+19. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais bearta leasúcháin a leagan amach ina …
|
19. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais bearta leasúcháin a leagan amach ina …
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais bearta leasúcháin a leagan amach ina nósanna imeachta agus ina bpróisis i gcás inar tháinig riosca chun cinn, nó i gcás inar sainaithníodh earráidí a bhfuil tionchar acu ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chianréitigh ghinearálta ionduchtaithe cliant. Ba cheart go gcuimseodh na bearta seo an méid seo a leanas, ar a laghad: - a) athbhreithniú ar gach caidreamh gnó lena mbaineann, chun measúnú a dhéanamh ar cibé ar chuir na hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais CDD tosaigh leordhóthanach chun feidhme chun Airteagal 13(1), (a), (b) agus (c) den AMLD a chomhlíonadh. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais tosaíocht a thabhairt do na caidrimh ghnó sin a bhfuil an riosca ML/TF is airde ag baint leo;
- b) ag cur san áireamh an fhaisnéis a fuarthas san athbhreithniú thuasluaite, measúnú ar cibé ar cheart do chaidreamh gnó lena mbaineann a bheith:
- a. faoi réir beart breise díchill chuí;
- b. faoi réir teorainneacha, amhail teorainneacha ar mhéid an idirbhirt, i gcás ina gceadaítear sin faoin dlí náisiúnta, go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta;
- c. foirceannta;
- d. tuairiscithe don FIU;
- e. athaicmithe i gcatagóir riosca eile.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|