+C.5. Measúnú oiriúnachta ag údaráis inniúla
---+62. Ba cheart d’údaráis inniúla na nósanna imeachta maoirseachta is infheidhme maidir le measúnú …
---+63. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil tuairisc ar na nósanna imeachta measúnaithe …
---+64. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfidh a nósanna imeachta maoirseachta ar a gcumas …
---+65. Ba cheart d’údaráis inniúla ceangal a chur ar eisitheoirí ARTanna agus ar CASPanna iad a chur …
---+66. Sna cásanna a bhfuil údar cuí leo dá dtagraítear i mír 45, ba cheart a cheangal ar eisitheoirí …
---+67. Ba cheart d’údaráis inniúla uastréimhse a leagan amach dá measúnú oiriúnachta, uastréimhse nár …
---+68. I gcás ina suíonn údarás inniúil go bhfuil gá le faisnéis de bhreis ar an méid a cheanglaítear …
---+69. Ba cheart d’údaráis inniúla a measúnú a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn …
---+70. Ba cheart d’údaráis inniúla a cheangal ar eisitheoirí ARTanna agus ar CASPanna an fhaisnéis …
---+71. I gcás inarb iomchuí maidir le cur chuige rioscabhunaithe agus i gcás eisitheoirí ARTanna …
---+72. Ba cheart don údarás inniúil an measúnú ar oiriúnacht aonair agus chomhchoiteann chomhaltaí den …
---+73. Féadfaidh údaráis inniúla freastal ar chruinnithe le heisitheoir ARTanna nó le CASP, nó …
---+74. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéanfaidh eisitheoirí ARTanna agus CASPanna na …

C.5. Measúnú oiriúnachta ag údaráis inniúla

C.5. Measúnú oiriúnachta ag údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
62. Ba cheart d’údaráis inniúla na nósanna imeachta maoirseachta is infheidhme maidir le measúnú …

Ba cheart d’údaráis inniúla na nósanna imeachta maoirseachta is infheidhme maidir le measúnú oiriúnachta chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta eisitheoirí ARTanna agus CASPanna a shonrú. Agus na nósanna imeachta maoirseachta á sonrú acu, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas go bhféadfadh sé, mar thoradh ar mheasúnú oiriúnachta a dhéantar tar éis don chomhalta dul i mbun a phoist nó a poist, gur gá comhalta neamhoiriúnach a bhaint den chomhlacht bainistíochta nó go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh an comhlacht bainistíochta oiriúnach a thuilleadh.

63. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil tuairisc ar na nósanna imeachta measúnaithe …

Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil tuairisc ar na nósanna imeachta measúnaithe sin ar fáil go poiblí. Ba cheart a áirithiú leis na nósanna imeachta maoirseachta go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar chomhaltaí nuacheaptha den chomhlacht bainistíochta agus ar an gcomhlacht bainistíochta mar chomhlacht comhchoiteann. Ba cheart a áirithiú leis na nósanna imeachta maoirseachta freisin go ndéanfaidh an t-údarás inniúil athmheasúnú ar chomhaltaí athcheaptha den chomhlacht bainistíochta i gcomhréir leis na Treoirlínte seo, i gcás inar gá athmheasúnú a dhéanamh mar gheall ar athrú ar an bhfaisnéis is gá nó ar an bpost atá ag an gcomhalta athcheaptha.

64. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfidh a nósanna imeachta maoirseachta ar a gcumas …

Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfidh a nósanna imeachta maoirseachta ar a gcumas aghaidh a thabhairt go tráthúil ar chásanna neamhchomhlíonta maidir leis na ceanglais rialála ábhartha.

65. Ba cheart d’údaráis inniúla ceangal a chur ar eisitheoirí ARTanna agus ar CASPanna iad a chur …

Ba cheart d’údaráis inniúla ceangal a chur ar eisitheoirí ARTanna agus ar CASPanna iad a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon fholúntais laistigh den chomhlacht bainistíochta. Ba cheart d’údaráis inniúla a dhéanann measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta roimh an gceapachán a cheangal ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP fógra a thabhairt dóibh gan moill mhíchuí tar éis don ghnólacht cinneadh a dhéanamh an comhalta a mholadh lena cheapadh. Ba cheart d’údaráis inniúla a dhéanann measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta tar éis an cheapacháin a cheangal ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP fógra a thabhairt faoin gceapachán dhá sheachtain ar a dhéanaí tar éis an cheapacháin. Ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 70 a áireamh san fhógra sin.

66. Sna cásanna a bhfuil údar cuí leo dá dtagraítear i mír 45, ba cheart a cheangal ar eisitheoirí …

Sna cásanna a bhfuil údar cuí leo dá dtagraítear i mír 45, ba cheart a cheangal ar eisitheoirí ARTanna agus ar CASP an doiciméadacht iomlán a cheanglaítear faoi mhír 70 a sholáthar don údarás inniúil laistigh de mhí amháin ó cheapachán an chomhalta.

67. Ba cheart d’údaráis inniúla uastréimhse a leagan amach dá measúnú oiriúnachta, uastréimhse nár …

Ba cheart d’údaráis inniúla uastréimhse a leagan amach dá measúnú oiriúnachta, uastréimhse nár cheart a bheith níos faide ná ceithre mhí ón dáta ar a dtabharfaidh eisitheoir na ARTanna nó na CASPanna fógra faoin gceapachán beartaithe nó iarbhír.

68. I gcás ina suíonn údarás inniúil go bhfuil gá le faisnéis de bhreis ar an méid a cheanglaítear …

I gcás ina suíonn údarás inniúil go bhfuil gá le faisnéis de bhreis ar an méid a cheanglaítear faoi mhír 70 chun an measúnú a thabhairt chun críche, féadfar an tréimhse a leagtar síos faoi mhír 67 a chur ar fionraí ón tráth a n-iarrann an t-údarás inniúil faisnéis bhreise go dtí go bhfaighfear í.

69. Ba cheart d’údaráis inniúla a measúnú a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn …

Ba cheart d’údaráis inniúla a measúnú a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn eisitheoir ARTanna agus CASPanna agus comhaltaí measúnaithe agus ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh orthu i gcoinne na gcoincheap a shainítear sna Treoirlínte seo, de réir mar is infheidhme.

70. Ba cheart d’údaráis inniúla a cheangal ar eisitheoirí ARTanna agus ar CASPanna an fhaisnéis …

Ba cheart d’údaráis inniúla a cheangal ar eisitheoirí ARTanna agus ar CASPanna an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhalta den chomhlacht bainistíochta a thíolacadh, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht a theastaíonn don mheasúnú oiriúnachta ar údarú mar atá sonraithe sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún faoi Airteagal 18(6) de MiCA maidir le cur i bhfeidhm mhír (2)(i) den Airteagal seo i gcás eisitheora ARTanna agus atá sainordaithe faoi Airteagal 62(5) den Rialachán sin maidir le cur i bhfeidhm mhír (2)(g) den Airteagal seo i gcás CASP , ina bhfuil cruthúnas go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ag na comhaltaí, agus eolas, scileanna agus taithí aonair agus chomhchoiteann na gcomhaltaí agus an chomhlachta bainistíochta, chomh maith leis an gcumas am leordhóthanach a ghealladh.

71. I gcás inarb iomchuí maidir le cur chuige rioscabhunaithe agus i gcás eisitheoirí ARTanna …

I gcás inarb iomchuí maidir le cur chuige rioscabhunaithe agus i gcás eisitheoirí ARTanna suntasacha, ba cheart d’údaráis inniúla agallaimh a úsáid freisin chun críocha measúnuithe ar oiriúnacht.

72. Ba cheart don údarás inniúil an measúnú ar oiriúnacht aonair agus chomhchoiteann chomhaltaí den …

Ba cheart don údarás inniúil an measúnú ar oiriúnacht aonair agus chomhchoiteann chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a dhéanamh ar bhonn leanúnach, mar chuid dá ngníomhaíochtaí maoirseachta leanúnacha.

73. Féadfaidh údaráis inniúla freastal ar chruinnithe le heisitheoir ARTanna nó le CASP, nó …

Féadfaidh údaráis inniúla freastal ar chruinnithe le heisitheoir ARTanna nó le CASP, nó cruinnithe a reáchtáil leo, lena n-áirítear le roinnt comhaltaí dá chomhlacht bainistíochta nó leo go léir, nó páirt a ghlacadh mar bhreathnóir i gcruinnithe an chomhlachta bainistíochta chun measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmiú éifeachtach. Ba cheart minicíocht na gcruinnithe sin a shocrú trí chur chuige rioscabhunaithe a úsáid.

74. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéanfaidh eisitheoirí ARTanna agus CASPanna na …

Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéanfaidh eisitheoirí ARTanna agus CASPanna na hathmheasúnuithe is gá faoi chodanna C.3, C.3.1 agus C.3.2. Má spreagann athmheasúnú ag eisitheoir ARTanna nó ag CAPS athmheasúnú ar oiriúnacht ag údarás inniúil, ba cheart don údarás inniúil sin na himthosca a spreag an t-athmheasúnú agus a thionchar ar oiriúnacht aonair agus chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta a chur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/