+4.5 Anailís ar an tsamhail ghnó reatha
---+82. Chun na bealaí agus na modhanna a úsáideann gnólacht infheistíochta chun brabúis a oibriú agus …
---+83. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís statach agus treochtaí a dhéanamh ar phríomhghnéithe …
---+84. D'fhéadfaí go n-áireofaí na réimsí seo a leanas i measc na réimsí a bhféadfadh údaráis inniúla …
---+85. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla shamhail ghnó reatha an …
---+86. D'fhéadfaí go n-áireofaí i measc na réimsí a bhféadfadh údaráis inniúla anailís a dhéanamh …
|
4.5 Anailís ar an tsamhail ghnó reatha
4.5 Anailís ar an tsamhail ghnó reatha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
82. Chun na bealaí agus na modhanna a úsáideann gnólacht infheistíochta chun brabúis a oibriú agus …
|
Chun na bealaí agus na modhanna a úsáideann gnólacht infheistíochta chun brabúis a oibriú agus a ghiniúint a thuiscint, ba cheart d'údaráis inniúla anailísí cainníochtúla agus cáilíochtúla a dhéanamh. 4.5.1 Anailís chainníochtúil
|
|
83. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís statach agus treochtaí a dhéanamh ar phríomhghnéithe …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla anailís statach agus treochtaí a dhéanamh ar phríomhghnéithe cainníochtúla shamhail ghnó reatha an ghnólachta infheistíochta chun teacht ar thuiscint ar a fheidhmíocht airgeadais agus ar an tionchar atá ag a inghlacthacht riosca a bheith níos airde nó níos ísle ná a phiaraí air.
|
|
84. D'fhéadfaí go n-áireofaí na réimsí seo a leanas i measc na réimsí a bhféadfadh údaráis inniúla …
|
D'fhéadfaí go n-áireofaí na réimsí seo a leanas i measc na réimsí a bhféadfadh údaráis inniúla anailís a dhéanamh orthu: - a. brabús agus caillteanas: féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar bhrabúsacht fholuiteach an ghnólachta infheistíochta (tar éis míreanna eisceachta agus aonuaire), miondealú ioncaim, miondealú costas, forálacha bearnúcháin agus príomhchóimheasa (lena n-áirítear glanchorrlach costais/ioncaim, glansreabhadh airgid).
- b. an clár comhardaithe: féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an meascán sócmhainní agus dliteanas, ar an struchtúr maoinithe, ar an athrú ar chistí dílse agus ar cheanglais maidir le cistí dílse agus ar phríomhchóimheasa (lena n-áirítear an toradh ar chothromas, Gnáthchothromas Leibhéal 1, bearna maoinithe);
- c. comhchruinnithe: féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe sa P&L agus sa chlár comhardaithe a bhaineann le custaiméirí, earnálacha agus ceantar geografach; agus
- d. inghlacthacht riosca: féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na teorainneacha foirmiúla arna gcur i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta (teorainneacha trádála go príomha) agus conas a chloítear leo chun teacht ar thuiscint ar na rioscaí a bhfuil an gnólacht infheistíochta toilteanach a chur san áireamh chun dlús a chur lena fheidhmíocht airgeadais.
4.5.2 Anailís cháilíochtúil
|
|
85. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla shamhail ghnó reatha an …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla shamhail ghnó reatha an ghnólachta infheistíochta chun teacht ar thuiscint ar a thionscnóirí ratha agus príomhspleáchais.
|
|
86. D'fhéadfaí go n-áireofaí i measc na réimsí a bhféadfadh údaráis inniúla anailís a dhéanamh …
|
D'fhéadfaí go n-áireofaí i measc na réimsí a bhféadfadh údaráis inniúla anailís a dhéanamh orthu: 24 - a. príomhspleáchais sheachtracha: féadfaidh údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na príomhfhachtóirí eisigineacha a mbíonn tionchar acu ar rath na samhla gnó; féadfar soláthraithe tríú páirtí, idirghabhálaithe agus tionscnóirí rialála sonracha a áireamh ina measc;
- b. príomhspleáchais inmheánacha: féadfaidh údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na príomhfhachtóirí inginiúla a mbíonn tionchar acu ar rath na samhla gnó; d'fhéadfaí go n-áireofaí ina measc seo caighdeán na n-ardán TF agus an acmhainn oibríochtúil agus acmhainní; agus fiú amháin daoine a bhfuil róil shuntasacha acu;
- c. saincheadúnas: féadfaidh údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le láidreacht na gcaidreamh le custaiméirí, soláthraithe agus comhpháirtithe; d’fhéadfadh go n-áireofaí ansin spleáchas an ghnólachta infheistíochta ar a cháil, éifeachtacht na mbrainsí, dílseacht na gcustaiméirí agus éifeachtacht na gcomhpháirtíochtaí; agus
- d. réimsí an bhuntáiste iomaíoch: féadfaidh údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh freisin maidir leis na réimsí ina bhfuil buntáiste iomaíoch ag an ngnólacht infheistíochta i gcomparáid lena phiaraí; d'fhéadfaí aon cheann de na nithe thuasluaite a chur san áireamh nó fachtóirí eile cosúil le líonra domhanda an ghnólachta infheistíochta, scála a ghnó nó a thairiscint táirgí.
- e. Rioscaí ML/TF: san anailís, ba cheart d’údaráis inniúla aon chomharthaí go bhfuil an tsamhail ghnó agus a gníomhaíochtaí mar bhonn le rioscaí méadaithe ML/TF a bhreithniú, lena n-áirítear idirbhearta airgid nó bunú nó úsáid a bhaint as eintitis dhlíthiúla i dtríú tíortha ardriosca, mar a shainaithnítear de réir Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849. Más cuí, ba cheart cur leis na tásca sin trí úsáid a bhaint as anailís chainníochtúil, de réir mar is iomchuí, agus díriú go háirithe ar ábharthacht an ioncaim agus ar an ioncam ó oibríochtaí a reáchtáiltear i dtríú tíortha ardriosca den sórt sin, comhchruinnithe na neamhchosaintí ar chustaiméirí a gcuireann an gnólacht infheistíochta dícheall cuí feabhsaithe do chustaiméirí i bhfeidhm i ndáil leo mar atá leagtha amach i gCaibidil II, Rannóg 3 de Threoir 2015/849.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|