+3. Teideal 3. Faireachán ar phríomhtháscairí
---+50. Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán rialta a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais agus …
---+51. I gcomhréir le samhail rannpháirtíochta SREP i Rannóg 2.4, ba cheart d’údaráis inniúla …
---+52. Ba cheart d'údaráis inniúla córais faireacháin a bhunú chun patrúin, athruithe suntasacha agus …
---+53. Ba cheart d’údaráis inniúla na córais faireacháin, agus na nósanna imeachta géaraithe i gcás …
---+54. Ba cheart go mbeadh na córais faireacháin bunaithe, ar a laghad, ar fhaisnéis agus ar shonraí a …
---+55. Ba cheart táscairí maicreacnamaíocha ábhartha, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sna háiteanna …

3. Teideal 3. Faireachán ar phríomhtháscairí

3. Teideal 3. Faireachán ar phríomhtháscairí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
50. Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán rialta a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais agus …

Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán rialta a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais agus neamhairgeadais chun athruithe ar dhálaí airgeadais agus oibríochtúla, agus ar phróifílí riosca institiúidí, a bhreathnú. I gcás ina nochtar le faireachán athrú ábhartha ar phróifíl riosca institiúide, nó aon aimhrialtacht sna táscairí, ba cheart d’údaráis inniúla imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna, agus, i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú ar an ngné ábhartha SREP, lena n-áirítear an scór riosca de réir mar is ábhartha, chun an fhaisnéis nua a ghabháil. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a dtáscairí faireacháin agus ar a n-uirlisí faireacháin agus, i gcás inar gá, iad a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go mbeidh siad ábhartha agus éifeachtach i gcónaí.

51. I gcomhréir le samhail rannpháirtíochta SREP i Rannóg 2.4, ba cheart d’údaráis inniúla …

I gcomhréir le samhail rannpháirtíochta SREP i Rannóg 2.4, ba cheart d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais agus neamhairgeadais go ráithiúil ar a laghad i gcás gach institiúide agus faireachán níos minice a bhunú chun gnéithe sonracha institiúide nó rioscaí agus treochtaí atá ag teacht chun cinn a léiriú, faoi réir infhaighteacht sonraí (e.g. sonraí margaidh).

52. Ba cheart d'údaráis inniúla córais faireacháin a bhunú chun patrúin, athruithe suntasacha agus …

Ba cheart d'údaráis inniúla córais faireacháin a bhunú chun patrúin, athruithe suntasacha agus aimhrialtachtaí in iompar na dtáscairí (nó teaglaimí táscairí) a aithint, mar shampla trí fhógraí a leagan amach atá bunaithe ar thairseacha ábharthachta. Ba cheart d’údaráis inniúla nósanna imeachta géaraithe a shocrú chun déileáil le haimhrialtachtaí. Ba cheart d'údaráis inniúla athruithe ábhartha nó aimhrialtachtaí i dtáscairí a shainaithint, go háirithe i gcásanna ina bhfuil athruithe ar fheidhmíocht ina n-asluiteach d'fheidhmíocht an phiarghrúpa, a bhreithniú mar nod le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe.

53. Ba cheart d’údaráis inniúla na córais faireacháin, agus na nósanna imeachta géaraithe i gcás …

Ba cheart d’údaráis inniúla na córais faireacháin, agus na nósanna imeachta géaraithe i gcás aimhrialtachtaí, a chur in oiriúint chun méid, castacht, samhail ghnó agus próifíl riosca na hinstitiúide a léiriú, ag díriú ar na geografaíochtaí, na hearnálacha agus na margaí ina n-oibríonn an institiúid.

54. Ba cheart go mbeadh na córais faireacháin bunaithe, ar a laghad, ar fhaisnéis agus ar shonraí a …

Ba cheart go mbeadh na córais faireacháin bunaithe, ar a laghad, ar fhaisnéis agus ar shonraí a thuairiscítear do na húdaráis inniúla agus féadfaidh siad painéil nó táscairí an ÚBE a áireamh iontu. Ba cheart go n-áireofaí i gcórais faireacháin ar a laghad na táscairí sonracha institiúideacha seo a leanas:

  • a. táscairí a bhaineann le hanailís ar shamail ghnó na hinstitiúide (féach Teideal 4), le rialachas agus rialuithe inmheánacha (féach Teideal 5), le rioscaí don chaipiteal (féach Teideal 6) agus le rioscaí don leachtacht agus don mhaoiniú (féach Teideal 8); táscairí do riosca na giarála iomarcaí (féach Teideal 7) agus táscairí a bhaintear de thátal as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554;
  • b. na cóimheasa go léir a dhíorthaítear ó chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 575/2013 agus ón dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2013/36/AE i bhfeidhm chun na híoscheanglais stuamachta a ríomh (e.g. Gnáthchothromas Leibhéal 1 - CET1, cóimheas clúdaigh leachtachta - LCR, glanchóimheas cistiúcháin chobhsaí - NSFR, cóibheas giarála);
  • c. na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) mar a shonraítear i dTreoir 2014/59/AE;
  • d. táscairí ábhartha margadh-bhunaithe (e.g. praghas cothromais, babhtáil mainneachtana creidmheasa - raonta difríochta CDS, raonta difríochta bannaí);
  • e. nuair is infheidhme15 , agus go háirithe i gcás imeachtaí idiosincratacha nó sistéamacha, na táscairí téarnaimh a úsáidtear i bpleananna téarnaimh na hinstitiúide féin;
  • f. i gcás ina bhfuil siad ar fáil, táscairí atá bunaithe ar fhaisnéis chainníochtúil nó cháilíochtúil ón tuairisciú a chuirtear ar fáil d'údaráis inniúla a d'fhéadfadh riosca ML/TF a léiriú.

15 Mura dtarscaoiltear é i gcomhthéacs oibleagáidí simplithe arna gcinneadh in airteagal 4 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).

55. Ba cheart táscairí maicreacnamaíocha ábhartha, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sna háiteanna …

Ba cheart táscairí maicreacnamaíocha ábhartha, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sna háiteanna, sna hearnálacha agus sna margaí ina n-oibríonn an institiúid a chur in éineacht le táscairí a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí. Ba cheart dóibh taighde agus anailís mhargaidh neamhspleách ábhartha a bhreithniú, freisin, lena n-áirítear tuarascálacha ar an tírdhreach bagairtí, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, mar fhoinse fhaisnéiseach de dhearcthaí malartacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.