+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1085 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an modheolaíocht mheasúnaithe faoina bhfíoraíonn na húdaráis inniúla go gcomhlíonann institiúid na ceanglais maidir le húsáid samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Struchtúr an mheasúnaithe
---------+Airteagal 1 1
---------+Airteagal 1 2
---------+Airteagal 1 3
---------+Airteagal 1 4
------+Airteagal 2 Comhréireacht – catagóirí táirgí agus castachtaí samhla
---------+Airteagal 2 (a)
---------+Airteagal 2 (b)
---------+Airteagal 2 (c)
------+Airteagal 3 Cáilíocht agus in-iniúchóireacht doiciméadachta
---------+Airteagal 3 2
---------+Airteagal 3 (a)
---------+Airteagal 3 (b)
---------+Airteagal 3 (c)
---------+Airteagal 3 (d)
---------+Airteagal 3 (e)
------+Airteagal 4 Seachfhoinsiú
---------+Airteagal 4 1
---------+Airteagal 4 2
---------+Airteagal 4 3
---------+Airteagal 4 4
---+CAIBIDIL 2 MEASÚNÚ AR CHEANGLAIS CHÁILÍOCHTÚLA
------+Airteagal 5 Forléargas ar an measúnú ar cheanglais cháilíochtúla
---------+Airteagal 5 (a)
---------+Airteagal 5 (b)
---------+Airteagal 5 (c)
---------+Airteagal 5 (d)
---------+Airteagal 5 (e)
---------+Airteagal 5 (f)
---------+Airteagal 5 (g)
---------+Airteagal 5 (h)
---------+Airteagal 5 (i)
---------+Airteagal 5 (j)
---------+Airteagal 5 (k)
---------+Airteagal 5 (l)
---------+Airteagal 5 (m)
---------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 6 Measúnú ar leordhóthanacht chomhdhéanamh agus ról an chomhlachta bainistíochta agus na hardbhainistíochta
---------+Airteagal 6 1
---------+Airteagal 6 2
---------+Airteagal 6 3
---------+Airteagal 6 4
------+Airteagal 7 Measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann deasca trádála Airteagal 104b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
---------+Airteagal 7 (a)
---------+Airteagal 7 (b)
---------+Airteagal 7 (c)
---------+Airteagal 7 (d)
---------+Airteagal 7 (e)
---------+Airteagal 7 (f)
---------+Airteagal 7 (g)
---------+Airteagal 7 (h)
---------+Airteagal 7 2
---------+Airteagal 7 3
------+Airteagal 8 Measúnú ar rialachas inmheánach agus formhaoirseacht na hinstitiúide i ndáil leis an aonad rialaithe riosca
---------+Airteagal 8 1
---------+Airteagal 8 2
---------+Airteagal 8 3
------+Airteagal 9 Measúnú ar an mbeartas maidir le táirgí nua
---------+Airteagal 9 (a)
---------+Airteagal 9 (b)
---------+Airteagal 9 (c)
---------+Airteagal 9 (d)
---------+Airteagal 9 (e)
---------+Airteagal 9 (f)
---------+Airteagal 9 (g)
---------+Airteagal 9 (h)
---------+Airteagal 9 (i)
------+Airteagal 10 Athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach
---------+Airteagal 10 1
---------+Airteagal 10 2
---------+Airteagal 10 3
------+Airteagal 11 Measúnú ar bhailíochtú aon samhla tomhais riosca inmheánaí, agus ar thoradh an bhailíochtaithe sin
---------+Airteagal 11 1
---------+Airteagal 11 2
------+Airteagal 12 Measúnú ar leordhóthanacht raon feidhme agus iomláine an bhailíochtaithe inmheánaigh
---------+Airteagal 12 1
---------+Airteagal 12 2
---------+Airteagal 12 3
------+Airteagal 13 Measúnú ar leordhóthanacht an tuairiscithe
---------+Airteagal 13 (a)
---------+Airteagal 13 (b)
------+Airteagal 14 Measúnú ar leordhóthanacht teorainneacha trádála
---------+Airteagal 14 (a)
---------+Airteagal 14 (b)
---------+Airteagal 14 (c)
---------+Airteagal 14 (d)
---------+Airteagal 14 (e)
---------+Airteagal 14 (f)
---------+Airteagal 14 (g)
---------+Airteagal 14 2
------+Airteagal 15 Measúnú ar leordhóthanacht an phróisis chun teorainneacha trádála a thabhairt cothrom le dáta
---------+Airteagal 15 1
---------+Airteagal 15 2
------+Airteagal 16 Measúnú ar leordhóthanacht an phróisis a bhaineann le sáruithe ar theorainneacha trádála
---------+Airteagal 16 1
---------+Airteagal 16 2
------+Airteagal 17 Measúnú ar leordhóthanacht an chláir tástála struis
---------+Airteagal 17 1
---------+Airteagal 17 2
---------+Airteagal 17 3
------+Airteagal 18 Measúnú ar leordhóthanacht na gcásanna tástála struis droim ar ais agusad hoc
---------+Airteagal 18 1
---------+Airteagal 18 2
------+Airteagal 19 Measúnú ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach i ndáil le stóinseacht chórais TF
---------+Airteagal 19 1
---------+Airteagal 19 2
------+Airteagal 20 Athbhreithniú ar chruinneas réasúnta na samhla tomhais riosca inmheánaí, lena n-áirítear an tsamhail phraghsála
---------+Airteagal 20 1
---------+Airteagal 20 2
---------+Airteagal 20 3
------+Airteagal 21 Measúnú ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach i ndáil le cláir cúltástála bhreise
---------+Airteagal 21 1
---------+Airteagal 21 2
---+CAIBIDIL 3 MEASÚNÚ AR AN tSAMHAIL TOMHAIS RIOSCA INMHEÁNACH A ÚSÁIDTEAR CHUN AN BEART RIOSCA EASNAIMH IONCHASAIGH AGUS AN BEART RIOSCA MAIDIR LE CÁS STRUIS A RÍOMH
------+ROINN 1 Forbhreathnú ar an measúnú
---------+Airteagal 22 Réamhrá leis an measúnú ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach a úsáidtear chun an beart easnaimh ionchasaigh agus an beart riosca maidir le cás struis a ríomh
------------+Airteagal 22 (a)
------------+Airteagal 22 (b)
------------+Airteagal 22 (c)
------------+Airteagal 22 (d)
------------+Airteagal 22 (e)
------+ROINN 2 Measúnú ar bhunú agus airíonna fhachtóirí riosca na samhla tomhais riosca inmheánaí
---------+Foroinn 1 Measúnú ar bhunú fhachtóirí riosca na samhla tomhais riosca inmheánaí
------------+Airteagal 23 Measúnú ar chumhdach riosca na samhla tomhais riosca inmheánaí
---------------+Airteagal 23 1
---------------+Airteagal 23 2
---------------+Airteagal 23 3
------------+Airteagal 24 Measúnú ar fhachtóirí riosca i dtaca le rátaí úis ginearálta
---------------+Airteagal 24 1
---------------+Airteagal 24 2
------------+Airteagal 25 Measúnú ar fhachtóirí riosca cothromais
---------------+Airteagal 25 1
---------------+Airteagal 25 2
------------+Airteagal 26 Measúnú ar fhachtóirí riosca raoin difríochta creidmheasa
---------------+Airteagal 26 1
---------------+Airteagal 26 2
------------+Airteagal 27 Measúnú ar fhachtóirí riosca malairte eachtraí
---------------+Airteagal 27 1
---------------+Airteagal 27 2
------------+Airteagal 28 Measúnú ar fhachtóirí riosca tráchtearraí
---------------+Airteagal 28 1
---------------+Airteagal 28 2
------------+Airteagal 29 Measúnú ar chuair
---------------+Airteagal 29 1
---------------+Airteagal 29 2
---------------+Airteagal 29 3
---------------+Airteagal 29 4
---------------+Airteagal 29 5
---------------+Airteagal 29 6
------------+Airteagal 30 Measúnú ar dhromchlaí luaineachta intuigthe
---------------+Airteagal 30 1
---------------+Airteagal 30 2
---------------+Airteagal 30 3
------------+Airteagal 31 Measúnú ar fhachtóirí riosca comhghaoil
---------+Foroinn 2 Measúnú ar airíonna na bhfachtóirí riosca
------------+Airteagal 32 Measúnú ar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí riosca
---------------+Airteagal 32 1
---------------+Airteagal 32 2
---------------+Airteagal 32 3
---------------+Airteagal 32 4
---------------+Airteagal 32 5
---------------+Airteagal 32 6
---------------+Airteagal 32 7
------------+Airteagal 33 Measúnú ar thréimhse leachtachta ionchasach na bhfachtóirí riosca
---------------+Airteagal 33 1
---------------+Airteagal 33 2
---------------+Airteagal 33 3
---------------+Airteagal 33 4
------+ROINN 3 Measúnú ar ionadaigh agus cáilíocht sonraí
---------+Airteagal 34 Measúnú ar ionadaigh
------------+Airteagal 34 1
------------+Airteagal 34 2
------------+Airteagal 34 3
------------+Airteagal 34 4
------------+Airteagal 34 5
---------+Airteagal 35 Measúnú ar cháilíocht na sonraí
------------+Airteagal 35 1
------------+Airteagal 35 2
------------+Airteagal 35 3
------+ROINN 4 Measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le cúltástáil agus tástáil ar shannadh brabúis agus caillteanais
---------+Airteagal 36 Measúnú ar na heilimintí teicniúla atá le háireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne le haghaidh cheanglais na cúltástála
------------+Airteagal 36 1
------------+Airteagal 36 2
------------+Airteagal 36 3
---------+Airteagal 37 Measúnú ar an anailís ar sháruithe
------------+Airteagal 37 1
------------+Airteagal 37 2
------------+Airteagal 37 3
------------+Airteagal 37 4
---------+Airteagal 38 Measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais
------------+Airteagal 38 1
------------+Airteagal 38 2
------------+Airteagal 38 3
------------+Airteagal 38 4
------------+Airteagal 38 5
------------+Airteagal 38 6
------------+Airteagal 38 7
------------+Airteagal 38 8
------+ROINN 5 Measúnú ar chomhlíontacht na gceanglas a bhaineann le láimhseáil na malairte eachtraí agus an riosca tráchtearraí sa leabhar neamhthrádála
---------+Airteagal 39 Measúnú ar ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh malairt eachtrach agus riosca tráchtearraí sa leabhar neamhthrádála
------------+Airteagal 39 1
------------+Airteagal 39 2
------------+Airteagal 39 3
------------+Airteagal 39 4
------------+Airteagal 39 5
------------+Airteagal 39 6
------------+Airteagal 39 7
------------+Airteagal 39 8
------------+Airteagal 39 9
------+ROINN 6 Measúnú ar ríomh na mbeart riosca easnaimh ionchasaigh agus ar ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis
---------+Foroinn 1 Measúnú ar ghnéithe atá ábhartha maidir le ríomh na mbeart riosca easnaimh ionchasaigh agus le ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis araon
------------+Airteagal 40 Measúnú ar chumas na samhla tomhais riosca inmheánaí chun neamhlíneacht a ghabháil
---------------+Airteagal 40 1
---------------+Airteagal 40 2
---------+Foroinn 2 Measúnú ar ghnéithe atá ábhartha maidir le ríomh na mbeart riosca easnaimh ionchasaigh
------------+Airteagal 41 Measúnú ar ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh
---------------+Airteagal 41 1
---------------+Airteagal 41 2
---------------+Airteagal 41 3
------------+Airteagal 42 Measúnú ar ríomh na mbeart easnaimh ionchasaigh páirteach
---------------+Airteagal 42 1
---------------+Airteagal 42 2
---------------+Airteagal 42 3
---------------+Airteagal 42 4
------------+Airteagal 43 Measúnú ar thoimhde dáileacháin agus staidrimh
---------------+Airteagal 43 1
---------------+Airteagal 43 2
---------------+Airteagal 43 3
---------+Foroinn 3 Measúnú ar ghnéithe atá ábhartha maidir le ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis
------------+Airteagal 44 Measúnú ar an mbeart riosca maidir le cás struis
---------------+Airteagal 44 1
---------------+Airteagal 44 2
---------------+Airteagal 44 3
---------------+Airteagal 44 4
---------------+Airteagal 44 5
---------------+Airteagal 44 6
---------------+Airteagal 44 7
---------------+Airteagal 44 8
---------------+Airteagal 44 9
---------------+Airteagal 44 10
---------------+Airteagal 44 11
---------------+Airteagal 44 12
---------------+Airteagal 44 13
---------------+Airteagal 44 14
---------------+Airteagal 44 15
---------------+Airteagal 44 16
---+CAIBIDIL 4 MEASÚNÚ AR AN tSAMHAIL INMHEÁNACH MAIDIR LE RIOSCA MAINNEACHTANA A ÚSÁIDTEAR CHUN AN CEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE LE hAGHAIDH RIOSCA MAINNEACHTANA A RÍOMH
------+ROINN 1 Forléargas ar an measúnú
---------+Airteagal 45 Measúnú ar an tsamhail inmheánach maidir le riosca mainneachtana a úsáidtear chun an ceanglas cistí dílse breise le haghaidh riosca mainneachtana a ríomh
------------+Airteagal 45 (a)
------------+Airteagal 45 (b)
------------+Airteagal 45 (c)
------+ROINN 2 Measúnú ar cheanglais ghinearálta
---------+Airteagal 46 Measúnú ar raon feidhme na suíomhanna faoi réir riosca mainneachtana
------------+Airteagal 46 1
------------+Airteagal 46 2
---------+Airteagal 47 Measúnú a dhéanamh ar chruinneas agus minicíocht an ríomha ar an gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana
------------+Airteagal 47 1
------------+Airteagal 47 2
------+ROINN 3 Measúnú ar dhóchúlachtaí mainneachtana agus ar chaillteanais i gcás meastacháin ar mhainneachtain
---------+Airteagal 48 Measúnú ar dhóchúlachtaí mainneachtana
------------+Airteagal 48 1
------------+Airteagal 48 2
------------+Airteagal 48 3
---------+Airteagal 49 Measúnú ar chaillteanais i gcás mainneachtana
------------+Airteagal 49 1
------------+Airteagal 49 2
------------+Airteagal 49 3
------+ROINN 4 Measúnú a dhéanamh ar chomhghaolú, fálú agus ceanglais áirithe
---------+Airteagal 50 Measúnú ar an struchtúr comhghaolúcháin
------------+Airteagal 50 1
------------+Airteagal 50 2
---------+Airteagal 51 Measúnú ar an aitheantas fálaithe
------------+Airteagal 51 (a)
------------+Airteagal 51 (b)
------------+Airteagal 51 (c)
------------+Airteagal 51 (d)
------------+Airteagal 51 2
------------+Airteagal 51 3
------------+Airteagal 51 4
------------+Airteagal 51 (a)
------------+Airteagal 51 (b)
------------+Airteagal 51 (c)
---------+Airteagal 52 Measúnú ar chomhlíontacht le ceanglais áirithe
------------+Airteagal 52 (a)
------------+Airteagal 52 (b)
------------+Airteagal 52 (c)
------------+Airteagal 52 (d)
------------+Airteagal 52 2
------------+Airteagal 52 3
------------+Airteagal 52 4
------------+Airteagal 52 5
------------+Airteagal 52 6
---+CAIBIDIL 5 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 53 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
---------+Airteagal 53 2
---------+Airteagal 53 3
|
English -
European Union -
Financial Industry -
Banking -
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1085 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an modheolaíocht mheasúnaithe faoina bhfíoraíonn na húdaráis inniúla go gcomhlíonann institiúid na ceanglais maidir le húsáid samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1085 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an modheolaíocht mheasúnaithe faoina bhfíoraíonn na húdaráis inniúla go gcomhlíonann institiúid na ceanglais maidir le húsáid samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325az(8), an chéad fhomhír, pointe (b), agus an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Ní cheadaítear d’institiúidí úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní hamháin gur cheart d’institiúidí na ceanglais sin a chomhlíonadh i gcás ina gcuirfidh siad isteach ar chead chun na samhlacha inmheánacha sin a úsáid, ach i gcás ina n-úsáidfidh siad na samhlacha sin freisin, agus i gcás ina ndéanann siad iarratas chun síntí agus athruithe ábhartha a dhéanamh ar na samhlacha inmheánacha sin. Is iomchuí a leagan síos dá bhrí sin go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás ina bhfíoróidh siad cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúidí na ceanglais sin, na critéir chéanna agus an mhodheolaíocht mheasúnaithe chéanna a chur i bhfeidhm maidir le gach ceann de na céimeanna sin. Mar sin féin, ar chúiseanna éifeachtúlachta agus chun ualaí riaracháin a laghdú, níor cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar chomhlíontacht institiúidí ar deonaíodh cead dóibh cheana féin samhlacha inmheánacha malartacha den sórt sin a úsáid, athmheasúnú a dhéanamh ar an gcead sin. Ina ionad sin, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin atá ábhartha do raon feidhme an mheasúnaithe lena mbaineann agus air sin amháin, agus forbairt a dhéanamh, i ngach cás, ar na conclúidí ar thángthas orthu ó mheasúnuithe roimhe sin.
|
|
(2)
|
Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí ar bhonn leanúnach na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart do na húdaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán na réiteach, na gcóras agus na gcineálacha cur chuige arna gcur chun feidhme ag institiúid, agus a iarraidh go ndéanfar feabhsuithe agus oiriúnuithe leanúnacha i ndáil le himthosca athraithe.
|
|
(3)
|
Chun comhchuibhiú agus inchomparáideacht cleachtas maoirseachta ó dhlínse go chéile a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla teicnící measúnaithe forordaitheacha a chomhlíonadh sa mheasúnú a dhéanfaidh siad ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúidí na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Mar sin féin, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann cineál, méid agus castacht struchtúir agus samhla gnó institiúide, castacht na samhlacha inmheánacha malartacha, cineál na dtáirgí airgeadais a chumhdaítear leis na samhlacha sin, cáilíocht na faisnéise a sholáthraíonn an institiúid lena mbaineann, agus na hacmhainní atá ar fáil dóibh a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart cumhacht lánroghnach áirithe a dheonú do na húdaráis inniúla, le linn dóibh measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena gcuirfear ar a gcumas dóibh seiceálacha breise a dhéanamh agus na modhanna is iomchuí a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh ceanglas áirithe a fhíorú. Ina theannta sin, chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla an measúnú sin a dhéanamh ar bhealach comhréireach, agus i bhfianaise an raoin leathain táirgí airgeadais atá ar fáil i ngníomhaíochtaí trádála, is gá catagóirí táirgí airgeadais de réir leibhéal méadaitheach castachta a leagan síos, ar ar cheart d’údaráis inniúla a measúnú a bhunú.
|
|
(4)
|
Chun tuiscint inmheánach leormhaith ar an tsamhail inmheánach mhalartach a áirithiú, lena n-áirítear oibríochtaí seachfhoinsithe, is gá a leagan síos, d’ainneoin aon seachfhoinsiú ar roinnt uirlisí riosca, córais TF, agus réitigh bainistíochta riosca, go bhfuil gach príomhchúram, príomhghníomhaíocht nó príomhfheidhm a bhaineann leis an tsamhail inmheánach le déanamh ag an aonad rialaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart a cheangal leis na rialacha sin freisin go gcuirfidh an t-aonad rialaithe riosca rialuithe leordhóthanacha chun feidhme agus go ndéanfaidh sé tástálacha cáilíochta agus bailíochtaithe ar aon réiteach seachfhoinsithe, go mbeidh doiciméadacht iomlán ar na rialuithe agus na tástálacha sin ar fáil i ngach cás, agus go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar aon uirlis agus aon réiteach TF a fhaightear ó dhíoltóirí tríú páirtí ar bhealach a bheidh comhchosúil le cásanna ina bhforbraítear iad go hiomlán trí phróisis inmheánacha.
|
|
(5)
|
Tá ról lárnach ag gnéithe rialachais agus oibríochtúla i bhfeidhmiú cuí na samhla inmheánaí malartaí. Dá bhrí sin, leis an modheolaíocht lena bhfíoraítear cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (‘modheolaíocht mheasúnaithe’), ba cheart measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na gnéithe rialachais agus oibríochtúla sin, lena n-áirítear socrú na deisce trádála, ról na hardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta, an t-aonad rialaithe riosca, agus an t-athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail inmheánach mhalartach féin.
|
|
(6)
|
Ba cheart a chur san áireamh sa mhodheolaíocht mheasúnaithe a bhaineann le gnéithe rialachais, i ndáil le hinstitiúidí áirithe a iarrann cead chun cur chuige malartach na samhla inmheánaí a úsáid, go bhfuair roinnt áirithe díobh cead cheana féin, sular leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chun samhail inmheánach a úsáid chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Is gá, dá bhrí sin, rialacha measúnaithe a leagan síos atá comhchosúil leo sin a leagadh síos san am a chuaigh thart i ndáil leis na gnéithe sin nár leasaíodh le Rialachán (AE) 2019/876, agus rialacha nua a thabhairt isteach lena gcumhdaítear forálacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán sin, lena n-áirítear na ceanglais maidir le deasc thrádála a leagtar síos in Airteagal 104b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
(7)
|
Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le bailíochtú agus athbhreithniú ar shamhlacha inmheánacha malartacha, ba cheart d’institiúidí bailíochtú inmheánach a dhéanamh ar an tsamhail go bliantúil ar a laghad. Cé gur cheart na modheolaíochtaí uile a chuirtear i bhfeidhm ar fud na samhla inmheánaí a chumhdach leis an mbailíochtú tosaigh, is iomchuí a leagan síos, i bhfianaise srianta foirne agus acmhainní, go ndíreoidh an bailíochtú bliantúil ar na príomh-shaincheisteanna, ar a laghad, a braitheadh sna bailíochtuithe inmheánacha roimhe sin nó in athbhreithnithe ar iniúchtaí inmheánacha roimhe sin, agus ar aon athrú a rinneadh ar an tsamhail inmheánach mhalartach nó ar aon mhodheolaíocht nua a tugadh isteach inti.
|
|
(8)
|
Bíonn forbairt ag teacht i gcónaí agus go mear ar ghníomhaíochtaí trádála agus ar mhargaí airgeadais. Chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla na saintréithe sin a chur san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúidí na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart caighdeáin cháilíochtúla agus nós imeachta a bheith sa mhodheolaíocht mheasúnaithe i ndáil le hionstraimí agus táirgí nua airgeadais a bheith á bhformheas go foirmiúil ag an institiúid, agus i ndáil lena dtabhairt isteach sa limistéar trádála. Tá gá le caighdeáin le haghaidh beartas formheasa foirmiúil maidir le táirgí nua chun a áirithiú, i ndáil le hionstraimí agus táirgí nua airgeadais, a bhféadfadh fachtóirí riosca breise a bheith acu nó athruithe modheolaíochta ar na samhlacha inmheánacha tomhais riosca a cheangal, go mbeidh a dtabhairt isteach comhoiriúnach go hiomlán le rialú agus bailíochtú cuimsitheach.
|
|
(9)
|
Tá cáilíocht na sonraí agus cruinneas an mheastacháin ar riosca agus ar ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ag brath go mór ar iontaofacht chórais TF a úsáidtear chun na críche sin. Ar an gcuma chéanna, ní féidir leanúnachas agus comhsheasmhacht na bpróiseas bainistíochta riosca agus ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a áirithiú ach amháin i gcás ina bhfuil na córais TF sin sábháilte, slán, agus iontaofa, agus ina bhfuil an bonneagar TF láidir go leordhóthanach. Is gá, dá bhrí sin, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar na samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh, go seiceálfaidh na húdaráis inniúla iontaofacht chórais TF agus láidreacht bhonneagar TF na hinstitiúide, ar córais agus bonneagar iad a úsáidtear le haghaidh na samhlacha inmheánacha.
|
|
(10)
|
Ar cheann de nuálaíochtaí an chreata nua riosca margaidh a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tá go gcinntear ceanglais cistí dílse ar bhonn bearta easnaimh ionchasaigh. Is gá a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí faireachán ar chruinneas na bhfigiúirí sin go gníomhach. Is iomchuí a cheangal ar institiúidí, dá bhrí sin, cúltástáil a dhéanamh ar a mbearta easnaimh ionchasaigh go díreach mar chuid den chlár inmheánach cúltástála a cheanglaítear le hAirteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Toisc nach ann go fóill do mhodheolaíocht bhunaithe i measc rannpháirtithe sa mhargadh chun cúltástáil a dhéanamh ar bheart easnaimh ionchasaigh, níor cheart aon mhodheolaíocht shonrach a fhorordú, agus ba cheart é a bheith de shaoirse ag institiúidí an fhorbairt ar theicnící nua agus ar dhea-chleachtais ina leith sin a chur san áireamh, i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach in Airteagal 325bi den Rialachán sin.
|
|
(11)
|
Ní féidir samhlacha tomhais riosca inmheánacha a bhreithniú a bheith curtha chun feidhme ina n-iomláine, dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais rialála uile. Ina theannta sin, cuireadh roinnt bloic thógála d’athchóirithe Basel i réimse an riosca margaidh chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, inter alia Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058 ón gCoimisiún (3), Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún (4), Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún (5), Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ón gCoimisiún (6), Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 ón gCoimisiún (7) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ón gCoimisiún (8). Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a bhreithniú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúidí na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na gníomhartha tarmligthe sin á gcur san áireamh. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú cuimsitheach ar chomhlíonadh samhlacha inmheánacha maidir le riosca margaidh, is gá teicnící a shonrú le haghaidh na n-údarás inniúil chun go ndéanfaidh siad measúnú ar chomhlíontacht institiúidí le gnéithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus leis na rialacháin tharmligthe sin araon. Ar an gcúis sin, ba cheart d’údaráis inniúla scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméadacht shonrach a cheanglaítear ar institiúidí a chur ar fáil.
|
|
(12)
|
Leis na ceanglais maidir le cúltástáil agus sannadh brabúis agus caillteanais, cuirtear bonn láidir ar fáil chun faireachán criticiúil a dhéanamh ar fheidhmíocht na samhla tomhais riosca inmheánaí. Is gá dá bhrí sin rialacha measúnaithe a leagan síos chun torthaí na dtástálacha sin a bhreithniú. I ndáil le cúltástáil, ba cheart a áirithiú go ndéanfar anailís chriticiúil ar sháruithe chun laigí féideartha sa tsamhail a shainaithint, agus go ndéanfaidh institiúidí faireachán ar cé acu fachtóirí riosca insamhaltaithe nó neamh-insamhaltaithe a spreagann na hathruithe ar luachanna na bpunann. Thairis sin, i bhfianaise na dtorthaí tástála maidir le sannadh brabúis agus caillteanais, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chruinneas na bhfeidhmeanna praghsála a úsáideann an institiúid, óir tá a gcruinneas fíor-riachtanach chun na ceanglais cistí dílse a ríomh go fónta.
|
|
(13)
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 325bh de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú, is gá na ceanglais sin a shonrú a thuilleadh. Cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúidí na ceanglais sin, ba cheart measúnú a dhéanamh air sin ar bhonn na gcatagóirí fachtóra riosca leathana dá dtagraítear i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is gá a leagan síos dá bhrí sin, i gcás gach ceann de na catagóirí sin, an chaoi a bhfuil measúnú le déanamh ag na húdaráis inniúla ar cé acu a ghabhtar nó nach ngabhtar riosca boinn, agus ar cé acu atá nó nach bhfuil an láimhseáil cuar agus dromchlaí sa tsamhail tomhais riosca inmheánach fónta.
|
|
(14)
|
I ngeall ar athruithe agus forbairt mhear a bheith ag teacht ar mhargaí airgeadais, fágann sonraí neamhiontaofa, míchruinne, neamhiomlána, nó as dáta go dtarlaíonn earráidí sa mheastachán riosca agus i ríomh na gceanglas cistí dílse, lena n-áirítear i samhlacha maidir le riosca margaidh. I gcomhthéacs próisis bainistíochta riosca institiúide, d’fhéadfadh droch-chinntí bainistíochta a bheith mar thoradh ar shonraí earráideacha den sórt sin freisin. Dá dhroim sin, chun iontaofacht agus ardcháilíocht sonraí a áirithiú chomh maith lena n-úsáid chuí sna próisis inmheánacha agus sna próisis chun ceanglais cistí dílse a ríomh, ba cheart doiciméadú maith a dhéanamh ar bhailiú agus stóráil sonraí agus ar na nósanna imeachta um an mbailiú agus an stóráil sin, lena n-áirítear tuairisc iomlán ar shaintréithe, seiceálacha cáilíochta, scagairí uathoibríocha agus foinsí sonracha sonraí laethúla. Ba cheart d’údaráis inniúla, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar shamhlacha inmheánacha maidir le riosca margaidh, aird ar leith a thabhairt ar cháilíocht agus iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun críoch samhaltaithe, agus ar na próisis a chuirtear i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneofar an cháilíocht agus an iontaofacht sin ar bun.
|
|
(15)
|
Chun a áirithiú go ríomhfar na ceanglais cistí dílse i gceart, ba cheart do na húdaráis inniúla, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar cháilíocht fhoriomlán na sonraí, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an cur chuige a úsáideann an institiúid i leith amshraith ionadach fónta. Ba cheart a fhíorú leis an modheolaíocht mheasúnaithe dá bhrí sin go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena rialaítear úsáid ionadach. I gcás inarb ábhartha, ba cheart na rialacha a leagtar síos sa mhodheolaíocht mheasúnaithe sin a bheith éagsúil ag brath ar cé acu atá amshraith ar úsáideadh ionadach ina leith bainteach le fachtóir riosca ar éirigh leis sa mheasúnú insamhaltaitheachta, nó le fachtóir riosca nár éirigh leis.
|
|
(16)
|
I ndáil leis an tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana, agus go háirithe Airteagail 325bn, 325bo, 325bp de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is gá a áirithiú leis an modheolaíocht mheasúnaithe go mbeidh torthaí cruinne mar thoradh ar na samhlacha riosca sin. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis na rialacha a leagtar síos sa mhodheolaíocht mheasúnaithe na gnéithe uile a dhéanann difear do thorthaí na samhlacha sin, lena n-áirítear raon feidhme na suíomhanna a ghabhtar leis na samhlacha sin, na meastacháin ar dhóchúlachtaí mainneachtana agus ar chaillteanais i gcás mainneachtana, an rogha fachtóirí riosca córasacha chun mainneachtain eisitheoirí a ionsamhlú, agus na toimhdí samhaltaithe uile a dhéanann an institiúid, lena n-áirítear aon toimhde chopaile a dhéantar chun mainneachtain eisitheoirí iomadúla a ionsamhlú.
|
|
(17)
|
Rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus saincheisteanna comhshaoil níos leithne, tá siad ag athrú staid an riosca don earnáil airgeadais agus tá coinne leis go dtiocfaidh siad chun bheith níos suntasaí fós. I bhfianaise a thábhachtaí atá na spreagthaí riosca sin, ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go mbreithníonn institiúidí na tionscnóirí riosca sin ina gcláir tástála struis dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Sa chomhthéacs sin, tá bearta déanta ag institiúidí cheana féin chun rioscaí comhshaoil a áireamh ina gcláir tástála struis. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag institiúidí léiriú iomlán a thabhairt ar na rioscaí sin ina gcláir tástála struis, níor cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúidí le haon cheanglas a bhaineann leis an athrú aeráide ná le saincheisteanna comhshaoil níos leithne ach ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. Ar an gcaoi chéanna, i bhfianaise a chasta atá cur chun feidhme na cúltástála dírí ar an easnamh ionchasach, ba cheart tréimhse bhreise a thabhairt d’institiúidí sula ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar a gcomhlíonadh sa réimse sin. Dá réir sin, ba cheart dáta chur i bhfeidhm gaolmhar an mheasúnaithe a shocrú le tosú ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.
|
|
(18)
|
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.
|
|
(19)
|
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9),
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
|
|
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL 2 MEASÚNÚ AR CHEANGLAIS CHÁILÍOCHTÚLA
|
CAIBIDIL 2 MEASÚNÚ AR CHEANGLAIS CHÁILÍOCHTÚLA
|
|
CAIBIDIL 3 MEASÚNÚ AR AN tSAMHAIL TOMHAIS RIOSCA INMHEÁNACH A ÚSÁIDTEAR CHUN AN BEART RIOSCA EASNAIMH IONCHASAIGH AGUS AN BEART RIOSCA MAIDIR LE CÁS STRUIS A RÍOMH
|
CAIBIDIL 3 MEASÚNÚ AR AN tSAMHAIL TOMHAIS RIOSCA INMHEÁNACH A ÚSÁIDTEAR CHUN AN BEART RIOSCA EASNAIMH IONCHASAIGH AGUS AN BEART RIOSCA MAIDIR LE CÁS STRUIS A RÍOMH
|
|
CAIBIDIL 4 MEASÚNÚ AR AN tSAMHAIL INMHEÁNACH MAIDIR LE RIOSCA MAINNEACHTANA A ÚSÁIDTEAR CHUN AN CEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE LE hAGHAIDH RIOSCA MAINNEACHTANA A RÍOMH
|
CAIBIDIL 4 MEASÚNÚ AR AN tSAMHAIL INMHEÁNACH MAIDIR LE RIOSCA MAINNEACHTANA A ÚSÁIDTEAR CHUN AN CEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE LE hAGHAIDH RIOSCA MAINNEACHTANA A RÍOMH
|
|
CAIBIDIL 5 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL 5 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|