+6. Sonraíochtaí breise le haghaidh sonraí luacha saothair
---+26. Ba cheart líon na mball foirne a chur isteach mar a chinntear ag deireadh na bliana airgeadais …
---+27. Chun críocha Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, is éard atá i bhfoireann shainaitheanta an …
---+28. Mura sonraítear a mhalairt sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Treoirlínte seo, ba cheart go …
---+29. Ba cheart leithdháileadh na méideanna a cuireadh isteach ar an gcuid sheasta agus athraitheach …
---+30. Ba cheart míreanna luach saothair neamhairgeadaíochta inchánach a áireamh lena gcoibhéis …
---+31. Níor cheart ach méideanna an luacha saothair athraithigh arna ndámhachtain don bhliain …
---+32. Ba cheart scaoilíocaíochtaí, luach saothair athraitheach ráthaithe agus sochair phinsin …
---+33. I gcás inar fhág baill foirne sainaitheanta an gnólacht infheistíochta roimh dheireadh na …
---+34. Chun críocha na dtáblaí in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III, ba chóir baill foirne a …
---+35. Chun foireann a leithdháileadh ar réimsí gnó agus catagóirí foirne, ba cheart do ghnólachtaí …
---+36. Ba cheart luach saothair athraitheach arna dhámhachtain bunaithe ar thréimhsí fabhraithe …
---+37. Gnólachtaí infheistíochta nach dtagann faoi Airteagal 32(4)(a) de Threoir (AE) 2019/2034, ba …

6. Sonraíochtaí breise le haghaidh sonraí luacha saothair

6. Sonraíochtaí breise le haghaidh sonraí luacha saothair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
26. Ba cheart líon na mball foirne a chur isteach mar a chinntear ag deireadh na bliana airgeadais …

Ba cheart líon na mball foirne a chur isteach mar a chinntear ag deireadh na bliana airgeadais (i.e. níor cheart baill foirne a d’fhág le linn na bliana airgeadais a chomhaireamh, agus ba cheart baill foirne a earcaíodh laistigh den bhliain airgeadais a chomhaireamh, ag cur a gcuid socruithe ama oibre conartha san áireamh).

  • a. I gcás ina bhfuil líon na gcomhaltaí foirne le cur isteach i dtéarmaí líon na ndaoine, ba cheart líon na ndaoine nádúrtha a iontráil, beag beann ar líon na n-uaireanta oibre ar a bhfuil a gconradh bunaithe nó ar athruithe ar líon na mball foirne i rith na bliana agus méideanna iomlána an luacha saothair a dámhadh don bhliain a chur san áireamh.
  • b. I gcás ina bhfuil na huimhreacha le cur isteach i dtéarmaí coibhéise lánaimseartha, ba cheart na huimhreacha a bheith bunaithe ar an gcéatadán ama dá fhostaítear ball foirne aonair i gcomparáid le conradh lánaimseartha (e.g. thuairisceofaí 0.5 do bhall foirne atá ag obair 50% den am de chonradh lánaimseartha). EBA Public
27. Chun críocha Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, is éard atá i bhfoireann shainaitheanta an …

Chun críocha Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, is éard atá i bhfoireann shainaitheanta an fhoireann a shonraítear faoi phointe (a) i gcás ina gcuireann gnólachtaí infheistíochta sonraí isteach ar bhonn aonair, agus faoi phointe (b) i gcás ina gcuireann gnólachtaí infheistíochta sonraí isteach ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033, trína dtuairiscítear comhaltaí chomhlacht bainistíochta na bhfochuideachtaí faoi na réimsí gnó seachas faoin bhfeidhm ‘comhlacht bainistíochta’.

  • a. Is ionann baill foirne aitheanta agus an fhoireann a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní sin a bhainistíonn sé ar bhonn aonair.
  • b. Is éard atá i ‘foireann shainaitheanta’ ná comhiomlán de:
  • i. baill foirne sainaitheanta i ngnólachtaí infheistíochta atá faoi raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe agus atá faoi réir na bhforálacha maidir le luach saothair faoi Airteagal 30 agus Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034, neamhspleách ar an bhfíoras go n-aithnítear na baill foirne ar dhuine aonair nó ar a leibhéal comhdhlúite, agus
  • ii. baill foirne sainaitheanta in eintitis eile nach bhfuil feidhm ag Airteagal 30 agus ag Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 maidir leo ach ar bhonn comhdhlúite, maidir leis na comhaltaí foirne a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní sin a bhainistíonn sé ar bhonn comhdhlúite.
28. Mura sonraítear a mhalairt sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Treoirlínte seo, ba cheart go …

Mura sonraítear a mhalairt sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Treoirlínte seo, ba cheart go gcuimseofaí san fhaisnéis ar luach saothair arna dhámhachtain don bhliain airgeadais an t-ollluach saothair seasta agus athraitheach a dámhadh don bhliain sin, i.e. an bhliain airgeadais roimh an bhliain a cuireadh isteach an fhaisnéis.

29. Ba cheart leithdháileadh na méideanna a cuireadh isteach ar an gcuid sheasta agus athraitheach …

Ba cheart leithdháileadh na méideanna a cuireadh isteach ar an gcuid sheasta agus athraitheach den luach saothair a dhéanamh i gcomhréir le Roinn 7 de Threoirlínte an ÚBE maidir le beartais fhónta luach saothair faoi Threoir (AE) 2019/2034.3


3 Tá na Treoirlínte foilsithe ag: https://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/investment-firms/guidelines-remuneration-policies-investment-firms

30. Ba cheart míreanna luach saothair neamhairgeadaíochta inchánach a áireamh lena gcoibhéis …

Ba cheart míreanna luach saothair neamhairgeadaíochta inchánach a áireamh lena gcoibhéis airgeadaíochta agus iad a áireamh mar ‘fhoirmeacha eile’ luacha saothair.

31. Níor cheart ach méideanna an luacha saothair athraithigh arna ndámhachtain don bhliain …

Níor cheart ach méideanna an luacha saothair athraithigh arna ndámhachtain don bhliain airgeadais thuairiscithe atá iarchurtha a thuairisciú faoin teideal ‘dar: iarchurtha’ in Iarscríbhinn II. Ba cheart luach saothair athraitheach iarchurtha do thréimhsí roimhe seo a chur isteach faoin bhfaisnéis bhreise in Iarscríbhinn II.

32. Ba cheart scaoilíocaíochtaí, luach saothair athraitheach ráthaithe agus sochair phinsin …

Ba cheart scaoilíocaíochtaí, luach saothair athraitheach ráthaithe agus sochair phinsin lánroghnacha a áireamh i méid an luacha saothair athraithigh iomláin in Iarscríbhinn II agus san EBA Public

fhochatagóir iomchuí. Ba cheart freisin na méideanna a chur leis na rónna sonracha sa roinn ar fhaisnéis bhreise in Iarscríbhinn II.

33. I gcás inar fhág baill foirne sainaitheanta an gnólacht infheistíochta roimh dheireadh na …

I gcás inar fhág baill foirne sainaitheanta an gnólacht infheistíochta roimh dheireadh na bliana airgeadais, ba cheart an luach saothair a dámhadh don bhliain airgeadais, lena n-áirítear scaoilíocaíochtaí agus gach cineál eile luacha saothair, a chur isteach, agus níor cheart an ball foirne a áireamh i leith líon na mball foirne sainaitheanta curtha isteach i gcás inar tháinig deireadh leis an gconradh roimh dheireadh na bliana airgeadais. Ba cheart baill foirne sainaitheanta a tháinig isteach sa ghnólacht infheistíochta le linn na bliana airgeadais a áireamh i líon na mball foirne sainaitheanta, agus a gcuid socruithe ama oibre conarthacha á gcur san áireamh (e.g. ba cheart baill foirne a oibríonn ar bhonn lánaimseartha a tháinig isteach i rith na bliana airgeadais a áireamh i gcónaí le ' 1' ag deireadh na bliana airgeadais) agus ba cheart gach luach saothair a dhámhtar ar na baill foirne sin a shainaithnítear don bhliain airgeadais a chur isteach.

34. Chun críocha na dtáblaí in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III, ba chóir baill foirne a …

Chun críocha na dtáblaí in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III, ba chóir baill foirne a aicmiú faoni fheidhm nó faoin réimse gnó ina gcomhlíonann siad an phríomhchuid dá ngníomhaíochtaí gnó. Ba cheart méid iomlán an luacha saothair a dhámhtar ar an mball foirne sin laistigh den ghrúpa nó den ghnólacht infheistíochta a áireamh faoin bhfeidhm nó sa réimse gnó seo.

35. Chun foireann a leithdháileadh ar réimsí gnó agus catagóirí foirne, ba cheart do ghnólachtaí …

Chun foireann a leithdháileadh ar réimsí gnó agus catagóirí foirne, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a n-eagrú inmheánach agus na nithe seo a leanas a bhreithniú:

  • a. Ba cheart go gcuimseodh ‘feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta (MB)’ baill an chomhlachta bainistíochta ag an leibhéal comhdhlúthaithe is airde a ghníomhaíonn i ról maoirsithe agus agus monatóireachta ar chinnteoireacht bhainistíochta. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta na bhfochuideachtaí in Iarscríbhinn II a leithdháileadh ar an gcatagóir ‘foireann shainaitheanta eile’ agus in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III ar na réimsí gnó faoi seach.
  • b. Ba cheart go gcuimseofaí le ‘feidhm bhainistíochta an chomhlachta bainistíochta’ comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde atá freagrach as a fheidhmeanna bainistíochta (i.e. stiúrthóirí feidhmiúcháin). Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta na bhfochuideachtaí in Iarscríbhinn II a leithdháileadh ar an gcatagóir ‘ardbhainistíocht eile’ agus in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III ar na réimsí gnó faoi seach.
  • c. Is éard atá in ‘ardbhainistíocht eile’ an fhoireann a shainmhínítear i bpointe (27) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/2034 seachas comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ar an leibhéal comhdhlúite is airde.
  • d. Ba cheart baill foirne nach ‘ardbhainistíocht eile’ nó ball den chomhlacht bainistíochta iad a thuairisciú faoi ‘foireann shainaitheanta eile’. EBA Public
  • e. Ba cheart go n-áireofaí le ‘Déileáil ar a c(h)untas féin, frithghealladh agus láithriú ionstraimí’ na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointí (3), (6) agus (7) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir 2014/65/AE.4
  • f. Ba cheart go n-áireofaí le ‘Comhairle infheistíochta agus forghníomhú orduithe’ na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointí (1), (2) agus (5) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir 2014/65/AE.
  • g. Ba cheart go n-áireofaí le ‘bainistiú punainne’ na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointe (4) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir 2014/65/AE agus an fhoireann a bhainistíonn sócmhainní i bhfochuideachtaí atá ina nGnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI) nó ina nBainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFManna) atá faoi réir Airteagal 30 agus Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite.
  • h. Ba cheart go n-áireofaí le ‘oibríocht MTF/OTF’ na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí faoi phointe (8) agus (9) d’Iarscríbhinn I, Roinn A de Threoir 2014/65/AE.
  • i. Níor cheart go n-áireofaí le ‘feidhmeanna rialaithe neamhspleácha’ ach baill foirne atá gníomhach sna feidhmeanna neamhspleácha um bainistíocht riosca, comhlíontacht agus iniúchadh inmheánach mar a thuairiscítear i dTreoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach.5
  • j. Ba cheart go mbeadh baill foirne nach bhfuil san áireamh i bpointí (a) go (i) san áireamh i ‘gach ball foirne eile’.

4 Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE.

5 Treoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir (AE) 2019/2024, Roinn 15

36. Ba cheart luach saothair athraitheach arna dhámhachtain bunaithe ar thréimhsí fabhraithe …

Ba cheart luach saothair athraitheach arna dhámhachtain bunaithe ar thréimhsí fabhraithe ilbhliantúla nach n-imrothlaítear ar bhonn bliantúil, i.e. i gcás nach gcuireann gnólachtaí infheistíochta tús le tréimhse fhabhraithe ilbhliantúil nua gach bliain, a leithdháileadh go hiomlán, chun críocha Iarscríbhinn II, ar an luach saothair athraitheach iomlán don bhliain airgeadais inar dámhadh é, gan aird a thabhairt ar an bpointe ama a n-íoctar an luach saothair athraitheach go héifeachtach ná fad na tréimhse feidhmíochta. Ba cheart méid an luacha saothair athraitheach sin a áireamh freisin san fhaisnéis bhreise in Iarscríbhinn II.

37. Gnólachtaí infheistíochta nach dtagann faoi Airteagal 32(4)(a) de Threoir (AE) 2019/2034, ba …

Gnólachtaí infheistíochta nach dtagann faoi Airteagal 32(4)(a) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart dóibh luach saothair seasta agus athraitheach na foirne sainaitheanta a bhfuil feidhm ag an maolú faoi Airteagal 32(4)(b) den Treoir sin maidir leo a chur isteach in Iarscríbhinn II.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/