+4.2 Comhsheasmhacht agus leanúnachas idir an t-údarú agus an measúnú maoirseachta ar ghnóthas leantach
---+22. De réir an CAM, ba cheart d’údaráis inniúla an t-iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa a …
---+23. Chun na críche seo, d’fhonn dúbailt agus neamhréireacht rialála a sheachaint, ba cheart na …
---+24. Ba cheart go mbeadh measúnú na n-údarás inniúil dírithe ar bhainistíocht fhónta stuama na …
---+25. D’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar an cuspóir seo, níor cheart d’údaráis inniúla an t-údarú a …
---+26. Féadfaidh údaráis inniúla, dá rogha féin, réamhchoinníollacha agus/nó oibleagáidí a chur ar an …
---+27. Ar bhonn comhsheasmhach le mír 26, ní fhéadfaidh údaráis inniúla réamhchoinníollacha a chur i …
---+28. De réir na gceanglas agus na dteorainneacha atá leagtha amach i míreanna 26 agus 27, féadfaidh …
---+29. Ar bhonn comhsheasmhach le mír 26, féadfaidh údaráis inniúla oibleagáidí iardain a fhorchur ar …
---+30. Gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas uile maidir le húdarú ag an institiúid creidmheasa …
---+31. D’fhonn soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chinntiú, ba cheart d’údaráis inniúla srianta …
---+32. Faoi réir chomhlíonadh na gceanglas uile maidir leis an údarú a dheonú, féadfaidh údaráis …
---+33. Sa chás go mbaineann an institiúid creidmheasa iarrthach le grúpa baincéireachta agus go …
---+34. Ba cheart d’údaráis inniúla aon chonstaicí a bhfuil ann a shainaithint, ag féachaint go …
|
4.2 Comhsheasmhacht agus leanúnachas idir an t-údarú agus an measúnú maoirseachta ar ghnóthas leantach
4.2 Comhsheasmhacht agus leanúnachas idir an t-údarú agus an measúnú maoirseachta ar ghnóthas leantach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
22. De réir an CAM, ba cheart d’údaráis inniúla an t-iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa a …
|
De réir an CAM, ba cheart d’údaráis inniúla an t-iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa a mheas go comhsheasmhach leis na ceanglais stuamachta agus na modheolaíochtaí measúnaithe maoirseachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le gnóthas leantach. Ba cheart dóibh cleachtais mheasúnaithe a sheachaint ina gcuirtear cineálacha cur chuige contrártha chun cinn idir na céimeanna éagsúla de shaolré na hinstitiúide creidmheasa.
|
|
23. Chun na críche seo, d’fhonn dúbailt agus neamhréireacht rialála a sheachaint, ba cheart na …
|
Chun na críche seo, d’fhonn dúbailt agus neamhréireacht rialála a sheachaint, ba cheart na Treoirlínte seo a léamh i bhfianaise fhorálacha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán lena mbunaítear an ÚBE, chomh maith leis na Gníomhartha Tarmligthe agus Chur Chun Feidhme gaolmhara, RTS, ITS, Treoirlínte agus Moltaí, arna nglacadh faoi na gníomhartha reachtacha seo, atá ábhartha don CAM, agus tras-tagairt a dhéanamh dóibh nuair is iomchuí agus tráthúil.
|
|
24. Ba cheart go mbeadh measúnú na n-údarás inniúil dírithe ar bhainistíocht fhónta stuama na …
|
Ba cheart go mbeadh measúnú na n-údarás inniúil dírithe ar bhainistíocht fhónta stuama na hinstitiúide creidmheasa a chinntiú ar an gcéad lá dá rochtain ar an margadh.
|
|
25. D’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar an cuspóir seo, níor cheart d’údaráis inniúla an t-údarú a …
|
D’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar an cuspóir seo, níor cheart d’údaráis inniúla an t-údarú a dheonú ach amháin nuair a bhíonn siad sásta go gcomhlíontar na ceanglais údaraithe go léir. Ina ainneoin sin, ba cheart d’údaráis inniúla na coigeartuithe teicniúla agus oibríochta a d’fhéadfadh an institiúid chreidmheasa a bheith faoina réir le linn a céime bunaithe a chur san áireamh. D’fhonn a chinntiú go gcuirtear na cúinsí seo san áireamh go cuí, féadfaidh údaráis inniúla réamhchoinníollacha agus/nó oibleagáidí ina dhiaidh sin nó srianta a chur i bhfeidhm, nó a n-ionchais maidir le réimsí sainiúla de bhéim mhaoirseachta a shoiléiriú de réir mhíreanna 26-29 thíos.
|
|
26. Féadfaidh údaráis inniúla, dá rogha féin, réamhchoinníollacha agus/nó oibleagáidí a chur ar an …
|
Féadfaidh údaráis inniúla, dá rogha féin, réamhchoinníollacha agus/nó oibleagáidí a chur ar an institiúid creidmheasa iarrthach ina dhiaidh sin tráth eisiúint an údaraithe. Ba cheart go mbeadh forchur réamhchoinníollacha den sórt sin agus/nó oibleagáidí iardain den sórt sin faoi réir mheasúnú dearfach na n-údarás inniúil go gcomhlíontar go substaintiúil gach ceanglas chun an t-údarú a dheonú agus go bhfuil siad sásta leis an údarú a dheonú. D’fhonn soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chinntiú, ba cheart d’údaráis inniúla cur síos soiléir agus maith a dhéanamh ar réamhchoinníollacha den sórt sin agus/nó oibleagáidí iardain den sórt sin agus iad á gcur i bhfeidhm.
|
|
27. Ar bhonn comhsheasmhach le mír 26, ní fhéadfaidh údaráis inniúla réamhchoinníollacha a chur i …
|
Ar bhonn comhsheasmhach le mír 26, ní fhéadfaidh údaráis inniúla réamhchoinníollacha a chur i bhfeidhm a bhaineann le gnéithe foirmiúla agus neamhshuntasacha de cheanglais údaraithe, nach féidir leis an institiúid creidmheasa iarrthach a chomhlíonadh i gcleachtas ach amháin tar éis measúnú dearfach a bheith déanta ag an údarás inniúil ar chomhlíonadh substaintiúil na gceanglas um údarú. Mar shampla, d’fhéadfadh go n-áireofaí le gnéithe foirmiúla nó neamhshuntasacha de na ceanglais údaraithe, ag brath ar na cúinsí, tíolacadh de phíosa doiciméad ar ghlac an t-iarratasóir go foirmiúil, nó bailchríoch foirmiúil de nós imeachta atá inmheánach don iarratasóir, nó tástálacha córais TFC chun a bhfeidhmiú iomlán i gcleachtas a sheiceáil.
|
|
28. De réir na gceanglas agus na dteorainneacha atá leagtha amach i míreanna 26 agus 27, féadfaidh …
|
De réir na gceanglas agus na dteorainneacha atá leagtha amach i míreanna 26 agus 27, féadfaidh na húdaráis inniúla réamhchoinníollacha a cheangal leis an údarú i ndáil le hábhair trína gceanglaítear ar an iarratasóir nó ar an eintiteas gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh sula dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm. Ba cheart d’údaráis inniúla spriocdháta le haghaidh comhlíonta a leagan amach agus a chur in iúl go soiléir nach dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm ach amháin tar éis don choinníoll a bheith comhlíonta. Fad nach gcomhlíontar an coinníoll, ní féidir leis an institiúid creidmheasa iarrthach gníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanamh nó an t-ainm ‘banc’, ‘banc taisce’ nó ainmneacha baincéireachta eile a úsáid.
|
|
29. Ar bhonn comhsheasmhach le mír 26, féadfaidh údaráis inniúla oibleagáidí iardain a fhorchur ar …
|
Ar bhonn comhsheasmhach le mír 26, féadfaidh údaráis inniúla oibleagáidí iardain a fhorchur ar an institiúid creidmheasa iarrthach d’fhonn déileáil le hábhair a tharlóidh tar éis don údarú a bheith deonaithe. Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla oibleagáidí iardain den sórt sin a fhorchur, in ainneoin gur chomhlíon an institiúid creidmheasa iarrthach go substaintiúil na ceanglais údaraithe go léir, ach amháin i gcás go bhfuil údar leis an ngá le faireachán agus forfheidhmiú sonrach a dhéanamh ar chomhlíonadh ceann amháin nó níos mó díobh ar bhonn leanúnach. Dá réir sin, ba cheart d’údaráis inniúla a shoiléiriú, cé nach bhfágfadh go mbeadh eisiúint tosaigh an údaraithe neamhéifeachtach de bharr mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh per se, ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar a neamhchomhlíonadh le huirlisí maoirseachta nó go gcuirfí bearta forfheidhmithe agus/nó smachtbhannaí i bhfeidhm dá bharr. Mar shampla, is féidir oibleagáidí a fhorchur i ndáil le hábhair a mheastar a bheith ina mbearta chur chun feidhme den údarú, mar shampla oibleagáidí tuairiscithe nó a chinntiú go léiríonn baill den chomhlacht bainistíochta eolas sonrach leordhóthanach (e.g. tabhairt faoi oiliúint).
|
|
30. Gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas uile maidir le húdarú ag an institiúid creidmheasa …
|
Gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas uile maidir le húdarú ag an institiúid creidmheasa iarrthach, agus faoi réir an mheasúnaithe dhearfaigh maidir le deonú an údaraithe, féadfaidh údaráis inniúla, dá rogha féin, - tráth eisiúna an údaraithe - srianta a fhorchur ar raon feidhme roinnt gníomhaíochtaí nó iad go léir a údarófar don institiúid creidmheasa a dhéanamh. Féadfaidh údaráis inniúla srianta a fhorchur ar roinnt gníomhaíochtaí baincéireachta de chuid na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí, nó orthu go léir, sa doiciméad údaraithe céanna nó ar leithligh uaidh. Féadfaidh an institiúid creidmheasa iarrthach gealltanas sriantach a thabhairt ar aghaidh san iarratas maidir le roinnt gníomhaíochtaí baincéireachta ag an institiúid creidmheasa iarrthach nó maidir leo go léir nó d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an measúnú cuimsitheach ag an údarás inniúil.
|
|
31. D’fhonn soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chinntiú, ba cheart d’údaráis inniúla srianta …
|
D’fhonn soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil a chinntiú, ba cheart d’údaráis inniúla srianta den sórt sin a shainiú go soiléir. Mar shampla, féadfaidh údaráis inniúla srianta a chur i bhfeidhm ar an údarú lena bhforchuirtear ceanglas gan taiscí a thógáil ach suas go dtí méid sonrach in aghaidh an taisceora, nó gan ach cineálacha áirithe urrús a eisiúint nó gan urrúis a eisiúint ach do chineálacha áirithe infheisteoirí amháin. Ba cheart go mbeadh baint na srianta feidhmeacha faoi réir measúnú comhréireach ag an údarás inniúil, i gcomhréir le mír 18.
|
|
32. Faoi réir chomhlíonadh na gceanglas uile maidir leis an údarú a dheonú, féadfaidh údaráis …
|
Faoi réir chomhlíonadh na gceanglas uile maidir leis an údarú a dheonú, féadfaidh údaráis inniúla - tráth eisiúna an údaraithe - aird na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí a tharraingt ar réimsí sainiúla de bhéim mhaoirseachta agus a n-ionchais a léiriú sa doiciméad údarúcháin céanna nó ar leithligh uaidh. Ba cheart d’údaráis inniúla cúiseanna a thabhairt, agus an cheist agus na cuspóirí a shaothraítear a leagan amach go cúramach. Ba cheart go n-úsáidfí ionchais an údaráis inniúil, in ainneoin nach bhfuil siad ceangailteach ó thaobh dlí, mar threoir don institiúid creidmheasa i ngnóthas leantach.
|
|
33. Sa chás go mbaineann an institiúid creidmheasa iarrthach le grúpa baincéireachta agus go …
|
Sa chás go mbaineann an institiúid creidmheasa iarrthach le grúpa baincéireachta agus go n-éilíonn an institiúid chreidmheasa iarrthach nó a máthairghnóthas comhlíonadh na gceanglas stuamachta atá leagtha síos i gCodanna a Dó go hOcht CRR ar bhonn a staid chomhdhlúite, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an anailís a chuir an t-iarratasóir isteach de bhun Airteagal 4, litir (f) den RTS maidir le faisnéis le haghaidh údaraithe d’fhonn a hiomláine agus a cuimsitheacht a mheas. I gcás gurb é an t-údarás inniúil an maoirseoir comhdhlúite freisin, ba cheart dó aon éifeacht ar na ceanglais stuamachta is infheidhme ar leibhéal comhdhlúite a scrúdú.
|
|
34. Ba cheart d’údaráis inniúla aon chonstaicí a bhfuil ann a shainaithint, ag féachaint go …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla aon chonstaicí a bhfuil ann a shainaithint, ag féachaint go háirithe do dhlúthcheangail a bheith ann de bhun Airteagal 14(3) CRD, a d’fhéadfadh cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach na bhfeidhmeanna maoirseachta, lena n-áirítear, más infheidhme, ar bhonn comhdhlúite, agus aon fhaisnéis, imthosca nó staid ábhartha a mheas de réir Airteagal 12 den RTS maidir le faisnéis le haghaidh údaraithe .
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|