+Teideal III – Malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis inniúla a úsáideann an Córas Faisnéise ÚMEnna
---+12. I gcás ina léirítear le cuardach ar an gCóras Faisnéise ÚMEnna go bhfuil faisnéis ábhartha ar …
---+13. Ba cheart don údarás a dhéanann iarraidh an chúis atá leis an iarraidh, an fhaisnéis a iarrtar …
---+15. Déanfar malartú iarbhír na bunfaisnéise atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus …
---+16. Ba cheart don údarás a fhaigheann an iarraidh, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a …
---+17. Níor cheart don údarás iarrtha an fhaisnéis a iarradh a sholáthar i gcás ina gcuireann …
---+18. I gcás nach féidir faisnéis a mhalartú i gcomhréir le mír 17, ba cheart don údarás a fhaigheann …
---+19. Féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an iarraidh soiléirithe a iarraidh ar an údarás a dhéanann …
---+20. Ba cheart d’údaráis inniúla déileáil leis an bhfaisnéis uile a fhaightear i gcomhréir leis na …

Teideal III – Malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis inniúla a úsáideann an Córas Faisnéise ÚMEnna

Iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
12. I gcás ina léirítear le cuardach ar an gCóras Faisnéise ÚMEnna go bhfuil faisnéis ábhartha ar …

I gcás ina léirítear le cuardach ar an gCóras Faisnéise ÚMEnna go bhfuil faisnéis ábhartha ar fáil chun críche measúnaithe, ba cheart don údarás inniúil, sula ndéanfaidh sé an measúnú, iarraidh ar fhaisnéis a chur isteach tríd an gCóras Faisnéise ÚMEnna chuig na húdaráis inniúla arna sainaithint i gcomhréir le mír 11 ag a bhfuil faisnéis ábhartha maidir leis an duine leasa.

13. Ba cheart don údarás a dhéanann iarraidh an chúis atá leis an iarraidh, an fhaisnéis a iarrtar …

Ba cheart don údarás a dhéanann iarraidh an chúis atá leis an iarraidh, an fhaisnéis a iarrtar agus forálacha earnála an Aontais ar a mbonn atá an measúnú á dhéanamh a leagan amach.

15. Déanfar malartú iarbhír na bunfaisnéise atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus …

Déanfar malartú iarbhír na bunfaisnéise atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus cuibheas duine leasa go déthaobhach, idir na húdaráis a dhéanann an iarraidh agus na húdaráis a fhaigheann an iarraidh lasmuigh den Chóras Faisnéise ÚMEnna.

16. Ba cheart don údarás a fhaigheann an iarraidh, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a …

Ba cheart don údarás a fhaigheann an iarraidh, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus a léirítear in Airteagal 2(4) de na Rialacháin Bhunaidh, agus forálacha earnála an Aontais agus aon ghníomh dlí eile is infheidhme a bhaineann le forálacha earnála á gcur san áireamh, freagra a thabhairt ar an iarraidh laistigh de dhá sheachtain ón iarraidh a fháil agus an fhaisnéis a sholáthar nó míniú a thabhairt ar an bhfáth nach féidir an fhaisnéis a sholáthar ach ar dháta níos déanaí agus an dáta sin a shonrú. I gcás measúnú diúltach nó tarraingt siar an iarratais ar mheasúnú, ba cheart an fhaisnéis atá ar fáil faoi na cúiseanna leis an measúnú diúltach nó leis an tarraingt siar a sholáthar freisin.

17. Níor cheart don údarás iarrtha an fhaisnéis a iarradh a sholáthar i gcás ina gcuireann …

Níor cheart don údarás iarrtha an fhaisnéis a iarradh a sholáthar i gcás ina gcuireann ceanglais rúndachta nó cosanta sonraí pearsanta a leagtar amach i bhforálacha earnála an Aontais nó in aon fhoráil dlí eile is infheidhme cosc air déanamh amhlaidh nó i gcás nach féidir leis an údarás a fhaigheann an iarraidh, ar chúiseanna oibiachtúla, an fhaisnéis a iarradh a sholáthar.

18. I gcás nach féidir faisnéis a mhalartú i gcomhréir le mír 17, ba cheart don údarás a fhaigheann …

I gcás nach féidir faisnéis a mhalartú i gcomhréir le mír 17, ba cheart don údarás a fhaigheann an iarraidh, a luaithe is féidir ach laistigh de dhá sheachtain ar a dhéanaí ón iarraidh a fháil, an t-údarás a dhéanann an iarraidh a chur ar an eolas agus na cúiseanna atá leis sin a mhíniú. Má tá sé dodhéanta i bpáirt an fhaisnéis uile a iarradh a sholáthar, ba cheart don údarás a fhaigheann an iarraidh an chuid den fhaisnéis a bhfuil a soláthar ceadaithe a sholáthar don údarás a dhéanann an iarraidh agus na cúiseanna atá le codanna eile den fhaisnéis a choinneáil siar a mhíniú.

19. Féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an iarraidh soiléirithe a iarraidh ar an údarás a dhéanann …

Féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an iarraidh soiléirithe a iarraidh ar an údarás a dhéanann an iarraidh maidir leis an iarraidh a fuarthas. Ba cheart don údarás a dhéanann an iarraidh freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar shoiléiriú den sórt sin gan moill mhíchuí. I gcás go lorgaítear soiléirithe, ba cheart tús a chur leis an tréimhse ama faoi mhíreanna 16 agus 18 tar éis don údarás a dhéanann an iarraidh na soiléirithe a chur ar fáil.

Rúndacht

20. Ba cheart d’údaráis inniúla déileáil leis an bhfaisnéis uile a fhaightear i gcomhréir leis na …

Ba cheart d’údaráis inniúla déileáil leis an bhfaisnéis uile a fhaightear i gcomhréir leis na Treoirlínte seo mar fhaisnéis rúnda agus déileáil léi i gcomhréir le rúndacht ghairmiúil agus le ceanglais maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/