+6.1. Tástálacha struis
---+41. Ba cheart d’institiúidí tosca comhshaoil a ionchorprú ina gcreat tástála struis, arna …
---+42. I gcomhréir le hAirteagal 177(2) agus (2a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar …
---+43. Chun críocha a gcleachtaidh tástála struis, ba cheart d’institiúidí cás bunlíne a úsáid, chomh …
---+44. Agus a gcás bunlíne á shainiú acu, ba cheart d’institiúidí leanúint leis na coinníollacha agus …
---+45. Maidir leis an tacar de chásanna díobhálacha, ba cheart d’institiúidí suaití comhshaoil a mheas …
---+46. Agus athróga comhshaoil á n - ionchorprú ina gcreat tástála struis atá ann cheana, ba cheart …
---+47. Chun comhtháthú rianúil na n - athróg comhshaoil a éascú, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar …
---+48. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go gcuirfear gnéithe earnáil an tionscail agus gnéithe tíre …
---+49. I gcás inar féidir agus a measúnú ábharthachta á chur san áireamh, ba cheart d’institiúidí …
---+50. Féadfaidh institiúidí toimhde de shíor sa chlár comhardaithe a úsáid, ach moltar dóibh, a mhéid …
---+51. Ba cheart d’institiúidí tosca comhshaoil a ionchorprú de réir a chéile ina samhlacha tástála …
---+52. De mhaolú ar mhír 15 de Threoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis na n - institiúidí, ní …
|
6.1. Tástálacha struis
6.1. Tástálacha struis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
41. Ba cheart d’institiúidí tosca comhshaoil a ionchorprú ina gcreat tástála struis, arna …
|
Ba cheart d’institiúidí tosca comhshaoil a ionchorprú ina gcreat tástála struis, arna mhionsaothrú i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis na hinstitiúide.
|
|
42. I gcomhréir le hAirteagal 177(2) agus (2a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar …
|
I gcomhréir le hAirteagal 177(2) agus (2a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí a úsáideann Cur Chuige IRB tástálacha struis maidir le riosca creidmheasa a dhéanamh go rialta lena gcuirfear san áireamh éifeachtaí cásanna cúlaithe e acnamaíochta atá dian ach sochreidte’ agus lena n- áireofar ‘tionscnóirí riosca ESG, go háirithe spreagaithe riosca fisiceach agus riosca aistrithe a eascraíonn as an athrú aeráide’ . Ba cheart go mbeadh an mhodheolaíocht chun tástálacha struis a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo comhsheasmhach, a mhéid is iomchuí, leis na modhanna a leagtar amach i Roinn 4.7.1 de Threoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis na n- institiúidí, agus sa roinn seo.
|
|
43. Chun críocha a gcleachtaidh tástála struis, ba cheart d’institiúidí cás bunlíne a úsáid, chomh …
|
Chun críocha a gcleachtaidh tástála struis, ba cheart d’institiúidí cás bunlíne a úsáid, chomh maith le sraith cásanna díobhálacha a shainítear mar chásanna diana (i.e. earr - riosca) ach atá sochreidte (i.e. cásanna a bhfuil dóchúlacht réasúnach ag baint leo).
|
|
44. Agus a gcás bunlíne á shainiú acu, ba cheart d’institiúidí leanúint leis na coinníollacha agus …
|
Agus a gcás bunlíne á shainiú acu, ba cheart d’institiúidí leanúint leis na coinníollacha agus na treochtaí reatha, lena n áirítear treochtaí a bhfuiltear ag súil leo i rioscaí comhshaoil, gan glacadh le suaití tromchúiseacha ná le hathruithe beartais. Ba cheart go gcuirfí san áireamh - sa chás bunlíne, nuair is dócha go mbeidh tionchair ábhartha aige, na beartais a glacadh nó atá le glacadh thar an tréimhse atá á breithniú.
|
|
45. Maidir leis an tacar de chásanna díobhálacha, ba cheart d’institiúidí suaití comhshaoil a mheas …
|
Maidir leis an tacar de chásanna díobhálacha, ba cheart d’institiúidí suaití comhshaoil a mheas mar shuaití i measc suaití eile. Nuair a bhíonn suaití de bhunús éagsúil le chéile, ba cheart d’institiúidí scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar iarmhairtí na gcom hrioscaí sin a d’fhéadfadh na tionchair a mhéadú thar chomhiomlánú simplí de thionchair na gcásanna aeráide, comhshaoil agus maicreacnamaíocha a ndéantar anailís orthu ar leithligh.
|
|
46. Agus athróga comhshaoil á n - ionchorprú ina gcreat tástála struis atá ann cheana, ba cheart …
|
Agus athróga comhshaoil á n - ionchorprú ina gcreat tástála struis atá ann cheana, ba cheart d’institiúidí anailís chríochnúil a dhéanamh ar bhearnaí ar a samhlacha tástála struis chun réimsí a shainaithint inar gá feabhas a chur ar na cumais samhaltaithe atá ann faoi láthair chun rioscaí comhshaoil a chur san áireamh go leordhóthanach. Ós rud é nach bhfuil rioscaí comhshaoil á ngabháil go príomha ag athróga eacnamaíocha, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar athchóiriú domhain ar a gcuir chuige, se achas ar choigeartuithe iolracha ad hoc.
|
|
47. Chun comhtháthú rianúil na n - athróg comhshaoil a éascú, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar …
|
Chun comhtháthú rianúil na n - athróg comhshaoil a éascú, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar institiúidí na cuir chuige nua nó na modúil riosca comhshaoil a thástáil ar leithligh sula ndéanfar iad a chomhtháthú ina n - iomláine. Le linn na céime tástála, ba cheart d’institiúidí a bheith cúramach agus torthaí na dtástálacha struis á n - úsáid acu le haghaidh cinnteoireachta.
|
|
48. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go gcuirfear gnéithe earnáil an tionscail agus gnéithe tíre …
|
Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go gcuirfear gnéithe earnáil an tionscail agus gnéithe tíre nó suímh gheografaigh san áireamh go cuí ina samhlacha tástála struis. Agus samhlacha nua á bhforbairt nó gráinneacht samhlacha atá ann cheana á leathnú, ba cheart d’institiúidí athróga atá íogair ó thaobh rioscaí comhshaoil de a thabhairt isteach i ndáil le sainaithint na gcainéal tarchurtha dá bhforáiltear i Roinn 5.1.
|
|
49. I gcás inar féidir agus a measúnú ábharthachta á chur san áireamh, ba cheart d’institiúidí …
|
I gcás inar féidir agus a measúnú ábharthachta á chur san áireamh, ba cheart d’institiúidí suaití comhshaoil a bhaineann le cásanna díobhálacha a chur i bhfeidhm go díreach ar leibhéal na neamhchosanta. Maidir le rioscaí a bhfuil a n ábharthacht mar thorad h go príomha ar éifeacht comhchruinnithe, ba cheart d’institiúidí na suaití a chur i bhfeidhm ar - ghrúpaí contrapháirtithe a bhfuil próifíl neamhchosanta comhchosúil acu ar rioscaí comhshaoil.
|
|
50. Féadfaidh institiúidí toimhde de shíor sa chlár comhardaithe a úsáid, ach moltar dóibh, a mhéid …
|
Féadfaidh institiúidí toimhde de shíor sa chlár comhardaithe a úsáid, ach moltar dóibh, a mhéid is féidir, athruithe suntasacha a ionchorprú i gcomhdhéanamh a bpunanna a eascraíonn as straitéis fhormheasta na hinstitiúide, i gcás ina mbeidh siad sin le tarlú le linn thréimhse na tástála struis. Mar chomhlánú air sin, féadfaidh institiúidí cur chuige dinimiciúil iomlán a úsáid maidir leis an gclár comhardaithe, de réir a gcleachtas agus a riachtanas.
|
|
51. Ba cheart d’institiúidí tosca comhshaoil a ionchorprú de réir a chéile ina samhlacha tástála …
|
Ba cheart d’institiúidí tosca comhshaoil a ionchorprú de réir a chéile ina samhlacha tástála struis, ag tosú le samhlacha riosca creidmheasa, agus ag díriú ar thionchair na n -athruithe comhshaoil ar chatagóirí riosca traidisiúnta eile a ghabháil de réir a chéile, lena n-áirítear riosca margaidh, oibriúcháin agus leachtachta ar fud na bpunann, na n -earnálacha agus na geografaíochtaí ábhartha uile.
|
|
52. De mhaolú ar mhír 15 de Threoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis na n - institiúidí, ní …
|
De mhaolú ar mhír 15 de Threoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis na n - institiúidí, ní cheanglaítear ar institiúidí rioscaí comhshaoil a ionchorprú ina dtástáil struis droim ar ais. Féadfaidh siad é sin a dhéanamh ar bhonn deonach má mheasann siad go bhfuil sé úsáideach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|