+4.4 Faisnéis maidir le rialachas
---+18. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na …
---+19. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a chumhdach san fhaisnéis maidir le rialachas dá …
---+20. I gcás ina bhfuil socrú déanta ag na heisitheoirí le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste …
---+21. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí dá …
---+22. Ba cheart d’eisitheoirí creat leordhóthanach de tháscairí an phlean téarnaimh a leagan síos sa …
---+23. Ba cheart do tháscairí an phlean téarnaimh próifíl riosca shonrach agus timpeallacht …
---+24. Agus measúnú á dhéanamh ar na cineálacha táscairí a áireofar sna pleananna téarnaimh, ba cheart …
---+25. Ina theannta sin, níor cheart d’eisitheoirí a sraith táscairí plean téarnaimh a theorannú don …
---+26. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil liosta tháscairí an phlean téarnaimh agus calabrú …
---+27. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh go ndéanfaidh siad faireachán ar …
---+28. Ba cheart d’eisitheoirí táscairí plean téarnaimh de chineál cainníochtúil agus cáilíochtúil …
---+29. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas ar a laghad de tháscairí an phlean téarnaimh …
---+30. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa …
---+31. De mhaolú air sin, díolmhaítear eisitheoirí comharthaí neamhshuntasacha ó na catagóirí táscairí …
---+32. I measc na dtáscairí a bhaineann leis an tsócmhainn nó na sócmhainní dá dtagraítear, ba cheart …
---+33. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir a thabhairt sa phlean téarnaimh chun sástachta an …
---+34. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc a thabhairt sa phlean téarnaimh ar an gcaoi a ndéanfaidh siad …
---+35. Ba cheart d’eisitheoirí ábhar an phlean téarnaimh a tharraingt suas ós rud é nár cheart go …
---+36. Ba cheart d’eisitheoirí a bpróiseas cinnteoireachta inmheánach a leagan amach sa phlean …
---+37. I gcás sáruithe ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh chun a gcumas rabhaidh a …
---+38. Chun an dóchúlacht a chur san áireamh go bhféadfaí nach gceadófaí leis na tréimhsí ama a …
---+39. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh, i gcás inar sáraíodh tairseach táscaire …
---+40. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh freisin gur cheart an cinneadh dá …
---+41. Ba cheart d’eisitheoirí cur síos a dhéanamh sa phlean téarnaimh, i gcás ina gcinnfidh siad …
|
4.4 Faisnéis maidir le rialachas
4.4 Faisnéis maidir le rialachas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
18. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na …
|
Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na próisis rialachais a bhaineann le forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme an phlean téarnaimh.
|
|
19. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a chumhdach san fhaisnéis maidir le rialachas dá …
|
Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a chumhdach san fhaisnéis maidir le rialachas dá dtagraítear sa mhír roimhe seo: - a) ról/róil agus feidhm/feidhmeanna an duine/na ndaoine atá freagrach as an bplean a ullmhú, a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta;
- b) tuairisc ar an gcaoi a n-oireann an plean téarnaimh do rialachas inmheánach, straitéis ghnó agus creat bainistíochta riosca an eisitheora (lena n-áirítear ráiteas inghlacthachta riosca);
- c) tuairisc ar na próisis agus ar na tréimhsí ama atá le húsáid chun an plean a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil agus chun é a uasdátú d’fhonn freagairt d’aon athrú ábhartha a dhéanann difear don chomhartha sonrach, don eisitheoir nó dá thimpeallacht;
- d) na beartais agus na nósanna imeachta lena rialaítear formheas an phlean téarnaimh agus na hathbhreithnithe agus na nuashonruithe a ghabhann leis;
- e) tuairisc ar na nósanna imeachta géaraithe, is é sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta is gá chun cur chun feidhme tráthúil roghanna téarnaimh áirithe dá bhforáiltear sa phlean téarnaimh a áirithiú. Ba cheart a áireamh orthu sin ar a laghad faisnéis shoiléir maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta i ndáil le gníomhachtú an phlean téarnaimh bunaithe ar phróiseas géaraithe atá mionsonraithe go soiléir agus a bhfuil feidhm aige nuair a bhraitear sárú ar thairseach táscaire plean téarnaimh nó nuair is dócha go dtiocfaidh sé chun cinn go luath amach anseo, chun breithniú agus cinneadh a dhéanamh ar an rogha aisghabhála a d’fhéadfadh a bheith riachtanach a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha is infheidhme maidir leis an gcúlchiste sócmhainne a athbhunú nó chun leanúint de sheirbhísí a bhaineann leis an gcomhartha ábhartha a chur ar fáil;
- f) an teorainn ama maidir leis an gcinneadh faoi ghníomhaíochtaí aisghabhála a dhéanamh agus an pointe ama, chomh maith leis na módúlachtaí, chun an t-údarás inniúil a chur ar an eolas;
- g) an tuairisc ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla lena léirítear leochaileachtaí, laigí nó bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le méid, leachtacht agus leithdháileadh an chúlchiste sócmhainní agus na cistí nach mór d’eisitheoirí a choinneáil ar bun tráth ar bith de bhun Rialachán (AE) 2023/1114, mar a shonraítear a thuilleadh i míreanna 22-41.
|
|
20. I gcás ina bhfuil socrú déanta ag na heisitheoirí le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste …
|
I gcás ina bhfuil socrú déanta ag na heisitheoirí le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste sócmhainní a oibriú, agus chun an cúlchiste sócmhainní a infheistiú, chun an cúlchiste sócmhainní a chumhdach, agus, i gcás inarb infheidhme, chun na comharthaí a dháileadh ar an bpobal de bhun phointe (5)(h) d’Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart dóibh tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na próisis a bunaíodh chun faisnéis a mhalartú ar bhealach lena n-áiritheofaí gníomhachtú tráthúil an phróisis géaraithe a leagtar síos i mír 37 i gcás ina mbraithfeadh an t-eisitheoir nó an t-eintiteas tríú páirtí ábhartha sárú ar thairseach táscaire an phlean téarnaimh. Ba cheart don eisitheoir a shonrú sa phlean téarnaimh freisin conas a áirithítear leis an gcomhaontú le haon cheann de na tríú páirtithe sin go ndéantar an fhaisnéis a chomhroinnt go tráthúil ar bhealach a chuirfeadh ar chumas an eisitheora a bheith ar an eolas faoin sárú nó a aithint gur dócha go dtarlóidh an sárú go luath amach anseo ionas gur féidir an plean a ghníomhachtú go tráthúil.
|
|
21. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí dá …
|
Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear ina bplean téarnaimh comhsheasmhach le ceanglais an phlean freagartha agus athshlánaithe TFC chomh maith le codanna ábhartha eile den bhainistiú riosca TFC a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/25543 , nuair a bhí na heisitheoirí ábhartha faoi réir na gceanglas sin freisin. Táscairí plean téarnaimh agus tairseacha faireacháin
3 Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).
|
|
22. Ba cheart d’eisitheoirí creat leordhóthanach de tháscairí an phlean téarnaimh a leagan síos sa …
|
Ba cheart d’eisitheoirí creat leordhóthanach de tháscairí an phlean téarnaimh a leagan síos sa phlean téarnaimh, trínar féidir leis an eisitheoir critéir réamhchinntithe a bhunú a d’fhéadfadh a léiriú go bhfuil gá le faireachán níos minice nó le gníomhachtú an phlean téarnaimh. Ba cheart na critéir sin a shocrú ar bhealach a chuirfidh ar chumas an eisitheora faireachán a dhéanamh ar roghanna aisghabhála, iad a ghéarú agus a ghníomhachtú de réir mar is iomchuí.
|
|
23. Ba cheart do tháscairí an phlean téarnaimh próifíl riosca shonrach agus timpeallacht …
|
Ba cheart do tháscairí an phlean téarnaimh próifíl riosca shonrach agus timpeallacht oibriúcháin an chomhartha agus an eisitheora araon a léiriú. Mar sin, ba cheart calabrú tháscairí agus thairseacha an phlean téarnaimh a chur i bhfeidhm ar leibhéal an chomhartha, ach amháin i gcás na dtáscairí leordhóthanachta caipitil ar cheart iad a chalabrú ar leibhéal an eisitheora, bunaithe ar a mhéid, a chastacht, a chineál agus a shamhail ghnó shonrach agus ar na táscairí riosca oibriúcháin agus táscairí muiníne an mhargaidh ar cheart iad a chalabrú ar leibhéal an eisitheora agus ar leibhéal an chomhartha araon.
|
|
24. Agus measúnú á dhéanamh ar na cineálacha táscairí a áireofar sna pleananna téarnaimh, ba cheart …
|
Agus measúnú á dhéanamh ar na cineálacha táscairí a áireofar sna pleananna téarnaimh, ba cheart do gach eisitheoir breithniú cúramach a dhéanamh ar na cineálacha teagmhas a bhféadfadh sárú ar cheanglais rialála a bheith mar thoradh orthu agus táscairí sonracha a fhorbairt bunaithe ar a mheasúnú riosca inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart d’eisitheoirí an liosta táscairí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a mheas mar liosta léiritheach, ionas go bhféadfaidh siad aon cheann nó gach ceann de na táscairí faoi gach catagóir a roghnú.
|
|
25. Ina theannta sin, níor cheart d’eisitheoirí a sraith táscairí plean téarnaimh a theorannú don …
|
Ina theannta sin, níor cheart d’eisitheoirí a sraith táscairí plean téarnaimh a theorannú don liosta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I. Ina ionad sin, ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar na táscairí is iomchuí a áireamh, fiú mura n-áirítear iad in Iarscríbhinn I, bunaithe ar na critéir a leagtar síos sna treoirlínte seo, lena n-áirítear, mar shampla, táscairí a bheadh ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus in aon imthosca eile nuair a sainaithníodh saincheisteanna maidir le réimse ábhartha.
|
|
26. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil liosta tháscairí an phlean téarnaimh agus calabrú …
|
Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil liosta tháscairí an phlean téarnaimh agus calabrú a dtairsí bunaithe ar a measúnú riosca inmheánach agus go bhfuil sé comhsheasmhach i gcónaí lena chreat inghlacthachta riosca. Ba cheart go spreagfadh athruithe ar inghlacthacht riosca na n-eisitheoirí athbhreithniú ar liosta na dtáscairí agus na dtairseach aisghabhála, arb é is aidhm dóibh a mheas go bhfuil siad fós oiriúnach i gcás athruithe ar a gcreat inghlacthachta riosca.
|
|
27. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh go ndéanfaidh siad faireachán ar …
|
Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh go ndéanfaidh siad faireachán ar tháscairí an phlean téarnaimh le minicíocht leordhóthanach lena bhféadfaí taifid sonraí na dtáscairí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil go tráthúil arna iarraidh sin dó. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú freisin conas a dhéanfaidh siad faireachán ar na táscairí sin.
|
|
28. Ba cheart d’eisitheoirí táscairí plean téarnaimh de chineál cainníochtúil agus cáilíochtúil …
|
Ba cheart d’eisitheoirí táscairí plean téarnaimh de chineál cainníochtúil agus cáilíochtúil araon a áireamh. Agus tairseacha táscairí an phlean téarnaimh chainníochtúil á socrú acu, i gcomhréir lena gcreat foriomlán bainistíochta riosca a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 45(3) agus 45(7)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’eisitheoirí méadracht fhorchéimnitheach (“cur chuige soilse tráchta”) a úsáid chun comhlacht bainistíochta an eisitheora a chur ar an eolas go bhféadfaí tairseach táscaire den sórt sin a bhaint amach.
|
|
29. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas ar a laghad de tháscairí an phlean téarnaimh …
|
Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas ar a laghad de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa phlean téarnaimh, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I (Roinn A – “Catagóirí íosta do gach eisitheoir ARTanna nó EMTanna”), go háirithe: 1) táscairí riosca leachtachta, lena gcuirtear an t-eisitheoir ar an eolas faoi mheath féideartha nó iarbhír ar phróifíl leachtachta an chúlchiste sócmhainní; 2) táscairí riosca oibriúcháin, lena dtugtar tuairisc ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as próisis, daoine agus córais inmheánacha neamhleora nó ar theip orthu nó as teagmhais sheachtracha, lena n-áirítear riosca dlíthiúil. Agus an cineál sin táscairí á chalabrú, ba cheart d’eisitheoirí an cineál bunteicneolaíochta (e.g. mórleabhar dáilte ceadaithe/gan chead) chomh maith lena castacht (e.g. droichid a bheith ann, cáilíocht na cripteagrafaíochta, etc.) a chur san áireamh go sonrach. Ba cheart d’eisitheoirí a mheas freisin go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ag brath ar bhonneagar uathúil casta seachas ar bhonneagar caighdeánach, ní hamháin ar an gcumas é a ionadú, ach freisin ar infhaighteacht daoine atá in ann é a chothabháil agus a shocrú. I gcás eisiúintí ilshlabhra, ba cheart d’eisitheoirí táscairí sonracha a áireamh le haghaidh gach teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun an comhartha sócmhainn-tagartha agus/nó an comhartha ríomh-airgid a dháileadh; 3) táscairí riosca creidmheasa/cáilíochta sócmhainní, lena dtomhaistear forbairt cháilíocht sócmhainní an chúlchiste sócmhainní; 4) táscairí a bhaineann le sócmhainní tagartha, lena dtomhaistear an riosca a bhaineann le hiarrataí fuascailte ollmhóra, e.g. de bharr caillteanas pionnála; 5) táscairí leordhóthanachta caipitil, lena dtomhaistear an meath a d’fhéadfadh teacht ar chainníocht agus ar cháilíocht shuíomh caipitil an eisitheora, lena n-áirítear leibhéal comhlíonta na gceanglas cistí dílse a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2023/1114. Ba cheart calabrú na dtáscairí sin a shocrú os cionn a n-íoscheanglas rialála is infheidhme. Níor cheart ach d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid nach institiúidí creidmheasa iad táscairí leordhóthanachta caipitil a úsáid.
|
|
30. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa …
|
Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa phlean téarnaimh freisin, mar a shonraítear a thuilleadh in Iarscríbhinn I (Roinn B – Catagóirí íosta breise d’eisitheoirí ARTanna suntasacha agus EMTanna suntasacha, agus d’eisitheoirí eile nach dtugann údar iomchuí leis an neamháireamh don údarás inniúil): 6) táscairí riosca margaidh, a eascraíonn as na suíomhanna uile a áirítear sa chúlchiste sócmhainní, lena n-áirítear an luaineacht a bhaineann le luaineacht na sócmhainne nó na sócmhainní dá dtagraítear; 7) táscairí riosca comhchruinnithe, lena gcuirtear i dtábhacht neamhchosaint iomarcach an chúlchiste sócmhainní ar chontrapháirtí aonair nó ar thacar idirnasctha contrapháirtithe; 8) táscairí muiníne margaidh, lena léirítear an dearcadh diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag rannpháirtithe margaidh an eisitheora nó an comhartha a d’fhéadfadh cur isteach ar rochtain an eisitheora ar chistiú agus ar mhargaí caipitil nó méadú tapa ar iarrataí fuascailte a chinneadh;
|
|
31. De mhaolú air sin, díolmhaítear eisitheoirí comharthaí neamhshuntasacha ó na catagóirí táscairí …
|
De mhaolú air sin, díolmhaítear eisitheoirí comharthaí neamhshuntasacha ó na catagóirí táscairí plean téarnaimh a leagtar síos sa mhír roimhe seo a áireamh fad a thugann siad údar iomchuí dá n-údarás inniúil nach bhfuil na catagóirí sin oiriúnach ná ábhartha do phróifíl riosca, do shamhail ghnó, do mhéid agus/nó do chastacht an eisitheora.
|
|
32. I measc na dtáscairí a bhaineann leis an tsócmhainn nó na sócmhainní dá dtagraítear, ba cheart …
|
I measc na dtáscairí a bhaineann leis an tsócmhainn nó na sócmhainní dá dtagraítear, ba cheart d’eisitheoirí táscaire riosca díphionnála ar a laghad a ionchorprú i gcónaí, arb é is aidhm dó an riosca a ghabháil go bhfuil margadhluach an chomhartha éagsúil le margadhluach na sócmhainne nó na sócmhainní dá dtagraítear. Ba cheart an táscaire riosca díchobhsaithe a thomhas mar an cóimheas idir margadhluach an chomhartha agus margadhluach na sócmhainne/na sócmhainní dá dtagraítear agus meastar go mbeidh sé cothrom le 1 i gcónaí, agus eatramh lamháltais ann nach mó ná 1 %. Ba cheart go spreagfaí gníomhaíocht an eisitheora le cásanna cóimheasa níos ísle ná 1 mar a leagtar síos ina phlean téarnaimh.
|
|
33. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir a thabhairt sa phlean téarnaimh chun sástachta an …
|
Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir a thabhairt sa phlean téarnaimh chun sástachta an údaráis inniúil ar an gcaoi ar cinneadh calabrúcháin tháscairí an phlean téarnaimh agus ar an gcaoi a sárófaí na tairseacha luath go leor le go mbeidís éifeachtach.
|
|
34. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc a thabhairt sa phlean téarnaimh ar an gcaoi a ndéanfaidh siad …
|
Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc a thabhairt sa phlean téarnaimh ar an gcaoi a ndéanfaidh siad faireachán agus nuashonrú rialta ar oiriúnacht tháscairí an phlean téarnaimh agus ar chalabrú a dtairseach. Go háirithe, ba cheart d’eisitheoirí a shonrú conas a d’áiritheoidís go dtabharfaí an plean téarnaimh cothrom le dáta i gcás ina bhfuil gá leis mar gheall ar athrú ar staid airgeadais agus ghnó an eisitheora agus/nó an chomhartha shonraigh. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh gur cheart aon nuashonrú ar chalabrú thairseacha táscaire an phlean téarnaimh a chur in iúl agus a mhíniú go pras don údarás inniúil. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú i gcónaí go bhfuil táscairí an phlean téarnaimh agus a dtairseacha go hiomlán comhsheasmhach le creat bainistíochta riosca na n-eisitheoirí.
|
|
35. Ba cheart d’eisitheoirí ábhar an phlean téarnaimh a tharraingt suas ós rud é nár cheart go …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ábhar an phlean téarnaimh a tharraingt suas ós rud é nár cheart go mbeadh aon uathoibríocht i ngníomhachtú roghanna téarnaimh ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh a shárú, agus gur faoin eisitheoir a bheadh sé cinneadh a dhéanamh an ngníomhachtóidh sé an plean téarnaimh má bhíonn sárú ann agus cathain a ghníomhóidh sé é. Agus táscairí an phlean téarnaimh á gcalabrú acu, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil an cinneadh sin ag céim luath go leor chun go mbeidh siad in ann gníomhaíocht a chur chun feidhme más gá.
|
|
36. Ba cheart d’eisitheoirí a bpróiseas cinnteoireachta inmheánach a leagan amach sa phlean …
|
Ba cheart d’eisitheoirí a bpróiseas cinnteoireachta inmheánach a leagan amach sa phlean téarnaimh. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeadh an próiseas sin críochnúil agus bunaithe go maith, i gcomhréir le míreanna 39, 40 agus 41. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a lua ina bplean téarnaimh, cibé acu a chinneann an t-eisitheoir gníomhaíocht a dhéanamh nó nach gcinneann, go gcoinneoidh siad idirphlé oscailte agus gníomhach leis an údarás inniúil.
|
|
37. I gcás sáruithe ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh chun a gcumas rabhaidh a …
|
I gcás sáruithe ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh chun a gcumas rabhaidh a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart d’eisitheoirí an méid seo a leanas a leagan síos ina bplean téarnaimh go ndéanfaidh siad go pras agus in aon chás: - • laistigh de 24 uair an chloig ar a mhéad ó thairseach táscaire an phlean téarnaimh a shárú, foláireamh a thabhairt do chomhlacht bainistíochta an eisitheora tríd an bpróiseas géaraithe iomchuí a ghníomhachtú chun a áirithiú go mbreithneofar aon sárú agus, i gcás inarb ábhartha, go ngníomhófar dá réir; agus
- • ar a dhéanaí laistigh de 24 uair an chloig tar éis an próiseas inmheánach géaraithe a ghníomhachtú, fógra a thabhairt don údarás inniúil faoin sárú ar thairseach táscaire an phlean téarnaimh.
|
|
38. Chun an dóchúlacht a chur san áireamh go bhféadfaí nach gceadófaí leis na tréimhsí ama a …
|
Chun an dóchúlacht a chur san áireamh go bhféadfaí nach gceadófaí leis na tréimhsí ama a leagtar síos faoin mír roimhe seo don eisitheoir freagairt don sárú ar thairseach go tráthúil, ba cheart d’eisitheoirí an teorainn ama ab iomchuí chun na gníomhaíochtaí sin a fhorghníomhú a chinneadh, ar bhonn shainiúlachtaí a oibríochtaí, mhéid agus chastacht an chúlchiste sócmhainní. I gcás ar bith, níor cheart síneadh a chur leis na tréimhsí ama a shonraítear sa mhír roimhe seo.
|
|
39. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh, i gcás inar sáraíodh tairseach táscaire …
|
Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh, i gcás inar sáraíodh tairseach táscaire plean téarnaimh, go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta an eisitheora measúnú ar an gcás, cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhachtú an phlean téarnaimh a ghníomhachtú agus fógra a thabhairt go pras do na húdaráis inniúla. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh freisin go gcumhdófar cineál na ngníomhaíochtaí téarnaimh a bheidh le déanamh leis an gcinneadh an plean téarnaimh a ghníomhachtú.
|
|
40. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh freisin gur cheart an cinneadh dá …
|
Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh freisin gur cheart an cinneadh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a bheith bunaithe ar anailís réasúnaithe ar na himthosca a bhaineann leis an sárú.
|
|
41. Ba cheart d’eisitheoirí cur síos a dhéanamh sa phlean téarnaimh, i gcás ina gcinnfidh siad …
|
Ba cheart d’eisitheoirí cur síos a dhéanamh sa phlean téarnaimh, i gcás ina gcinnfidh siad gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir leis an bplean téarnaimh, go gcuirfear plean gníomhaíochta ar fáil don údarás inniúil, gan moill mhíchuí, bunaithe ar liosta roghanna téarnaimh inchreidte agus indéanta a bheidh le húsáid sa staid struis sin, mar aon le plean ama chun an sárú a leigheas. Ba cheart a áireamh sa phlean téarnaimh freisin, i gcás nár cinneadh aon ghníomhaíocht, go soláthrófar míniú don údarás inniúil ina gcuirfear in iúl go soiléir na cúiseanna leis sin agus, i gcás inarb iomchuí, ina léireofar conas is féidir cineálacha sonracha táscairí agus a sáruithe a athbhunú gan bearta téarnaimh a úsáid.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|