+34. Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle leis an údarás inniúil SA/MSC i gcomhréir le …
|
34. Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle leis an údarás inniúil SA/MSC i gcomhréir le …
Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle leis an údarás inniúil SA/MSC i gcomhréir le hAirteagal 48(c)5 de CRD, agus ina dhiaidh sin measúnú a dhéanamh ar leibhéal an tionchair stuamachta a mheastar a bheidh ag na nithe seo a leanas: - a) eolas agus scileanna an duine atá freagrach as comhlíontacht an BTT leis na ceanglais SA/MSC sa Bhallstát inar cuireadh an t-iarratas ar údarú isteach. Ba cheart go gcumhdófaí sa mheasúnú sin eolas leordhóthanach an duine ar dhlíthe agus rialacháin áitiúla lena rialaítear SA/MSC na mBallstát ina mbunófar an BTT;
- b) an bhfuil measúnú riosca sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta an BTT atá beartaithe inchreidte i bhfianaise mhéid an BTT, a shamhail ghnó agus a sprioc - chustaiméirí, agus an ngabhann sé go leordhóthanach na tosca riosca bunúsacha a bhaineann leis na sprioc-chustaiméirí, na táirgí agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil, agus na bealaí dáileacháin a úsáidtear;
- c) an leor na socruithe agus na hacmhainní atá tiomnaithe d’fheidhm chomhlíonta SA/MSC an BTT i bhfianaise leibhéal na rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear i measúnú riosca sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta an BTT;
- d) leordhóthanacht na mbeartas agus na nósanna imeachta a bhaineann le SA/MSC i gcórais agus i rialuithe inmheánacha an BTT. Ba cheart go ndíreofaí sa mheasúnú freisin ar an gcaoi a gcuirfeadh na príomhbheartais agus na príomhnósanna imeachta atá beartaithe ar chumas an BTT na rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear i measúnú riosca sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta an BTT a mhaolú lá a rochtana ar an margadh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|