+7. Sonraíocht chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh
---+31. Ba cheart d’údaráis inniúla sonraí faoin mbearna phá idir na hinscní a bhailiú ó institiúidí …
---+32. Chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh, ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí …
---+33. Sa chás go bhfaigheann stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó ionadaithe fostaithe luach saothair …
---+34. Maidir le hionadaithe fostaithe, níor cheart ach na méideanna dáfa dá fheidhm/dá feidhm mar …
---+35. Sa chás go bhfuair ball den chomhlacht bainistíochta luach saothair díreach do chuid den …
---+36. Níor cheart baill nach baill den chomhlacht bainistíochta iad ag deireadh na bliana airgeadais …
---+37. Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta na treoracha seo a leanas a …
---+38. Ba cheart an figiúr meánach a ríomh mar shuim an luacha saothair roinnte ar an líon stiúrthóirí …
---+39. Tá an figiúr meánach atá le ríomh faoi mhír 37(c) cothrom le luach láir dháileadh na luachanna …
---+40. Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta, le haghaidh gach catagóir atá …
---+41. Sa chás nach féidir an bhearna phá idir na hinscní idir baill fhireanna agus bhaineanna nó an …
---+42. Sa chás nach bhfuil an luach saothair le haghaidh na sonraí tagartha faofa fós, ba cheart …
|
7. Sonraíocht chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh
7. Sonraíocht chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
31. Ba cheart d’údaráis inniúla sonraí faoin mbearna phá idir na hinscní a bhailiú ó institiúidí …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla sonraí faoin mbearna phá idir na hinscní a bhailiú ó institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta ar bhonn aonair arna léiriú mar chéatadáin den difríocht idir meánphá na mball baineann agus fireann den chomhlacht bainistíochta agus an difríocht idir baill neamh-dhénártha agus baill fhireanna den chomhlacht bainistíochta, bunaithe ar luach saothair meánach agus airmheánach stiúrthóirí feidhmiúcháin, stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus ionadaithe fostaithe.
|
|
32. Chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh, ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí …
|
Chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh, ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta glacadh leis an luach saothair bliantúil comhlán iomlán mar shuim an luacha saothair sheasta agus athraithigh roimh cháin, agus an méid seo a leanas a bhreithniú: - a. Ba cheart an luach saothair athraitheach iomlán dáfa do gach tréimhse feidhmíochta a chríochnaigh i rith na bliana airgeadais a úsáid. Ba cheart go n-áireofaí anseo luach saothair athraitheach bunaithe ar thréimhsí feidhmíochta ilbhliantúla neamh-imrothlacha. Níor cheart méideanna íoctha amach sa bhliain airgeadais (e.g. ar bhonn pro rata ) a dámhadh i mblianta airgeadais roimhe sin a chur san áireamh.
- b. Níor cheart luach saothair athraitheach ráthaithe (e.g. bónas sínithe), pacáistí luacha saothair dáfa i gcomhair ceannach thar barr amach ó chonarthaí agus scaoilíocaíochtaí roimhe sin (e.g. i gcás nach bhfuil deireadh fós le conradh foirne ag deireadh na bliana airgeadais) a chur san áireamh sa ríomh.
- c. Ba cheart sochair neamhairgeadaíochta (e.g. carr cuideachta, iasachtaí saor ó ús, naíscoil chuideachta saor in aisce, etc.) a chur san áireamh ag a gcoibhéis airgeadaíochta ar a ngearrtar cáin.
- d. Níor cheart íocaíochtaí rialta sa chóras pinsin agus árachas sláinte do gach ball foirne a chur san áireamh. Ba cheart sochair phinsin lánroghnacha a chur san áireamh.
- e. Ba cheart táillí a bhaineann le rannpháirtíocht i gcruinnithe an chomhlachta bainistíochta a chur san áireamh, teoranta do bhaill den chomhlacht bainistíochta san fheidhm mhaoirseachta áit a bhfaigheann siad gnéithe liostaithe faoi phointe (a) go dtí
- (d) den mhír seo freisin. Sa chás nach ndéanta aon íocaíocht eile, tá feidhm le mír 33. Níor cheart táillí rannpháirtíochta chun páirt a ghlacadh i gcoistí an chomhlachta bainistíochta a chur san áireamh.
|
|
33. Sa chás go bhfaigheann stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó ionadaithe fostaithe luach saothair …
|
Sa chás go bhfaigheann stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó ionadaithe fostaithe luach saothair díreach dá bhfeidhm i bhfoirm táille rannpháirtíochta laethúil sheasta, is é an méid ba cheart a bhreithniú nuair a bhíonn an bhearna phá idir na hinscní á ríomh an táille rannpháirtíochta i gcomhair lá amháin , neamhspleách ar an líon laethanta a bhfuil luach saothair íoctha lena aghaidh i rith na bliana airgeadais, seachas an luach saothair atá sonraithe i mír 32 a ríomh.
|
|
34. Maidir le hionadaithe fostaithe, níor cheart ach na méideanna dáfa dá fheidhm/dá feidhm mar …
|
Maidir le hionadaithe fostaithe, níor cheart ach na méideanna dáfa dá fheidhm/dá feidhm mar bhall den chomhlacht bainistíochta a bhreithniú.
|
|
35. Sa chás go bhfuair ball den chomhlacht bainistíochta luach saothair díreach do chuid den …
|
Sa chás go bhfuair ball den chomhlacht bainistíochta luach saothair díreach do chuid den bhliain airgeadais, ba cheart an luach saothair faighte a uas-scálú go dtí an méid a bheadh i gceist leis an luach saothair bliantúil comhlán iomlán, dá mbeadh luach saothair á fháil ag an mball sin don bhliain iomlán. Ba cheart déileáil ar an tslí seo le baill a oibríonn ar bhonn páirtaimseartha.
|
|
36. Níor cheart baill nach baill den chomhlacht bainistíochta iad ag deireadh na bliana airgeadais …
|
Níor cheart baill nach baill den chomhlacht bainistíochta iad ag deireadh na bliana airgeadais a chur san áireamh sa ríomh agus níor cheart a luach saothair a chur san áireamh sa ríomh.
|
|
37. Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta na treoracha seo a leanas a …
|
Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta na treoracha seo a leanas a chomhlíonadh nuair a bhíonn an luach saothair meánach agus airmheánach atá le tuairisciú in Iarscríbhinn XI á ríomh: - a. Go leithleach le haghaidh stiúrthóirí feidhmiúcháin, stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus ionadaithe fostaithe, ba cheart luach saothair gach stiúrthóra a leithdháileadh ar an inscne infheidhme.
- b. Ba cheart luach saothair na mball foirne, ar leithleach do gach inscne, a eagrú bunaithe ar an méid, ag tosú leis an méid is ísle.
- c. Ba cheart an luach saothair meánach agus airmheánach do stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin fireanna, baineanna agus neamh-dhénártha, stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus ionadaithe fostaithe a ríomh.
|
|
38. Ba cheart an figiúr meánach a ríomh mar shuim an luacha saothair roinnte ar an líon stiúrthóirí …
|
Ba cheart an figiúr meánach a ríomh mar shuim an luacha saothair roinnte ar an líon stiúrthóirí sa chatagóir ábhartha atá sonraithe faoi mhír 37(c).
|
|
39. Tá an figiúr meánach atá le ríomh faoi mhír 37(c) cothrom le luach láir dháileadh na luachanna …
|
Tá an figiúr meánach atá le ríomh faoi mhír 37(c) cothrom le luach láir dháileadh na luachanna luacha saothair atá leagtha amach faoi mhír 37(b). Sa chás go bhfuil uimhir chothrom stiúrthóirí laistigh de chatagóir, glactar leis go bhfuil an figiúr airmheánach cothrom le figiúr meánach an dhá fhigiúir sa láir.
|
|
40. Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta, le haghaidh gach catagóir atá …
|
Ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta, le haghaidh gach catagóir atá sonraithe in Iarscríbhinn XI, an bhearna phá idir na hinscní a ríomh tríd an méid seo a leanas a ríomh: - a. An difríocht idir luach saothair meánach fear agus ban, roinnte ar luach saothair meánach na bhfear.
- b. An difríocht idir luach saothair meánach fear agus ban, roinnte ar luach saothair airmheánach na bhfear.
- c. An difríocht idir luach saothair meánach fear agus ball neamh-dhénártha, roinnte ar luach saothair meánach na bhfear.
- d. An difríocht idir luach saothair meánach fear agus ball neamh-dhénártha, roinnte ar luach saothair airmheánach na bhfear.
|
|
41. Sa chás nach féidir an bhearna phá idir na hinscní idir baill fhireanna agus bhaineanna nó an …
|
Sa chás nach féidir an bhearna phá idir na hinscní idir baill fhireanna agus bhaineanna nó an bhearna phá idir baill fhireanna agus neamh-dhénártha a ríomh de bhrí nach bhfuil an dá inscne faoi seach san áireamh sa chatagóir, ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta “n/a” a chur in ionad an luacha seachas an céatadán a ríomh.
|
|
42. Sa chás nach bhfuil an luach saothair le haghaidh na sonraí tagartha faofa fós, ba cheart …
|
Sa chás nach bhfuil an luach saothair le haghaidh na sonraí tagartha faofa fós, ba cheart d’institiúidí agus do ghnólachtaí infheistíochta an bhearna phá idir na hinscní a thuairisciú bunaithe ar an iarracht is fearr is féidir a dhéanamh, agus an luach saothair athraitheach molta a chur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|