+9. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais beartais agus nósanna imeachta a chur chun …

9. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais beartais agus nósanna imeachta a chur chun …

Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais beartais agus nósanna imeachta a chur chun feidhme agus a choinneáil chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 13(1)(a) agus (c) de Threoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh i gcásanna ina ndéantar an cliant a ionduchtú go cianda. Ba cheart go mbeadh na beartais agus na nósanna imeachta sin íogair ó thaobh riosca de agus go leagfaí amach iontu na nithe seo a leanas ar a laghad:

  • a) cur síos ginearálta ar an réiteach atá curtha chun feidhme ag institiúidí creidmheasa agus airgeadais chun faisnéis a bhailiú, a fhíorú agus a thaifeadadh le linn an chianphróisis ionduchtaithe cliant. Ba chóir go mbeadh míniú ar ghnéithe agus ar fheidhmiú an réitigh san áireamh anseo;
  • b) na cásanna inar féidir an cianréiteach ionduchtaithe cliant a úsáid, ag cur san áireamh na fachtóirí riosca arna sainaithint agus arna measúnú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/849 agus sa mheasúnú riosca uile-ghnó, lena n-áirítear tuairisc de chatagóir na gcliant, na dtáirgí agus na seirbhísí atá incháilithe le haghaidh ionduchtú cianda;
  • c) na céimeanna atá lán-uathrialaithe agus na céimeanna a dteastaíonn idirghabháil dhaonna uathu;
  • d) na rialuithe atá i bhfeidhm chun a chinntiú nach gcuirfear an chéad idirbheart le cliant nua-ionduchtaithe i gcrích ach amháin nuair a bheidh na bearta díchill chuí uile tosaigh cliant (CDD) curtha chun feidhme;
  • e) cur síos ar na cláir ionduchtaithe agus oiliúna rialta chun feasacht na foirne agus eolas cothrom le dáta a chinntiú ar fheidhmiú an chianréitigh ionduchtaithe cliant, ar na rioscaí a ghabhann leis, agus ar na cianbheartais agus na cian-nósanna imeachta ionduchtaithe cliant a bhfuil sé mar aidhm leo rioscaí den sórt sin a mhaolú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/