+4.1. Breithnithe ginearálta
---+56. Sonraítear sa teideal seo critéir chun samhail ghnó agus straitéis na hinstitiúide a mheasúnú. …
---+57. Ba cheart d'údaráis inniúla leas a bhaint as toradh an BMA chun tacú leis an measúnú ar gach …
---+58. Ba cheart d’údaráis inniúla rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a chur san …
---+59. Ba cheart d’údaráis inniúla an BMA a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar impleachtaí …
---+60. Chun BMA a sheoladh, ba cheart d’údaráis inniúla na foinsí faisnéise cainníochtúla agus …
|
4.1. Breithnithe ginearálta
4.1. Breithnithe ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
56. Sonraítear sa teideal seo critéir chun samhail ghnó agus straitéis na hinstitiúide a mheasúnú. …
|
Sonraítear sa teideal seo critéir chun samhail ghnó agus straitéis na hinstitiúide a mheasúnú. Is é cuspóir an mheasúnaithe seo ag údaráis inniúla tuiscint chuimsitheach a bhaint amach – i bpeirspictíochtaí reatha agus réamhbhreathnaitheacha – ar oibríochtaí na hinstitiúide, leochaileachtaí suntasacha atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, ar leochaileachtaí iad is dóichí a mbeidh tionchar ábhartha acu ar an institiúid, agus fóntacht fhoriomlán a samhla gnó agus a straitéise gnó a mheas. I ndiaidh an mheasúnaithe seo, ba cheart d'údaráis inniúla na nithe seo a leanas a chinneadh: - a. inmharthanacht shamhail ghnó reatha na hinstitiúide ar bhonn a cumas torthaí inghlactha a ghiniúint thar na 12 mhí ina dhiaidh sin;
- b. inbhuanaitheacht straitéis na hinstitiúide, ar bhonn a cumas torthaí inghlactha a ghiniúint thar thréimhse réamhbhreathnaithe 3 bliana ar a laghad, bunaithe ar a pleananna straitéiseacha agus a réamhaisnéisí airgeadais.
|
|
57. Ba cheart d'údaráis inniúla leas a bhaint as toradh an BMA chun tacú leis an measúnú ar gach …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla leas a bhaint as toradh an BMA chun tacú leis an measúnú ar gach gné eile SREP. Féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar ghnéithe sonracha den BMA, go háirithe an measúnú cainníochtúil ar an tsamhail ghnó, mar chuid den mheasúnú ar ghnéithe eile SREP (e.g. is féidir an struchtúr cistiúcháin a thuiscint mar chuid de na rioscaí maidir leis an measúnú leachtachta).
|
|
58. Ba cheart d’údaráis inniúla rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a chur san …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a chur san áireamh, agus tosaíocht á tabhairt do rioscaí aistrithe comhshaoil agus fisiceacha, agus an BMA á chur i gcrích acu, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí straitéiseacha agus stuamachta a bhaineann leis na rioscaí sin do shamhail ghnó na hinstitiúide sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
|
|
59. Ba cheart d’údaráis inniúla an BMA a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar impleachtaí …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla an BMA a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar impleachtaí stuamachta na rioscaí ML/TF, atá nasctha le samhail ghnó na hinstitiúide. I ndáil leis sin, ba cheart go n-úsáidfeadh údaráis inniúla an t-ionchur ábhartha a fhaightear ó mhaoirseoirí AML/CFT chun a gcuid torthaí ó mhaoirseacht leanúnach a fhorlíonadh agus chun meastóireacht a dhéanamh ar cibé acu an iad nó nach iad is siocair le himní stuamachta a bhaineann le riosca ML/TF. I gcás ina léirítear sa mheasúnú go bhfuil imní stuamachta mar gheall ar shamhail ghnó na hinstitiúide a bhaineann le riosca ML/TF, ba cheart d’údaráis inniúla toradh an mheasúnaithe stuamachta ar an tsamhail ghnó a chomhroinnt leis an maoirseoir AML/CFT16 .
16 I gcomhréir le Treoirlínte Comhair AML/CFT ÚBE (ÚBE/GL/2021/15).
|
|
60. Chun BMA a sheoladh, ba cheart d’údaráis inniúla na foinsí faisnéise cainníochtúla agus …
|
Chun BMA a sheoladh, ba cheart d’údaráis inniúla na foinsí faisnéise cainníochtúla agus cáilíochtúla seo a leanas ar a laghad a úsáid: - a. plean/pleananna straitéiseacha na hinstitiúide le réamhaisnéisí don bhliain reatha agus don todhchaí, agus boinn tuisceana eacnamaíocha bunúsacha;
- b. tuairisciú airgeadais (e.g. brabús agus caillteanas - P&L, nochtadh clár comhardaithe);
- c. tuairisciú rialála (COREP, FINREP agus clár creidmheasa, i gcás ina bhfuil siad ar fáil);
- d. tuairisciú inmheánach (faisnéis bhainistíochta, lena n-áirítear – i gcás ina bhfuil sí ar fáil – ranníocaíocht leis an mbrabúsacht de réir línte gnó, pleanáil chaipitil, tuairisciú leachtachta, athléimneacht oibríochtúil, tuarascálacha riosca inmheánacha);
- e. pleananna téarnaimh;
- f. pleananna réitigh, lena n-áirítear obair agus torthaí an mheasúnaithe inréiteachta a chuir an t-údarás réitigh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2014/59/AE;
- g. plean na hinstitiúide chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí ESG, atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Threoir 2013/36/AE;
- h. tuarascálacha tríú páirtí (e.g. tuarascálacha iniúchta, tuarascálacha ó anailísithe cothromais/creidmheasa);
- i. staidéar/suirbhéanna macrastuamachta nó cobhsaíochtaí airgeadais ábhartha eile (m.sh ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta - CAI, údaráis agus institiúidí macrastuamachta, institiúidí Eorpacha).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|