+8 Measúnú ag -údaráis inniúla
---+49. Ba cheart do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta maoirseachta ab infheidhme a shonrú maidir …
---+50. Ba cheart a áirithiú le nósanna imeachta maoirseachta go n-úsáidfear faisnéis a chuireann an …
---+51. Ba cheart d’údaráis inniúla a cheangal ar an seirbhíseoir creidmheasa liosta d’ainmneacha …
---+52. Chun eolas agus taithí a mheasúnú, ba cheart don údarás inniúil ar a laghad curriculum vitae a …
---+53. Chun dea-cháil na gcomhaltaí a mheasúnú, ba cheart don údarás inniúil faisnéis a éileamh maidir …
---+54. Gan dochar d’Airteagal 5(1)(c) de Threoir (AE) 2021/2167 lena sonraítear an measúnú ar …
---+55. Ba cheart d’údaráis inniúla seirbhíseoirí creidmheasa a chur ar an eolas faoi chinneadh …
---+56. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gceadódh a nósanna imeachta maoirseachta dóibh …

8 Measúnú ag -údaráis inniúla

8 Measúnú ag -údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
49. Ba cheart do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta maoirseachta ab infheidhme a shonrú maidir …

Ba cheart do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta maoirseachta ab infheidhme a shonrú maidir le measúnú a dhéanamh ar eolas agus ar thaithí leordhóthanach an orgáin bainistíochta nó riaracháin ina iomláine ar sheirbhíseoirí creidmheasa agus ar dhea-cháil a chomhaltaí. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfí ar fáil go poiblí tuairisc ar na nósanna imeachta maoirseachta.

50. Ba cheart a áirithiú le nósanna imeachta maoirseachta go n-úsáidfear faisnéis a chuireann an …

Ba cheart a áirithiú le nósanna imeachta maoirseachta go n-úsáidfear faisnéis a chuireann an seirbhíseoir creidmheasa ar fáil d’údaráis inniúla le linn an phróisis údaraithe de réir mar is iomchuí, i gcás inar féidir, chun measúnú a dhéanamh ar eolas agus ar thaithí leordhóthanach. Go háirithe, ba cheart a chur san áireamh sna nósanna imeachta maoirseachta cásanna ina ndéanann údaráis neamhairgeadais seirbhíseoirí creidmheasa a údarú nó a mhaoirsiú chun comhordú éifeachtúil a áirithiú.

51. Ba cheart d’údaráis inniúla a cheangal ar an seirbhíseoir creidmheasa liosta d’ainmneacha …

Ba cheart d’údaráis inniúla a cheangal ar an seirbhíseoir creidmheasa liosta d’ainmneacha chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin agus a róil agus a bhfeidhmeanna faoi seach go hachomair, agus ráiteas ón seirbhíseoir creidmheasa maidir le toradh a mheasúnaithe fhoriomláin ar oiriúnacht chomhchoiteann an orgáin bainistíochta nó riaracháin ina iomláine. Ba cheart go n-áireofaí leis sin cur síos ar an gcaoi a léiríonn comhdhéanamh foriomlán an chomhlachta bainistíochta raon leathan leordhóthanach eolais agus taithí mar aon le haon bhearnaí nó laigí a shainaithint agus na bearta arna bhforchur chun aghaidh a thabhairt orthu sin.

52. Chun eolas agus taithí a mheasúnú, ba cheart don údarás inniúil ar a laghad curriculum vitae a …

Chun eolas agus taithí a mheasúnú, ba cheart don údarás inniúil ar a laghad curriculum vitae a éileamh ar gach comhalta den orgán bainistíochta nó riaracháin ina mbeadh sonraí faoina n-oideachas agus faoina dtaithí ghairmiúil lena n-áireofaí cáilíochtaí acadúla agus oiliúint ábhartha eile, ainm agus cineál na n-eagraíochtaí go léir lenar oibrigh an duine aonair sin agus cineál agus fad na bhfeidhmeanna a cuireadh i gcrích, agus béim shonrach á leagan ar aon ghníomhaíochtaí a thiocfadh faoi raon feidhme an phoist atá á lorg, lena n-áireofaí taithí bhaincéireachta agus bhainistíochta ach gan bheith teoranta dóibh sin.

53. Chun dea-cháil na gcomhaltaí a mheasúnú, ba cheart don údarás inniúil faisnéis a éileamh maidir …

Chun dea-cháil na gcomhaltaí a mheasúnú, ba cheart don údarás inniúil faisnéis a éileamh maidir leis an méid seo a leanas:

  • a. taifid phóilíneachta nó a gcoibhéis náisiúnta eile i ndáil le cionta coiriúla ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 5 (b)(i) de Threoir (AE) 2021/2167;
  • b. imscrúduithe, imeachtaí forfheidhmiúcháin nó smachtbhannaí ag údarás maoirseachta ina raibh baint dhíreach nó indíreach ag an duine aonair;
  • c. clárú, údarú, ballraíocht nó ceadúnas chun trádáil, gnó nó gairm a dhéanamh a dhiúltú; nó clárú, údarú, ballraíocht nó ceadúnas a tharraingt siar, a chúlghairm nó a fhoirceannadh; nó comhlacht rialála nó rialtais nó comhlacht gairmiúil nó comhlachas gairmiúil a dhíbirt;
  • d. dífhostú as fostaíocht nó as post iontaobhais, as caidreamh muiníneach, nó as a mhacasamhail de chás, nó tar éis a iarraidh air éirí as fostaíocht i bpost den sórt sin (gan iomarcaíochtaí a áireamh); agus
  • e. cibé acu a rinne nó nach ndearna údarás inniúil eile measúnú ar dhea-cháil an duine (lena n-áirítear céannacht an údaráis sin, dáta an mheasúnaithe agus fianaise ar thoradh an mheasúnaithe sin).
54. Gan dochar d’Airteagal 5(1)(c) de Threoir (AE) 2021/2167 lena sonraítear an measúnú ar …

Gan dochar d’Airteagal 5(1)(c) de Threoir (AE) 2021/2167 lena sonraítear an measúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí den orgán bainistíochta nó riaracháin i gcomhthéacs seirbhíseoir creidmheasa a údarú, ba cheart d’údaráis inniúla uastréimhse a leagan amach chun measúnú a dhéanamh ar eolas agus ar thaithí leordhóthanach an orgáin bainistíochta nó riaracháin ina iomláine de chuid seirbhíseoirí creidmheasa agus ar dhea-cháil a chomhaltaí i gcás ina ndéanfar na measúnuithe sin tar éis údarú an tseirbhíseora creidmheasa. I gcás ina gcruthaíonn údarás inniúil go bhfuil gá le doiciméadacht bhreise agus le faisnéis bhreise chun an measúnú a chur i gcrích, féadfar an tréimhse sin a chur ar fionraí ón uair a iarrann an t-údarás inniúil an doiciméadacht bhreise agus an fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú a chur i gcrích, go dtí go bhfaighfear an doiciméadacht agus an fhaisnéis sin.

55. Ba cheart d’údaráis inniúla seirbhíseoirí creidmheasa a chur ar an eolas faoi chinneadh …

Ba cheart d’údaráis inniúla seirbhíseoirí creidmheasa a chur ar an eolas faoi chinneadh diúltach ar a laghad maidir leis an measúnú oiriúnachta a luaithe is féidir. I gcás ina bhforáiltear dó leis an dlí náisiúnta nó ina sainmhíníonn an t-údarás inniúil é mar chuid dá bpróisis mhaoirseachta, féadfar a mheas go ndearnadh cinneadh dearfach le tost, nuair a bheidh an uastréimhse don mheasúnú, dá dtagraítear i mír 54, curtha i gcrích agus nuair nach mbeidh cinneadh diúltach glactha ag an údarás inniúil.

56. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gceadódh a nósanna imeachta maoirseachta dóibh …

Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gceadódh a nósanna imeachta maoirseachta dóibh aghaidh a thabhairt ar chásanna de neamhchomhlíonadh an cheanglais go mbeadh eolas agus taithí leordhóthanach ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina iomláine.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/