinithe. I rith an mheasúnaithe ba cheart breithniú a dhéanamha r cibé acu an bhfuil an maoiniú urraithe nó neamhurraithe, cosúil le húsáid a bhaint as comhaontuithe athcheannaigh, margaí iasachtaithe urrús, eisiúint fiachas fadtéarmach i margaí poiblí agus príobháideacha, éagsúlacht d'ionstraimí maoinithe gearrthéarmacha cosúil le hiasachtaí bainc agus más cuí, éagsúlacht margaí réigiúnacha.
|
|
345. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh easnaimh phoitéinsiúla ag eascairt as próifíl mhaoinithe an ghnólachta infheistíochta, cosúil le neamhréireanna insreafaí agus eis-sreafaí i ngníomhaíochtaí margaidh atá ag sárú teorainneacha inghlactha nó comhchruinnithe iomarcacha foinsí maoinithe, a bheith mar bhonn le riosca leachtachta. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leibhéal spleáchais an ghnólachta infheistíochta ar fhoinsí maoinithe áirithe bunaithe ar sheirbhísí infheistíochta, cineál agus soláthróir na gcistí.
|
|
346. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí a d’fhéadfadh cobhsaíocht an …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí a d’fhéadfadh cobhsaíocht an mhaoinithe a laghdú i ndáil le cineál agus saintréithe sócmhainní agus dliteanas araon.
|
|
347. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an riosca d’inbhuanaitheacht phróifíl …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an riosca d’inbhuanaitheacht phróifíl mhaoinithe an ghnólachta infheistíochta a eascraíonn as comhchruinnithe i bhfoinsí maoinithe. Ba cheart go gcuirfí san áireamh cibé acu an bhfuil contrapháiritithe na ghnólachta infheistíochta ag feidhmiú ar bhonn aonair nó nasctha agus riosca comhchruinnithe eile a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar rochtain an ghnólachta infheistíochta ar mhaoiniú amach anseo. Ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú seo iontaofacht straitéisí maoinithe malartacha an ghnólachta infheistíochta, agus a leordhóthanacht chomh fada is a bhaineann leis an ngnólacht a chosaint. 103
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|