+(ii) Ualaí do tháscairí riosca agus do chatagóirí riosca
---+49. Maidir le gach luach táscaire riosca, ba cheart don SRT scór riosca aonair (IRS) a shannadh ó 0 …
---+50. Ba cheart do SRTanna breithiúnas saineolaithe a chur i bhfeidhm chun na tairseacha a chalabrú …
---+51. Sa mhodh ‘buicéid’, i gcás táscaire riosca ar leith, sainíonn an SRT líon seasta aicmí riosca …
---+52. Maidir le gach buicéad de tháscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT uasteorainn agus íosteorainn …
---+53. Ba cheart don SRT líon agus teorainneacha na mbuicéad a shocrú chun a áirithiú go ndéantar …
---+54. Níor cheart don SRT teorainn uachtarach a shocrú don bhuicéad is airde agus níor cheart dó …
---+55. Maidir le gach buicéad táscaire riosca, ba cheart don SRT IRS comhfhreagrach a shannadh. Ba …
---+56. Sa mhodh sin, i gcás gach institiúide ‘I’ agus i gcás gach táscaire riosca ‘j’, ba cheart don …
---+57. I gcás gach táscaire riosca, ba cheart don SRT an uasteorainn ‘ ’ agus an íosteorainn ‘ a …

(ii) Ualaí do tháscairí riosca agus do chatagóirí riosca

(ii) Ualaí do tháscairí riosca agus do chatagóirí riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
49. Maidir le gach luach táscaire riosca, ba cheart don SRT scór riosca aonair (IRS) a shannadh ó 0 …

Maidir le gach luach táscaire riosca, ba cheart don SRT scór riosca aonair (IRS) a shannadh ó 0 go 100, i gcás ina léiríonn 0 an riosca is ísle agus 100 an riosca is airde. Chun gach IRS a ríomh, féadfaidh an SRT an modh ‘buicéid’ nó ‘scála sleamhnáin’ a chur i bhfeidhm.

50. Ba cheart do SRTanna breithiúnas saineolaithe a chur i bhfeidhm chun na tairseacha a chalabrú …

Ba cheart do SRTanna breithiúnas saineolaithe a chur i bhfeidhm chun na tairseacha a chalabrú, ach ba cheart dóibh, i gcás ar bith, na tairseacha íosta seo a leanas a urramú:

  • a. Maidir leis an gcóimheas giarála, cóimheas bhunchothromas leibhéal 1, cóimheas cumhdaigh leachtachta agus cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, má tá luach tháscaire ball-institiúide níos ísle ná an t-íoscheanglas rialála is infheidhme de réir Airteagal 92(1), 412 agus 413 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart go mbeadh an IRS comhfhreagrach cothrom le 100.
  • b. Maidir leis an gcóimheas cumhdaigh caipitil, má tá luach táscaire ball-institiúide níos ísle ná 100%, ba cheart go mbeadh an IRS comhfhreagrach cothrom le 100.
  • c. Maidir le méid iomlán neamhchosanta ar riosca/cóimheas iomlán na sócmhainní agus na dtaiscí cumhdaithe/cóimheas na sócmhainní nach bhfuil curtha i bhfiach, má tá luach tháscaire ball-institiúide os cionn 100%, ba cheart go mbeadh an IRS comhfhreagrach cothrom le 100.

An modh ‘buicéid’ don IRS

51. Sa mhodh ‘buicéid’, i gcás táscaire riosca ar leith, sainíonn an SRT líon seasta aicmí riosca …

Sa mhodh ‘buicéid’, i gcás táscaire riosca ar leith, sainíonn an SRT líon seasta aicmí riosca (buicéid), agus dhá bhuicéad ar a laghad ann. Ba cheart don SRT líon na mbuicéad a shainiú chun leibhéil éagsúla riosca a léiriú a bhaineann leis na ball-institiúidí (mar shampla, ardriosca, meánriosca, riosca íseal) a mheasúnaítear ar bhonn an táscaire riosca faoi seach.

52. Maidir le gach buicéad de tháscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT uasteorainn agus íosteorainn …

Maidir le gach buicéad de tháscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT uasteorainn agus íosteorainn luach ‘A’ an táscaire riosca a chinneadh sa chaoi go ndéanfar ball-institiúidí a bhfuil leibhéal riosca comhchosúil acu a ghrúpáil sa bhuicéad céanna. Ba cheart don SRT teorainneacha na mbuicéad a chinneadh ar bhonn coibhneasta nó ar bhonn iomlán, sna cásanna seo a leanas:

  • a. Agus an bonn coibhneasta á úsáid, ba cheart don SRT ball-institiúidí a dháileadh go cothrom idir buicéid. Cinneann an SRT teorainneacha na mbuicéad tar éis luachanna ‘A’ tháscaire riosca na mball-institiúidí sa bhuicéad céanna a chinneadh.
  • b. Agus an bonn iomlán á úsáid aige, ba cheart don SRT teorainneacha na mbuicéad a chinneadh chun a léiriú gurb ionann luachanna uile ‘A’ an táscaire riosca laistigh de na teorainneacha sin agus leibhéal riosca comhchosúil agus go gcríochnaíonn gach ball-institiúid ag a bhfuil leibhéal riosca comhchosúil sa bhuicéad céanna.
53. Ba cheart don SRT líon agus teorainneacha na mbuicéad a shocrú chun a áirithiú go ndéantar …

Ba cheart don SRT líon agus teorainneacha na mbuicéad a shocrú chun a áirithiú go ndéantar difreáil leordhóthanach agus fhiúntach idir na ball-institiúidí. Ba cheart do SRT gan an líon agus na teorainneacha a chalabrú sa chaoi go n-aicmeofaí na ball-institiúidí sa bhuicéad céanna, d’ainneoin go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na leibhéil riosca arna dtomhas le táscaire riosca ar leith.

54. Níor cheart don SRT teorainn uachtarach a shocrú don bhuicéad is airde agus níor cheart dó …

Níor cheart don SRT teorainn uachtarach a shocrú don bhuicéad is airde agus níor cheart dó teorainn níos ísle a shocrú don bhuicéad is ísle.

55. Maidir le gach buicéad táscaire riosca, ba cheart don SRT IRS comhfhreagrach a shannadh. Ba …

Maidir le gach buicéad táscaire riosca, ba cheart don SRT IRS comhfhreagrach a shannadh. Ba cheart don SRT IRS 100 a shannadh don bhuicéad is mó riosca agus IRS 0 a shannadh don bhuicéad is lú riosca. Féadfaidh an SRT imeacht ón riail sin maidir le táscairí riosca nach féidir ach dhá luach fhéideartha a bheith acu agus i gcás ina bhfuil meánleibhéal riosca i gceist le ceann amháin acu. Má chinneann an SRT úsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin, ba cheart dó IRS 50 a shannadh don bhuicéad a sheasann don mheánleibhéal riosca agus ba cheart IRS 100 nó 0 a shannadh don bhuicéad eile.

Modh an ‘scála sleamhnáin’ don IRS

56. Sa mhodh sin, i gcás gach institiúide ‘I’ agus i gcás gach táscaire riosca ‘j’, ba cheart don …

Sa mhodh sin, i gcás gach institiúide ‘I’ agus i gcás gach táscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT IRS a ríomh bunaithe ar luach ‘A’ an táscaire riosca. Ba cheart don SRT ‘ ’ teorainn uachtarach agus ‘ ’ teorainn íochtarach a shainiú do gach táscaire. Má tá luach 𝑎𝑎 𝑗𝑗 an táscaire idir na teorainneacha 𝑠𝑠 𝑗𝑗 sainithe, ba cheart don SRT luach an IRS a shannadh idir 0 agus 100 de réir an dá fhoirmle seo a leanas:

  • a. Nuair a léiríonn luach táscaire níos airde riosca níos airde agus go bhfuil an táscaire os cionn na teorann uachtaraí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 100. Mar an gcéanna, nuair a bhíonn luach 𝑎𝑎 𝑗𝑗 an táscaire faoi bhun na teorann íochtarí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 0. Is í an fhoirmle chomhfhreagrach ná: 𝑠𝑠 𝑗𝑗

i gcás ina bhfuil 𝐼𝐼𝐶𝐶𝑆𝑆 𝑖𝑖𝑗𝑗 j = = táscaire ⎩ ⎧ ⎪ ⎨ ⎪ ‘j’, 𝐴𝐴 𝑎𝑎 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑗𝑗 i −𝑠𝑠 raon −𝑠𝑠 100 0 𝑗𝑗 𝑗𝑗 ó ∗ 1 100, go 𝑖𝑖𝑎𝑎 𝑖𝑖 ‘m’. á 𝑖𝑖 𝑡𝑡 𝑡𝑡 á á á 𝐴𝐴 𝐴𝐴 𝑡𝑡 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑖𝑖𝑗𝑗 á 𝑠𝑠 < > 𝑗𝑗 ≤ 𝑠𝑠 𝑎𝑎 𝑗𝑗 𝑗𝑗 𝐴𝐴 𝑖𝑖𝑗𝑗 ≤ 𝑎𝑎 𝑗𝑗

  • b. Mar an gcéanna, má léirítear riosca níos airde le táscaire níos ísle agus má tá an táscaire faoi bhun na teorann íochtaraí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 100. Dá réir sin, nuair a bhíonn luach an táscaire 𝑠𝑠 𝑗𝑗 os cionn na teorann uachtaraí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 0. Is í an fhoirmle chomhfhreagrach ná: 𝑎𝑎 𝑗𝑗

𝐼𝐼𝐶𝐶𝑆𝑆 𝑖𝑖𝑗𝑗 = ⎩ ⎧ ⎪ ⎨ ⎪ 𝑎𝑎 𝑎𝑎 𝑗𝑗 𝑗𝑗 −𝐴𝐴 −𝑠𝑠 100 0 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑗𝑗 ∗ 100, 𝑖𝑖 𝑖𝑖 á á 𝑡𝑡 𝑡𝑡 á 𝑖𝑖 á 𝐴𝐴 𝐴𝐴 á 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑡𝑡 á > < 𝑠𝑠 𝑗𝑗 𝑎𝑎 𝑠𝑠 ≤ 𝑗𝑗 𝑗𝑗 𝐴𝐴 𝑖𝑖𝑗𝑗 ≤ 𝑎𝑎 𝑗𝑗 15

57. I gcás gach táscaire riosca, ba cheart don SRT an uasteorainn ‘ ’ agus an íosteorainn ‘ a …

I gcás gach táscaire riosca, ba cheart don SRT an uasteorainn ‘ ’ agus an íosteorainn ‘ a chalabrú chun a áirithiú go ndéantar difreáil leordhóthanach fhiúntach 𝑎𝑎 𝑗𝑗 idir na ball-institiúidí. 𝑠𝑠 𝑗𝑗 Ba ′ cheart don SRT gan na huasteorainneacha agus na híosteorainneacha a chalabrú sa chaoi gur cheart do gach ball-institiúid titim go leanúnach faoi bhun na híosteorann nó os cionn na huasteorann, in ainneoin difríochtaí suntasacha sa réimse a thomhaistear le táscaire riosca ar leith.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/