+9.3.1 Pá téarfa
---+155. Ba cheart go sonrófaí i mbeartais luach saothair de chuid gnólachtaí infheistíochta an úsáid a …
---+156. Ba cheart creat a bheith ag gnólachtaí infheistíochta lena gcinntear agus lena bhfaomhtar pá …
---+157. Níor cheart go ndéanfaí soláthar le scaoilíocaíochtaí i leith luach saothair dhíréireach, ach …
---+158. Níor cheart pá téarfa a dhámhachtain i gcás inar léir go bhfuil teip ann lena n-éascaítear an …
---+159. Níor cheart pá téarfa a dhámhachtain i gcás go n-éireodh ball foirne as go deonach chun post a …
---+160. Níor cheart déileáil le híocaíochtaí breise i gcomhthéacs dheireadh rialta tréimhse conarthaí …
---+161. Áirítear le scaoilíocaíochtaí íocaíochtaí breise de bhreis ar an ngnáthluach saothair sna …
---+162. I gcás go ndámhann gnólachtaí infheistíochta pá téarfa, ba cheart go mbeadh na gnólachtaí …
---+163. Agus méid na scaoilíocaíochtaí atá le déanamh á chinneadh, ba cheart don ghnólacht …
---+164. Áirítear na cásanna seo a leanas le mainneachtain gnólachtaí infheistíochta: a. i gcás gur …
---+165. Ba cheart teipeanna na mball foirne sainaitheanta a mheasúnú de réir an cháis, agus na cásanna …
---+166. Ba cheart scaoilíocaíochtaí a mheas mar luach saothair inathraithe agus mar phrionsabal …

9.3.1 Pá téarfa

9.3.1 Pá téarfa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
155. Ba cheart go sonrófaí i mbeartais luach saothair de chuid gnólachtaí infheistíochta an úsáid a …

Ba cheart go sonrófaí i mbeartais luach saothair de chuid gnólachtaí infheistíochta an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as scaoilíocaíochtaí, lena n-áirítear an t-uasmhéid nó na critéir chun méideanna dá leithéid is féidir a dhámhachtain mar phá scoir ar bhaill foirne shainaitheanta a chinneadh. Agus uasmhéideanna na scaoilíocaíochtaí á gcinneadh, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na comhpháirteanna seasta de luach saothair na mball foirne a mheas go háirithe. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a mheas conas a chuirfidh siad an cóimheas atá socraithe idir an luach saothair athraithe agus an luach saothair seasta i bhfeidhm ar scaoilíocaíochtaí. EBA Public

156. Ba cheart creat a bheith ag gnólachtaí infheistíochta lena gcinntear agus lena bhfaomhtar pá …

Ba cheart creat a bheith ag gnólachtaí infheistíochta lena gcinntear agus lena bhfaomhtar pá téarfa i gcomhthéacs luathfhoirceannadh conartha ag an ngnólacht infheistíochta, lena n-áirítear leithdháileadh soiléir na bhfreagrachtaí agus na gcumhachtaí cinnteoireachta agus rannpháirtíocht nós imeachta na bhfeidhmeanna rialaithe.

157. Níor cheart go ndéanfaí soláthar le scaoilíocaíochtaí i leith luach saothair dhíréireach, ach …

Níor cheart go ndéanfaí soláthar le scaoilíocaíochtaí i leith luach saothair dhíréireach, ach i leith cúiteamh iomchuí don bhall foirne i gcásanna luathfhoirceannadh an chonartha. I gcomhréir le hAirteagal 32(1)(f) de Threoir (AE) 2019/2034 ní foláir nó go dtiocfaidh na scaoilíocaíochtaí leis an bhfeidhmíocht a baineadh amach le himeacht ama agus ní foláir nach mbeidh siad ina luach saothair i gcomhair teipe nó mí-iompair.

158. Níor cheart pá téarfa a dhámhachtain i gcás inar léir go bhfuil teip ann lena n-éascaítear an …

Níor cheart pá téarfa a dhámhachtain i gcás inar léir go bhfuil teip ann lena n-éascaítear an conradh a chealú láithreach nó an ball foirne a dhífhostú.

159. Níor cheart pá téarfa a dhámhachtain i gcás go n-éireodh ball foirne as go deonach chun post a …

Níor cheart pá téarfa a dhámhachtain i gcás go n-éireodh ball foirne as go deonach chun post a ghlacadh in eintiteas dlíthiúil eile, mura gceanglaítear scaoilíocaíocht leis an dlí náisiúnta.

160. Níor cheart déileáil le híocaíochtaí breise i gcomhthéacs dheireadh rialta tréimhse conarthaí …

Níor cheart déileáil le híocaíochtaí breise i gcomhthéacs dheireadh rialta tréimhse conarthaí nó ceapacháin mar chomhalta den chomhlacht bainistíochta, e.g. sochar pinsin lánroghnach a dámhadh, mar scaoilíocaíochtaí, ach mar ghnáthluach saothair inathraithe ar le haghaidh baill foirne shainaitheanta iad faoi réir na gceanglas sonrach uile maidir le luach saothair inathraithe.

161. Áirítear le scaoilíocaíochtaí íocaíochtaí breise de bhreis ar an ngnáthluach saothair sna …

Áirítear le scaoilíocaíochtaí íocaíochtaí breise de bhreis ar an ngnáthluach saothair sna cásanna sonracha seo a leanas:

  • a. luach saothair iomarcaíochta as post a chailleadh i gcás luathfhoirceannadh an chonartha ag an ngnólacht infheistíochta nó ag a fhochuideachta;
  • b. luach saothair arna dhámhachtain ar feadh tréimhse teoranta ama arna chomhaontú chun tréimhse aistarraingthe a thabhairt isteach i ndiaidh fhoirceannadh an chonartha agus atá faoi réir clásal neamhiomaíochta sa chonradh;
  • c. foirceannann an gnólacht infheistíochta conarthaí foirne mar gheall ar mhainneachtain an ghnólachta infheistíochta nó ar bhearta luath-idirghabhála;
  • d. is mian leis an ngnólacht infheistíochta an conradh a fhoirceannadh i ndiaidh laghdú ábhartha a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta ina raibh an ball foirne gníomhach nó i gcás gur cheannaigh gnólachtaí infheistíochta eile réimsí gnó gan rogha a bheith ann do na baill foirne fanacht i bhfostaíocht sa ghnólacht infheistíochta fála;
  • e. aontaíonn an gnólacht infheistíochta agus ball foirne ar shocrú i gcás aighnis saothair iarbhír a d’fhéadfadh caingean os comhair cúirte a bheith mar thoradh air go réadúil. EBA Public
162. I gcás go ndámhann gnólachtaí infheistíochta pá téarfa, ba cheart go mbeadh na gnólachtaí …

I gcás go ndámhann gnólachtaí infheistíochta pá téarfa, ba cheart go mbeadh na gnólachtaí infheistíochta ábalta na cúiseanna atá leis an scaoilíocaíocht, oiriúnacht an mhéid a dámhadh agus na critéir a úsáidtear chun an méid a chinneadh a thaispeáint don údarás inniúil, lena n-áirítear go bhfuil sé nasctha leis an bhfeidhmíocht a baineadh amach le himeacht ama agus nach dtugtar luach saothair leis i gcomhair teipe nó mí-iompair.

163. Agus méid na scaoilíocaíochtaí atá le déanamh á chinneadh, ba cheart don ghnólacht …

Agus méid na scaoilíocaíochtaí atá le déanamh á chinneadh, ba cheart don ghnólacht infheistíochta an fheidhmíocht a baineadh amach le himeacht ama a chur san áireamh agus measúnú a dhéanamh, nuair is ábhartha, ar dhéine aon teipe. Ba cheart teipeanna sainaitheanta a idirdhealú idir teipeanna an ghnólachta infheistíochta agus teipeanna an bhaill foirne sainaitheanta mar a leanas:

  • a. ba cheart teipeanna an ghnólachta infheistíochta a chur san áireamh nuair a chinntear méid iomlán na scaoilíocaíochtaí do na baill foirne, agus bonn caipitil an ghnólachta infheistíochta á chur san áireamh; níor cheart go mbeadh na scaoilíocaíochtaí sin níos airde ná an laghdú ar chostais a baineadh amach trí chonarthaí a fhoirceannadh go luath;
  • b. maidir le teipeanna ball sainaitheanta, ba cheart go mbeadh coigeartú anuas ar mhéid an phá téarfa a dhámhfaí murach sin mura ndéanfaí ach an fheidhmíocht le himeacht ama a mheas i meastachán an phá théarfa, lena n-áirítear an fhéidearthacht an méid a laghdú go nialas.
164. Áirítear na cásanna seo a leanas le mainneachtain gnólachtaí infheistíochta: a. i gcás gur …

Áirítear na cásanna seo a leanas le mainneachtain gnólachtaí infheistíochta:

  • a. i gcás gur comhdaíodh gnáthimeachtaí dócmhainneachta an ghnólachta infheistíochta, mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(47) de Threoir 2014/59/AE;
  • b. i gcás nach bhfuil bonn fónta caipitil ag an ngnólacht infheistíochta a thuilleadh mar gheall ar chaillteanais shuntasacha agus, ina dhiaidh sin, go ndíoltar an réimse gnó nó go laghdaítear an ghníomhaíocht ghnó.
165. Ba cheart teipeanna na mball foirne sainaitheanta a mheasúnú de réir an cháis, agus na cásanna …

Ba cheart teipeanna na mball foirne sainaitheanta a mheasúnú de réir an cháis, agus na cásanna seo a leanas chur san áireamh:

  • a. i gcás nach measfar a thuilleadh go bhfuil na caighdeáin chuí oiriúnachta agus cuibhis á gcomhlíonadh ag comhalta den chomhlacht bainistíochta;
  • b. i gcás gur ghlac an ball foirne sainaitheanta páirt in iompar nó go bhfuil sé nó sí freagrach as iompar a raibh caillteanais shuntasacha don ghnólacht infheistíochta mar thoradh air, mar atá sainmhínithe i mbeartas luach saothair na ngnólachtaí infheistíochta;
  • c. i gcás go ngníomhaíonn ball foirne sainaitheanta contrártha do rialacha, luachanna nó nósanna imeachta inmheánacha ar bhonn intinne nó mórfhaillí.
166. Ba cheart scaoilíocaíochtaí a mheas mar luach saothair inathraithe agus mar phrionsabal …

Ba cheart scaoilíocaíochtaí a mheas mar luach saothair inathraithe agus mar phrionsabal ginearálta, dá bhrí sin, má dhámhtar iad ar bhaill foirne shainaitheanta, beidh na ceanglais uile EBA Public

faoi Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 i bhfeidhm. Sna himthosca seo a leanas, áfach, ba cheart scaoilíocaíochtaí a chur san áireamh chun an cóimheas idir an luach saothair inathraithe agus an luach saothair seasta atá socraithe sa bheartas luach saothair a ríomh agus chun iarchur agus íocaíocht in ionstraimí a chur i bhfeidhm:

  • a. scaoilíocaíochtaí atá éigeantach faoin dlí saothair náisiúnta nó atá éigeantach i ndiaidh cinneadh cúirte;
  • b. scaoilíocaíochtaí faoi (i) agus (ii) i gcás go bhfuil an gnólacht infheistíochta ábalta na cúiseanna agus an oiriúnacht a bhaineann le méid na scaoilíocaíochta a léiriú:
  • (i) scailíocaíochtaí arna ríomh trí fhoirmle chineálach réamhshainithe iomchuí (e.g. saoire gharraíodóireachta) arna socrú laistigh den bheartas luach saothair sna cásanna dá dtagraítear i mír 161;
  • (ii) scaoilíocaíochtaí a chomhfhreagraíonn leis an méid breise atá dlite i gcur i bhfeidhm clásail neamhiomaíochta sa chonradh agus a íocfar amach i dtréimhsí amach anseo suas le méid an luach saothair sheasta a bheadh íoctha don tréimhse neamhiomaíochta, dá mbeadh baill foirne fós fostaithe.
  • c. scaoilíocaíochtaí faoi mhír 161, nach gcomhlíonann an coinníoll i bpointe (i) de mhír 166(b), i gcás gur léirigh an gnólacht infheistíochta na cúiseanna agus oiriúnacht mhéid na scaoilíocaíochta don údarás inniúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/