+Component Method Focus
---+88. Chun IRRBB a thomhas agus faireachán a dhéanamh air, ba cheart d'institiúidí beart glanioncaim …
---+89. Ba cheart d'institiúidí, a neamhchosaint ar IRRBB a thomhas go rialta, uair gach ráithe ar a …
---+90. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart cur chuige …
---+91. Ba cheart d'institiúidí neamhchosaintí i ngach airgeadra ina bhfuil suíomhanna acu a mheas. …
---+92. Nuair a bhíonn cásanna maidir le turraing an ráta úis á roghnú, ba cheart d'institiúidí an méid …
---+93. Ba cheart torthaí na gcásanna turrainge a úsáid i ndáil le cinnteoireacht ag leibhéal …
---+94. Ba cheart tástáil struis IRRBB a bhreithniú in ICAAP, agus ba cheart d'institiúidí tástáil …
---+95. Ba cheart tástáil struis IRRBB a dhéanamh go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad agus níos …
---+96. Ba cheart go n-áireofaí i gcreat tástála struis IRRBB cuspóirí atá sainithe go soiléir, cásanna …
---+97. I dtástálacha struis uile-fhiontair, ba cheart idirghníomhaíocht IRRBB le catagóirí riosca eile …
---+98. Ba cheart d'institiúidí cúltástálacha struis a dhéanamh chun (i) cásanna ráta úis a …
---+99. Chun críche mheasúnú IRRBB, nuair a bhíonn leochaileachtaí á dtástáil i ndálaí anáis, ba cheart …
---+100. Ba cheart torthaí na gcásanna struis a úsáid i ndáil le cinnteoireacht ag leibhéal …
---+101. Chun críche anailís íogaireachta, ba cheart d'institiúidí meastóireacht a dhéanamh, i …
---+102. I gcásanna ina bhfuil srianta suntasacha athphraghsála luaite le hionstraimí an chláir …
---+103. Nuair a bhíonn IRRBB á thomhas, ba cheart go mbeadh tuiscint iomlán ag institiúidí ar agus go …
---+104. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar riosca táirgí atá íogair do ráta úis atá nasctha le …
---+105. Nuair a bhíonn IRRBB á thomhas, ba cheart oibleagáidí pinsin agus sócmhainní ráta pinsin a …
---+106. Ba cheart d'institiúidí, i ndáil le bearta difriúla IRRBB, más cuí, toimhdí a chur san áireamh …
---+107. De bhrí go n-athraíonn dálaí margaidh, timpeallachtaí iomaíocha agus straitéisí le himeacht …
---+108. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar impleachtaí roghnaíochta, ba cheart d'institiúidí an méid …
---+109. Ba cheart go mbeadh beartais bunaithe ag institiúidí le haghaidh rialú agus sonrú, agus …
---+110. Níor cheart go mbeadh taiscí neamhaibíochta ó chustaiméirí airgeadais faoi réir samhaltaithe …
---+111. Seachas an coigilteas rialaithe dá dtagraítear dó i mír (a) d'Airteagal 428f(2) de CRR, ach …
---+112. Nuair a bhíonn toimhdí iompraíochta á ndéanamh maidir le cuntais nach bhfuil dátaí sonracha …

Component Method Focus

and liabilities; and explicit caps, floors and swaptions.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
88. Chun IRRBB a thomhas agus faireachán a dhéanamh air, ba cheart d'institiúidí beart glanioncaim …

Chun IRRBB a thomhas agus faireachán a dhéanamh air, ba cheart d'institiúidí beart glanioncaim úis amháin ar a laghad móide athruithe margadhluacha agus modh tomhais luach eacnamaíoch amháin ar a laghad a úsáid, a chuireann, i dteannta a chéile, gach comhpháirt de IRRBB san áireamh. Ba cheart d'institiúidí móra a bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann ar bun acu, go háirithe institiúidí faoi chatagóir 1 agus 2 de Threoirlínte SREP, agus institiúidí a bhfuil samhlacha gnó casta nó sofaisticiúla acu, modhanna tomhais éagsúla a úsáid le haghaidh IRRBB, mar atá sonraithe in Iarscríbhinn II.

4.3.3 Cásanna a bhaineann le turraing an ráta úis atá le bainistiú ar bhonn leanúnach

89. Ba cheart d'institiúidí, a neamhchosaint ar IRRBB a thomhas go rialta, uair gach ráithe ar a …

Ba cheart d'institiúidí, a neamhchosaint ar IRRBB a thomhas go rialta, uair gach ráithe ar a laghad agus ar bhonn níos minice nuair a bhíonn luaineacht an ráta úis méadaithe nó nuair a bhíonn na leibhéil IRRBB méadaithe, i gcomhthéacs na mbeart difriúil IRRBB bunaithe ar chásanna éagsúla a bhaineann le turraing an ráta úis ag díriú ar athruithe a d'fhéadfaí a thabhairt faoi deara ar leibhéal agus ar chruth chuar toraidh an ráta úis, agus athruithe ar an gcaidreamh idir rátaí úis difriúla (i.e., riosca boinn).

90. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart cur chuige …

Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart cur chuige coinníollach nó neamhchoinníollach maidir le samhaltú an tsreabhaidh airgid a chur i bhfeidhm. Ba cheart d'institiúidí níos mó agus níos casta, go háirithe institiúidí faoi chatagóir 1 agus 2 de Threoirlínte SREP, cuntas a dhéanamh de chásanna ina bhfuil conairí difriúla ráta úis á ríomh agus sa chás gurb ionann cuid de na toimhdí (e.g., maidir le hiompar, cur le riosca agus méid agus comhdhéanamh an chláir comhardaithe) agus feidhmeanna de leibhéil athraitheacha ráta úis.

91. Ba cheart d'institiúidí neamhchosaintí i ngach airgeadra ina bhfuil suíomhanna acu a mheas. …

Ba cheart d'institiúidí neamhchosaintí i ngach airgeadra ina bhfuil suíomhanna acu a mheas. Chomh fada is a bhaineann leis na neamhchosaintí airgeadra ábhartha, ba cheart go mbeadh na cásanna maidir le turraing an ráta úis dírithe go sonrach ar airgeadra agus comhsheasmhach leis na saintréithe eacnamaíocha foluiteacha. Faoi chóras tomhais inmheánach (IMS) IRRBB, ba cheart cásanna maidir le turraing an ráta úis atá bunaithe ar airgeadra sonrach a bhreithniú le haghaidh, ar a laghad, gach airgeadra ina bhfuil luach de réir na leabhar de shócmhainní nó dliteanais airgeadais ainmnithe in airgeadra cothrom le 5% nó níos mó de shócmhainní nó dliteanais airgeadais iomlána an leabhair neamhthrádála, nó níos lú ná 5% má tá suim na sócmhainní nó dliteanais airgeadais curtha san áireamh sa ríomh cothrom le níos lú ná 90% de shócmhainní nó dliteanais airgeadais iomlána an leabhair neamhthrádála (seachas sócmhainní inláimhsithe). Ba cheart go n-áireodh institiúidí modhanna ina gcórais tomhais inmheánacha chun a IRRBB a chomhiomlánú in airgeadraí difriúla. Sa chás go mbaineann institiúidí úsáid as toimhdí maidir le spleáchais idir rátaí úis in airgeadraí difriúla, ba cheart go mbeadh an leibhéal riachtanach scileanna agus castachta acu chun é sin a dhéanamh. Ba cheart go gcuirfeadh institiúidí tionchar na dtoimhdí maidir le spleáchais idir rátaí úis in airgeadraí difriúla san áireamh.

92. Nuair a bhíonn cásanna maidir le turraing an ráta úis á roghnú, ba cheart d'institiúidí an méid …

Nuair a bhíonn cásanna maidir le turraing an ráta úis á roghnú, ba cheart d'institiúidí an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • (a) Go bhfuil na cásanna maidir le turraing an ráta úis atá forbartha acu i gcomhréir le nádúr, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí agus a bpróifíl riosca, agus go bhfuil athruithe tobanna agus de réir a chéile comhthreomhara agus neamh-chomhthreomhara sna cuair torthaí á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh cásanna bunaithe ar ghluaiseachtaí agus iompar stairiúil rátaí úis agus ar ionsamhlúcháin maidir le rátaí úis todhchaíocha;
  • (b) Cásanna maidir leis an ráta úis a léirítear iontu athruithe ar an gcaidreamh idir príomhrátaí margaí chun déileáil leis an riosca boinn;
  • (c) Na cásanna forordaithe maidir le turraing an ráta úis dá dtagraítear dóibh i mír 5 d'Airteagal 98 de Threoir 2013/36/AE;
  • (d) Aon chásanna breise maidir le turraing an ráta úis arna gceangal ag maoirseoirí;
  • (e) Go bhfuil dóthain struis luaite le bailíocht na dtoimhdí éagsúlaithe; agus
  • (f) I dtimpeallachtaí rátaí úis íseal, ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh freisin ar chásanna diúltacha an ráta úis agus ar an bhféidearthacht a bhaineann le héifeachtaí neamhshiméadracha rátaí úis diúltacha ar a gcuid ionstraimí atá íogair do ráta úis.
93. Ba cheart torthaí na gcásanna turrainge a úsáid i ndáil le cinnteoireacht ag leibhéal …

Ba cheart torthaí na gcásanna turrainge a úsáid i ndáil le cinnteoireacht ag leibhéal bainistíochta oiriúnach. Áirítear anseo cinntí straitéiseacha nó gnó, leithdháileadh caipiteal inmheánach agus cinntí bainistíochta riosca atá á ndéanamh ag an gcomhlacht bainistíochta nó ag a thoscairí. Ba cheart na torthaí a bhreithniú freisin nuair a bhíonn beartais agus teorainneacha le haghaidh IRRBB á mbunú agus á n-athbhreithniú.

4.3.4 Cásanna struis ráta úis

94. Ba cheart tástáil struis IRRBB a bhreithniú in ICAAP, agus ba cheart d'institiúidí tástáil …

Ba cheart tástáil struis IRRBB a bhreithniú in ICAAP, agus ba cheart d'institiúidí tástáil struis géar, fadbhreathnaitheach a dhéanamh a shainaithníonn na hairmhairtí díobhálacha poitéinsiúla a d'fhéadfadh a bheith ag athruithe suntasacha ar dhálaí margaidh ar a mbearta caipitil nó glanioncam úis móide athruithe margadhluacha. Chun críche thástáil struis IRRBB, ba cheart d'institiúidí athruithe ar iompar a mbonn custaiméirí a chur san áireamh. Ba cheart tástáil struis le haghaidh IRRBB a chomhtháthú i gcreat foriomlán tástála struis institiúidí, lena n-áirítear cúltástáil struis, agus ba cheart go mbeadh a leithéid i gcomhréir lena nádúr, méid agus castacht, mar aon lena ngníomhaíochtaí gnó agus próifíl riosca fhoriomláin.

95. Ba cheart tástáil struis IRRBB a dhéanamh go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad agus níos …

Ba cheart tástáil struis IRRBB a dhéanamh go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad agus níos minice nuair a bhíonn luaineacht an ráta úis méadaithe agus nuair a bhíonn na leibhéil IRRBB méadaithe.

96. Ba cheart go n-áireofaí i gcreat tástála struis IRRBB cuspóirí atá sainithe go soiléir, cásanna …

Ba cheart go n-áireofaí i gcreat tástála struis IRRBB cuspóirí atá sainithe go soiléir, cásanna atá saincheaptha do ghnóthaí agus rioscaí na hinstitiúide, toimhdí a bhfuil bunús maith leo agus modheolaíochtaí fónta.

97. I dtástálacha struis uile-fhiontair, ba cheart idirghníomhaíocht IRRBB le catagóirí riosca eile …

I dtástálacha struis uile-fhiontair, ba cheart idirghníomhaíocht IRRBB le catagóirí riosca eile (riosca creidmheasa, riosca leachtachta, riosca margaidh, etc.), agus aon éifeachtaí ábhartha indíreacha, a ríomh.

98. Ba cheart d'institiúidí cúltástálacha struis a dhéanamh chun (i) cásanna ráta úis a …

Ba cheart d'institiúidí cúltástálacha struis a dhéanamh chun (i) cásanna ráta úis a shainaithint a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar bhearta caipitil, luach eacnamaíoch agus glanioncam úis móide athruithe margadhluacha; agus (ii) leochaileachtaí a léiriú atá ag eascairt as a straitéisí fálaithe agus freagairtí poitéinsiúla iompair a chuid custaiméirí.

99. Chun críche mheasúnú IRRBB, nuair a bhíonn leochaileachtaí á dtástáil i ndálaí anáis, ba cheart …

Chun críche mheasúnú IRRBB, nuair a bhíonn leochaileachtaí á dtástáil i ndálaí anáis, ba cheart d'institiúidí úsáid a bhaint as aistrithe agus athruithe níos suntasaí i rátaí úis i gcomparáid leis na haistrithe agus leis na hathruithe a úsáidtear chun críche bainistíochta, lena n-áirítear ceann amháin acu seo a leanas ar a laghad:

  • a) Athruithe suntasacha sa chaidreamh idir príomhrátaí margaidh (riosca boinn);
  • b) Aistrithe tobanna agus suntasacha sa chuar toraidh (comhthreomhar agus neamh-chomhthreomhar);
  • c) Miondealuithe ar phríomhthoimhdí maidir le hiompar aicmí sócmhainní agus dliteanas;
  • d) Athruithe ar phríomhthoimhdí comhghaolúcháin;
  • e) Athruithe suntasacha ar dhálaí margaidh reatha agus ar mhacradhálaí agus ar an timpeallacht iomaíoch agus eacnamaíoch, agus a bhforbairt fhéideartha; agus
  • f) Cásanna sonracha a bhaineann le samhail agus próifíl ghnó aonair na hinstitiúide.
100. Ba cheart torthaí na gcásanna struis a úsáid i ndáil le cinnteoireacht ag leibhéal …

Ba cheart torthaí na gcásanna struis a úsáid i ndáil le cinnteoireacht ag leibhéal bainistíochta oiriúnach. Áirítear anseo cinntí straitéiseacha nó gnó, leithdháileadh caipiteal inmheánach agus cinntí bainistíochta riosca atá á ndéanamh ag an gcomhlacht bainistíochta nó ag a thoscairí. Ba cheart na torthaí a bhreithniú freisin nuair a bhíonn beartais agus teorainneacha le haghaidh IRRBB á mbunú agus á n-athbhreithniú.

101. Chun críche anailís íogaireachta, ba cheart d'institiúidí meastóireacht a dhéanamh, i …

Chun críche anailís íogaireachta, ba cheart d'institiúidí meastóireacht a dhéanamh, i méadracht an luacha eacnamaíoch, ar na teorainneacha a bhaineann le húsáid a bhaint as toimhde caillteanais agus cumas na hinstitiúide riosca fadtéarmach an ráta úis a ghabháil.

102. I gcásanna ina bhfuil srianta suntasacha athphraghsála luaite le hionstraimí an chláir …

I gcásanna ina bhfuil srianta suntasacha athphraghsála luaite le hionstraimí an chláir comhardaithe (e.g., caidhpeanna agus íosrátaí), ba cheart d'institiúidí breithniú stuama a dhéanamh, más ábhartha, ar an éifeacht a bheadh ag athnuachan a leithéid d'ionstraimí nuair a chuirtear ionstraimí eile le gnéithe inchomparáide ina n-áit, beag beann ar an toimhde caillteanais. Ní mór é seo a dhéanamh le haghaidh tréimhse ama stuama agus samhail ghnó an bhainc a bhreithniú.

4.3.5 Toimhdí tomhais IRRBB

103. Nuair a bhíonn IRRBB á thomhas, ba cheart go mbeadh tuiscint iomlán ag institiúidí ar agus go …

Nuair a bhíonn IRRBB á thomhas, ba cheart go mbeadh tuiscint iomlán ag institiúidí ar agus go gcoimeádfaidís cuntas de phríomhthoimhdí iompair agus samhaltaithe. Ba cheart go mbeadh na toimhdí seo ailínithe le straitéisí gnó agus á dtástáil go rialta. Ba cheart cinneadh maidir leis na toimhdí seo a dhéanamh ar bhealach comhréireach agus ba cheart cuntas a dhéanamh de na tairseacha ábharthachta atá bunaithe in Airteagal 7(12), 8(2), 9(4), 11(3) agus 21(1) de na caighdeáin theicniúla rialála a shamhlaítear in Airteagal 84(5) de CRD.

104. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar riosca táirgí atá íogair do ráta úis atá nasctha le …

Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar riosca táirgí atá íogair do ráta úis atá nasctha le boilsciú nó le fachtóirí margaidh eile, ba cheart toimhdí stuama a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí na toimhdí seo a bhunú, mar shampla, ar an luach reatha/deiridh tugtha faoi deara, ar réamhaisnéisí institiúid chreidiúnach um thaighde eacnamaíoch nó cleachtais mhargaidh eile a bhfuil glacadh leo go ginearálta (i ndáil le boilsciú: cuair ionchais maidir le boilsciú réamhcheaptha, mar shampla).

105. Nuair a bhíonn IRRBB á thomhas, ba cheart oibleagáidí pinsin agus sócmhainní ráta pinsin a …

Nuair a bhíonn IRRBB á thomhas, ba cheart oibleagáidí pinsin agus sócmhainní ráta pinsin a chur san áireamh mura bhfuil sonraí maidir le riosca an ráta úis curtha san áireamh i mbeart riosca eile.

106. Ba cheart d'institiúidí, i ndáil le bearta difriúla IRRBB, más cuí, toimhdí a chur san áireamh …

Ba cheart d'institiúidí, i ndáil le bearta difriúla IRRBB, más cuí, toimhdí a chur san áireamh a rinneadh chun críche riosca a chainníochtú a bhaineann leis na réimsí seo a leanas ar a laghad:

  • a) Feidhmiú roghanna ráta úis (uathoibríoch nó iompraíochta) na hinstitiúide agus a boinn custaiméirí de réir cásanna sonracha ráta úis agus struis;
  • b) An cur chuige maidir le hiarmhéideanna agus sreafaí úis ag eascairt as NMDanna;
  • c) An cur chuige maidir le taiscí téarma sheasta a bhfuil riosca luathfhuascailte luaite leo;
  • d) An cur chuige maidir le hiasachtaí ráta sheasta agus gealltanais maidir le hiasachtaí ráta sheasta;
  • e) An cur chuige maidir le cothromas dílse i mbearta inmheánacha maidir le luach eacnamaíoch;
  • f) Impleachtaí cleachtas cuntasaíochta ar thomhas IRRBB, agus go háirithe éifeachtacht cuntasaíocht fálaithe; agus
  • g) Bailíochtú toimhdí éagsúlaithe.
107. De bhrí go n-athraíonn dálaí margaidh, timpeallachtaí iomaíocha agus straitéisí le himeacht …

De bhrí go n-athraíonn dálaí margaidh, timpeallachtaí iomaíocha agus straitéisí le himeacht ama, ba cheart d'institiúidí athbhreithniú a dhéanamh ar thoimhdí tomhais suntasacha uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice nuair a bhíonn dálaí margaidh ag athrú go tapa.

  • a) Toimhdí iompair do chuntais custaiméirí a bhfuil roghnaíocht custaiméara leabaithe acu chun críche IRRBB
108. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar impleachtaí roghnaíochta, ba cheart d'institiúidí an méid …

Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar impleachtaí roghnaíochta, ba cheart d'institiúidí an méid seo a leanas a chur san áireamh:

  • (a) An tionchar poitéinsiúil ar luasanna réamhíocaíochta reatha agus todhchaíocha iasachtaí ag eascairt as cás an ráta úis, an timpeallacht eacnamaíoch fholuiteach agus gnéithe conarthacha. Ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh de na gnéithe éagsúla a bhfuil tionchar acu ar na roghanna iompraíochta leabaithe.
  • (b) Leaisteachas coigeartaithe rátaí táirgí chomh fada is a bhaineann le hathruithe ar rátaí úis an mhargaidh.
  • (c) Ascnamh iarmhéideanna idir cineálacha táirgí mar thoradh ar athruithe ar ghnéithe, téarmaí agus coinníollacha.
109. Ba cheart go mbeadh beartais bunaithe ag institiúidí le haghaidh rialú agus sonrú, agus …

Ba cheart go mbeadh beartais bunaithe ag institiúidí le haghaidh rialú agus sonrú, agus measúnú rialta príomhthoimhdí a bhaineann leis an gcur chuige i ndáil le míreanna laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil roghanna leabaithe sonraithe i gcreat a riosca maidir ráta úis. Ciallaíonn sé sin gur cheart d'institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • (a) Gach táirge agus mír ábhartha atá faoi réir roghanna leabaithe a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar ráta úis gearrtha nó ar dháta athphraghsála iompraíochta iarmhéideanna ábhartha a shainaithint (seachas dáta na haibíochta conarthaí);
  • (b) Straitéisí oiriúnacha praghsála agus maolaithe riosca a bheith acu (e.g., úsáid a bhaint as díorthaigh) chun tionchar roghnaíochta a bhainistiú laistigh den inghlacthacht riosca, a bhféadfaí á áireamh ann luathfhuascailt pionós atá inmhuirir i leith an chustaiméara mar fhritháireamh i ndáil leis na costais faoisimh phoitéinsiúla (má cheadaítear a leithéid);
  • (c) A áirithiú go bhfuil samhaltú príomhthoimhdí iompraíochta inchosanta i ndáil leis na sonraí stairiúla foluiteacha, agus bunaithe ar hipitéisí stuama;
  • (d) A bheith in ann a léiriú go bhfuil samhaltú beacht in úsáid (cúltástáilte i gcomparáid le taithí);
  • (e) Doiciméid chuí maidir le toimhdí a choimeád ina mbeartais agus nósanna imeachta, agus próiseas a bhunú chun athbhreithniú leanúnach a dhéanamh orthu;
  • (f) Íogaireacht aschur tomhais riosca na hinstitiúide a thuiscint, lena n-áirítear tástáil struis a dhéanamh ar thoimhdí agus torthaí a leithéid sin de thástálacha a chur san áireamh i gcinntí a bhaineann le leithdháileadh caipitil inmheánach; agus
  • (g) Na toimhdí seo a bhailíochtú go hinmheánach go rialta chun a gcobhsaíocht a fhíorú le himeacht ama agus chun iad a choigeartú más gá.
110. Níor cheart go mbeadh taiscí neamhaibíochta ó chustaiméirí airgeadais faoi réir samhaltaithe …

Níor cheart go mbeadh taiscí neamhaibíochta ó chustaiméirí airgeadais faoi réir samhaltaithe iompraíochta ach amháin más taiscí oibriúcháin atá i gceist mar atá sainithe in Airteagal 27(1)(a) de Rialachán Tarmligthe LCR.

111. Seachas an coigilteas rialaithe dá dtagraítear dó i mír (a) d'Airteagal 428f(2) de CRR, ach …

Seachas an coigilteas rialaithe dá dtagraítear dó i mír (a) d'Airteagal 428f(2) de CRR, ach nach bhfuil teoranta don chuid lárnach, agus an coigilteas lena mbaineann srianta eacnamaíocha nó fioscacha ábhartha, ba cheart go mbeadh an dáta athphraghsála iompraíochta toimhdithe le haghaidh taiscí miondíola agus taiscí mórdhíola ó chustaiméirí neamhairgeadais agus taiscí oibríochtúla dá dtagraítear dóibh i mír 110, gan aon dátaí athphraghsála sonracha (taiscí neamhaibíochta), srianta do mheándáta athphraghsála ualaithe uasta de 5 bliana. Baineann an chaidhp 5 bliana leis an méid iomlán (i.e., bunúsach agus neamhbhunúsach) de phunann chomhiomlán na dtaiscí sin agus ar leithligh le gach airgeadra.

112. Nuair a bhíonn toimhdí iompraíochta á ndéanamh maidir le cuntais nach bhfuil dátaí sonracha …

Nuair a bhíonn toimhdí iompraíochta á ndéanamh maidir le cuntais nach bhfuil dátaí sonracha athphraghsála luaite leo chun críche riosca an riosca úis a bhainistiú, ba cheart d'institiúidí an méid seo a leanas a áirithiú:

  • (a) Tá siad in ann iarmhéideanna ‘bunúsacha’ a shainaithint – i.e., taiscí atá cobhsaí agus ar dócha nach mbeidh athphraghsáil luaite leo fiú má thugtar athruithe suntasacha ar thimpeallacht an ráta úis faoi deara, agus/nó taiscí eile a bhféadfadh a leaisteachas teoranta d'athruithe ráta úis a bheith á samhaltú ag bainc.
  • (b) Ba cheart go léireofaí i dtoimhdí samhaltaithe le haghaidh na dtaiscí seo saintréithe taisceoirí (e.g., miondíol/mórdhíol) agus saintréithe cuntais (e.g., idirbheartaíochta/neamh-idirbheartaíochta). Tá cur síos ardleibhéil ar na catagóirí thuasluaite le fáil thíos:
  • i. Áirítear i measc taiscí idirbheartaíochta miondíola taiscí neamhúsmhara agus cuntais mhiondíola eile nach bhfuil a gcomhpháirt luacha saothair ábhartha do chinneadh an chliaint airgead a shealbhú sa chuntas.
  • ii. Áirítear i measc taiscí neamh-idirbheartaíochta miondíola cuntais mhiondíola (lena n-áirítear cuntais rialaithe) a bhfuil a gcomhpháirt luacha saothair ábhartha do chinneadh an chliaint airgead a shealbhú sa chuntas.
  • iii. Áirítear i dtaiscí mórdhíola cuntais ó chliaint chorparáideacha agus ó chliaint mhórdhíola eile, seachas cuntais idirbhainc nó cuntais eile atá íogair do phraghas.
  • (c) Measúnú a dhéanamh ar an ascnamh poitéinsiúil idir taiscí gan dátaí athphraghsála sonracha agus taiscí eile a d'fhéadfaí a mhodhnú, i gcásanna difriúla ráta úis, príomhthoimhdí samhaltaithe iompraíochta.
  • (d) Srianta diúltacha ar athphraghsáil taiscí miondíola a bhreithniú i dtimpeallachtaí ráta úis íseal nó diúltach agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag a leithéid de shrianta ar chobhsaíocht taiscí i gcásanna difriúla ráta úis.
  • (e) A áirithiú go bhfuil toimhdí maidir le meath iarmhéideanna bunúsacha agus samhaltaithe stuama agus oiriúnach chomh fada is a bhaineann le cothromaíocht a áirithiú idir buntáistí do ghlanioncam úis agus an riosca a bhaineann le luach eacnamaíoch breise a bhaineann le toradh ar ráta úis todhchaíoch a shonrú i ndáil leis na sócmhainní atá á maoiniú ag na hiarmhéideanna seo, agus an t-ioncam poitéinsiúil tarscaoilte i dtimpeallacht ina bhfuil an ráta úis ag méadú.
  • (f) Trí bhéim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le modhanna staitistiúla nó cainníochtúla chun cinneadh a dhéanamh maidir le dáta athphraghsála iompraíochta agus próifíl shreabhadh airgid na NMDanna, b'fhéidir go gceanglódh an cinneadh maidir le toimhdí samhaltaithe oiriúnacha le haghaidh NMDanna (i.e., i gcomhthéacs réamhbhreathnaitheach), ionchur ó shaineolaithe difriúla laistigh den institiúid (e.g., an roinn bainistíochta riosca agus rialaithe riosca, díolachán agus státchiste).
  • (g) Doiciméid chuí maidir leis na toimhdí seo a choimeád ina mbeartais agus nósanna imeachta, agus próiseas a bhunú chun athbhreithniú leanúnach a dhéanamh orthu.
  • (h) An tionchar atá ag na toimhdí ar na haschuir tomhais riosca atá roghnaithe ag an institiúid agus cinntí inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil, lena n-áirítear anailísí íogaireachta ar phríomhpharaiméadair a ríomh ar bhonn tréimhsiúil (e.g., céatadán agus aibíocht iarmhéideanna bunúsacha ar chuntais agus ráta idirmheánach) agus na bearta a bhfuil téarmaí conarthacha seachas toimhdí iompraíochta in úsáid acu chun tionchar na dtoimhdí ar bhearta difriúla IRRBB a leithlisiú.
  • (i) Tástáil struis a dhéanamh chun íogaireacht na mbeart riosca roghnaithe d'athruithe ar phríomhthoimhdí a thuiscint, agus torthaí a leithéid de thástálacha a chur san áireamh i gcinntí inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil.
  • b) Toimhdí pleanála corparáid do chaipiteal cothromais dílse chun críche IRRBB

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/